An Cómhgar/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An Cómhgar by Shán Ó Cuív
Ceacht a Ceathair Déag
[page]

CEAĊT A CEAṪAIR-DÉAG. XIV. AN CEAṪRAṀAḊ CEAĊT DÉAG.

is, is eaḋ, ’seaḋ;ní, ní heaḋ;an? an eaḋ?náċ? náċ eaḋ?

cad édaṫatárud

é seoé sinleis.

Is bosga é seo. Tá an bosga ar an gcaṫaoir.

Cuir an bosga ar an mbórd, a Ḋiarmuid. An ar an mbórd atá an bosga anois, a Ṡeáin? Is ar, a ḋuine uasail.

An ar an mbórd atá an ċaṫaoir? Ní h-ar. Cá ḃfuil an ċaṫaoir? Tá sí ar an úrlár.

Cuir an leaḃar so ar an mbórd, a Ṁáire. An leaḃar gorm é sin, a Ḃriain? Ní heaḋ, a ḋuine uasail. Náċ eaḋ? Ní heaḋ go deiṁin. Agus cad é an daṫ atá air? Daṫ dearg.

An leaḃar dearg é seo, leis? ’Seaḋ. Leaḃar dearg is eaḋ é sin, agus leaḃar bán is eaḋ é seo. Cad é an daṫ atá ar an ḃfalla san? Daṫ bán.

An falla árd é sin? Seaḋ.

An falla árd é seo? Ní heaḋ; falla íseal is eaḋ é sin.

Cad é an rud é sin? Bosga. Bosga mór, an eaḋ? Ní heaḋ, aċt bosga beag.