An Biobla Naomhtha/Genesis

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search

An chead leabhar do Mhaoisi da ngoirthear Genesis.

1 Ar ttús do chruthaidh Día neamh agus talamh.

2 Agus dobhí an talamh gan fhoirm, agus folamh, agus dobhí dorchadus ar aghaidh an aigéin, agus do chorruigh spiorad Dé ar aghaidh na nuisgeadh.

3 Agus adubhairt Dia, bíodh solus ann, agus dobhí an solus ann.

4 Agus dochonnairc Dia an solus gur mhaith é, agus do roinn Dia idir an solus agus an dorchadus.

5 Agus do ghoir Día don tsolus lá, agus don dorchadus do ghoir sé oidhche; agus do budh í an nóin agus an mhaidean an chéud lá.

6 Agus adubhairt Día, bíodh fiormament a meadhón na nuisgeadh, agus roinneadh na huisgeadha ó na huisgeadhuibh.

7 Agus dorinne Día an fhiormament, agus do roinn na huisgeadha faoi an bhfiormament ó na huisgeadhuibh ós cionn na fiormamente; agus dobhí mar sin.

8 Agus do ghoir Día don fhiormament neamh, agus do budh é an nóin agus an mhaidean an dara lá.

9 Agus adubhairt Día, cruinnighthear na huisgeadha atá faoi neamh aneunait agus léigthear an talamh tirm leis: Agus dobhí marsin.

10 Agus do ghoir Día don úir thirm talamh, agus do chruinnigthibh na n uisgeadha do ghoir sé fairge; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.

11 Agus adubhairt Día, tugadh an talamh féur, agus an luibh as a ttig síol, agus crann toraidh dobheir toradh do réir a chinéil, a mbí a shíol ann féin ar an ttalamh agus dobhí marsin.

12 Agus tug an talamh mínfhéur agus luibh dobheir síol do réir a chinéil, agus crann dobheir toradh, noch ann a raibh a shíol do réir a chinéil; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.

13 Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an treas lá.

14 Agus adubhairt Día, bíodh lóchrainn a bhfiormament neimhe do roinn eidir an lá agus anoidhche, agus bídis ar son chomharthaibh agus ar son aimsearuibh, agus ar son laithibh agus bliaghnuibh.

15 Agus bídis mar shoillsibh a bhfiormament neimhe, do thabhairt soluis ar an ttalamh; agus dobhí marsin.

16 Agus dorinne Día dhá lóchrann mhóra, an lóchrann as mó do riaghladh an laoi, agus an lóchrann as lugha do riaghladh na hoidhche; agus na réulta mar an cceadna.

17 Agus do shuighe Día iad a bhfiormament neimhe, do thabhairt soluis ar an ttalamh,

18 Agus do riaghladh ar an ló, agus ar an oidhche, agus do roinn eidir an solus agus an dorchadus; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.

19 Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an ceathramhadh lá.

20 Agus adubhairt Día, tugaidís na huisgeadha amach go líonmhur an crétúir corruigheach ann a bhfuil anam, agus éunlaith fhédfas eiteadh ós cionn na talmhan a bhfiormament shoilléir neimhe.

21 Agus do chruthaigh Día míola móra, agus gach uile chréutúir beo chorruigheas, noch tugadar na huisgeadha uatha go líonmhur do réir a ccinéil, agus gach uile éun sgiathánach do réir a chinéil; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.

22 Agus do bheannaigh Día iad, ag rádh; bíodh sibh tórrthach agus fírlíonaidh, agus líonaidh na huisgeadha ann sna fairgibh, agus an éunlaith ar an ttalamh.

23 Agus do budh é an nóin agus an mhaidean an cúigeadh lá.

24 Agus adubhairt Día, tugadh an talamh uadha créutúir beó do réir a chinéil, áirnéis, agus gach ní shnámhus an talamh, agus ainmhidhe na talmhan do réir a chinéil; agus dobhí marsin.

25 Agus dorinne Día ainmhidhe na talmhan do réir a chinéil, agus airnéis do réir a ccineil, agus gach ní shnámhus air an ttalamh, do réir a chinéil; agus dochonnairc Día gur mhaith sin.

26 Agus adubhairt Día, déunam an duine ann ar ndeilbh féin, do réir ar ccosamhlachda féin, bíodh tighearnus aige ós cionn éisg na fairge agus ós cionn éunlaith an aiéir, agus ós cionn na háirnéisi, agus ós cionn na talmham uile, agus ós cionn an uile neithe shnámhus ar an ttalamh.

27 Marsin do chruthaigh Día an duine an íomháigh féin, a-Níomhaigh Dé do chruthaigh sé é; fearda agus bannda do chruthaidh sé iad.

28 Agus do bheannaigh sé iad, agus adubhairt Día riú; bíodh sibh tórrthach agus méuduighibh agus líonaidh an talamh, agus cuiridh fúibh é; agus bíodh tighearnus aguibh ós cionn éisg na fairrghe, agus ós cionn an uile neithe chorruigheas ar an ttalamh.

29 Agus adubhairt Día; féuch, tug mé dhíbh gach uile luibh dobheir síol (uadha) da bhfuil ar druim na talmhan, agus uile chrann ann a bhfuil toradh croinn dobheir síol; biáidh sé na bíadh dhíbh.

30 Agus dá gach uile beitheach ar an ttalamh, agus dá gach uile éun sanaiéir, agus dá gach aoinní shnámhus air an ttalamh ann a bhfuil anam, (tug mé) gach uile luibh ghlas mar bhíadh: agus dobhí marsin.

31 Agus dochonnairc Día gach aoinní dá ndérna sé, agus féuch dobhí go romhaith: agus do budh é an nóin agus an mhaidean an seiseadh lá.

1 Marsin do críochnuigheadh na neamhdha, agus an talamh, agus a slúagh uile.

2 Agus annsa seachdmhadh lá do chríochnuigh Día a obair, noch dorinne sé; agus do chomhnuigh sé ar an seachdmhadh lá óna obair uile, noch dorinne sé.

3 Agus do bheannaidh Día an seachmhadh lá, agus do naomhuigh sé é, do bhrígh gurab ann do sguir sé dá uile obair, noch do chruthaigh Día agus dorinne sé.

4 Asiadso geinealaigh na neamhdha agus na talmhan, anuáir do cruthaigheadh iad; annsa ló ann ar chruthaigh an Tighearna Día an talamh agus na neamhdha.

5 Agus gach plannda don mhachaire (suil dobhí sé annsa talamh) agus gach uile luibh don mhachaire suil do fhás sé; óir ní thug an Tighearna Día fearthuinn ar an ttalamh, agus ní raibh duine do shaoithreóchadh an talamh,

6 Ach dochuáidh ceó suas ón dtalamh agus do fhliuch aghaidh na talmhan uile.

7 Agus dochum an Tighearna Día an duine do luáithreadh na talmhan, agus do shéid ann a pholláruibh anál na beatha, agus táinig an duine chum bheith na anam beó.

8 Agus do phlannduigh an Tighearna Día gairdín taobh shoir ann Eden agus do chuir sé an duine dochum sé annsin.

9 Agus ar an ttalamh dothug an Tighearna Día ar gach uile chrann fás, noch is taitneamhach don tsúil, agus is maith chum bídh; crann na beatha mar an ccéudna a lár an ghairdín, agus crann feasa maitheasa agus uilc.

10 Agus dochuaidh abhann amach as Eden do fhliuchadh an gháirdín agus do roineadh assin í, agus tainig na ceithre ceannuibh.

11 Ainm na ceud aibhne Pison, asísin tig timchioll thíre Habhilah uile, áit a bhfuil ór.

12 Agus is maith ór na tíresin; (atá) ann, bdellium, agus an chloch ónix.

13 Agus an dara habhann Gihon, is ísin thimchiollus tír na Hétiópia uile

14 Agus ainm an treas abhann Hidecel, asísin théid a taoibh shoir don Asíria; agus an ceathramhadh abhann Euphrátes.

15 Agus do ghlac an Tighearna Día an duine, agus do chuir a ngáirdín Eden é, dá dheasúghadh agus dá chumhdach.

16 Agus do aithin an tighearna don duine, dá rádh; do thoradh gach uile chrainn annsa gháirdín féduigh tú dithche go saor.

17 Ach do chrann feasa maitheasa agus uilc ní íosaidh tú dhesin; óir annsa ló aníosa tú dhe, éugfa tú go deimhin.

18 Agus do ráidh an Tighearna Día; ní maith an duine bheith na aonar: dodhéuna mé cunghnamh dhó, bhías iomchúbhaidh dhó.

19 Agus as a ttalamh dochum an Tighearna Día anuile bheitheach an mhachaire, agus gach uile éun an aéir, agus tug leis chum Adhaimh iad, dá fhéuchuin cred do ghoirfeadh sé dhíobh, agus gidhbé do ghoir Adhamh don uile crétúir beó, asésin dobainm dhó.

20 Agus do ghoir Adhamh anmanna don uile áirnéis, agus déunuibh an aiéir, agus do uile bheitheach an mhachaire, ach do Adhamh ní fríth cunghnamh iomcubhuidh dhó.

21 Agus tug an Tighearna Día codhladh trom do thuitim ar Adhamh, agus do choduil sé: agus do ghlac sé aon dá asnaibh, agus do dhruid sé an fheóil na áit sin.

22 Agus an tasna do bhean an Tighearna Día as an duine dochum sé bean de, agus tug sé chum an duine í.

23 Agus adubhairt Adhamh, anois is cnáimhso dom chnámhuibhse, agus feóil dom fheóil, goirfigheas bean di, do chionn gurab as an bhfear do beanadh í.

24 Uimesin fúigfidh an fear a athair agus a mhathair, agus ceangóluidh dhá mhnaoi; agus beidh na naón fheóil.

25 Agus dobhádar araón lomnochd an fear agus an bhean, agus ní raibh náire orra.

1 Anois dobhí an athair nimhe ní budh cealguidhe ná aóin bheitheach san mhachaire dá ndéarna an Tighearna Día, agus adubhairt sí ris an mnaói: an eadh, a ndubhairt Día, ní íostaói dá gach aon chrann sa ngáirdín?

2 Agus adubhairt an bhean ris an athair nimhe, fédmaoid ithche do thoradh chrann an gháirdín:

3 Achd do thoradh an chroinn atá a lár an gháirdín, adubhairt Día, ní íosa sibh dhé súd, agus ní bheanfídh ris, deagla go bhfuigheadh sibh bás.

4 Agus adubhairt an athair nimhe ris an mnaoi; ní bhfuighthí bás go deimhin.

5 Óir atá a fhios ag Día ann sa ló a níostaoi dhe sin, go bhfoisceóltar bhur súile, agus go mbeithí mar Dhée, fios maitheasa agus uilc aguibh.

6 Agus anúáir dochonnairc an bhean go raibh (toradh) an chroinn maith chum bídh, agus go raibh taitneamhach leis na súilibh, agus na chrann iondúileamhla chum aóin do dhéunamh eagnuidhe, do ghlac sí dhá thoradh, agus do ith sí, agus tug mar an cceúdna dá fear maille ría agus do ith sé.

7 Agus do hosgladh a súile araón, agus do aithniodar go rabhadar lomnochd, agus do fhuáidheadar duilleadha fíge dhá chéile, agus dorinneadar aprúin dóibh féin.

8 Agus dochualadar guth an tighearna Dé ag spaisdeóireachd ann sa ngáirdín a bhfuardhachd an laoi, agus dfoluigh Adhamh agus a bhean íad féin ó fhiadhnuisi an tighearna Dé a measg chrann an gháirdín.

9 Agus do ghoir an Tighearna Día ar Adhamh, agus adubhairt ris: Cáit a bhfuil tú?

10 Agus adubhairt seison: dochuala mé do ghuth annsa ngáirdín, agus do bhí eagla orm do chionn go raibh mé nochduighe, agus do foluigh mé méfein.

11 Agus do ráidh seision; cía dinnis duit go raibh tú nochduighe? ar ith tú don chrann do aithin misi dhíot nach íosfá dhe?

12 Agus adubhairt an fear: an bhean tug tusa dhamh (chum beith) am fhochair, tug sí dhamh do thoradh an chroinn, agus dith mé é.

13 Agus adubhairt an Tighearna Día ris an mnaoi; créud éso dorinne tú? agus adubhairt an bhean, do mheall anathair nimhe mé, agus do ith mé.

