Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/127

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

CRÉ


Bhí Maria ag súil lena hoíche airneáin: thug an Bhean Tís cead imeachta dhi a thúisce is a bheadh tae na mban críochnaithe. Bhí tine breá bríomhar ar lasadh agus bhí cheithre bhairín breac ollmhóra ar cheann de na taobh-bhoird. Shílfeá nár gearradh na bairíní breaca seo; ach dá ndruidteá leo d’fheicfeá gur gearradh iad ina slisíní fada tiubha agus go rabhadar réidh le seachadadh thart ag am tae. Maria í féin a ghearr iad.

Duine an-bheag go deo ab ea Maria ach bhí srón an-fhada agus smig an-fhada aici. Labhraíodh sí trína sróin ábhairín, go deas séimh i gcónaí: “Yes, a stóir,” agus “No, a stóir.” Chuirtí fios uirthi i gcónaí nuair a bhí easaontas idir na mná faoina dtubáin agus d’éiríodh léi déanamh síocháin i gcónaí. Lá amháin dúirt an mátrún léi:

“Maria, is bean cheann réitigh chruthanta thú!”

Agus chuala an bhean tís tánaistigh agus beirt de na mná ón choiste stiúrtha an moladh. Agus bhí Ginger Mooney de shíor ag rá nach réiteodh leis an óinseach a raibh cúram na n-iarann uirthi murach Maria. Bhí cion a chroí ag cách ar Maria.