Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/180

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Mr Holohan ar leith gur fhiafraigh dhe céard ba chiall leis an laghad daoine.

Dúirt seisean gur bhotún é méad na gceolchoirmeacha a d’eagraigh an Coiste: ba iomarca é cheithre chinn.

“Agus na artistes!” ar Mrs Kearney. “Ar ndóigh táid ag déanamh a ndíchill, ach is é fírinne an scéil nach bhfuilid go maith.”

D’admhaigh Mr Holohan nach raibh na hoirfidigh go maith ach bheartaigh an Coiste, a dúirt sé, bheartaigh ligean an trí cheolchoirm tosacha tharstu a choinneáil na n-oirfideach ab fhearr d’oíche Dé Sathairn. Ní dúirt Mrs Kearney aon rud, ach, de réir mar a lean na míreanna laga ar an stáitse a chéile agus de réir mar a chuaigh an beagán daoine sa halla i dteirce, mhéadaigh a haiféala faoin airgead a chaith sí ar a leithéid de choirm cheoil. Bhí rud éigin faoin dealramh ar an scéal nár thaitin léi agus spréach meangadh leamh gáire Mr Fitzpatrick í. Mar sin féin, choinnigh sí guaim uirthi féin agus d’fhan go deireadh. Tháinig deireadh leis an gceolchoirm go gairid roimh a deich agus d’imigh gach uile dhuine abhaile go tapaigh.

Bhí níos mó daoine ann oíche Déardaoin ach thug Mrs Kearney faoi deara ar an toirt gur tugadh ticéid in aisce don lucht féachana. D’iompair an lucht féachana iad féin go míchuibhiúil, mar nach mbeadh sa cheolchoirm ach cleachtadh feistithe. Shílfeá gur bhain Mr Fitzpatrick sult as an oíche; níor thuig go raibh Mrs Kearney ag cur croin sa bhealach a bhí leis. Sheas sé ar imeall an scáthláin, ag sá a chloiginn amach ó am go ham