baol ann go fiú go dtagadh gangaid idir na fir. D’ardaigh an tíosach airdeallach a ghloine ar son na daonnachta nuair a tháinig an deis agus, nuair a óladh faoina tuairim, leath sé an fhuinneog go drámata.
An oíche sin bhí masc príomhchathrach á chaitheamh ag an chathair. Shiúl an cúigear fear go réidh síos faiche Stiofáin faoi shláimín deataigh cumhra. Labhraíodar go glórach aerach agus bhí a bhfallaing ar liobarna óna nguallaí anuas. Lig na daoine slí dhóibh. Ag coirnéal Shráid Grafton bhí fear beag ramhar ag cur bheirt bhan uasal dóighiúl ar chóiste faoi chúram fir big ramhair eile. D’imigh an chóiste ar shiúil agus leag an fear ramhar súil ar an chuideachta.
“André.”
“Farley atá ann!”
Thosaigh rilleadh cainte. Ba Mheiriceánach é an Fearghaileach. Ní raibh aon duine cinnte céard faoi a bhí an chaint. Ba iad Villona agus Rivière na fir ba ghlóraí, ach bhí spleodar ar gach duine. Chuadar ar chóiste agus bhrúdar go dlúth le chéile uirthi le mórán gáirí. Chuadar tríd an slua, a raibh cumasc tláith dathanna anois air, agus ceol na gcloigíní meidhreacha á dtionlacan. Thógadar an traein ag Rae an Iarthair agus i gceann cúpla soicind, mar a chonacthas do Jimmy, bhíodar ag siúl amach as Kingsbridge Station[1] Bheannaigh an fear ticéad do Jimmy; ba fhear aosta é:
“Oíche dheas, sir!”
Oíche shámh shamhraidh a bhí ann. Bhí an cuan ina luí ag a gcosaibh mar a bheadh scáthán dubhaithe ann. Rinneadar air, ag canadh