Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 5/Uimhir 5/Bearna Dhiarmada

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar V, Uimh. 5
Bearna Dhiarmada
[ 70 ]

BEARNA DHIARMADA.

[ 70 ]

(Continued).

[ 70 ]Ċuir Cit osnaḋ as; d’ḟeuċ Diarmaid suas go feargaċ. “A ḃiṫeaṁnaig Ġallda, ḃ-fuilir ad’ ḃeaṫaiḋ fós?” Do ċas sé an claiḋeaṁ ós cionn a ċinn ⁊ an dara nóimit do ċaiṫ sé uaiḋ é.

“Ní ḃuailfead fear air lár go bráṫ,” ar Diarmaid boċt, mar ḃí croiḋe macánta aige ⁊ méin ṫrócaireaċ i n-aiṁḋeoin na dliġe do rinn Buaċaill Bán dé. Cad a ċímíd? Diarmaid ag baint a léine de líneudaċ garḃ ḋé, ’á gearraḋ na bloġaiḃ ⁊ ag ceangailt cuisle Ċit. Ba ḋóiġ leat gur liaiġ é. Do ċeangail sé go doċt an ċuisle dé ṡuas de’n uillinn ⁊ do ċoisg an ḟuil. ’Nuair a ḃí sin críoċnuiġṫe ṫóg se suas a ċeann. Do ṗreab a ċroiḋe ’na ċliaḃ le huaṫḃás mar ḃí an inġean ’n-a seasaṁ ós coṁair a ṡúl.

“Taiḋḃse Nóra óige, dar mo ḃaisde!” ar sé, aċt do ċuir an leanḃ a dá láiṁ timċeall a ṁuinéil ⁊ ṗóg é.

“Tá fuil ort, a aṫairín ḋílis,” ars an leanḃ.

“Is dóiġ liom go ḃfuil dó nó trí de sgríobaiḃ orm,” ar seisean. Ḃí go deiṁin, mar do ḃuail an p’leur ’sa ġualainn é ⁊ air a ṡon gur ċneas-ġoin do cuireaḋ air, ṡil sé mórán fola. Fuair sé mar an gceudna trí nó ceaṫair de ċreuċtaiḃ ó na claiḋṁiḃ ⁊ ṡil a ċuid fola air an leanḃ. ’Nuair a ċonnairc sé an ḟuil uirri air dtús ṫáinig sgannraḋ air ⁊ an uair do ċuimil sé an ḟionna-ṁóin dí do ċorruig ⁊ laḃair sí aċt níor ċualaig seisean í. Ḃí croiḋe an aṫar ḃoiċt buaiḋearṫa air a son ⁊ ṫáinig mearḃall air.

“Ionnus go deiṁin ní’l Nóra óg marḃ,” ⁊ rinc ⁊ léim sé air fud an ṁaċaire. Rinne sé níos mó fós mar do ṗóg sé a naṁaid neiṁneaċ le méid a lúṫġáire. D’ḟosgail Cit a ṡúile go fann, lag. Ḃuail Diarmaid air a ṁuin é ⁊ do ṫóg leis é míle nó dó ċum an tiġe buḋ neasa ḋóiḃ.

“Taḃair braon bainne ḋó a Ṁaireud,” ar sé le mnaoi an tiġe; “mo ṁallaċt air, loisg sé mo ḃoṫán i g-Cúmlumina ⁊ tá ionad mo ṡinsir i n-Drom Mór aige, aċt ní fiú buille anois é ⁊ bíḋeaċ leis.”

“O Dia linn,” ars an ḃean “tá fuil ort, a Ḋiarmaid!”

Ṫáinig smigeaḋ gáire air.

“Ní’l ann aċt cneas-ġoin. Ḃíḋeas féin ⁊ Cit so ag imirt cleas-ċlaiḋṁe, ġearr seisean misi ⁊ do ḃeanas-sa an dearna ḋé. Do ṫuill sé go maiṫ é, aċt air a ṡon sin, cuir a ċodlaḋ é ⁊ ġeoḃaiḋ sos.”[1]

“Duḃairt Seaġán an Ċuillinn go raiḃ—”

“Éist! ‘bíḋeann cluasa air an g-coill,’” ar Diarmaid. D’ḟeuc sé go cruinn uirri ⁊ d’ḟeuc sisi air. Ṫuigeadar a ċéile. Do ċogair Diarmaid léiṫi.

“Ta sionnaċ i measg na n-uan, a ċairdeas[2] mo ċroiḋe. Dá ṁéid a ċneaḋ tá a ċluas slán. Beiḋ droċ-ṡluaġ ’gá lorg fá ċéadóir, tá neart a ḋóṫain aige fós ċum rún d’innsint, ⁊ measaim dá mbeiḋeaḋ ḟios aige go ḃfuilimíd-ne air tí ár dt’ruis go mbeiḋeaḋ bruiġean fuilteaċ timċeall an aṫar Miċeál anoċt.”

“Geallaim ḋuit go dtiuḃram slán a ḃaile é le congnaṁ Dé ⁊ go mbeiḋ Aifreann aguinn ins an gCúmlumina Dia Doṁnaig seo ċugainn le congnaṁ na Tríonóide. Congaiḃ mo ḋalta go dtagad arís.”

