17
AESOP
A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN.
Cuid III.
20.—AN DÁ ḞROG.
Ḃí ḋá ḟrog ’na gcóṁnuiġe i loċán ar feaḋ aḃfad. Ṫáinig saṁraḋ tirm agus ṫiormuig an loċán agus b’éigean do’n ḃeirt gluaiseaċt ag lorg inid’ cóṁnuiġṫe. Ṫánadar go dtí tobar. Ḃí sé doiṁinn aċt ḃí uisge breáġ ionḟuar ṫíos ann.
“Léimimís síos,” arsa frog díoḃ. “Táim ḋom losgaḋ le tart.”
“Stad,” arsan frog eile. “Dá mbeimís ṫíos agus go ráineóċaḋ an tobar so do ḋul i ndísg fé mar ċuaiḋ ár loċán, conus ṫiocfimís ainíos?”
An Múineaḋ.
“Breiṫnig an aḃa sul a dtéiḋir ’na cuiliṫ.”
Ná h-éirig isteaċ go mbeiḋ a ḟios agat conus ṫiocfir amaċ, le h-eagla go ḃfanfá istig.
21.—AN LEÓN, AN BEIṪIR, A’S AN MADA RUAḊ.
Do ṁairḃ fiagaíḋe eilit óg. Ṫáinig león agus beiṫir i n-aonḟeaċt ar an eilit agus do ṫeiṫ an fiagaíḋe. Ċeap an león an ḟeóil do ḃeiṫ aige. Ċeap an beiṫir í ḃeiṫ aige féin. D’ iompuiġdar ar a ċéile agus ṫroideadar go fíoċṁar. Ṫroideadar go raḃdar tnáiṫte. I ndeire an ċaṫa ḃíodar sínte agus gan ionta coruíġe, agus an eilit ṁarḃ eatarṫa. Ansan do ṫáinig an mada ruaḋ agus d’árduig sé leis an ḟeóil os cóṁair a súl agus gan ionta oiread agus drantúġaḋ ċuige.
“Is truaġ nár roinneamair an ḟeóil!” ar siad.
An Múineaḋ.
“Díng de’n lioḃán a sgoilean í féin.”
“Láṁ-láidir agus láṁ-láidir eile:—Eatarṫa féin is fearr é.”
“Nuair ṫroidid na faṫaig is ríġ an t-aḃac.”