10. - SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.
XIII.
Nuair airiġ an ḃean aḃrais an focal san, do ṡlaṁ- nuiġ sí ṫar n-ais ċun na h-aite ’n-ar ḟág sí an crúsga agus na bróga. Ċuir sí uimpi na bróga, agus do riṫ sí timċeall go dtí an taoḃ eile de’n tiġ. Ansan d’osgail sí a béal agus a cliaḃ, agus ċuir sí liú aisti go h-árd agus go binn, liú a h-airiġeaḋ breis agus míle mór-ṫimċeall ó’n áit ’n-a raiḃ sí ’n-a seasaṁ.
"A ċóṁarsain, a pú-ú-ú-ú-ú-ú!” ar sisi, “ruiṫiḋ, ruiṫiḋ, ruiṫiḋ! Tá Sliaḃ na mBan ḃFionn trí ṫeine! Sliaḃ na mBan ḃFionn trí ṫeine!! Sliaḃ na mBan ḃFionn trí ṫeine!!!"
D’airiġ na trí naonḃair a ḃí istiġ an liú agus an ġlaoḋ agus an fógra. Ċaiṫeadar an obair as a láṁaiḃ, agus siúd amaċ iad, agus iad ag baint an doruis d’á ċéile, agus siúd suas an cnoc iad ċóṁ mear agus ḃí sé ’n-a gcosaiḃ. Ċaiṫ an ḃean aḃrais ar an dtalaṁ í féin go dtí go raḃadar imṫiġṫe ó’n ndorus. Ansan do riṫ sí isteaċ, agus ḋún sí an dorus, agus ċas sí an eoċair sa ġlas, agus ċuir sí geasa ar an eoċair an dorus a ċoimeád dúnta. Ċuir sí an uasal ’n-a seasaṁ ag an iarta, agus ċuir sí de ġeasaiḃ uirṫi gan corruiġe as an áit sin. Ḃuail sí buille de’n tuaiġ i mbloc aḋmaid, agus ċuir sí de ġeasaiḃ ar an dtuaiġ gan corruiġe as an áit sin. Ċuir sí gaċ aon rud eile i n’áit féin ar an cuma san, agus