Fáinne Geal an Lae

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Fáinne Geal an Lae  (1847) 
Edward Walsh (1805-1850)

Maidin moch do ghabhas amach,
Ar bruachaibh Locha Léin;
An Samhradh 'g teacht a's an chraobh len' ais,
Is lonrach te ón ngréin,
Ar thaisteal dom trí bhailte poirt
Is bánta míne réidhe,
Cé do gheobhainn lem ais ach an chúileann deas,
Le fáinne geal an lae.
Ní raibh bróg ná stoca, caidhp ná clóc;
Ar mo stóirin óg ón spéir,
Ach an folt fionn órga síos go troigh,
Ag fás go barr an fhéir.
Bhí calán crúite aici ina glaic,
A's ar dhrúcht ba dheas a scéimh,
Do rug barra gean ar Bhéineas dheas,
Le fáinne geal an lae.
Do shuigh an bhrideog síos lem ais,
Ar bhinse glas den fhéar,
Ag magadh léi bhíos dá maíomh go pras,
Mar mhnaoi ná scarfainn léi.
'S é dúirt sí liomsa, "imigh uaim,
Is scaoil ar siúl mé, a réic",
Sin iad aneas na soilse ag teacht,
Le fáinne geal an lae.


This work was published before January 1, 1929, and is in the public domain worldwide because the author died at least 100 years ago.