14 Agus adubhairt an Tighearna Día ris anathair nimhe: do bhrígh go ndéarna tú so, atá tú malluithe ós an uile áirnéis, agus ós gach uile ainmhidhe an mhachaire: ar do bholg siubhólus tú, agus luaithreadh íosas tú ar feadh uile laéthe do bheatha.

15 Agus cuirfi misi námhadus eadrad agus an bhean, agus eidir do shíol agus a síolsan; brúighfidh sé do cheannsa, agus brúighfidh tusa a shálsan.

16 Adubhairt sé ris an mnaoi, méideócha mé go mór do dhoilgheas agus do thoirrchiughadh; a ndoilgeas bhéuras tú clann, agus dot fhior (bhias) thfon, agus dodhéuna sé uachtarántachd ort.

17 Agus adubhairt sé ré hAdhamh, do bhrígh go ttug tú éisdeachd do ghuth do mhná, agus gur ith tú don chrann ar aithin misi dhíot, dá rádh, ní íosa tú dhe; atá an talamh mallaighe ar do shon, a ndoilghios íosas tú dhe ar feadh uile laéthe do bheatha.

18 Droighneach fós agus foghbhannáin dobhéura sé dhuit, agus íosa tú luibh na talmhan.

19 A nallus haighe íosas tú arán no go bhfilligh tú chum na talmhan; óir is aisde do beanadh thú; óir as luaithreadh thú agus chum luáithridh fhillfios tú.

20 Agus do ghoir Adhamh Eubha dhá mhnaoi, do bhrígh gurab í mathair an uile bheo í.

21 Do Adhamh mar an ccéudna agus dá mhnaoi dorinne an Tighearna Día cótuidhe croicinn, agus do éuduigh sé iad.

22 Agus adubhairt an Tighearna Día; féuch, atá an duine arna dhéunamh mar aón aguinn féin dfios maitheasa agus uilc: agus anois deagla go ccuirfeadh a lámh amach, agus go nglacfadh fós do chrann na beatha, agus go níosfadh agus go mairfeadh go bráth.

23 Ar anadhbhursin do chuir an tighearna amach as gáirdín Eden é do shaóthrughadh an talamh as ar tugadh é.

24 Marsin do thiomáin sé an duine amach, agus do chuir sé ag an ccuid shoir do gháirdín Eden Cherubínigh agus cloidheamh lasardha noch do iompoigheadh ann gach uile thaóbh do choimhéud slighe chroinn na beatha.

1 Agus do luigh Adhamh re na mhnaói Eúbha; agus do toirrcheadh í, agus rug sí Cáin, agus adubhairt sí; do ghnoghuidh mé duine ón dtighearna.

2 Agus rug sí arís a dhearbhrathair Abel, agus dobhí Abel na aodhaire caorach, agus do budh críadhuire Cáin.

3 Agus a ccion aithe tárla ann go ttug Cáin leis do thoradh na talmhan ofráil don tighearna.

4 Agus go ttug Abel mar an ccéudna do chéidghinibh a thréuda agus dá shult; agus dobhí meas ag an ttighearna ar Abel agus ar ofráil.

5 Ach ní raibh suim aige a Ccáin ná ann ofráil: agus dobhí Cáin lán dfeirg, agus datharruigh a dhealbh.

6 Agus adubhairt an tighearna ré Cáin; ciodh fá bhfuil tú feargach agus créudh far chlaóchluich tú do chruth.

7 Má ní tú go maith, nach glacfuighthear tú? agus muna ndéarna tú go maith, atá an pecadh na luighe ag an ndorus, agus (biáidh) a fhonn chugadsa, agus riaghlochuidh tú ós a chionn.

8 Agus do chomhráigh Cáin rena dhearbhrathair Abel, agus tárla ann anuair dobhádar ar an machaire gur éirigh Cáin suas anaghuidh Abel a dhearbhrathair, agus gur mharbh é.

9 Agus adubhairt an tighearna ré Cáin, cáit a bhfuil do dhearbhrathair Abel? agus adubhairt seision, ni fheidir misi sin: an misi coimhéuduigh mo dhearbhrathar.

10 Agus adubhairt seision, creud dorinne tú? atá guth fola do dhearbhrathar ag éighmhe ormsa as an ttalamh.

11 Agus anois atá tusa malluighe ón ttalamh, noch do osguil a bhéul do ghlacadh fola do dhearbhrathar as do láimh.

12 Anuáir shaóthrochus tú an talamh, ní thiubhra feasda a neart ort, ad theithmhech agus ad dheóruighe bhías tú annsa talamh.

13 Agus adubhairt Cáin ris an ttighearna, as mó mo phionús ná mar fhéuduim iomchar.

14 Féuch, do dhíbir tú mé ó aghuidh na talmhan san ló aniugh, agus foileochar ód ghnúis mé, agus béad am theithmheach agus am dheóruighe annsa talamh, agus tiucfa assin gidhbé air bith theigeomhas riom, go muirfidh sé mé.

15 Agus adubhairt an tighearna ris, uimesin gidhbé ar bith mhuirfeas Cáin, dodhéuntar a sheachd noirid dioghaltuis air. Agus do chuir an tighearna comhartha ar Cháin deagla aonduine arna fhagháil go muirfeadh é.

16 Agus dochuáidh Cáin amach as fiaghnuisi an tighearna, agus do áitribh sé a ttír Nod, taobh shoir do Eden.

17 Agus do luigh Cáin re na mhnaói, agus do toirrcheadh í, agus rug sí Enoch, agus dorinne cathair agus tug ainm uirre do réir anma a mhic, Enoch.

18 Agus do Enoch rugadh Irad agus do ghein Irad Mehujael, agus do ghein Mehujael Metusael, agus do ghein Metusael Lamech.

19 Agus tug Lamech días ban, aon díobh darbhainm Sillah.

20 Agus rug Adah Jábal, dobé sin athair na druinge do chomhnuigheadh a bpuiblibh agus na druinge gá mbí áirnéis.

21 Agus dobé ainm a dhearbhrathar Lúbal; dobésin athair na nuile do ghlacadh an chláirseach agus na horgáin.

22 Agus Sillah mar an cceudna rug Túbal-Cáin, fear múinte anuile fhir ceirde doniodh cérdachd phráis agus iaruinn: agus dobí dhearbhshíur Thúbal-Cáin Náamah.

23 Agus adubhairt Lamech re na mhnáibh Adah agus Sillah; éisdigh ré ghlór a mhná Lamech, éisdigh rem chaint, óir do mharbhus duine chum mo lot, agus duine óg chum mo dhochair féin.

24 Má dioghaltar ar Cháin seachd noirid, go deimhin (dioghaltar) ar Lamech seacht agus seachdmhodhad oirid.

25 Agus do luigh Adhamh re na mhnaói arís, agus rug sí mac, agus tug Seth dainm air: óir ar sisi, do órduigh Día dhamh síol eile anáit do marbhadh lé Cáin.

26 Agus do Shéth rugadh mac dhósan mar an ccéudna, agus Enos do ghoir dainm dhe: annsin do thosuigh daoine gairm ar ainm an tighearna.

1 Aséso leabhar geinealuigh Adhuimh, annsa ló ionar chruthaidh Día an duine, a ccosamhlachd Dé dorinne sé é.

2 Feardha agus bannda do chruthaidh sé iad, agus do bheannuigh íad, agus do ghoir Adhamh dainm dhíobh annsa ló ionar cruthaigheadh íad.

3 Agus do mhair Adhamh céud agus triochad blíaghan agus do ghein (mac) ann a chosamhlachd féin, do réir a dhealbha, agus tug Séth dainm air.

4 Agus do budh íad láethe Adhaimh tar éis Séth do gheineamhuin dó, ochd ccéud bliaghan, agus do ghein sé mic agus ingheana.

5 Agus na láethe ar mhair Adhamh uile, ba naói ccéud agus triochad bliaghan íad, agus fuáir sé bás.

6 Agus do mhair Séth céud chuig bhliaghna, agus do ghein Enos.

7 Agus do mhair Séth tar éis Enos do gheineamhuin ochd ccéud agus seachd mbliaghna, agus do ghein mic agus ingheana.

8 Agus ba hiad láethe Shéth uile naoi ccéud agus dá bhlíaghain déug agus fúair sé bás.

9 Agus do mhair Enos nóchad bliaghan, agus do ghein Cáinan.

10 Agus do mhair Enos tar éis Cáinan do gheineamhuin ochd ccéud agus cúig bhlíaghna déug, agus do ghein mic agus ingheana.

11 Agus bá híad láethe Enos uile naoi ccéud agus cúig bliaghna agus fuair sé bás.

12 Agus do mhair Cáinan seachdmhoghad blíaghan, agus do ghein Mahalaleel.

13 Agus do mhair Cáinan tar éis Mahalaleel do gheineamhuin, ochd cceud agus ceathrachad bliaghan, agus do ghein mic agus ingheana.

14 Agus dobíad láethe Cháinan uile naói cceud agus deich mbliaghna, agus fuair sé bás.

15 Agus do mhair Mahalaleel trí fichid agus cúig bhliaghna, agus do ghein Jared.

16 Agus do mhair Mahalaleel tar éis Járed do gheineamhuin, ochd cceud agus tríochad blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana.

17 Agus dobíad láethe Mhahalaleel uile ochd cceud agus nóchad agus cúig bhliaghna, agus fuair sé bás.

18 Agus dobhí Jared beó ceud agus caogad agus dá bhliaghain, agus do ghein Enoch.

19 Agus do mhair Jared tar éis Enoch do gheineamhuin ochd cceud blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana.

20 Agus dobíad láethe Jared uile, naói cceud, agus seasgad agus dá bhlíaghain, agus fuair sé bás.

21 Agus do mhair Enoch seasgad agus cúig bhlíaghna, agus do ghein Matuselah.

22 Agus do shiubhail Enoch le Día tar éis gheineamhna Mhatuselah trí chéud blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana.

23 Agus dobíad láethe Enoch uile trí cchéud agus seasgad agus cúig bhlíaghna.

24 Agus do shiubhail Enoch ré Día, agus ní raibh sé ann, óir rug Día leis é.

25 Agus do mhair Matuselah céud agus ochdmhodhad agus seachd mblíaghna, agus do ghin Lamech.

26 Agus do mhair Matuselah tar éis Lamech do gheineamhuin, seachd cceud ochdmhodhad agus dá bhliaghain, agus do ghein mic agus ingheana.

27 Agus dobíad láethe Mhatuselah uile naói ccéud seasgad agus naói mblíaghna, agus fuair sé bás.

28 Agus do mhair Lamech céud ochdmhodhad agus dá bhlíaghain agus do ghein mac.

29 Agus do ghoir Naói dainm dhe, da rádh; dobhéura an tísi meisneach dhúinn a ttaoibh ar noibre agus shaothair ar lámh, do bhrígh an talamh do mhalluigh an tighearna.

30 Agus do mhair Lamech tar éis Naói do gheineamhuin, cúig céud nóchad agus cúig blíaghna, agus do ghein mic agus ingheana.

31 Agus dobíad láethe Lamech uile seachd cceud seachdmhoghad, agus seachd mblíaghna, agus fuair sé bás.

32 Agus dobhí Naói chúig chéud blíaghan daóis, agus do ghein Naói Sem, Ham agus Japhet.

1 Agus tárla anuáir do thosuigheadar na daoine ar líonadh ar dhruim na talmhan agus rugadh ingheana dhóibh.

2 Go bhfacadar mic Dé ingheana na ndaoine go rabhadar sgíamhach, agus tugadar mná chuca donuile dhroing do thógradar.

3 Agus adubhairt an tighearna; ní bhía mo spiorad a ccomhnuidhe ag críochán ris an nduine, do bhrígh gur féoil eision mar an ccéudna, gidheadh béidh a láethe na ccéud agus fichthe blíaghan.

4 Dobhádar aithighe ar an ttalamh annsna laéthibhsin; agus mar an ccéudna na dhiáighsin, anuair thangadar mic Dé asteach chum ingheana na ndaoine, agus rugadar (clann) dóibh, do fhásadarsin na ndaoinibh árrthachda, noch dobhí san tseanaimsir na ndaoinibh iomráiteach.

5 Agus dochonnairc Día gur mhór chionta an duine ar an ttalamh agus gach aon bhreathnughadh dá smuaineadh a chroidhe, gurab olc é a ccomhnuighe.

