Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/205

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Ba theanór é Mr M’Coy a raibh cáil áirithe air tráth dá shaol. Ba Shoprán í a bhean. Thug sí ceachtanna pianó do pháistí ar tháille íseal anois. Níorbh an bealach is giorra idir dhá cheann é a shlí bheatha, agus b’éigean dó dul i gceann staidéir féachaint conas maireachtáil ar feadh tréimhsí gairide. Bhí sé ina chléireach le Midland Railway, ina strucálaí fógraíochta do The Irish Times agus The Freeman’s Journal, ina thaistealaí tráchtála ar íocaíocht choimisiúin le comhlacht guail, ina ghníomhaire fiosraithe príobháidigh, ina chléireach in oifig an Sub-Sheriff agus fostaíodh é ina rúnaí ag an City Coroner le gairid. Bhí spéis ghairmiúil aige i gcás Mr Kernan mar gheall ar a phost nua.

“Pian? Ní chuireann sí isteach orm go mór anois,” a d’fhreagair Mr Kernan.

“Ach a leithead de mhúisc a chuireas orm. Tá fonn cuir amach orm.”

“Sin an t-ól,” ar Mr Cunningham go teann.”

“Ní hé,” a dúirt Mr Kernan. “Sílim gur tholgas slaghdán sa charr. Bíonn rud éigean ag teacht aníos i mo scornach, réama nó - ”

“Múcas,” a dúirt Mr M’Coy

“Tá sé ag teacht ó bhun mo scornach i gcónaí; cuireann samhnas orm.”

“Sea, sea,” ar Mr M’Coy, “sin an tóracs.”

Bhreathnaigh sé ar Mr Cunningham agus ar Mr Power araon agus gotha dúshlánach air. Sméid Mr Cunningham a cheann go beoga agus dúirt Mr Power:

“Á, muise, molaimis a dheireadh.”