’NUAIR NAĊ MAIRFIḊ DE’N TÉ SIN A D’AḊRUIĠ ṪÚ TRAṪ.
Aisdriġṫe ó Ṡacsḃeurla Ṫomáis Ui Ṁórḋa, le “Pádraic.”
’Nuair naċ mairfiḋ de’n té sin a d’aḋruiġ
ṫú tráṫ
Aċt a ḃróin ’gus a loċta aṁáin,
O! abair a gcaoinfir má ċaiṫfear aon
sgáṫ
Air an m-beaṫa ná’r ṡaoṫruiġ do ċáin?
Seaḋ, gol, aċt beiḋ maslaḋ mo náṁad go
léir
’Ga ṫógḃáil le deóraiḃ do léin,
Óir má’s cionntaċ mé leó-san, in d’aṁgar
ro-ġeur
Ḃí mé dílis a g-cóṁnuiḋe ḋuit féin.
Do ḃí brionglóide m’óige ort féin a’s do
ċás;
Ḃí mo ḋian-smuainte leat-sa gaċ lá,
In mo ḃás-urnuiġe uṁail do Ḋia na ngrás,
Béiḋ do ċaoṁ-ainm liom-sa ’ga ráḋ.
O! naċ seunṁar na cáirde a ṁairfeas ’san
tsaoġal
Le feicsint do ġlóire ro-ṁóir’:
Aċt tar éis sin ní’l beannaċt níos dílse
do Ġaoḋal
Ná a ḃás air do ṡon-sa, a stóir!