6 Agus do budh aithreach leis an ttighearna an duine do dhéunamh ar an ttalamh, agus do ghoill sé air ann a chroidhe.

7 Agus adubhairt an tighearna; sgriosfuidh mé an duine do chruthaigh mé ó aghaidh na talmhan; ar aon an duine agus an beitheach, agus an ní snámhus agus éunlaith an aiéir, óir as aithreach liom a ndéunamh.

8 Ach fuair Naoi grása a bhfiaghnuise an tighearna.

9 Asíadso geinealuigh Naoi, dobhí Naoi na dhuine fhiréunta, agus iomlán ann a gheinealachaibh, agus do shiubhail Naoi lé Día.

10 Agus do ghein Naoi tríur mac Sem, Ham, agus Japhet.

11 Dobhí an talamh mar an cceudna truáillighe a bhfiadnuisi Dé, agus do líonadh an talamh dfoiréigean.

12 Agus do fhéuch Día ar an ttalamh, agus féuch dobhí sé trúaillighe, óir do thruáill gach uile fheóil a shlighe ar an ttalamh.

13 Agus adubhairt Día ré Naói táinic críoch anuile fhéola am fhiaghnuisi, óir is lán an talamh durchóid tríothasan; agus féuch, sgriosfuigh mé íad maille ris an ttalamh.

14 Déuna duit féin áirc do choill Ghopher, dodhéuna tú ionaid sa N áirc, agus cuirfe tú pic uirre astigh agus amuich.

15 Agus aséso (an timdhéunamh) ar a ndéuna tú í.: a bhfad na háirce béid trí chéud chubhad, a leithead caógad cubhad, agus a háirde tríochad cubhad.

16 Dodhéuna tú fuinneóg doNáirc, agus críochnochaidh tú í a ccubhad shuas, agus cuirfidh tú dorus na háirce ar a taóbh; maille ré h ísliughadh, an dara agus an treas lota dodhéuna tú í.

17 Agus féuch misi, misi féin dobheirim tuile uisgeadh ar an ttalamh do sgrios gach uile fhéola ann a bhfuil anál na beatha faói neamh; agus gach a bhfuil sa talamh, dogheabha sé bás.

18 Ach riotsa daingneóchaidh mé mo chunnradh, agus tiucfa tú asteach sa-Náirc thú féin agus do mhic agus do bhean, agus mná do mhac maille riot.

19 Agus do gach uile ní beó, da gach uile fheóil béuruidh tú cúpla leachd da gach uile shórt sa-Náirc dá gcumhdach beó agad, béid síad feardha agus bannda.

20 Donéunlaith do réir a gcinéil, agus donáirnéis do réir a ccineil, da gach uile ní shiubhlas an talamh do réir a chineil; cúpla do gach aón tsórt thiucfas chugad dá ccumhdach beó.

21 Agus glac chugad da gach uile bhiadh ithear, agus cruinneochadh tú chugad é, agus biáidh na bhiadh dhuitsi agus dóibhsion.

22 Marso dorinne Naói; do réir anuile ní do aithin Día dhe is amhlaidhsin dorinne sé.

1 Agus adubhairt an Tighearna ré Naói, tárr féin agus do theagh uile annsa-Náirc, óir dochonnairc mé firéunta thú am fhiaghnuisi ansa ngeinealachso.

2 Da gach uile bheathach ghlan béuruidh tú leachd na seachduibh, feardha agus bannda: agus do na beathaidhibh nach bhfuil glan na ccúpluibh, feardha agus bannda.

3 Déunlaith mar an cceudna an aiéir, na seachduibh feardha agus bannda, do chongmháil síl beó ar aghaidh na talmhan uile.

4 Óir seachd lá fós agus dobhéura misi fá deara air, fearthuinn do dhéunadh ar an ttalamh ceathrachad oidhche, agus gach uile shubstaint beó da ndearna mé, sgriosfuidh mé daghaidh na talmhan íad.

5 Agus dorinne Naói do réir mar do aithin an Tighearna dhe uile.

6 Agus dobhí Naói sé chéud blíaghan daóis anuáir dobhí an díle uisgeadh ar an ttalamh.

7 Agus dochuáidh Naói asteach a bhean, a mhic agus mná a mhach, maille ris don Náirc do bhrígh uisgeadh na dílionna.

8 Do na beathuighibh glana agus do na beathuighibh neamhghlana, agus do éunlaith agus da gach aóinní dá siubhlann ar an ttalamh;

9 Dochuaidh asteach a dó agus a dochum Naói annsa-Náirc, feardha agus bannda mar do aithin Día do Naói.

10 Agus tárrla a ndiaigh sheachd lá, go rabhadar uisgeadha na dílionna ar an ttalamh.

11 Annsa seiseadh ceud blíaghan daóis Naói annsa dara mí, an seachdmhadh lá déug don mhí, an lásin féin do brisiodh aníos toibreacha anaighéin mhóir uile, agus do hosgladh comhluighe uisge nimhe.

12 Agus dobhí an fearthuinn ar an ttalamh ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche.

13 Annsa lósin féin, dochuáidh Naói asteach, agus Sem, Ham, agus Japhet, mic Naói, agus bean Naói, agus tríur ban a mhac leó don Náirc.

14 Iad féin agus gach uile ainmhidhe do réir a chinéil, agus an uile áirnéis do réir a cciníl, agus gach ní shnámhus ar an ttalamh do réir a ccinéil agus gach uile éunlaith da gach aon tsórt.

15 Agus dochuadar asteach chum Naói annsanáirc, cúpla agus cúpla da gach uile fheóil anna bhfuil ánal na beatha.

16 Agus a ndeachaidh asteach dochuadar asteach feardha agus bannda dá gach uile fhéoil mar do aithin Día dhe, agus do dhruid an Tighearna air astigh .

17 Agus dobhí an díle ar an ttalamh ceathrachad lá agus ceathrachad oidhce, agus do mheaduigheahar na huisgidhe, agus do iomchradar suas a náire agus do tógbhadh súas í os cionn na talmhan.

18 Agus dorugadar na huisgidhe buáidh agus do mheaduigheadar go han mhór ar an ttalamh; agus do imthigh anáirc ar uachdar na nuisgeadh.

19 Agus dorugadar na huisgidhe buáidh go hiomarcach ar an ttalamh, agus dobhádar na cnuic árda uile dobhí fo neamh arna bhfolach.

20 Cúig cubhaid déug do éirigh an tuisge súas agus do folchadh na sléibhte.

21 Agus do éug gach uile fheóil dár chorruigh ar an ttalamh, idir éunuibh agus áirnéis agus ainmhintidh agus gach aónní shnámhus ar an ttalamh agus gach uile dhuine.

22 Gach ní ann a raibh anál na beatha ana pholláiribh, don uile ní da raibh ar talamh tirim, fuaradar bás.

23 Agus do sgriosadh gach uile shubstaint beó noch dobhí ar druim na talmhan, idir dhuine agus bheathach agus an ní shnamhus agus éunlaith neimhe, agus do sgriosadh ón talamhh iad, agus do fhan Naói amháin na beathaidh agus an luchd dobhí na fhochair sanáirc.

24 Agus do bhúadhuigh an tuisge ós cionn na talmhan céud agus caógad lá.

1 Agus do chuimhnigh Dí air Naói agus gach aóinní beó agus a uile áirnéis dobhí na fhochair sa-Náirc, agus dorinne Día gaóth do dhul thar a talamh agus do thraóthadar na huisgidhe.

2 Do stopadh mar an cceadna toibreacha anaigéin agus fuinnéoga neimhe, agus do cosgeadh an fearthuinn ó neamh.

3 Agus do fhilleadar na huisgidhe ó bheith ar an ttalamh a ccomhnuighe tar éis na ccéad agus na ccaógad lá do laghduigheadh na huisghdhe.

4 Agus do chomhnuigh a-Náirc ar an seachdmhad mí, ar an seachdmhad lá déug don mhí ar shléibhtibh Ararat.

5 Agus do thraóthadar na huisgidhe a gcomhnuidhe gus an deachmhad mí: annsa deachmhad mí, ar an ccead lá don mhí doconnarcas mulluighe na slíabh.

6 Agus tarla a ccionn cheathrachad lá gur osguil Naói fuinneóg na háirce dorinne sé féin.

7 Agus do chuir sé amach fíach, noch dochuaigh amach ag teachd agus ag imtheachd nó gur tiormuigheadh na huisgidhe súas ón talamh.

8 Mar an gceadna do chuir sé colum uadha amach dfhéchuin nar thraóthadar na huisgidhe ó aghaidh na talmhan.

9 Ach ní bhfuair an colum áit chomhnuighe do bhonn a coisi, agus do fhill sí chuige asteach doNáirc: óir da bhádar na huisgidhe ar uachdar na talmhan uile. Annsin do chuir a lámh amach, agus do tharraing chuige asteach í doNáirc.

10 Agus do fhan sé fós seachd lá oile, agus arís do chuir sé an colum amach as a-Náirc.

11 Agus táinig an colum chuige tráthnóna asteach, agus féch dobhí ann a ghob duilléog chroinn ola noch do tharruing sí, as ar aithin Naói gur thraóthadar na huisgidhe ó dhruim na talmhan.

12 Agus do fhan sé fós seachd lá oile, agus do chuir an colum amach noch nar fhill chuige arís níis mó.

13 Agus tárla sa naónmhadh agus sé chead blíaghan, san chéud mhí, san chéud ló don mhí, do tiormuigheadh na huisgidhe súas ón talamh, agus do athruigh Naói folach na háirce, agus d amhairc sé, agus féuch dobhí aghaidh na talmhan tirim.

14 Agus annsa dara mí ar a seachdmhadh lá fichead don mhí dobhí an talamh tirim.

15 Agus do labhair Día ré Naói, dá rádh:

16 Éirigh amach as an Áirc, tú féin agus do bhean, agus do mhic, agus mná do mhac leachd.

17 Beir leachd amach gach éinní béo dá bhfuil agad don uile fhéoil idir éunlaith, agus áirnéis, agus anuile ní sníghtheach noch shnígios ar an ttalamh, ionnus go síolfuid go líonmhar ar an ttalamh, agus go rabhaidh tórrthach, agus go ndéunaid iomadughadh ar an ttalamh.

18 Agus dochuáidh Naói amach, agus a mhic, agus a bhean agus mná a mhac maille ris:

19 Anuile bheathach, anuile ní shnígheas, agus anuile éun, agus gach ní shnígheas ar an ttalamh do réir a gcinéil, dochuadar amach ar an áirc.

20 Agus dorinne Naói altóir don tighearna, agus do ghlac da gach éin bheathach glan, agus dá gach uile éun glan, agus díodhbuir ofráil loisge ar analtóir.

21 Agus do bholtnuigh an tighearna deaghbhaladh, agus adubhairt an tighearna ann a chroidhe ní mhillfidh mé arís an talamh ar son an duine óso amach; óir as olc smuáineadh chroidhe an duine ón óige, ní mó bhuáilfeas mé arís níis mó anuile ní béo mar dorinne mé.

22 An feadh mhairfeas an talamh ní sguirfidh aimsir an tsíolchuir agus an foghmar, agus an fuacht agus an teas, agus an samhradh agus an gheimhreadh, agus an lá agus anoidhche.

1 Agus do bheannuigh Día Naói agus a mhic, agus adubhairt riú; Bígi torrthach, agus iomaduighidh, agus líonaidh an talamh.

2 Agus biaidh bhur neagla agus bhur núamhan ar gach uile ainmhidhe ar an ttalamh, agus ar gach uile éun anaiéir, ar gach uile ní da gcorruidheann ar an ttalamh, agus ar iasg na fairge uile; an bhur láimh tugadh iád.

3 Gach uile ní béo da ccoruigheann bía na bhíadh dhíbhsi, amhuil mar an luibh nglais tug mé dhíbh anuile ní.

4 Ach feóil maille rena hanam, eadhon a fuil, ní iosa sibh.

5 Agus go deimhin bhur bhfuil bhur nanama, loirgfe misi; as láimh anuile bheathuigh loirgfe mé í; agus as láimh an duine; as láimh dhearbhrathar gach duine íarfas mé anam an duine.

6 Gidhbé dhóirtfeas fuil duine, is lé duine dhóirtfígheas a fhuilsion; óir is a ndeilbh Dé dorinne sé an duine.

7 Agus sibhsi bíghi tórrthach agus iomaduighidh, geinidh go hiomarcach ar an ttalamh, agus iomaduighidh ann.

8 Agus do labhair Día ré Naói, agus rena mhacaibh maille ris, ag rádh:

9 Agus misi, féuch, misi dhaingnígheas mo chunnradh ribhsi, agus re bhur síol bhur ndíaigh;

10 Agus ré gach uile chréutuir béo dá bhfuil maille ribh donéunlaith, donáirnéis, donuile bheathach ar talamh atá aguibh, ón uile dá ndeachuidh amach as an áirc donuile bheathach ar talamh.

