Bhí Eóin Ua Míodhchán na chomhnuidhe i mbaile Ui Ára i bhfogus do na Cealla. Oidhche áirite ⁊ é leis fhéin, teine mhaith aige, luigh sé suas air leabaidh i dtaobh an tighe. Ní robh sé na chodladh acht ag deánadh a scíste. Bhí an chomhla na seól fascaidh. Bhí na lachain anns an tseomra a bhí i gcúl na teineadh. Chonnaic sé an sionnach aig an dorus ag amharc asteach. I gceann tamaill thainic sé as teach giota beag eile. D’amhairc sé air fud an tighe. Ní robh duine air bith le feiceál aige. Thainic sé asteach gur sheas sé air an urlár. Ní robh duine air bith le feiceál aige. Bhí dorus an rúm foscailte ⁊ chuaidh an sionnach suas ’un an rúm. D’éirigh glór mór aig na lachain ⁊ iad ag eiteallaigh o thaobh go taobh de’n rúm. Thug Eóin léim ’un an dorais. Bhí an ghrape na seasadh aig taobh (taoibh) an dorais. Rug sé air an ghrape ⁊ thug sé móide nach rachadh an sionnach amach go marbhadh sé é. Thainic an sionnach anuas as an rúm ⁊ bhí sé anonn ⁊ anall ag féachaint go dé an tslighe a bhfuigheadh sé amach. Acht bhí Eóin san dorus ⁊ an ghrape aige. Nuair chonnaic an sionnach nach bhfuigheadh sé amach, rug sé air bhríste Eóin a bhí air an chathair aig colbha na leapa ⁊ thairn sé an bríste trasna na teineadh. Thug Eóin mionn eile nach rachadh an sionnach amach go marbhadh seisean é. Bhí an sionnach aníos ⁊ síos an t-urlár ag coimheád Eóin ⁊ an dorais. Nuair chonnaic sé nar fhág Eóin an dorus ⁊ bhí an bríste dóighte, rug sé air an tsúisín ⁊ thoisigh da thairnt ’un na teineadh. Chonnaic Eóin go ndóighfeadh sé an teach. Thug sé léim aníos ann a aracais. Thug se iarraidh de’n ghrape air acht dhúbail an sionnach thart ⁊ fuair sé amach. Bhris Eóin a ghrape ⁊ bhí a bhríste dóighte ⁊ an sionnach imthighiste.
Eóin Ua Míodhchán agus an Sionnach
Appearance