Cnó coilleadh craobhaighe/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnó coilleadh craobhaighe by Michael Sheehan
“BIRÍN A’ ḂEO AGUS BIRÍN A’ ṀAIRḂ”
[ 24 ]

XI.

“BIRÍN A’ ḂEO AGUS BIRÍN A’ ṀAIRḂ”

Ḃeaḋ gaċ aoinne suiḋte ṫimċeall ar an teiniḋ agus ċuirfiḋe cipín sa teiniḋ agus do ṫógfaiḋe amaċ é, nuair do ḃeaḋ sé dearg, agus do ḋéarfaḋ an ċéad ḟear do ṫosnóċaḋ “Sgaoil mo ḃirín ort.” Do ḋéarfaḋ an fear baḋ ġiorra ḋó: “Cad is birín duit?” Do ḋéarfaḋ an ċéad ḟear arís: “Birín a’ ḃéo, birín a’ ṁairḃ, má ġeiḃeann tú bás idir mo ḋá láiṁ, bíoḋ an t-sraṫar rum [orm].” Do ḃeaḋ an cipín dearg in a láiṁ nuair do ḃeaḋ sé ag ráḋ an ṁéid sin. Do ṡéidfeaḋ sé trí ṗuṫ dá anáil ar an gcipín agus do ṫaḃarfaḋ sé do’n té ḃeaḋ taoḃ leis annsin é. Do ḋéarfaḋ seisean na focail ċéadna. Ṫaḃarfaḋ sé annsin do fear eile arís é. Do ḃeaḋ an cirín ag dul ó ḋuine go ċéile go raġaḋ sé as. Pé’r [gibé ar] doṁan duine raġaḋ sé as air, ḋúnfaiḋe a ṡúile agus ḃeaḋfaiḋe ag cur gaċ aon rud os a ċionn, féaċaint an ḃfuiġḃeaḋ sé a ṫomás cad ḃeaḋ os a ċionn. Siad na focail ḋéarfaiḋe ná “Trom, trom, cad atá os do ċionn?” Dá dtoṁaisfeaḋ sé annsin do an ċéad iarraċt é, do ḃí sgaoilte leis. Mara [muna] dtoṁaisfeaḋ, ḃeaḋfaiḋe ag cur rudaí go leor os a ċionn ar ball. Mara [muna] ḃfuiġḃeaḋ sé é do ṫoṁas ar aon ċor, b’ḟéidir go dtaḃarfaiḋe párdún sa deireaḋ ḋó.