Caoimhghin Ó Cearnaigh/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
Slán agus Beannacht
[ 82 ]

CAIB. a XXVI.—SLÁN AGUS BEANNAĊT!

“Is aisteaċ an fear ṫú,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir nuair a ċuaiḋ Caoiṁġín isteaċ 'na ṡeomra. “Cé an dearmad agus cé an donas a ḃí ort a's nár ċuiris i n-úil dúinn go raiḃ cáirdeas idir ṫú féin agus an Canónaċ Ó Maoilḃeanna?” [ 83 ]“Cé an maiṫeas a ḃéaḋ san méid sin?” ar Caoiṁġín.

“Táir ró-ṡimpliḋe le ḃéiṫ i do ḃeaṫaiḋ ar ṗláinéid mar seo,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir. “Tá eagla an doṁain ag ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ roiṁ árd-ċléireaċ. Dá mbéaḋ an Pápa 'na ċoṁnuiḋe i mBaile Áṫa Cliaṫ ní ḟeadar cad a ḋéanaḋ sí. Nuair a fuair an fear eagair amaċ go ḃfuil tusa agus an Canónaċ ċóṁ mór sin le ċéile ṫáinig sé ċugam agus duḃairt sé gur ṁór an náire ḋom gan sgríḃneoir breaġ, cliste mar ṫusa a ċoiṁéad san oifig. Ċuir sé milleán ṫar meoḋan orm. Orm-sa! 'Seaḋ go díreaċ. Anois tá post áiriṫe le fáġail agat, a ṁic ó! Ní ḃéiḋ baint agat le tuairisgeoireaċt ċoitċinn—aċt aistí speisialta ar imṫeaċta áiriṫe: tuairisgeoireaċt litearḋa ealaḋanta. Béiḋ sé ort fós príoṁ-aistí litearḋa a sgríoḃaḋ cúpla uair sa tseaċtṁain. Agus béiḋ an oiread eile tuarasdail le fáġail agat a's mar ḃí ċeana. Aċt tá an t-árd-eagarṫóir ag fanaṁaint leat 'na ṡeomra. Réiḋteoċaiḋ sé an ċeist ar fad.”

Agus do réiḋtiġ.

Ar teaċt a ḃaile do Ċaoiṁġín ḃí Úna 'na suiḋe agus í ag léiġeaḋ láiṁ-sgríḃinne an “Leaḃair Ṁóir.”

“Is iongantaċ a ḃfuil ráiḋṫe agat annso i dtaoiḃ ban-déiṫe na nGaeḋeal, a Ċaoiṁġín,” ar sise. “Is áluinn an sgéal é. Baḋ ḋóiġ le duine go raiḃ aiṫne agat ar na ban-déiṫe céadna.”

“Tá ceann aca i dtigín i nDuṁaċ Tráġa Ṁuirḃṫean cois Ċuain Áṫa Cliaṫ,” ar seisean. “Is uirṫe a ḃíos ag smaoineaḋ agus mé ag sgríoḃaḋ.”

“Is miṫid duit a ḃeiṫ ag éirġe ciallṁar anois,” ar sise. “Maraċ go dtáinig mé, agus an mí-áḋ i n-aoinḟeaċt liom, ḃéiṫeá go réiḋ, sonasaċ——”

“Níor ṫuigeas sonas dáríriḃ sul ar ṫáinig tú,” ar seisean.

“Aċt an trioblóid ṁór a ḃí ort le déanaiġe, nó le fada baḋ ċeart dam a ráḋ——”

“Do ċéas sí an ‘gnáṫ-ḋuine’ a ḃí ionam,” ar seisean, “agus tá an ‘fíor-ḋuine’ ag teaċt ċun cinn dá ḃárr. Moṫuiġim ‘Ríoġaċt Neiṁe’ im' ṫimċeall agus ionam ċeana féin. Ḃí an ceart ag na saoiṫe naoṁṫa.”

“Moṫuiġim-se aoiḃneas sa tsaoġal naċ raiḃ le moṫuġaḋ ariaṁ roiṁe seo,” ar sise.

[ 84 ]“Táir ag éirġe slán, aereaċ, deisḃéalaċ arís; tá an t-aṫair agus an ṁáṫair ag teaċt ar ais do'n ḟeilm ḃig; agus tá mór-ṗost nua fáġalta agam—naċ sonasaċ an sgéal ar fad é,” ar Caoiṁġín.

Cuir sé i n-úil di a raiḃ le ráḋ ag an árd-ṫuairisgeoir agus ag an eagarṫóir.

“Deirtear gur i ḃfad ó ḃaile ḃíonn na h-iongantais. Ní fíor an sean-ḟocal. Taisbeánann ár sgéal-ne gur ag baile a ḃíonn na sár-iongantais,” ar Úna.

“Agus ionainn féin,” ar Caoiṁġín. “Ní raiḃ ins an trioblóid aċt néalta. Tá na néalta imṫiġṫe. Tá an solus ann. Moṫuiġeann ár n-anamanna a stáid ḋúṫċais. Aiṫ-ḟilleaḋ ar Neaṁ é.”

“A ḃeiṫ mar atámuid anois, ċóṁ áṫasaċ ionainn féin, an oiread sin aoiḃneasa 'nár dtimċeall agus atá annso cois Ċuain Áṫa Cliaṫ, agus an oiread sin oibre le déanaṁ againn ar son na mboċt agus ar son ár dtíre—naċ mbeimís sásta go deo, a Ċaoiṁġín?”

“Ḃéimís,” ar seisean, agus ḋo ṗóg sé í. “Cuiṁniġeann tú i gcoṁnuiḋe ar na boċtáin agus na daoine nár ṁoṫuiġ Ríoġaċt Neiṁe ionta féin fós.”

“Is truaġ liom iad go léir,” ar Úna. “Cé an fáṫ go ḃfuilmid-ne ċóṁ sona agus na mílte i gcruaḋċás?”

“Is fada an sgéal é, a ġile,” ar Caoiṁġín. “Gráḋ glan, beannuiġṫe a ṫreoruiġ sinne go Ríoġaċt Neiṁe. Ní mór dúinn oibriuġaḋ ar son na mílte naċ ḃfuil i ngar di fós.” …

Inneosfar sgéal na h-oibre sin lá éigin, le congnaṁ Dé. Anois fágamuid slán ag Úna agus ag Caoiṁġín, go gráḋṁar, sonasaċ mar atá siad 'na dtigín aoiḃinn cois Ċuain Áṫa Cliaṫ.

(A ĊRÍOĊ.)