Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/66

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

62

Do riṫ na daoine ċun na h-áite ’n-a raiḃ na caoire. Ní raiḃ aon ṁaċtíre ann, agus ḃí ana spórt ag an mbuaċaill ar na daoine a ṫáinig.

Tamall ’n-a ḋiaiġ san ḋein sé an rud céadna, 10 agus ḃí an spórt céadna aige.

Fé ḋeireaḋ ṫáinig an maċtíre dáiríriḃ. Do riṫ an buaċaill agus do liúiġ sé, “Ó, an maċtíre! an maċtíre!” aċ níor cuireaḋ aon truim ann.

15“Spórt a ṫeastuiġeann uaiḋ a ḃeiṫ aige orainn,” adúḃairt na daoine, “fé mar a ḃí aige orainn seaċtṁain ó ṡin.”

Do ṁairḃ an maċtíre na caoire, mar ní raiḃ aoinne ċun iad do ċosaint air.

20An lá ’n-a ḋiaiġ san ḃí duine iasaċta ag gaḃáil an treó. Ċonnaic sé an buaċaill ag gol.

“Cad ’tá air siúd?” ar seisean le duine des na cóṁarsain.

“Tá,” arsa’n ċóṁarsa, “gol an ġáire a ḃí 25 aige seaċtṁain ó ṡin.”

An Múineaḋ.

Má ṫugann tú mar ḃéas duit féin ḃeiṫ ag innsint an éiṫiġ ní creadfear an ḟírinne uait.

Is féidir do ḋuine déanaṁ gan a ġaolta, aċ 30 ní féidir dó ḋéanaṁ gan na cóṁarsain atá ’n-a ṫimpal. An t-é gur maiṫ leis deaġ-ċóṁarsanaċt d’ḟáġail ní foláir dó deaġ-ċóṁarsanaċt a ṫaḃairt uaiḋ.