Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

56

gur ċuir an gaḃa tarainge i mbeó sa ċois deiriḋ seo liom atá bacaċ.”

30 “Leig dom feuċaint uirṫi,” arsa’n leóṁan.

D’iompuiġ an bramaċ a ḋeireaḋ leis an leóṁan agus ḃí sé ag druidim ċuige i ndiaiġ a ċúil. Do ṫuig an leóṁan nár ḃaoġal dó féin an ċos, toisg an tarainge i mbeó ḃeiṫ inti agus í ḃeiṫ bacaċ. 35 Ḃí sé ag feiṫeaṁ agus ag faire go dtí go mbéaḋ an bramaċ cóṁgaraċ a ḋóiṫin dó ċun léimt i n-áirde air agus breiṫ ar ḃaic ṁuiníl air. Ḃí an tsúil go daingean ag an mbramaċ air, áṁṫaċ, agus é ag druidim ċuige i ndiaiġ a ċúil. Ṫáinig sé 40 ċóṁ fada agus d’oir dó teaċt. Ní raiḃ san ċóṁ fada agus d’oir do’n leóṁan é ṫeaċt. Do ċrom an leóṁan a ċeann, mar ’ḋ eaḋ ċun feuċaint ar an gcois. Le n-a linn sin, ċóṁ tapaiḋ leis an splannc, do ḃuail an bramaċ é 45 idir an dá ṡúil, leis an dá ċois deirid, agus ḋein sé ḋá leaṫ ḋ’á ṗlaosg.

Do ṫuit an leóṁan marḃ ar an bpáirc.

An Múineaḋ.

“Is mairg a ḃíonn ṫíos ar an gcéad ḃearnain.”

50 “Ná bíoḋ iontaoiḃ agat a’ cois deiriḋ an ċapaill go dtí go ḃfeicfir í ag imṫeaċt ar ġualainn an ṁadra.”

Is áluinn an rud “cor i n-aġaiḋ an ċaim.”

Sáruiġ do naṁaid má ’s féidir é. Cas an

55 feall ar an ḃfeallaire.