An Cómhgar/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An Cómhgar by Shán Ó Cuív
Ceacht a Fiche
[page]

CEAĊT A FIĊE. XX. AN FIĊEAḊ CEACT.

beiḋ; ní ḃeiḋ; an mbeiḋ? ná beiḋ? cá mbeiḋ?

indiuindéamáireaċgaċ

Dé LuainDé MáirtDé CéadaoinDiardaoin

Dé hAoineDé SaṫairnDé Doṁnaiġ

Beiḋ na cailíní go léir agus na buaċaillí go léir ar sgoil amáireaċ. Ní ḃeid, ní ḃeiḋ Míċeál Ó Murċaḋa ar sgoil amáireaċ.

An raiḃ sé ar sgoil indé? Do ḃí, aċt ní’l sé ar sgoil indiu agus ní ḃeiḋ sé ar sgoil amáireaċ.

Cá ḃfuil do ḋriṫáir, a Ṫaiḋg? tá sé sa ḃaile.

An mbeiḋ sé annso amáireaċ? Beiḋ. Ḃí sé annso indé, agus ḃí mála aige. Beiḋ mála eile aige amáireaċ.

An mbeiḋ do ḋrifiúr annso? Ní ḃeiḋ. Cá mbeiḋ sí? Beiḋ sí sa ḃaile.

An ḃfuil sí ar sgoil indiu? Níl, aċt ḃí sí ar sgoil indé.

Beiḋ Máire ar sgoil Dé hAoine. Ní raiḃ sí ar sgoil Dé Luain ná Dé Máirt. Ḃí sí ar sgoil Dé Céadaoin, aċ ní’l sí ar sgoil indiu.