11 Agus daingneochaidh mé mo chunnradh ribh, agus ní sgriosfuighear amach gach uile fhéoil níis mó lé huisgidhibh na díleann, agus ní mó bhías díle ann níis mó do sgrios na talmhan.

12 Agus adubhairt Día, agso comhartha an chunnartha doním eadrum féin agus sibhsi agus gach uile chrétúir béo dá bhfuil maille ribh, a ngeinealachuibh síorruidhe.

13 Suighim mo bhogha annsa néull, agus biadh sé mar chomhartha cunnartha eadrum féin agus an talamh.

14 Agus as amhluidh bhías, anuáir dobhéara mé néull ós cionn na talmhan go bhfaicfighear an bogha annsa néull.

15 Agus cuimhneochaidh mé mo chunnradh atá eadrum féin agus sibhsi, agus gach uile chréatúir béo donuile fhéoil, agus ní thiocfaidh uisgidhe na dílionn do sgrios gach uile fhéola.

16 Agus bíaidh an bogha annsa néull agus féuchfa misi air, ionnus go ccuimhneocha mé an cunnradh biothbhuan eidir Día agus gach uile chrétuír béo donuile fhéoil dá bhfuil ar an ttalamh.

17 Agus adubhairt Día lé Naói, agso comhartha an chunnartha dhaingnighim eadrum féin agus gach uile fhéoil dá bhfuil ar an ttalamh.

18 Agus mic Naói dochuáidh amach as anáirc, dobíad Sem, Ham, agus Japhet, agus s é Ham athair Chanáain.

19 Asíadso tríur mac Naói, agus as uatha do líonadh an domhan uile.

20 Agus do thosuigh Naói ar bheith na chríadhaire, agus do phlannduigh gárdha fíneamha.

21 Agus do ibh sé donfíon, agus dobhí sé ar meisge, agus dobhí sé lomnochda astigh.

22 Agus dochonnairc Ham, athair Chanaáin, a athair lomnochd, agus do innis dá dhís dherbhathar amuigh.

23 Agus do ghlac Sem agus Japhet brat, agus do chuireadar ar a nguáillibh araón é, agus dochúadar a ndiaigh a ccúil, agus do fholuigheadar lomnochd a nathar, agus dobhádar a naighthe ar anais agus ní fhacadar lomnochd a nathar.

24 Agus do mhúsgail Naói ó na fhíon, agus do thuig ciodh dorinne a mhac dobóige ris.

25 Agus adubhairt, go madh mallaighe bhías Cánáan; na sheirbhíseach sheirbhísigh bhías sé agá dhearbhráithribh.

26 Agus adubhairt, go madh beannuighe tighearna Día Shem, agus biái Canáan na sheirbhíseach aige.

27 Dodhéuna Día Japhet go fairseang, agus áiteochaidh sé a bpuiblibh Shem, agus biaidh Canáan na sheirbhíseach aige.

28 Agus do mhair Naói déis na díleanna trí chéud blíaghan agus caógad.

29 Agus dob íad laethe Naói uile naói ccéud agus caógad blíaghan, agus fuair sé bás.

1 Anois asíadso geinealuigh mhac Naói, Sem, Ham agus Japhet: agus rugadh mic dóibhsin déis na dílionna.

2 Mic Japhet: Gomer, agus Magog, agus Madai, agus Jabhan, agus Tubal, agus Meiseich, agus Tiras.

3 Agus mic Ghomer: Ascenas, agus Riphat, agus Togarmah.

4 Agus mic Jabhám: Elisah, agus Tarsis, Citim, agus Dodainim.

5 Is léoso do roineadh oiléin na ngentlidheach ann a bhfearannuibh; gach aón do réir a tteangtha, do réir a muinntire ann a ccinidheachuibh.

6 Agus mic Ham: Cus, agus Misraim, agus Put, agus Canáan.

7 Agus mic Chus: Seba, agus Habhilah, agus Sabtah, agus Ráamah, agus Sabtecha: agus mic Ráamah, Séba agus Dédan.

8 Agus do ghein Cus Nemrod; do thosaidh seision bheith na dhuine chumhachdach ar an talamh.

9 Ba mór an fear fíadhuighe é a lathair an tighearna; uimesin a dubhradh amhuil Nemrod an sealgaire mór.

10 Agus bá hé tosach a rioghachda Bábel, agus Erech, agus Accad, agus Calneh a gcrích Shínair.

11 As an ttírsin dochuaidh Assur, agus dfóirgnigh Nínibheh, agus an chathair Rehobot, agus Calach.

12 Agus Resen idir Nínibheh agus Calach: as cathair mór sin.

13 Agus do ghein Misraim Ludim, agus Anamim, agus Lehabim, agus Naphtuhim.

14 Agus Patrusim, agus Casluhim, (ó ttáinig Philistim) agus Caphtoirim.

15 Agus do ghein Canáan Sídon a chéad mhac, agus Het,

16 Agus an Jebusiteach, agus an Temoriteach, agus an Girgasitech,

17 Agus an Hibhiteach, agus an Taircíteach, agus an Siniteach,

18 Agus an Tarbhaditeach, agus an Semaríteach, agus an Hamatiteach: agus na dhiaigh sin do leathnuigheadar treabha na Ccanaanitech amach.

19 Agus dobhí téorann na Ccanaanitech o Shídon, mar thigh tú go Gerar, go Gára mar théid tú go Sodom, agus go Gomorrah, agus Admah, agus Seboim agus marsin go Lasa.

20 As íadso mic Ham, do réir a ttreabha, do réir a tteangtha, ann a dtíorrthuibh, agus ann a gcinidheachuibh.

21 Do Shem mar an cceadna athair chloinne Eber uile, dearbrathair Japhet an sinnsior, rugadh fós dhósan clann.

22 Clann Shem: Elam, agus Assur, agus Arphaxad, agus Lud, agus Aram.

23 Agus clann Araim; Us, agus Hul, agus Geter, agus Mas.

24 Agus do ghein Arphaxad Salah, agus do ghein Salah Eber.

25 Agus rugadh días mhac dÉber: ainm aóin díobh Peleg, óir as ann a laéthibh do roinneadh an talamh: agus Joctan ainm a dhearbhrathar.

26 Agus do ghein Joctan Almodad, agus Seleph, agus Hasarmabhet, agus Jerah,

27 Agus Hadoram, agus Ural agus Diclah,

28 Agus Obal, agus Abimael, agus Seba,

29 Agus Ophir, agus Habhilah, agus Jobab: dobíadso uile clann Joctan.

30 Agus dobhí a náitreabh ó Mheasa, mar théid tú go Sephar, sliabh don taóibh shoir.

31 Asíadso mic Shem do réir a ttreabha, do réir a tteangtha ann a bhfearannuibh, agus do réir a gcinidheach.

32 Agus asíadso treabha mhac Naói do réir a ngeinealach ann a ccinidheachuibh: agus leóso do roinneadh na cinidheacha annsa domhan a ndiaigh na díleann.

1 Agus dobhí an domhan uile ar éinteanguidh ar énghlór.

2 Agus tárla ar naistríughadh dhóibh ónáird shoir go bhfúaradar réiteach a ttír Shínáir, agus gur chomhnuigheadar annsin.

3 Agus adubhradar aón ré chéile, gluáisidh, déunam brícidh, agus loisciom go hiomlán íad: agus is bríce dobhí aca mar chloich, agus pic thalmhuighe mar mhoirtér.

4 Agus adubhradar, gluáisidh, déunamh cathair dhúinn féin, agus tor a roitheachuidh a bhárr go neamh, agus déunum ainm dhúinn féin, deagla go spréighfigh sinn ar feadh na talmhan go huilidhe.

5 Agus táinic an tighearna ansúas dféchuin na caithreach, agus an tuir dorinneadar clann na ndaóine.

6 Agus adubhairt an tighearna; féuch is aón an pobal uile, agus is éinteanga atá aca uile, agus do thosuigheadar so do dhéunamh, agus anois ní choinneóchar éinní úatha dar shaóileadar a dhéunamh.

7 Ag súd chuguinn, déunuimne síos agus buaidhrim a nglór, ionnus nach dtuigfidh siad glór a chéile.

8 Marsin do sgaóil an tighearna ó chéile íad assin ar feadh na talmhan uile, agus do sguireadar an chathair do thogbháil.

9 Is uimesin goirthear Bábel dainm dhi, do chionn gur bhuaidir an tighearna annsin teanga an domhuin uile, agus do spréigh an tighearna as sin íad ar feadh na talmhan uile.

10 Agso geinealach Shem: Dobhí Sem céud bliadhain daóis, agus do ghein Arphaxad dhá bhliaghain a ndiaigh na díleann.

11 Agus do mhair Sem tar éis Arphaxad do gheineamhuin chúig céud bliaghan, agus do ghein mic agus ingheana.

12 Agus do mhair Arphaxad chúig bhliaghna déug ar fhichid, agus do ghein Salah.

13 Agus do mhair Arphaxad tar éis Salah do gheineamhuin, ceithre céud agus trí bliaghna, agus do ghein mic agus ingheana.

14 Agus do mhair Salah tríochad blíaghan agus do ghein Eber.

15 Agus do mhair Salah tar éis Eber do gheineamhuin, ceithre céud agus trí bliaghna, agus do ghein mic agus ingheana.

16 Agus do mhair Eber ceithre bliaghna agus triochad, agus do ghein Péleg.

17 Agus do mhair Eber tar éis Péleg do gheineamhuin ceithre céud bliaghan agus tríochad, agus do ghein mic agus ingheana.

18 Agus do mhair Péleg tríochad blíaghan, agus do ghein Réu.

19 Agus do mhair Péleg tar éis Réu do gheineamhuin, dhá chéud agus naói mbliaghna, agus do ghein mic agus ingheana.

20 Agus do mhair Réu tríochad agus dha bhlíaghain, agus do ghein Sérug.

21 Agus do mhair Réu tar éis Sérug do gheineamhuin, dhá chéud agus seachd mblíaghna, agus do ghein mic agus ingheana.

22 Agus do mhair Serug tríochad blíaghan, agus do ghein Nahor.

23 Agus do mhair Sérug tair éis Nahor do gheineamhuin, dhá chéud blíaghan, agus do ghein mic agus ingheana.

24 Agus do mhair Nahor naói mblíaghna fichiod, agus do ghein Terah.

25 Agus do mhair Nahor tar éis Térah do gheineamhuin, céud agus naói mblíaghna déug, agus do ghein mic agus ingheana.

26 Agus do mhair Térah seachdmhodhad blíaghan, agus do ghein Abram, Nahor, agus Náran.

27 Anois asíadso geinealuigh Thérah: do ghein Térah Abram, Nahor agus Háran; agus do ghein Háran Lot.

28 Agus do éug Haáran roimhe a athair, ann a thír dhúthaigh féin ann Ur na Gcaldéanach.

29 Agus tug Nahor mná chugtha, ainm mhná Abram Sarai, agus ainm mhná Nahor Milcah, inghin Haran, athair Mhilcah, agus athair Iscah.

30 Ach dobhí Sárai aimridh; ní raibh clann air bith aice.

31 Agus do ghlac Térah Abram a mhac, agus Lot mac Hárain mac a mhic, agus a bhainchlíamhuin Sárai bean a mhic Abram, agus dochuadar amach leó ó Ur na Gcaldéanach do dhul go tír Chanaáin; agus tangadar go Háran, agus dáitreabhuigheadar annsin.

32 Agus do mhair Térah dhá chéud agus cúig bhlíaghna, agus do éug Térah ann Haran.

1 Anois adubhairt an tighearna ré Abram, éirigh romhad as do thír, agus ghaól, agus ó thigh hathar go fearann thaisbeanfus misi dhuit.

2 Agus dodhéuna mé cineadh mór dhíot, agus beannóchuidh mé thú, agus dodhéuna mé hainm mór; agus biadh tú ad bheannughadh.

3 Agus beanóchuidh mé an mhéid bheannóchus tú, agus mailleochuidh mé an té mhailleochas tú: is ionnadsa bheannóchar treabha an domhuin uile.

