Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/224

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Nuair a shocraigh na fir síos i bhfoirm cúigín,[1] chaith sé cúpla focal grinn. Níor thaitin sin leo, agus d’éirigh sé as. Go fiú amháin eisean, chuaigh an t-atmaisféar cuibhiúil i bhfeidhm air agus d'athraigh sé a iompar mar gheall ar an tionchar reiligiúnach. Le cogar, tharraing Mr Cunningham aird Mr Kernan ar Mr Harford, an t-iasachtóir airgid, a bhí ina shuí píosa maith uathu, agus ar Mr Fanning, gníomhaire clárúcháin agus déantóir mhaor na cathrach,[2] a bhí ina shuí díreach laistiar den phuilpid in aice le duine de chomhairleoirí nua an bhaird. Ar dheis bhí Michael Grimes, úinéir trí shiopa geallbhróicéara, agus nia Dan Hogan, a raibh an post in oifig an Chléireach Baile i ndán dó. Níos sia rompu bhí Mr Hendrick, príomh-thuairisceoir an Freeman’s Journal, agus O’Carroll bocht, seanchara Mr Kernan, a bhí ina bhoc mór trádála tráth. De réir mar a d’aithin Mr Kernan aghaidheanna, chuaigh chun a shuaimhnis. Bhí a hata ar a ghluine aige, ar dheisigh a bhean é dhó. Uair nó dhó tharraing muinchille anuas le leathláimh agus choinnigh greim éadrom ach daingean ar dhuilleoig a hata leis an láimh eile.

Thaibhsigh fear toirtiúil i suirplís bán ag dreapadh isteach sa phuilpid dó agus saothar air. Ag an am chéanna chorraigh an slua, tharraing ciarsúir póca amach agus chuaigh go cáiréiseach ar a nglúine orthu. Rinne Mr Kernan amhlaidh.

  1. foirm cúigín: fear amháin i lár an chomhluadair agus ceathrar fir eile timpeall air i bhfíor croise.
  2. déantóir mhaor na cathrach: feitheoir ar na toghcháin maoir