Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/183

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Mrs Kearney an aghaidh scothaosta a bhí craptha i strainc muiníne agus díocais, gur fhreagair:

“Níl, go raibh maith agat!”

Bhí an bheainín ag súil le tigh maith. D’fhéach amach ar an bháisteach agus bhain gruaim na sráide fliche gach rian den mhuinín agus den dhíocas dá ceannaithe anchumtha. Ansin lig osna agus dúirt:

“Arú! Rinneamar ár ndícheall, ag Dia atá a fhios.”

B’éigin do Mrs Kearney filleadh ar an tseomra feistithe.

Bhí na hoirfidigh ag teacht isteach. Do tháinig an t-amhránaí dorghutha agus an teanór déach cheanna féin. Ba fhear caol óg le croiméal dubh scáinte an dordghuth, Mr Duggan. Mac le doirseoir in oifig sa chathair ab ea é. Chanadh sé nótaí fada doird sa halla mór lom nuair a bhí sé ina ghasúr. Do chuaigh sé chun cinn sa tsaol ón tús umhal seo nó go raibh sé ina oirfideach den chéad scoth. Chan sé i mór-cheoldráma cheana. Oíche amháin, nuair a bhuail tinneas oirfideach ceoldráma, ghlac sé páirt an rí i gceoldráma Maritana sa Queen’s Theatre. Chan sé le fuinneamh is le faobhar agus bhuaigh cion an tslua; ach, faraor, shalaigh an chion sin nuair a chuimil a shrón lena lámhainn uair nó dhó trí neamhaird. Duine neamhphostúil tostach ab é. D'fhuaimnigh ‘yous’ chomh híseal is nach dtabharfá faoi deara é agus níor ól deoch níos láidre ná bainne riamh ar mhaithe lena ghlór.