4 Marsin do imthigh Abram mar adubhairt an tighearna ris, agus dochuáidh Lot leis: agus dobhí Abram seachdmhoghad agus cúig bhlíaghna daóis, anuáir do imthigh sé as Háran.

5 Agus rug Abram Sárai a bhean leis agus Lot mar a dhearbhrathar agus a substaint uile noch do chruinnigheadar, agus na hanmanna fúaradar ann Háran: agus dochúadar amach do dhul go tír Canaáin, agus tangadar go tír Chanaáin.

6 Agus do ghluáis Abram thríd an bhfearann go háit Shichem go réiteach Moreh: agus dobhí an Canaaníteach ann tansin san bhfearann.

7 Agus do fhoillsigh an tighearna é féin do Abram agus adubhairt; is dod shíolsa dobheara mé an dhuthaidhsi: agus annsin dorinne sé áltóir don tighearna noch do thaisbéin é féin dó.

8 Agus do athruigh sé assin go slíabh taóbh shoir do Bhétel, agus do shúidhigh a phailliún, ar mbeith do Bhetel don taóbh shiar dhe, agus Hái don taóibh shoir agus dorinne altóir annsin don tighearna, agus do ghoir ar ainm an tighearna.

9 Agus do aistrigh Abram ag dul ar aghaidh a gcomhnuidhe don taóbh ó dheas.

10 Agus dobhí gorta annsa tír, agus dochuáidh Abram síos don Egipt do chomhnuighe annsin, óir dobhí an ghorta doilgheasach sa talamh.

11 Agus tárla anuáir dobhí sé ar teachd a bhfoghus do dhul asteach don Egipt, go ndubhairt sé ré Sárai a bhean, féuch annois as aithne dhamsa go bhfuil tusa ad mhnaói sgiamhaidh ré féachuin ort.

12 Uimesin teigeómhaidh anuáir dochífid na Hégiptigh thú, go n aibeoruid síad; asíso a bhean, agus muirfid misi agus caóimhneochuid thusa beó.

13 Guidhim thú, abair gur tu mo dheirbhshíur; chor go mbeithear go maith ar do shonsa leam, agus go mairfidh manam ar do shonsa.

14 Agus tárla anúair tháinic Abram do Egipt, dochoncadar na Hégiptigh an bhean go raibh sí rosgiamhach.

15 Dochoncadar mar an ccédna prionnsuidhe Phárao í, agus do mholadar í a lathair Phárao, agus rugadh an bhean asteach go tigh Phárao.

16 Agus dobhí Phárao go maith ré Abram air a son, agus dobhádar caóirigh aige, agus daimh agus asail, agus seirbhísigh fear agus seirbhísigh ban, agus banassail, agus cámhuill.

17 Agus do phláigh an tighearna Phárao lé plághuibh móra ar son Shárai bean Abram.

18 Agus do ghoir Phárao Abram agus adubhairt; créad éso dorinne tu oram, créd nár innis tú dham gurbh í do bhean í?

19 Créd fá ndubhairt tú, así mo dhearbhshíur í; marsin do fhédfuinnse a tabhairt mar mhnaói; uimesin anois féuch do bhean, gabh chugad í agus imthigh romhad.

20 Agus tug Phárao aithne dhá mhuinntir dhá taóibh, agus do chuireadar ar siubhal é féin agus a bhean agus anuile ní dobhí aige.

1 Agus dochuaidh Abram súas as an Egipt; é féin agus a bhean agus anuile ní dobhí aige.

2 Agus dobhí Abram roshaidhbhir anáirnéis, anairgead agus anór.

3 Agus do imthigh ar aghaidh, ann a aistribh ón taóbh ó dheas eadhon go Bétel, gus an áit a raibh a pháilliún ar tús eidir Bétel agus Hái.

4 Go háit na haltóra dorinne sé annsin ar ttús: agus do ghoir Abram annsin ar ainm an tighearna.

5 Agus Lot mar an ccéadna, dochuáidh le Abram, dobhádur tréuda agus airighe, agus páilliúin aige.

6 Agus ní tháinic don fearann a niomchur, ionnus go náitreobaidís a bhfochair a chéile: óir dobhí a substaint comhmórsin, nár bhféidir leó comhnuighe anaónáit.

7 Agus dobhí imreasan eidir aódhairibh áirnéisi Abram, agus aódhairibh áirnéisi Lot: agus do áitreabhadar na Canáanitigh, agus na Perisitigh an tansin ann sa dúthaigh.

8 Agus adubhairt Abram ré Lot, guidhim thú ná bíodh ceannairge ar bith eadhrumsa agus tusa, nó idir maódhairibh agus thaódhairibh: óir is dearbhráithresinn.

9 Nach bhfuil an duthaigh uile romhad? guidhim thú dealuigh thú féin riomsa: madh áil leachd gabh don láimh chlé; annsin geabha misi don láimh dheis: nó (ma théid) tú don láimh dheis, annsin racha misi don láimh chlé.

10 Agus do thóg Lot a shuile súas, agus dochonnairc réiteach Jordán uile, go raibh uisge go maith ar gach éun taóbh suil do sgrios an tighearna Sodom agus Gomorrah, eadhon amhuil gháirdín an tighearna, cosmhuil re talamh na Heigipte mar thigh tú go Soar:

11 Annsin do thogh Lot dó féin réiteach Jordáin uile, agus do aistrigh Lot soir, agus do dhealuigheadar iad féin gach aón o chéile.

12 Do chomhnuigh Abram a ttír Chanáain, agus do chomhnuigh Lot a ccaitreachaibh an réitigh, agus do shuidhigh a pháillíum leath re Sodom.

13 Ach dobhádar daóine Shodom go holc, agus na bpecachuibh a bhfiaghnuisi an tighearna go hiomurcach.

14 Agus do ráidh an tighearna ré Abram tar éis Lot dimtheachd uadh: Tóg súas anois do shúile, agus féuch ón áit a bhfuil tú do thuaigh, agus do dheas, soir agus síar.

15 Óir an fearann uile dochí tú dobhéura misi dhuit é, agus dot shíol go bráth.

16 Agus dodheana mé do shíol amhuil luaithreadh na talmhan, iondus madh fhéudan neach luaithreadh na talmhan dáireamh, annsin aireomhthar do shíolsa mar an gceadna.

17 Éirigh, siubhail ar feadh an fearuinn, ann a fhad agus an a leithead, óir dobhéura misi duit é.

18 Annsin do athruigh Abram a pháilliún, agus táinic, agus do chomhnuigh a réiteach Mhamre, noch atá ann Ebron, agus do chuir súas annsin altóir don tighearna.

1 Agus tarla a laethibh Amraphel Rí Sínair, Arioch Rí Ellasar, Chedarlaomer Rí Elamh, agus Tidal Rí na gcineadhach.

2 Go ndearnadarso cogadh ré Bera Rí Sodom, agus re Birsah Rí Gomorrah, Sínab Rí Admah, agus Semeber Rí Seboiim, agus ré Rí Béla edhon Soar.

3 Do iadhadurso uile re chéile a ngleann Siddin; nocharbé an fhairge shaillte.

4 Da bhliadhain déug dobhádur ag seirbis do Chedorlaomer, agus ar an treas bliadhan déug do chogadur na aghuidh.

5 Agus annsa ceathramhadh bliadhain déug tainic Chedorlaomer, agus na Righthe dobhí na fhochair, agus do bhuáileadar na Rephamigh an Asterot Carnaim, agus na Susimigh ann Ham, agus na hemimigh an Sabheh ciriataimh.

6 Agus na hoirthigh ann a sliabh Seir go nuige Elparan noch ata láimh ris an bhfásach.

7 Agus do fhilleadar, agus tangadar go Henmispat eadhon Cádes, agus do bhuaileadur crioch na nAmalecitech uile, agus marsin na hamoritigh do áitreabhuigh Haseson-tamar.

8 Agus dochuaidh amach annsin righ Sodom agus rígh Béla (edhon Soar) agus dfhearadar cath ríu a ngleann Siddim.

9 Re Chedorlaomer rígh Elam, agus re Tidal rígh na gcineadhach agus Amraphel Rí Sináir, agus Harioch rígh Ellasar, ceithre ríghthe ré cúig ríghthibh.

10 Agus dobhí gleann Siddim lán do lóguibh pice talmhuidhe, agus do theich righ Sodom agus Gomorrah, agus do thuiteadur iontasin; agus an mhéid do mhair do theitheadar fán tslíabh.

11 Agus rugadar léo maitheas Sodom agus Ghomorrah uile, agus a mbíadh uile, agus do imthigheadar rompa.

12 Agus do ghabhadur Lot mac dearbhrathar Abram, noch do áitreabh a Sodom, agus a mhaóin, agus do imthigeadur.

13 Agus ttáinig aón docuáidh as, agus dinnis do Abram an teabhruidheach; óir do áitribh sé a réiteach Mhamre, an tamoriteach, dearbhrathair Escoil, agus dearbhrathar Aner, agus dobhádurso a ccomhcheangal re Abram.

14 Agus anuair dochualuidh Abram go raibh a dhearbhrathair gabtha na phriosúnach, do armhuigh sé (a sherbhísigh) soighdiurtha rugadh ann a thigh féin, trí chéud agus ochd bhfir dhéug, agus do thóruigh iadsan go Dan.

15 Agus do roinn é féin na naghaidh, é féin agus a sherbhísigh san oidhche, agus do bhuail iád, agus do lean orra go Hoba atá ar an láimh chlé do Dhamascus.

16 Agus tug na creacha uile ar a nais, agus fós tug ar ais a dearbhrathair Lot agus a mhaitheas, agus na mná fós, agus na daóine.

17 Agus dochuaidh rígh Sodom amach na choinne tar éis filledh ó mharbhadh Chedorlaómer agus na righthe dobhí na fhochair a ngleann Sabheh, edhon gleann an rígh.

18 Agus tug Melchisedec Rígh Sálem amach arán agus fíon; agus dobé sagart an Dé roáird é.

19 Agus do bheannuigh é, agus adubhairt: bíodh Abram beannuighe on Día as roáirde, sellbhuighe neimhe agus talmhan.

20 Agus go madh beannuighe an Día as roáirde, noch do thoirbhir do naimhde ann do láimh: agus tug sé deachmhad anuile neithe dhó.

21 Agus adubhairt Rígh Sodom ré hAbram: tabhair dhamhsa na pearsanna agus glac an mhaóin dhuit féin.

22 Agus adubhairt Abram ré Rígh Shodom: do thóg mé súas mo lámh chum an tighearna an Día as roáirde, sealbhuighe neimhe agus talmhan.

23 Nach glacfaidh misi ó shnáite go héill bróige, agus nach glacfa mé einní is leachdsa, deagla go naibéortha, dorinne mé Abram saidhbhir.

24 Achd amháin a nduadur na hogánuigh, agus cuid ronna na muinntire dochuáidh liom, Aner, Escol, agus Mamre, glacaidíssin a ccuid ronna.

1 A ndíaigh na neitheannso, táinig briathar an tighearna chum Abram a dtaisbeanadh ag rádh; ná himeaghluidh a Abram, is misi do scíath agus do luáidheachd romhór.

2 Agus adubhairt Abram: a thighearna Día, cread dobhéura tú dhamh, ó táim ag imtheachd gan chloinn, agus gurobé ann Teliezerso ó Dhamascus stíobhard mo thighe.

3 Agus adubhairt Abram, féuch, ní thug tú síol ar bith dham; agus féuch, aón rugadh ann mo thigh, as é is oighre oram.

4 Agus féuch, táinig bríathar an tighearna chuige, dá rádh; ní héso bhus oighre ort, achd an té thiocfus amach as tinnibh féin bhus oighre ort.

5 Agus tug leis amach é, agus adubhairt; féuch annois air neamh, áirimh na réulta más éidir leachd a náireamh: agus adubhairt sé ris, as marso bhías do shíol.

6 Agus do chreid seision ann sa tighearna; agus do mheas sé sin dó na fhiréuntachd.

7 Agus adubhairt sé ris, as misi an tighearna tug amach thú as Ur na gCaldéanach do thabhairt na tírese dhuit, chumh a beith na hoighreachd agad.

8 Agus adubhairt seision; a thighearna Día, cionnud bhías a fhios agum go madh oighreachd dham í.

9 Agus adubhairt ris; glac dhamhsa colpach thrí mblíadhan daóis, agus gabhar baineann thrí mblíadhan daóis, agus reithe thrí mblíadhan daóis, agus turtair agus colum óg.

