Irish Minstrelsy Vol 2/Clíodhna na carraige

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irish Minstrelsy, Vol. 2 by Liam Dall Ó hIfearnáin
Clíodhna na carraige
[ 24 ]

CLIODHNA NA CARRAIGE.

Uilliam dall2 ró chan.

Air ghuth Stáca an Mhargaidh.


Sealad aréir a g-céin chois leasa dhamh,
Ag déanadh leanna-duibh faén air easbaidh neirt,
O ró! faoí sgamallaibh bróin!
Do dhearcas le’m thaobh cé caéch gan amharc me,
Sbéir-bhean mheasardha, bhéul-tais, bhanamhuil,
O ró! budh thaithneamhach snódh!
Budh dhaithte, tiugh, Dréimreach, néamhrach, camarsach,
Bachalach, slaédach, péurlach, cathaiseach,
Craébhach, casta, dubh, gan chéim a carnn-fhoilt
Léi ’n a m-beartaibh ag téacht air baille-chrith
O ró! go talamh ’n a deóigh!


[ 26 ]

Do b’inniollta, saébh-ghlan, réidh ó phailiris,
Saér ó fhad-thuirse air theúd do spreagadh Poirt,
O ró! re gliocas a meór!
Do sgríobhfadh le caél-pheann néata air mheamram
Laoíthe blasda agus dréuchda seanchais,
O ró! go soilbhir, sóghach!
A binne-ghuth caémh, ’s a béul gan dearmad,
A n-dlighthibh na n-éigs ’s í léughadh na startha suilt
Gaédhailge ag aithris sgéul na bh-feara-chon
Air thígheacht na n-dragan faoí réim go Banba,
O ró! a m-barcaibh na slógh!

Bhídh lasadh na g-caér ’n a gnéidh mar eala air sruith,
Sgaéthe an t-sneachta go treún a n-deargan,
O ró! ’n a leacain gan cheódh
’S a mala budh chaél air a h-eadain leanbach,
Léir-ghlan, gheanamhuil, mhaérdha, mhaiseamhuil,
O ró! budh chalma clódh!
Budh chealgach, faébhrach, gaéthe a ramhar-rosg,
Ag caitheamh na saéighead tre’m thaébh a’ n-eachrann,
Le na h-aél-chrobh leabhair is néata tharraingfeadh,
Faél-choin, marcaich, a’s laéch-mear fairge
O ró! air leathan-bhrat sróil!


[ 28 ]

Aithris damh féin, le d’aén-toil aitchim ort,
Cread é an fearann fá’n n-gréin ar ghabhais chúcainn,
O ró! no ar casadh tú am chóir?
No an tu-sa an bhean shéimh an Traédh le’r treasgradh
Faén na feara-choin éuchtmhar’, acmhaingeach’,
O ro! do cailleadh ’s an n-gleoídh?
Nó an bhroingeal d’á n-glaédhthar Déirdre mhaiseamhuil,
Le’r cailleádh a g-céin na tréun-fhir chalma?
Nó Céirnit mheasardha tré n-ar ceapadh
Le céill air gheala-shruith, iar d-téacht ó Albain,
O ró! chuir muillte air seól?

Budh bhanamhuil, míonla, caoín, tais, carthannach,
A laoíthe cneasda, gan mhaíll ag freagairt damh,
O ró! le labharthaibh a beóil:
Is dearbh ar sí nach díobh súd d’fhiosrais,
Fíor gídh mheasaim gur brígh do sheanchas,
O ró! air ghaisge na d-treón:
Acht is me-si Clíodhna ó thaoíbh na carraige,
Do casadh ad líon ag ínnsin startha dhuit;—
Líontar beatha-uisge, díogaidh barraille,
An phíob le meanmain bíodh ad ghlacaibh-si,
O ró! d’á spreagadh gan cheóidh!


[ 30 ]

As gídh mustarach, árd sliochd Mhártain mhalluighthe,
’G á rádh le sealad gur fágbhadh Carolus
O ró! faoí leacaibh ag dreóghadh!
’S é chluinim ag dáimh a’s ag fáighibh air leasaibh cnoic
An trath do gairmthear spás chum sealad suilt
O ró! gur chanadar gó:
Is cumasach, cáigeamhuil air raib d’fuil Chaisil cheirt,
Ag druideadh gach lá le clár geal Banban
Is feárr mar mheasaim ’ná Staca an Mhargaidh,
Is tláith bheidh Galla-phoic Sheághain chealgaich,
O ró! d’a leagadh ’s an n-gleóidh!

Biadh aithfrionn árd de ghnáith ag eaglais
Cháidh, an t-seanchais, ghrádhmhair, gheanmnaich
O ró! do leanbh na h-óg!
A’s startha gan cháimh ’na dheáigh sin agaibh-si,
Air chlár an tabhairne, ag trághadh gach barraille,
O ró! le fairsinge ceóil!
Seinnidh go sámh, gan sgáth roimh Ghalla-phoic,
Ag seinneadh gach dáin, gídh tláith le sealad sibh,
Ta bhur b-Patent le fághail gan dearmad,
Is feárr le taisgidh gan sgáth gan eagla,
O ró! sin deireadh le’m sgeól!