Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
8
Ḋá Ġé.

ann aċ ċóṁ beag. Ḋruid sé ċun buaċalla eile agus ṫug sé cogar dó. “Greadaḋ ċuġat,” ar seisean, “prioc mé, agus beiḋ spórt againn!” Níor leog an buaċaill sin air gur airiġ sé an cogar. Nuair a ṫeip ar Ṡéamus a ċur ḟiaċaint ar aoinne aon tsuim do ċur ann ṫóg sé a ċeann agus ṫug sé aġaiḋ ar an altóir, agus do laḃair sé go h-árd leis an sagart.

“Ḋe ṁaise, a aṫair,” ar seisean, “le h-anmam t’aṫar féin agus bain an ṁallaċt díoḃ so arís; ní laḃarfaiḋ aoinne acu liom!” agus ċrom sé ar ġol.

Ansan do ṫuig an sagart cad é an saġas Séamus boċt.

7.—ḊÁ ĠÉ.

Lánaṁa ṗósta a ḃí ag teaċt aḃaile ó ṫiġ an tsagairt. Ċonnacadar ḋá éan ar ṗáirc.

“Is breáġ an dá ġé iad san,” arsa’n ḃean.

“Níl ann aċ aon ġé aṁáin,” arsa’n fear.

“Deirim-se go ḃfuil ḋá ġé ann,” arsa’n ḃean.

“Ní’l, go deiṁin, aċ aon ġé aṁáin,” arsa’n fear.

Do leanadar ag áiteaṁ ar a ċéile. Do ċaiṫ an ḃean í féin ar an mbóṫar.

“Eiriġ,” arsa’n fear, “agus téanam ort aḃaile.”