10 Agus do ghlac sé iadso uile chuige, agus do rann se ann a lár iád, agus do chuir gach aón phíosa as coinne a chéile: ach níor roinn sé na h éin.

11 Agus anuáir a tangadar anénlaithe ansúas ar na conablachuibh do dhíbir Abram íad.

12 Agus anuáir dobhí an ghrian ag dul faói, do thuit codladh trom ar Abram, agus féuch do thuit úathbhás dorchaduis mhóir air.

13 Agus adubhairt Día ré Abram: bíodh a fhios agad go dearbhtha go mbiáidh do shíol na coimhighthecha a ndúthaigh nach léo féin, agus dodhénuid serbhís dóibh, agus go mbéidh a ndaóirse aca ceithre chéud blíaghan.

14 Agus mar an gceadna an cineadhsin dá ndénuid serbhís béuradsa breath orra, agus na dhiáighsin tiocfaidh amach maille re maóin mhóir.

15 Agus rachuidh tusa chum haithreach a síothchain, agus adhlocthar thú anaóis fhoirfe mhaith.

16 Ach san cheathramhadh geinealach tiocfaidh siad annso arís; óir ní bhfuil éigceart na Namoritech iomlán fós.

17 Agus tárla nuair dochuaidh an ghrían faói, go raibh dorcha, féuch fuirnis dheatcha agus tóirsi le teinibh, noch do imthigh thríd na codchuibhsin.

18 Annsa ló cheudnasin dorinne an tighearna chunnradh ré Abram, dhá rádh; dot shíolsa thug mé an tírsi ó abhuinn na Héigipte go nuige an sruth mór, sruth Euphrátes.

19 Na Cinetigh, agus na Cineisitigh, agus na Cadmonithigh,

20 Agus na hItitigh, agus na Perisitigh, agus na Rephamitigh,

21 Agus na hAmoritigh, agus na Canaanitigh, agus na Girgasitigh, agus na Jebusitigh.

1 Anois, ní rug Sárai bean Abram clann ar bith dhó, agus dobhí innilt Egipteach aice, darbhainm Hagar.

2 Agus adubhairt Sárai ré Abram: féuch anois do thoirmisg an tighearna misi ó bhreith; íarruim ort téigh asteach chum minnilte; dob éidir go bhfuighin clann da taóibh; agus tug Abram air do ghlór Shárai.

3 Agus do ghlac Sárai bean Abram Hagar a hinnilt an Tégipteach, a ndiáigh Abram dáitreabh deich mbliadhna a ttír Chanáain, agus tug sí dá fear Abram í do bheith na mnaói aige.

4 Agus dobhí sé ag Hágar agus do toirrceadh í, agus anuair dochonnairc sí go raibh sí torrach, dobhí a maighistreás tarcuisneach.

5 Agus adubhairt Sárai ré Abram: bíodh méugcóir ortsa, agus tug mé mo chailín ad uchd, agus anuáir dochonnairc sí go raibh torrach, dobhí misi tarcuisneach na radharc: go ndéuna Día breitheamhnus eadrumsa agus tusa.

6 Achd adubhairt Abram ré Sárai: féuch atá do chailín ad láimh féin, déuna ría mar dochithear dhuit: agus anuáir do mhasluigh Sárai í, do theith sí as a fiaghnuisi.

7 Agus fuáir Aingeal an tighearna í láimh ré tobar uisge, san bhfásach: láimh ris an tobar ar a tslighe go Súr.

8 Agus adubhairt sé; a Hagar, a chailín Shárai, cía as a ttáinig tú? agus c áit a ttéid tú? Agus adubhairt sisi; atáim ag teichtheamh ó radharc mo mhaighistreás Sárai.

9 Agus do ráidh aingeal an tighearna ría: fill ar do mhaigistreás, agus umhluigh thú féin fana lámhuibh.

10 Agus adubhairt aingeal an tighearna: méideochuidh mé do shíol, nach budh féidir a áireamh ar iomadamhlachd.

11 Agus adubhairt Aingeal an tighearna ría; féuch atá tú torrach, agus agus béura tú mac, agus dobhéura tú Ismael dainm air: do chionn go ccúala an tighearna do bhuaidhreadh

12 Agus bía sé na dhuine fhiadhta; biáidh a lámh anaghuidh gach aón duine, agus láimh gach aónduine na aguidh: agus coimhneochuidh sé a lathair a dhearbhrathar uile.

13 Agus do ghoir sí ainm an tighearna do labhair ría: thusa a Dhé dochí mé: óir adubhairt sí, nar fhéuch misi mar an ccéudna annso a ndiáigh an té dochí mé.

14 Uimesin do goireadh don tobar Beerlahai-roi: féuch atá sé idir Chades agus Béred.

15 Agus rug Hágar mac do Abram, agus do ghoir Abram Ismael dá mhac rug Hágar.

16 Agus dobhí Abram ceithre fichid agus sé bliadhna daóis, anuáir rug Hágar Ismael dó.

1 Agus anuáir dobhí Abram nochad agus naói mbliadhna daóis; do thaisbéin an tighearna é féin do Abram, agus adubhairt ris; Is misi an Día uilechumhachdach, siubhuil am fhiadhnuisi agus bí diongmhalta.

2 Agus dodhéuna mé mo chunnradh eadrum agus tú, agus méideochuidh mé tú go hanmhór.

3 Agus do thuit Abram ar aghuidh agus do chomhráidh Día ris, dá rádh;

4 Ar mo shonsa, féuch, atá mo chunnradh riot, agus biáidh tú a tathair mhóráin cinidheach.

5 Agus ní Hábram bhus ainm ort óso amach; ach budh é hainm Abraham, oir ad tathair mhóráin do chinidheachuibh dorinne me thú.

6 Agus dodhéuna mé ro thórrthach thú, agus dodhéuna mé cinidheacha dhíot, agus tiocfaid ríghthe asad amach.

7 Agus daingneochuidh mé mo chunnradh eadrum féin agus tú, agus eadrum féin agus do shíol ad dhiaigh ann a ngeinealachuibhsin mar chunnradh síorruidhe, do bheith am Dhia dhuitse agus dot shíol ad dhiáigh.

8 Agus dobhéura mé dhuitsi agus dot shíol ad dhiáigh an fearann ann a bhfuil tú ar cuairt, tír Chanaáin uile, mar sheilbh shíorruidhe; agus bía mé mar Dhia aca.

9 Adubhairt Día ré Habraham; coiméudfuidh tú mo chunnradh ar an adhbharsin, thú féin agus do shíol ad dhiáigh ann a ngeinealachuibh.

10 Aséso mo chunnradh noch chomhallfuidhigh eadrumsa agus sibhse, agus do shíol ad dhiáigh; gach uile gein mhic bhur measg biaidh sé timchillghérrtha.

11 Agus timchillgearrfaid feóil bhur réumchroicinn, agus biaidhsin mar chomhartha an chunnartha eadrumsa agus sibhse.

12 Agus an mac bhías ochd lá daóis eadruibh, timchiollghearrfar é, gach uile ghein mhic ann bhur ngeinealachuibh, an té bhérthar annsa tigh, no cheannochar ar airgead ó choimhithigheach ar bith, nach bhfuil dot shíolsa.

13 An té rugadh ann do thigh, agus an té ceannchadh ar hairgead, is éigin a mbeith timchillghearrtha, agus biáidh mo chunnradh ann bhur bhfeóil mar chunnradh síorruidhe.

14 Agus an leanamh mic gan timchillghearradh, gá mbía feóil a réumhchroicinn gan timchillghearradh, gearrfuidhear an tanamsin amach ón a phobal: do bhris sé mo chunnradh.

15 Agus adubhairt Día ré Hábraham; ar son Shárai do mhná, ní ghoirfe tú Sárai dhi; ach Sárah bhías dainm uirre.

16 Agus beinneóchuidh misi í, agus dobhéura mé mac dhuitsi uaithe: fós beinneochuidh mé í, agus biáidh sí na mathair chineadhach; tiucfuidh Ríghthe cineadhach uaithe.

17 Annsin do thuit Abraham ar aghuidh, agus dorinne gáire agus a dubhairt ann a chroidhe, an mbéurthar mac don tí atá a ccion a chéud blíadhan daóis, agus Sárah atá nóchad blíaghan daóis an mbéura sí mac.

18 Agus adubhairt Abraham ré Día: dobhfearr liom go maireadh Ismael ad fhiadhnuisi.

19 Agus adubhairt Día, béuruidh do bhean Sárah mach dháríribh dhuit agus ghoirfe tú Isaac dainm dhe, agus daingneóchaidh misi mo chunnradh ris na chunnradh shíorruidhe, agus rena shíol na dhiáigh.

20 Agus ar son Ismael, dochúala mé thú: féuch, do bheannuigh mé é, agus dodhéuna mé síolmhar é, agus oirlíonfad go hiomarcach é: Dhá phrionnsa dhéug gheinfeas sé, agus dodhéuna mé cineadh mór dhe.

21 Ach mo chunnradh daingneochuidh mé ré Hisaac noch bhéuras Sárah dhuitsi ann sanuáir chinntesi, annsa bhliadhuinsi chuguinn.

22 Agus do scuir do bheith ag caint ris, agus dochuáidh Día suas ó Abraham.

23 Agus do ghlac Abraham Ismael, agus gach a rugadh ann a thigh agus gach ar ceannchadh ar a chuid airgid, gach uile fhirionnach a measg daóine thighe Abraham, agus do thimchillghearr feóil a réumhchroicinn annsa lósin féin mar adubhairt Día ris.

24 Agus dobhí Abraham nóchad agus naói mbliadhna anuáir do timchillghearradh é a bhfeóil a réumhchroicinn.

25 Agus dobhí Ismael a mhac trí bliadhna déug daóis anuáir do thimchillghearradh é a bhfeóil a réumhchroicinn.

26 Ann sa ló chéudna do thimchillghearradh Abraham, agus a mhac Ismael.

27 Agus anuile fhear ann a thigh, rugadh sa tigh, agus do cheannchadh ar airgead ón choimhightheach, do timchillghearradh íad maille ris.

1 Agus do fhoillsigh an tighearna é féin dó a réiteach Mhamre, agus do shuigh sé a ndorus na puible a tteas an laói.

2 Agus do thóg a shúile súas, agus damharc sé, agus féuch dochonnairc sé tríur fear na seasamh láimh ris, agus anuáir dochonnairc sé íad do rith na gcoinne ó dhorus na puible, agus do chlaón é féin go talamh.

3 Agus adubhairt, a tighearna, má fuáir mé anois fabhar an do radharc: guidhim sibh ná himthigh ód sheirbhíseach.

4 Guidhim sibh, tugthar beagán uisge (chugaibh) agus ionnlaigh bhur ccossa agus déunuid comhnuidhe faói an chrann.

5 Agus dobhéura misi greim aráin, agus solásuighidh bhur ccroidhthe: tar éissin imtheachuigh sibh romhuimh: óir is uimesin tangabhair chum bhur searbfhoghantuigh; agus adubhradarsan; déuna mar adubhairt tú.

6 Agus do dheifrigh Abraham don phubuil mar a raibh Sárah, agus a dubhairt, deifrigh tráth trí meadha do mhin phlúir, suaith é agus déuna bairgena ar an tteallach dhe.

7 Agus do rith Abraham gus anairighe, agus tug leis laógh brisc maith, agus tug dóganach é, agus do dheifrigh sé dá dheasughadh.

8 Agus do ghlac sé im agus bainne agus an laógh, noch do dheasuig sé; agus do chuir na bhfiadhnuisi é, agus do shuidh láimh ríu faói an chrann, agus adúadarsan.

9 Agus adubhradar ris: cáit a bhfuil Sárah do bhean? agus do ráidh seision, féuch atá sí san phubuil.

10 Agus do ráidh seision; go deimhin fillfidh mé chugad do réir aimsire na beatha: agus féuch Sárah do bhean biáidh mac aice. Agus dochúaluidh Sárah sin a ndorus an phubail dobhí air a chúl.

11 Anois dobhí Abraham agus Sárah aósta, agus do chuireadar morán dá naimsir thárrsa agus do scuir do bheith ag Sárah do réir chúrsa na mban.

12 Uimesin dorinne Sárah gáire innte féin, dá rádh; tar éis mo bheith aósda foirfe, an bhfuighe mé solás, ar mbeith foirfe do mo tighearna mar an gcéudna.

13 Agus adubhairt an tighearna ré Hábraham: créud fa ndeárna Sárah gáire, ag rádh; an dearbhtha go mbéura misi leanamh noch atáim foirfe.

