Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
16
Sliaḃ na mBan ḃFionn

an riġneas. Ansan ṫugaḋ an ḃean aḃrais tamall de’n oiḋċe ag obair agus solus árneáin aici, a d’ iarraiḋ na h-oibre ḋéanaṁ agus a d’iarraiḋ an riġnis do luiġeadú. Uaireanta, nuair a ḃíoḋ mórán aici le déanaṁ agus an ġlaoḋaċ ró ḋian air, d’ḟanaḋ sí cuid ṁaiṫ de’n oiḋċe ag árneán.

10.—SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN

IV.

Oiḋċe d’á raiḃ sí ag árneán ar an gcuma san agus an saoġal ’n-a gcodlaḋ, d’airiġ sí mar ḃeaḋ daoine ag teaċt ċun an doruis ċuici. D’osgail an dorus, agus do ḃuail ċuici an dorus isteaċ mórṡeisear ban agus ualaċ éigin idir a láṁaiḃ acu. Nuair ḟéaċ sí cruinn orṫa féin agus ar an ualaċ, ċonnaic sí gur bean ṁarḃ, nó bean a ḃí i laige, a ḃí acu ’á ṫaḃairt leó eatarṫa. Ṫugadar isteaċ an ḃean, agus ṡíneadar ar an urlár í. Do ṗreab an ḃean aḃrais ’n-a suiḋe, agus ċaiṫ sí uaiṫi an obair.

"An marḃ atá an ḃean san?” ar sise leó.

"Ní h-eaḋ,” arsa duine acu; “ní’l aċ iarraċt de laige uirṫi.”

Do ṗreab an ḃean aḃrais agus ṫug sí léi saġas éigin leiġseana a ḃí istiġ aici. Ċuireadar an ḃean a ḃí i