Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/45

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
35
“Ċa-ċa-ċa-ċailleas é!”

é! Ċa-ċa-ċa-ċailleas é! Ċa-ċa-ċa-ċailleas é!" Ċomáin sé leis ag lógóireaċt ar an gcuma san ċóṁ h-árd agus ḃí sé ’n-a ċliaḃ agus ’n-a sgornaiġ an lógóireaċt a ḋéanaṁ.

Ní’l an tiġ i n-a raiḃ Peadar ua Laoġaire ’n-a ċóṁ- nuiḋe aċ cúpla péirse ó’n aḃainn. Ḃí an tiġ lán de ḃuaċaillíḃ agus de luċt oibre. B’éigean dóiḃ go léir fanaṁaint istiġ an lá san, mar ḃí an lá ró ḟliuċ ċun aon oibre ḋéanaṁ. D’airiġeadar an t-ologón uaṫḃásaċ. Do ruiṫeadar amaċ. Ċonnac- adar Seáġan agus é ag bualaḋ a ḃas agus ag lógóir- eaċt, agus “ċa-ċa-ċa-ċailleas é” ar siuḃal aige.

"Cad a ċaillis? Cad a ċailis?” arsa gaċ aoinne leis.

Do ṫeip orṫa aon ḟreagra ḟágail uaiḋ, aċ é ag lógóireaċt, agus “Ó! Ó! Ó! Ċa-ċa-ċa-ċailleas é!” ar siuḃal aige.

"Cár ċaillis é, a Ṡeáġain?” arsa duine éigin.

Siúd ṫar n-ais ċun na h-aḃan é. Siúd ’n-a ḋiaiḋ iad go léir. Siúd isteaċ sa n-uisge é. Siúd isteaċ sa n-uisge iad go léir. Do ṡáiḋ Seáġan a ḋá láiṁ síos sa n-uisge i dtreó go raiḃ an t-uisge suas go guailniḃ agus suas go crománaiḃ air, agus é ag cuar- daċ le n-a ṁéireanaiḃ ṫíos ameasg na gcloċ.

Ḃí gaċ aoinne, ar an gcuma gcéadna, ag cuardaċ ar a ndíċeall, agus an t-uisge go guailniḃ agus go crománaiḃ air, agus a ḋá láiṁ sáiḋte síos aige, agus gaċ aon uair a ṫeangḃuiġeaḋ a ṁéireana ṫíos le