“Go mbeiriḋ Dia slán tu a Ḋiarmaid,” ars an ḃean.

Do ṗóg sé a leanḃ ⁊ do ġoil sí go bog. Ní raiḃ súil Diarmada féin tirm ⁊ do ṫriall sé ċum siuḃail. An oiḋċe ċeudna ḃí sé air ḃruaċ an ċuain ag an Ros Mór. Ḃí an ġealaċ ag éirġe ós cionn na gcnoc, an uain ċoṁ ciuin go gcloisfeá do ċroiḋe ag bualaḋ, an ṁuir ḟiaḋain ḃorb anois ċoṁ suanṁar le naoiḋeanán air uċt a ṁáṫar, aċt anois ⁊ arís do ċluinfeá sreann[3] mar ċogar na siġe ⁊ ann sin ċífeá an grean ’s na cloċa beaga ag riṫ air a ċéile mar do ṫug an tsáile póg dóiḃ.

[ 71 ]“Gan aṁras, a ċoṁarsanna, is breaġ an oiḋċe í ċum fáilte ċur roiṁ an sagart óg ó’n Spáinn.”

“Is breaġ go deiṁin,” ars iadsan.

D’ḟaireadar an cuan go geur mar tugaḋ raḃaḋ ḋóiḃ go raiḃ buiḋean Ġallda air tí an t-sagairt do ġaḃáil.

“Mo ċoṁairle do’n dríodar[4] so Ḋroma Móire fanaṁaint ’na leabṫaċaiḃ anoċt,” ar Diarmaid.

“Tá nóċt[5] ort do ċlaiḋeaṁ a noċdaḋ, a Ḋiarmaid,” ar fear aca.

“Tá, ⁊ é ċur i n-uċt éigin anoċt,” ar fear eile.

“Is fearr maiṫeaṁnas ⁊ macántaċt ná fearg ⁊ fuil,” ar seanóir a ḃí ’n-a measg. “Cloisim,” ar sé fós, “go ḃfuil droċ-ḟuadar faoi an dream so áiriġṫe aċt tá súil agam go mbeiḋ síṫ ⁊ sólás againn ’nuair ṫiocfaiḋ an sagart ċugainn ⁊ go gcuirfear deireaḋ le himreas. Do ḃ’ḟeárr dúinn ar gcoróin do ġaḃáil annso air ġaineaṁ na tráġa ó támaoid i dteannta ċéile.”

“Sud leat,” ar gaċ duine aca ⁊ air ḃruaċ na fairrge, faoi an speur réaltanaċ, d’ḟosgail gaċ fear aca a ċroiḋe ċum Dé.

An uair do ċríoċnuiġeadar na hurnaiġṫe, duḃairt Diarmaid gur ṁoṫuiġ sé ualaċ ag imṫeaċt dá ċroiḋe.

Ḃí an oiḋċe i gcaiṫeaṁ aċt níor ṫáinig an sagart ⁊ ḃeartadar filleaḋ a ḃaile.

“Éist!” ar Diarmaid, “ṡaoileas gur ċualas brosnaḋ[6] ag cnagaḋ[7] ’dtaoiḃ ṫall de’n tsruṫ soin.”

“Níor ċualamair aon níḋ,” ar gaċ duine, “aċt gíogaillig[8] eunlaiṫe na mara.”

“Níor ṁeaṫ mo ċluas riaṁ fós orm,” ar seisean, “⁊ beiḋ ḟios agam cad atá ann.”

Faoi ċeann nóimit do ċualadar fuirseaḋ i measg na nduilleaḃar ⁊ duine éigin a nguais a ṫaċta. An uair do ṫángadar air láṫair ḃí fear air ċúl cinn ag Diarmaid ⁊ é ag roraḋ[9] a ṡróine faoi uisge.

“Eidir tu a’s Dia ná múċ an fear,” ars an seanóir.

“Ḃfuil ḟios agat gurab é seo Maor Buiḋe Ḋroma Móire? Ḃí sé ag faire oraiḃ ar feaḋ na h-oiḋċe,” ar Diarmaid go míċeudfaḋaċ.[10]

“Ná bac sin dé,” ars an seanóir, “maiṫ i n-aġaiḋ an uilc,[11] a Ḋiarmaid, a ċroiḋe!”

“Bíoḋ a ḃeaṫa leis ar son do guiḋe, a ḃrealláin,” ar Diarmaid, “aċt seaċain do ċeann liaṫ air, mar atá sé ċoṁ fealltaċ le sionnaċ, ⁊ ċoṁ fuilteaċ le h-easóig uisge.”

[ 71 ]

(To be Continued.)


  1. Rest, relief.
  2. A sponsor at baptism.
  3. A snore.
  4. Dregs, refuse.
  5. noċt = mian, desire.
  6. Brushwood, firewood.
  7. Breaking: cnag, a blow.
  8. Cackling.
  9. Plunging.
  10. Vexed, annoyed.
  11. Good in return for evil (proverb)