An Cómhgar/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An Cómhgar by Shán Ó Cuív
Ceacht a Sé Déag
[page]

CEAĊṪ A SÉ-DÉAG. XVI. AN SÉṀAḊ CEAĊT DÉAG.

le

liom leat leis léi linn liḃ leó

ní ḟeadar.

Tá leaḃar agam, aċ ní liom féin é. An ḃfuil do leaḃar agat, a Ṡeáin? Tá, a ḋuine uasail.

Cé leis an leaḃar so? Is le Míċeál Ó Tuama é.

An leat-sa an leaḃar san agat, a Ṁíċíl? Is liom, a ḋuine uasail.

An ḃfuil leaḃar eile agat? Tá leaḃar eile annso im’ láiṁ agam.

Cé leis an leaḃar san? is lem’ ḋriṫáir é.

An leat-sa an leaḃar atá ag Seán Ó Murċaḋa, a Ḃriain? Ní liom, is leis féin é.

Tá mála ag Síle Ní Laoġaire, agus is léi féin é.

Tá peann agam-sa agus tá peann agat-sa agus is linn féin iad.

Do ḃí Maiġréad annso indé agus do ḃí leaḃar aice. Is léi féin an leaḃar a ḃí aice.