14 An bhfuil éinní rochruáidh ag an ttighearna? annsanuáir chinnte fillfidh mé chugad do réir aimsire na beatha, agus biáidh mac ag Sárah.

15 Annsin do shéun Sárah dhá rádh; ní dhearna misi gáire, óir dobhí eagla uirre: agus adubhairt seision, ní headh ach dorinne tú gáire.

16 Agus déirgheadar na fir súas assin, agus dféuchadar leath ré Sodom agus dochuáidh Abraham leó dá mbreith ar a tslighe.

17 Agus do ráidh an tighearna: an gceilfidh mé ar Abraham an nísi atáim do dhéunamh.

18 O chítear go ttiucfa Abraham go dearbhtha chum bheith na chineadh mhór cumhachdach, agus go mbéidh cinidheacha an domhuin uile beannuighe annsan.

19 Óir is aithnidh dhamhsa é go ttiubhra aithne dhá chloinn, agus dá theaghlach na dhiaigh, agus coimhédfuid slighe an tighearna do dhéunamh ceirt, agus breitheamhnuis; ionnus go ttiubhra an tighearna air Abraham an nísin do labhair dá thaóbh.

20 Agus adubhairt an tighearna: do chionn gur mór comhairc Shodom, agus Ghomorrah, agus do chionn go bhfuilid a bpeacuidh rothrom.

21 Rachuidh mé síos anois, agus féucfa mé a ndearnadur thríd amach do réir a gcomarc tháinic go nuige mé, agus muna ndearnsad biáidh a fios agum.

22 Agus do fhilleadur na daóine anaighthe assin, agus dochúadar leath re Sodom: ach do sheas Abraham go fóill a lathair an tighearna.

23 Agus do thriall Abraham a bhfogus, agus adubhairt: an sgriosfuidh tú fós an firéun mar aón ris an cionntach?

24 Dobféidir go bhfuil caógadh firéun astigh ann sa chathruigh; an scriosfa tú marsin, agus nach coigeola tú an áit ar son an chaógaidh firéun atá innte.

25 Go madh fada sin uaitsi a dhéunamh marso; an fíréun do mharbhadh maille ris an cciontach: agus go mbiáidh an firéun mar an cciontach, go madh fadasin uaitsi: nach déuna breitheamh na talmhan uile ceart?

26 Agus adubhairt an tighearna: ma gheibhim a Sodom caógad firéun astigh san chathruigh, annsin coigeoluidh mé anáit uile ar a son.

27 Agus adubhairt Abraham ar bhfreagra dho; féuch do ghabh misi orm labhairt ris an tighearna, nach bhfuil ionnam ach cré, agus luáithreadh.

28 Dobféidir go tteisteabhuidh cúigear don chaógad firéun; an sgriosfa tú an chathair uile ar son (easbuidh) cúigir? agus adubhairt seision, má gheibhim cúigear, agus dá fhichid ann, ní sgriosfa mé í.

29 Agus do labhair sé ris fós arís, agus adubhairt: dobféidir go bhfuighthigh dhá fhichid ann: agus adubhairt seision: ní dhéuna mé é ar son dá fhichthiod.

30 Agus adubhairt sé ris, oh ná bíodh an tighearna feargach, agus laibhéora misi: dobféidir go bhfuighthí triochad ann; agus adubhairt seision ní dhéna mé é, má gheibhim tríochad ann.

31 Agus adubhairt seision; dobféidir go bhfuighthi fithche ann: agus adubhairt sesion: ní sgriosfa me í air son fhithchid.

32 Agus adubhairt seision: oh ná bíodh fearg ar an ttighearna, agus laibheóra mé ach so amháin: dobféidir go bfhuighthi deithneamhar ann: agus adubhairt seision; ní sgriosfa me í ar son an deichneamhair.

33 Agus do imthigh an tighearna roimhe ar ball mar do scuir sé dha chomhrádh ré Habraham; agus do fhill Abraham da áit féin.

1 Agus tangadar dá aingeal go Sodom trathnóna, agus dobhí Lot na shuighe a ngeata Shodom: agus anuair dochonnairc Lot íad, do éirigh súas do theagmhail ríu: agus do chlaón sé é féin maille ré na ghnuichd síos go talamh.

2 Agus adubhairt sé: féuchuidh anois a thighearnadha, íarruim oruibh fillidh asteach go tigh bhur seirbhísigh, agus fhanuidh ar feadh na h oidhche, agus ionnluigh bhur ccosa, agus éireochuidh sibh súas go moch, agus rachaidh sibh romhuibh ann bhur tturus: agus adubhradarsan; ni h eadh ach anfam ar a tsráid feadh na hoidhche.

3 Agus do sháruigh sé orra go mór, agus do fhilleadar asteach chuige, agus dochuadur don tigh; agus dorinne sé féusda dóibh, agus do bhruith sé arán gan laibín, agus a duadarsan.

4 Ach suil do luigheadar síos tangadur daóine na caithreach (eadhon) daóine Shodom archeana, anúir timchioll an tighe, eidir shean agus óg, an pobal uile ar gach uile thaóbh.

5 Agus do ghoireadar ar Lot, agus adubhradur ris: cáit a bhfuilid na daóine tháinig chugad anochd? tabhair amach chuguinne íad go mbeith a bhfios aguinn.

6 Agus dochuaidh Lot amach san dorus chuca, agus do dhruid sé an dorus na dhíaigh.

7 Agus adubhairt, guidhim sibh a dhearbhráithre, ná déunaid a chomholc sin do ghníomh.

8 Féuchuidh anois, atáid agum días inghean nar fhionn fear, iarruim oruibh leigidh dhamh a ttabhairt chuguibh amach, agus déunaidh ríu mar dochítear dhaóibh: amháin ná déunaid éinní air na fearuibhse; óir is chuige sin tangadur fá dhíon mo tighse.

9 Agus adubhradursan, seas síar: agus adubhradur arís, na aónar tháinic an fearso ar chuáirt asteach, agus ní fuláir leis bheith na bhreitheamh; anois dodhénam ní is measa riotsa ná ríusan, agus do sháruigheadar go mór an tóglach (eadhon) Lot, agus tangadur a bhfogus don dorus dá bhriseadh.

10 Ach do chuireadar na daóine a lámh amach, agus do thairrngeadar Lot chuca asteach agus do druideadur an dorus.

11 Agus do bhuaileadar na daóine ag dorus an tighe le doille ó bheag go mór, ionnus gur thuirsigheadar iad féin ag iarruidh an doruis.

12 Agus adubhradar na fir ré Lot; an bhfuil agad annso éinneach eile, do chlíamhuin, do mhaca agus hingheana, gidhbé ar bith atá agad annsa chathruigh tabhair iad amach as anáitsi.

13 Oir sgriosfuimne anáitse do chionn gur fhás anéighmhe mhór a lathair an tighearna, agus do chuir an tighearna sinne dhá sgrios.

14 Agus dochuáidh Lot amach, agus do labhair réna chleamhnuibh noch do phós a ingheana, agus adubhairt: gluaisigh, fágbhuidh anáitsi amach; óir sgriosfuidh an tighearna an chathairso; ach dar lena cleamhnuighibh bá fear moguidh é.

15 Agus anuáir do éirigh an mhaidion, annsin do bhrosduighedar na h aingil Lot ag rádh: éirigh glac do bhean agus do dhías inghean atá ann so, deagla go ttuitfeá a ccionta na caithreach.

16 Agus mar dobhí ag déunamh moille, rugadur na daóine ar láimh air, agus ar láimh a mhná, agus air láimh a dheisi inghean, ar mbeith don tighearna grásamhuil dó, agus tugadur leó amach é, agus do suigheadar taóbh amuigh don chathruigh é.

17 Agus tárla anuáir thugadur léo amach íad, go ndubhairt sé, teith lé tanam, ná féuch ad dhiaigh, agus ná fan annsa réiteach uile; teith fán tsliabh, deagla do aidhmhillthe.

18 Agus adubhairt Lot ríu; oh, ní marsin, a thighearna.

19 Féuch annois, fuáir do shearbhfoghantuigh grása ad radharc, agus do méuduigh tú do thrócaire noch do thaisbéin tú dhamhsa ag cumhdach mh anma: agus ní fhéuduim teitheamh fan tslíabh deagla uilc éigin do bhuain damh, agus go bhfuighinn bás.

20 Féuch anois, is fogus an chathairsi re teitheamh chuice, agus is beag í; oh, léigthear dhamh teitheamh annsúd (ané nach beag í?) agus mairfidh manam.

21 Agus adubhairt seision ris; féuch do ghabh mé hathchuighidh chugam a ttaóibh an neithesi mar an cceudna, nach millfe mé an chathairsi air son ar labhair tú.

22 Deifrigh ort, teith annsúd; óir ní fheuduimsi einní do dhéunamh no go ndeachaidh tú annsúd: uimesin do goireadh Soar dainm don chathruigh.

23 Déirigh an ghrían air an dtalamh anuáir dochuáidh Lot asteach go Soar.

24 Annsin do fhear Día ar Shodom agus ar Ghomorrah ruibh agus teine ón tighearna amach as flaitheamhnus.

25 Agus do theilg seachad na caithreachasin agus an fearann uile, agus áitreabhuigh na ccaithreach uile, agus an ní do fhás ar an ttalamh.

26 Ach do fhéuch a bhean na dhiáigh taóbh shíar dhe, agus dorinneadh piléir saluinn di.

27 Agus do éirigh Abraham go moch ar maidhin go nuige anáit ar sheas sé as choinne an tighearna.

28 Agus do fhéuch sé ar Shodom agus ar Ghomorrah, agus ar fhearann an réitigh uile, agus do amhairc, agus féuch dochuáidh deatach na tíre suas amhuil dheatuigh fhuirnise.

29 Agus tárla anuáir do sgrios Día caithreacha an réitigh gur chuimhnigh Día air Abraham, agus gur chuir sé Lot amach as lár anáir anuáir do sgrios sé na caithreacha ann a raibh Lot na chomhnuidhe.

30 Agus dochuáidh Lot suas amach as Soar agus do chomhnuidhe ar a tslíabh agus a dhías inghean na fhochair, óir dobeagal leis comhnuidhe do dhéunamh a Soar; agus do áitribh sé anuaimh é féin agus a dhías inghean.

31 Agus dubhairt an tí budh sine ris an tí dobóige: atá ar nathair foirfe, agus ní bhfuil duine ar domhan dobhiáidh aguinn do réir modha an tsaóghuil uile.

32 Gluais, tugam air ar nathair fíon dól, agus luighfiom na fhochair go ccoimheudum síol ó ar nathair.

33 Agus tugadar ar a nathair fíon d ól anoidhchesin, agus dochuaidh an bhean budh sine asteach agus do luigh lena hathair, agus níor mhothuigh sé anuáir do luigh nó do éirigh sí.

34 Agus tárla arna mhárach go ndubhairt an inghean budh sine ris an inghein dobóige, féuch do luidh misi aréir leam athair, tugam air fíon d ól anochd mar an ccéudna, agus éirighsi asteach, agus luidh leis, go ccongmham síol ó ar nathair.

35 Agus tugadar ar a nathair fíon dól an oidhchesin mar an gcéudna, agus do éirigh an bhean dobóige, agus do luidh aige, agus níor mhothuidh seision anuáir do luidh si síos, nó anuáir do éirigh sí.

36 Marso dobhádar días inghean Lot torrach agá nathair.

37 Agus rug an bhean bá sine mac, agus tug Móab dainm air: asé an fear céudnasin as athair do na Moabitibh gus aniugh.

38 Agus an bhean dobóige rug si mac mar an gcéudna, agus do goir Ben-ammi dainm dhe: asésin as athair do chloinn Ammon gus aniugh.

1 Agus do ghluáis Abraham assin don tír bu dheas, agus do áitreabh eidir Cades agus Súr, agus dorinne comhnuide an Ghérar.

2 Agus adubhairt Abraham a ttaóibh Shárah a mhná; así mo dheirbhsíur í: agus do chuir Abimelech rígh Gérar fios, agus do ghlac sé Sárah.

3 Ach táinic Día go Habimelech anaisling sanoidhche, agus adubhairt ris: féuch, ní bhfuil ionnad ach duine marbh treas an mnaói do ghlac tú: óir is bean fhir í.

