M'anam do Sgar Riomsa A-raoir

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
M'anam do Sgar Riomsa A-raoir (13th century) 
Muireadhach Albanach Ó Dálaigh

M’anam do sgar riomsa a-raoir,
calann ghlan dob ionnsa i n-uaigh;
rugadh bruinne maordha mín
is aonbhla lín uime uainn.

Do tógbhadh sgath aobhdha fhionn
a-mach ar an bhfaongha bhfann:
laogh mo chridhise do chrom,
craobh throm an tighise thall.

M’aonar a-nocht damhsa, a Dhé,
olc an saoghal camsa ad-chí;
dob álainn trom an taoibh naoi
do bhaoi sonn a-raoir, a Rí.

Truagh leam an leabasa thiar,
mo pheall seadasa dhá snámh;
tárramair corp seada saor
is folt claon, a leaba, id lár.

Do bhí duine go ndreich moill
ina luighe ar leith mo phill;
gan bharamhail acht bláth cuill
don sgáth duinn bhanamhail bhinn.

Maol Mheadha na malach ndonn
mo dhabhach mheadha a-raon rom;
mo chridhe an sgáth do sgar riom,
bláth mhionn arna car do chrom.

Táinig an chlí as ar gcuing,
agus dí ráinig mar roinn:
corp idir dá aisil inn
ar dtocht don fhinn mhaisigh mhoill.

Leath mo throigheadh, leath mo thaobh,
a dreach mar an droighean bán,
níor dhísle neach dhí ná dhún,
leath mo shúl í, leath mo lámh.

Leath mo chuirp an choinneal naoi;
’s guirt riom do roinneadh, a Rí;
agá labhra is meirtneach mé —
dob é ceirtleath m’anma í.

Mo chéadghrádh a dearc mhall mhór,
déadbhán agus cam a cliabh:
nochar bhean a colann caomh
ná a taobh ré fear romham riamh.

Fiche bliadhna inne ar-aon,
fá binne gach bliadhna ar nglór,
go rug éinleanabh déag dhún,
an ghéag úr mhéirleabhar mhór.

Gé tú, nocha n-oilim ann,
ó do thoirinn ar gcnú chorr;
ar sgaradh dár roghrádh rom,
falamh lom an domhnán donn.

Ón ló do sáidheadh cleath corr
im theach nochar ráidheadh rum —
ní thug aoighe d’ortha ann
dá barr naoidhe dhorcha dhunn.

A dhaoine, ná coisgidh damh;
faoidhe ré cloistin ní col;
táinig luinnchreach lom ’nar dteagh —
an bhruithneach gheal donn ar ndol.

Is é rug uan í ’na ghrúg,
Rí na sluagh is Rí na ród;
beag an cion do chúl na ngéag
a héag ó a fior go húr óg.

Ionmhain lámh bhog do bhí sonn,
a Rí na gclog is na gceall:
ach! an lámh nachar logh mionn,
crádh liom gan a cor fám cheann.


This work was published before January 1, 1929, and is in the public domain worldwide because the author died at least 100 years ago.