Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 5/Uimhir 11/Abhrán Grádha

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar V, Uimh. 11  (1895) 
Easy Lessons in Irish
[ 167 ]

AḂRÁN GRÁḊA.

An Gaḃar Donn cct.

Fonn—“Carraig Ḋonn.”

Atáim fá ġruaim ó ċonncas ṫú,
A ċailín ċiuin de ’n ḟolt donn réiḋ;
Óir rug do ṡúile gorma uaim
Mo neart, mo lúṫ, mo ṁeisneaċ treun.
’Nois bím ag siuḃal ’san oiḋċe ḟuair
An ród, lé súil im’ ċroiḋe lag tréiġ
Go ḃfeicfinn ṫú arís, a rúin,
Go gcluinfinn fuaim ḃinn ṡuairc do ḃéil.

Oċón-í-eo! mo ċreaċ! mo ḃrón!
Naċ liom i gcoṁnuiḋe ṫú mar rún;

[ 168 ]

Éist, éist lem’ ġlór, ’s ná bí go déo’,
A ḃláiṫín óig, ag magaḋ fúm.
Taḃair gráḋ gan gó ḋam feasda, a stóir,
Cuir áṫas mór im’ ċroiḋe indiú,
Taḃair smigeaḋ órḋa ḋam a’s póg,
A’s ruaig an gleo i ḃfad ’ḃfad uaim.

Naċ saoileann tú, giḋ mór mo ġruaim,
Go ḃfaġaim-se suairceas sáṁ dom’ ċroiḋe
I smaointiḃ suaiṁneaċa sár-ṡuairc’
A ḃíos go buan im’ ċliaḃ istiġ?
a ṁaidin ċiuin go hoiḋċe ḟuair
Isé so ṁúineas dam-sa foíġid
Gur tú mo rún, mo ṁúirnín, m’ uan,
A ḃláiṫ an uḃaill—éist, éist lem’ ġuiḋe!

Tá glóir na gréine ar gaċ taoḃ—
’Sé tús an lae fá ṡult ag teaċt!
Ó bí-se féin dam mar an ngréin
Ag sgaipeaḋ séin ġil orm gan bac.
Ḃeiḋeaḋ áṫas gléigeal orainn araon
Dá ndéarṫá féin “Is tú mo ṡearc,”
’S ní ḃeiḋinn tréiġ, aċt láidir treun
Im’ ṡuiḋe led’ ṫaoḃ ó sin amaċ.