Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/199

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Ba thaistealaí tráchtála den tseandéanamh a chreid i ndínit a ghairm é Mr Kernan. Níor fhacthas riamh sa chathair é gan a hata síoda agus loirgneáin mhaithe air. Chuir an dá bhall éadaí seo crot is críoch ar fhear, a deireadh sé. Lean sé stíl sean-nósach i gcónaí – chaitheadh cóta mór Blackwhite de stíl Napoleon. Mheabhródh a iompar agus a cháil Napóleon féin duit scaití. Comhlachta nua lena ndóigheanna nua gnó, níor ligeadar leis ach oifig bheag ar Shráid Crowe le h-ainm agus le seoladh a ghnólachta ar an fhuinneog – London, E.C. Ar mhatal na hoifige bige seo d’fheicfeá cathlán bhoicsíní stáin ar dhath na luaithe agus d’fheicfeá cheithre nó chúig bhabhla Shíneach ar an tábla a bhíodh leath-lán de leacht dubh de ghnáth. Bhlaiseadh Mr Kernan tae ó na cuacha seo. Bhaineadh súimín as ceann díobh, d’fhliuchadh a theanga leis agus chaitheach amach ar an ghráta é. Ansin stopadh do mheas an tae.

Bhí Mr Power i bhfad níos óige ná é. D’oibrigh in Oifig Chonstáblacht Ríoga na hÉireann i gCaisleán Átha Cliath. De réir mar a chuaigh Mr Kernan le fána, d’éirigh seisean ina dhuine uasal. Roinnt de chairde Mr Kernan a raibh aithne acu air i mbarr a réime áfach, bhí meas acu air fós mar bhreac aisteach. Ba dhuine de na cairde sin é Mr Power. Bhí sé ina dhíol suime ag a aicme féin go raibh Mr Power i bhfiacha nár nocht sé an chúis leo riamh; ba bhuachaill báire é.

Rinne an carr fos os comhair tí big ar