Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

12

9.—CNÓḊA SEASGA.

"Níor ḃ’é Firín a ḋein an ċéad aiġneas riaṁ," arsa Seanaċán.

"Níor ḃ’é, a ríġ-ollaṁ,” arsa Marḃán. “Cnóḋa seasga do ḋein an ċéad toirmeasg riaṁ."

"An ḃfuil ’ḟios agat-sa conus a ḋeineadar an toirmeasg?” arsa Seanaċán.

"Tá ’ḟios, a rí,” arsa Marḃán. “Do ṫroid beirt mar ġeall ar na cnóiḃ. Do ṁairḃ an ḃeirt a ċéile. Ar ball, nuair a h-osgalaḋ na cnóḋa do fuaraḋ folaṁ iad. Ní raiḃ ionnta aċ na plaoisg. Cnóḋa seasga ab eaḋ iad. Annsan duḃairt gaċ aoinne gur ḃaoṫ an gnó do’n ḃeirt a ċéile do ṁarḃaḋ mar ġeall ar ċnóiḃ seasga."

10.—SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

I.

Fad ó, nuair a ḃí Fionn agus an Ḟiann i réim i nÉirinn, do ṫuit níḋ amaċ i taoḃ an ċnuic seo ar a dtugtar Sliaḃ na mBan. Do tugaḋ cuid des na mnáiḃ óga ba ḃreaġṫa a ḃí le fáġail i nÉirinn an uair sin, agus do cuireaḋ isteaċ sa ċnoc san fé ḋraoiḋaċt iad. Do deineaḋ síḋ-ḃróg áluinn istiġ sa ċnoc dóiḃ, agus