Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/47

From Wikisource
This page has been proofread.

Athraíonn gach aon rud. Anois d’imeodh sise faoi mar a rinne an chuid eile; bhí sí ar tí a baile a fhágáil.

Baile! D’amhairc sí uaithi ar an tseomra mórthimpeall uirthi agus bhreathnaigh ar na rudaí aithnidiúla go léir ann ar ghlan sí an deannach dhíobh uair sa tseachtain thar na blianta. Ní fheadair cad as a tháinig an deannach ar fad. B’fhéidir nach bhfeicfeadh sí na rudaí aithnidiúla seo go deo arís. Ba rudaí iad nár shamhlaigh sí riamh go scarfaí uathu í. Agus ina dhiaidh sin féin, in ainneoin na mblianta sin ar fad, bhí sí chomh haineolach is a bhí riamh ar ainm an tsagairt a raibh a ghrianghraf buí-chaite crochta ar an bhalla, os cionn an orgán béil briste a bhí le hais na cóipe de na gealltanais a tugadh do Margaret Mary Alacoque Beannaithe.[1] Ba chara scoile lena hathair an sagart seo. Gach uair a thaispeánadh sé an grianghraf do chuairteoir, deireadh sé an rud céanna nuair a shíneadh chuige nó chuici é:

“Tá sé in Melbourne anois.”

Bhí sí tar éis toiliú imeachta, a baile a fhágáil. Ar chríonna sin? Rinne sí iarracht mheá an dá thaobh den cheist. Ar a laghad ar bith, bhí foscadh agus bia le fáil aici sa bhaile; bhí sí i measc daoine ann a raibh aithne aici orthu ar fad a saoil. Ar ndóigh b’éigean di obair go dian, sa bhaile agus sa ghnó. Céard a déarfaidís fúithi san Ionad Siopadóireachta nuair a gheobhaidís amach gur éalaigh sí le fear. Déarfaidís gurbh óinseach í, b’fhéidir; agus líonfaí a háit trí fhógra. Bheadh Miss Gavin sásta. Bhíodh sí chun tosaigh uirthi i gcónaí, go háirithe nuair a bhídís daoine ann a chloisfidís í.

Miss Hill, nach bhfeicir go bhfuil na mná seo ag fanacht?”

  1. Bean rialta ab í (1647-90). Foilsíodh Croí Ró-Naofa Íosa Críost di in aisling. Is ábhar mór cráifeachta i dteaghlaigh Éireannacha é an Croí Ró-Naofa seo.