Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/56

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
46
“Neirḃís.”

24. Cad a d’eirig eatorṫa? 25. Cad fé ndeár é? 26. An gnáṫ le daoine a ḃíon ag ól ḃeiṫ ag bruiġean? 27. Cad ’na ṫaoḃ gur léim a tailliúir? 28. Ar sprioc rud éigin é? 29. Cad a sprioc é? 30. Agus cad a ḋein sé? 31. Cé air gur rug sé an greim? 32. An ar a láiṁ do rug sé greim? 33. Cad air go rug sé an greim? 34. Ar ṫáinig iongnaḋ ar Ċonċuḃar? 35. Ar ṫuig sé cad a ḃí ar an dtáilliúir? 36. Ar ṁeas an táilliúir greim do ḃreiṫ ar Ċonċuḃar? 37. Ar ḋuine canncaraċ an táilliúir? 38. Dá mba ḋóiġ leis gur b’é Conċuḃar a ḃí ann an ndéanfaḋ sé a leiṫéid? 39. Ar ṫáinig eagla air roim Ċonċuḃar? 40. Ar ṫáinig creaṫán ’na ḃallaiḃ beaṫaḋ? 41. Cad ’na ṫaoḃ? 42. Ar laḃair sé in ao’ċor? 43. Cad duḃairt sé? 44. Cad a ḃí ’na ġlór nuair a laḃair sé? 45. Cad fé ndeár an sgeón? 46. Ar ċeap sé Conċuḃar a ḃualaḋ agus ná buailfeaḋ C. é? 47. Cad é an leaṫ-sgéal a ṫug sé do Ċonċuḃar i dtaoḃ beirṫe air? 48. Cad é an saġas ruda “neirḃis"? 49. An galar é? 50. An galar fé leiṫ é? 51. An gcreideann tú go ḃfuil a leiṫéid de ġalar ann in ao’ċor? 52. Ar ċreid Conċuḃar go raiḃ sé ann? 53. Cad a ḋein C. agus na daoine a ḃí ag éisteaċt leis an dtáilliúir? 54. Cad ’na ṫaoḃ gur ṗléasgadar ar ġáirí? 55. Ar ṫuigeadar cad a ċuir an galar “neirḃis” ar an dtáilliúir? 56. Do réir do ṫuairm-se cad a ċuir aige le “neirḃis” a ḃeiṫ air? 57. An dóiġ leat go raiḃ cúis aige le “neirḃis” a ḃeiṫ air? 58. An ḋein sé dearṁad mór nuair a rug sé ar Ċonċuḃar? 59. Agus an ṁaiṫ leis tarac siar ansan?