Leabhar Sgeulaigheachta/Minic-a-Thig

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Leabhar Sgeulaigheachta by Dubhghlas de hÍde
Minic-a-Thig

[ 153 ]MINIC-A-ṪIG.

Ḃí fear ann aon uair aṁáin agus ḃí inġean sgiaṁaċ aige, agus ḃí uile ḋuine i ngráḋ léiṫe. Ḃiḋeaḋ beirt ógánaċ ag teaċt i g-cóṁnuiḋe faoi ’na déin ’gá cúirtéireaċt. Do ṫaiṫniġ fear aca léiṫe, agus níor ṫaiṫniġ an fear eile. An fear nár ċuir sí suim air biṫ ann, do ṫigeaḋ sé go minic go tiġ a h-aṫar le h-aṁarc uirri féin agus le ḃeiṫ ann a cuideaċta, aċt an fear a raiḃ dúil aici ann, ní ṫigeaḋ sé aċt go h-anaṁ. B’ ḟearr leis an aṫair í do ṗósaḋ an ḃuaċaill a ḃí teaċt ċuici go minic, agus rinne sé dínéir ṁór, aon lá aṁáin, agus ċuir sé cuireaḋ air uile ḋuine. Nuair ḃí na daoine uile cruinniġṫe, duḃairt sé le na hinġin, “Ól deoc anois,” ar sé, “air an ḃfear is fearr leaċ annsan g-cuideaċta so,” mar ṡaoil sé go n-ólfaḋ sí deoċ air an ḃfear buḋ ṁaiṫ leis féin. Ṫóg sí an ġlaine ann a láiṁ, agus ṡeas sí suas, agus ḋearc [ 154 ]sí ’nna timċioll, agus ann sin duḃairt sí an rann so.

Ólaim do ṡláinte a Ṁinic-a-ṫig,
Faoi ṫuairm sláinte a’ Ṁinic-naċ-dtig;
Is truaġ é naċ Minic-naċ-dtig
A ṫigeas ċoṁ minic le Minic-a-ṫig.

Ṡuiḋ sí síos nuair duḃairt sí an ċeaṫraṁa, agus níor laḃair sí aon ḟocal eile an traṫnóna sin. Aċt níor ṫáinig an fear óg “Minic-a-ṫig” ċoṁ fada léiṫe arís, mar ṫuig sé naċ raiḃ sé a’ teastál, agus ṗós sí fear a roġa féin, le toil a h-aṫar. Níor ċualaiḋ mé aon nuaiḋeaċt eile dá taoiḃ o ṡoin.