Tá tamall goirid o shoin bhí trí daill i mBaile-atha-clíath.
Budh é a n-obair gach la ag iarraidh na deirce. Lá amháin
áirite chas da chéile na trí bacaigh air dhroichead Bhaile-atha-Clíath.
Bhí aithne ocu air a chéile. Bhí co heólach air an bhaile
’s go dtainic leis an uile dhuine ocu ’theacht ’un a thighe bhig
fhéin tráthnóna. Bhí an triúr ag déanamh mairignigh air co holc
⁊ d’éirigh an lá leóbhtha. Bhí chevalier ag dul an bhealaigh.
Smaoitidh sé go ndéanfadh sé greann orthú. Bhí aithne aig na
daill air ⁊ is minic a thug sé airgead dóbhtha. D’fhiafruigh sé
díobhtha goidé mar bhí siad. Dubhairt siad go rabh go holc, nach
bhfuair siad pioctúr na banrioghan aniu. D’fhiafruigh sé an
ndéanfadh punta maith dóbhtha ⁊ dubhairt siad go ndéanfadh an
uile chinéal maith. Seo díbh punta arsé. Déanaigidh bhur rogha
rud leis. Shín gach aon de’n triúr amach a lámh ⁊ níor chuir sé
dadaí air láimh air bith. Anois, arsé, déanaigidh bhur rogha rud [ 243 ]leis sin. Shiubhail sé leis ⁊ d’fhág iad. Shaoil gach aon de’n
triúr go rabh an punta ag duine éiginteach eile ocu. Chuir siad
móran paidreacha ⁊ beannachtaí leis ⁊ dubhairt gur mhaith i
gcomhnaidhe é. Choimhéad sé iad go bhfeicfeadh sé goidé
dhéanfadh siad. Nuair atá an punta againn, arsa
fear de na daill, goidé dhéanfaidh muid leis? Tá cóta de dhith ormsa, arsa fear de na daill. Tá bróga de dhith ormsa, arsa fear eile. Tá mo
bhricfeasta de dhith ormsa arsa an tricheadh dall. Tá ar mbricfeasta de dhith orainn uilig. Níor ith muid aon ghreim aniu.
D’ainmnigh siad teach ósta i bhfuigheadh siad a mbricfeasta.
Chuaidh siad go teach an ósta. D’innis go rabh punta ocu ⁊
bricfeasta maith do thabhairt dóbhtha. Nuair do ghlac siad a
mbricfeasta dubhairt fear ocu, o tharlaidh gur chuir Dia an punta
inseorthu, gur chóir dóbhtha gloinne ól. Fhuair siad trí ghloinne
uisce bheatha ⁊ d’éirigh an blas ní b’fhearr air ⁊ d’iarr siad triúr
eile. D’ól siad gur hinnsigheadh dóbhtha uach rabh níos mó le
fagháil, go rabh luach an phunta ocu. Díol sin, arsa fear de na
daill. Díol sin, arsa fear eile. Díol sin, arsa an tricheadh fear.
Amach leis an phunta, arsa fear na táibheirne. Tá deifre ormsa.
Bhí an t-anas ann. Ní rabh aon phinginn le fagháil. Bhí fear
na táibheirne i bhfeirg. Bhí sé ag cur púdair ann a chuid
féasóige go dtéidheadh sé fa choinne an pholice, go gcuireadh sé
’un an phríosúin iad. Anns an bhomaite thainic an chevalier
isteach ⁊ dubhairt leis go rabh sagart air an bhaile do bhí
déirceach ⁊ go ndíolfadh sé an tairgead air shon na mbacaigh.
Rachaidh mé fhéin leat ⁊ labhairfidh mé leis an tsagart. Bhí
athas air fhear na táibheirne. Chuaidh an bheirt go teach an
tsagairt. Fuair siad scéala annsin go rabh an sagart i dteach an
phobail. Chuaidh an bheirt go teach an phobail. Bhí an sagart
air an altóir ag dul do léigheadh aifrinn. Chuaidh an chevalier
suas air an altóir ⁊ dubhairt leis an tsagart go rabh duine bréagh
annsin acht go rabh sé tinn o’n ghealaigh ⁊ go dtainic sé do
iarraidh air an tsagart urnaigh rádh dó. Dubhairt an sagart go
mbéidheadh sin ceart i ndiaidh an aifrinn. Thainic an chevalier
anuas ⁊ dubhairt sé, fan thusa annseo ⁊ gheobh tú do phunta
i ndiaidh an aifrinn. Nuair do bhí an t-aifreann ráidhte, chraith
an sagart a mhéar air fhear na táibheirne theacht aníos. Dubhairt
an sagart —gabh air do ghlúine. Dubhairt fear na táibheirne—
bhfuil tú ag dul do thabhairt domh an tairgid? Dubhairt an
sagart aríst—gabh air do ghlúine. Dubhairt fear na táibheirne—
bhfuil tú ag dul do thabhairt domh an phunta? Bhí slat gheal
aig an tsagart ⁊ bhuail sé fear na táibheirne air a bhlagóid ⁊ [ 245 ]dubhairt sé —gabh air do ghlúine anois. Thug fear na táibheirne
a aghaidh air an dorus ⁊ reath an sagart go dtugadh sé arais é.
Acht d’imthigh fear na táibheirne. Bhí sé i bhfeirg ⁊ ag tabhairt
mionna mór. Nuair thainic sé abhaile, ní rabh chevalier na dall
na bacach le fagháil aige na fios ca deachaidh siad.