4 Ach ní táinig Abimelech na gar; achd adubhairt sé, a tighearna an muirfidh tú marsin cineadh ionnruic?

5 Nach dubhairt seision riomsa, sí mo dheirbhsíur í? agus sisi mar an gcéudna, isi féin adubhairt, sé mo dhearbhrathair é: a simplidheachd mo chroidhe, agus a neimhchionta mo lámh dorinne misi so.

6 Agus adubhairt Día anaisling ris: is fíor, is aithnid damhsa gur ó chroidhe ghlan dorinne tú so; óir do chonnuimh mé ó phecadh do dhéunamh am aghaidh thú: Uimesin nar léig mé duit buáin ría.

7 Uimesin annois aisig don fhior a bhean; óir is fáidh é, agus guidhfidh ar do shon, agus bíaidh tú beó; agus muna aisiogtha tú í, bíodh a fhios agad go bhfuighe tú bás go deimhin, thú féin agus an mhéid ghabhus leachd.

8 Uimesin do éirigh Abimelech go móch ar maidin, agus do ghoir a sherbísigh uile chuige, agus do innis na neithesi uile ann a gclúasuibh, agus do líonadar na daóine deagla mhóir.

9 Annsin do ghoir Abimelech Abraham, agus adubhairt ris: créd dorinne tusa linne, agus créud anurchóid dorinne mé féin duit, as a ttug tú pecadh mór oram féin agus ar mo riogachd? dorinne tú gníoma orumsa nár chóir a dhéunamh.

10 Agus adubhairt Abimelech ré Abraham; créd dochonnairc tú as a ndearna tú an nísi?

11 Agus adubhairt Abraham, do chionn gur saóil mé go deimhin nach bhfuil eagla Dé sanáitsi, agus go muirfidh misi ar son mo mhná.

12 Agus go dheimhin thairissin as í mo dhearbhsiúr í; is inghean dom athair í, ach ní hinghean dom mhathair í: agus tugadh na mnaói dhamh í.

13 Agus tárla anuáir thug Día ormsa imtheachd romham ó thigh mathar do ráidh mé ría; is éso do chineáltussa dodhéunas tú orumsa; ann gach uile bhall iona ttiucfam, abair dom thaóbhsa, asé mo dhearbhrathair é.

14 Agus do ghlac Abimelech caóirigh agus daimh, agus óglaóich, agus inniltigh, agus tug do Abraham íad, agus do aisig Sárah a bhean dó.

15 Agus adubhairt Abimelech, féuch atá mo dhúthaigh as do choinne, comhnuigh sanáit is fearr chítear dhuit.

16 Agus ré Sárah adubhairt sé, féuch, tug mé dot dhearbhrathair míle (píosa) airgid, féuch atá sé dhuitsi na fholach súl; donuile da bhfuil ad fhochair agus a bhfochair anuile (eile): marsin fuáir sí achmhusán.

17 Annsin do ghuidh Abraham Día, agus do leighis Día Abimelech agus a bhean agus inniltigh, agus rugadar clann.

18 Oír do dhruid an tighearna go daingean anuile bhrú a ttigh Abimelech ar son Shárah bean Abraham.

1 Agus táinig an tighearna dféuchuin Shárah mar adubhairt sé, agus dorinne Día do Shárah mar adubhairt sé.

2 Oír do toirrcheadh Sárah, agus rug mac do Abraham na aóis fhoirfe, annsanam chinnte dar labhair Día ris.

3 Agus tug Abraham Isaac dainm air an mac rugadh dho, noch rug Sárah dhó.

4 Agus do thimchillghearr Abraham a mhac Isaac, ar mbeith ochd lá daóis, fá mar daithin Día dhe.

5 Agus dobhí Abraham céud blíaghan daóis anuáir dorugadh a mhac Isaac dhó.

6 Agus adubhairt Sárah, tug Día orum gáire dhéunamh, ionnus gach a ccluin go ndéunuid gáire liom.

7 Agus adubhairt sí, cía adéuradh ré Habraham go ttiubhradh Sárah cíoch do chloinn? óir rug mé mac dhó na aóis fhoirfe.

8 Agus do fhás an leanamh agus do hoileadh é, agus dorinne Abraham féusda mór an lá céudna ar coisgeadh Isaac ó chích.

9 Agus dochonnairc Sárah mac Hágar an tÉigpteach, noch dorug sí dAbraham, ag magadh.

10 Uimesin adubhairt sí ré Hábraham, teilg amach an bhean dhaórsa agus a mac, óir ní bhía mac na mná daóire na oighre maille ré mo mhacsa, eadhon Isaac.

11 Agus dobhí an ní rodhoiligh a súilibh Abraham ar son a mhic.

12 Agus adubhairt Día ré Hábraham; ná bíodh sé na dhoilgeas agad ar son anogánuigh agus ar son do mhná daóire: sanuile ní dá ndubhairt Sárah, éisd ré na glór, óir is an Isaac goirfidhear do shliochd.

13 Agus mar an gcéudna do mhac na mná daóire dodhéuna misi cineadh, do bhrígh gurab é do shíolsa é.

14 Agus do éirigh Abraham súas go moch ar maidhin, agus do ghlac arán agus buidél uisge, agus tugsin do Hágar, agus do chuir ar a gualuinn é, agus an leanamh, agus do chuir ar siubhal í, agus do imthigh sí, agus dobhí ar fud fhásuigh Bheerséba.

15 Agus do caitheadh an tuisge dobhí san mbuidél, agus do theilg si an leanamh fá aón do na toruibh.

16 Agus do imthigh agus do shuigh síos as a choinne, tamall maith uadh fa thuairim urchuir soighde: óir adubhairt sí, ná faicim bás an leinimh. Agus do shuigh sí as a choinne anunn, agus ar ttóghbhail a gotha go hárd, do ghuil sí.

17 Agus dochúaluidh Día guth an leinimh, agus do ghoir aingeal Dé ar Hágar ó neamh, agus adubhairt ría: créd ghoilleas ort a Hágar; ná bíodh eagla ort, óir dochúaluidh Día guth an leinimh mar a bhfuil sé.

18 Eirigh, tóg súas an leanamh, agus connaimh ann do láimh é, óir dodhéuna misi cineadh mór dhe.

19 Agus do oscuil Día a súile; agus dochonnairc sí tobar uisge, agus do imthigh, agus do líon an buidél donuisge, agus tug deoch don leanamh.

20 Agus dobhí Día leis an leanamh, agus do fhás sé, agus do chomhnuigh san bhfásach, agus dobhí na shoighdiur.

21 Agus do chomhnuigh a bhfásach Pháran, agus tug a mhathair bean chuige ó chrích na Hégipte.

22 Agus tárla fánamsin gur labhradar Abimelech agus Phichol príomhchaiptín a shlúagh ré Hábraham: atá Día leachtsa sanuile ní dá ndéun tú.

23 Anois ar anadhbharsin tabhair dhamhsa Día do mhionnuibh, nach déuna tú bréag riom, ná ré mo mhac, no ré mac mo mhic: ach do réir an chinéil dorinne misi ort, go ndéuna tusa dhamhsa agus don duthaidh ann ar fan tú.

24 Agus adubhairt Abraham dobhéura mo mhionna.

25 Agus tug Abraham achmhusán dAbimilech fá thobar uisge do bhean muinntir Abimilech amach ar éigin.

26 Agus adubhairt Abimelech, ní fheidir misi cía rinne an nísi: níor innis tusa dhamh agus ní mó dochúala mé é, achd aniugh.

27 Agus do ghlac Abraham caóirigh, agus daimh, agus tug dAbimelech íad, agus dorinneadar araón ceanngal.

28 Agus do chuir Abraham seachd nuain bhainnionna don tréd ar leith leó féin.

29 Agus adubhairt Abimelech ré Hábraham: créud as cíall do na seachd nuanuibh bainionnaso do chuir tú ar leith?

30 Agus adubhairt seision: óir na seachd nuain bhainionnso géubhuidh tusa as mo láimse, ionnus go mbeidh na bhfiadhnuisi agum, gur thochuil mé an tobarso.

31 Uimesin do ghoir sé donáit Beerséba, do chionn gurab ann tugadar araón mionna.

32 Marso dorinneadar cunnradh, a mBeerséba; annsin do éirigh Abimilech súas agus Phichol príomhchaiptín a shlúagh, agus do fhilleadar go crích na bhPhílistineach.

33 Agus do chuir Abraham fás crann a mBeerséba, agus do ghoir ann sin ar ainm an tighearna an Día biothbhuan.

34 Agus do fhan Abraham a ccrích na bhPhílistíneach morán do laethibh.

1 Agus tárla a ndíaigh na neitheannso, gur theasduigh Día Abraham, agus go ndubhairt ris: a Abraham; agus adubhairt seision; féuch mé annso.

2 Agus adubhairt: glac annois do mhac, haónmhac amháin, ar a bhfuil grádh agad, agus éirigh go crích Mhóriah, agus iodhbuir annsin é mar offráil loisge, air aón do na sléibhtibh inneósus misi dhuit.

3 Agus do éirigh Abraham go moch ar maidin, agus do ughmuidh a asal, agus rug días dá ógánchuibh leis, agus a mhac Isaac; agus do scoilt an connadh don offráil loisge, agus do éirigh súas, agus dochuáidh gus an áit adubhairt Día ris.

4 Ansin ar an treas lá do thóg Abraham a shúile súas, agus dochonnairc an áit a bhfad uadh.

5 Agus adubhairt Abraham réna ógánachuibh: fanuidhsi annso, a bhfochair an asail, agus rachaidh misi agus an leanamh annsúd, agus dodhénam adhradh, agus tiucfam chuguibhse arís.

6 Agus do ghlac Abraham connadh na hoffrála loisge, agus do chuir é ar muin a mhic Isaac, agus do ghlac an teine na láimh, agus sgían, agus dochúadur araón le chéile.

7 Agus do labhair Isaac renathair Abraham, agus adubhairt, a athair; agus adubhairt seision: agso mé a mhic: agus adubhairt seision: féuch agso an teine agus an connadh, ach cáit a bhfuil an túan chum na h offrála loisge?

8 Agus adubhairt Abraham; a mhic dogheabha Día úan dó féin chum offrála loisge: dochúadur marsin araón lé chéile.

9 Agus tangadar araón gus an áit do innis Día dhósan, agus dorinne Abraham altóir annsin, agus do chuir an connadh go deas, agus do cheangail a mhac Isaac, agus do leag ar an altóir é ar uachdar an chonnuigh.

10 Agus do shín Abraham a lámh amach, agus do ghlac an sgían do mharbhadh a mhic.

11 Agus do ghoir aingeal an tighearna air ó neamh, agus adubhairt; Abrahaim, Abrahaim: agus adubhairt seision; agso mé.

12 Agus adubhairt sé, ná beanadh do lámh ris an leanamh, agus ná déun éinní ris: óir aithnighim anois go bhfuil eagla Dé ort, ó nár chonnuimh tú do mhac, haónmhac amháin uáim.

13 Agus do thóg Abraham a shúile súas, agus damhairc sé, agus féuch, dobhí taóbh shíar dhe reithe ceanguilte le na adharcuibh ann a ttor, agus dochuáidh Abraham, agus do ghlac an reithe, agus do íodhbuir é mar offráil loisge anáit a mhic.

14 Agus do ghoir Abraham dainm don áitsin Jehobhah-Ireh, mar a dearthar gur aniugh; a slíabh an tighearna dochífidhear é.

15 Agus do ghoir aingeal an tighearna ar Abraham an dara huair ó neamh,

16 Agus adubhairt; do mhionnuigh mé oram féin, arsa an tighearna, do chionn go ndearna tú an nísi, agus nar choigil tú do mhac, haón mhac amháin:

17 Am beannughadh go mbeannochad thú, agus go méideochuidh mé do shíol amhuil réulta nimhe, agus mar an ngaineamh ar thráigh na fairge, agus sealbhochuid do shíol geataidhe a námhad.

18 Agus ann do shíolsa bhéid an uile chineadh ar talamh beannuighe, do chionn gur umhluigh tú dom ghlór.

19 Marsin do fhill Abraham a ccionn a ógánach, agus do éirgheadur súas, agus dochúadur an éinfhear go Beerséba, agus do chomhnuidh Abraham a mbeerséba.

20 Agus tárla tar éis na neitheannso, gur hinniseadh Dabraham ag rádh; féuch, Mileah mur rug sí mar an gcéudna clann dod dhearbhrathair Nahor

21 Hus a chéidghin, agus Bus a dhearbhrathair, agus Cemuel athair Aram,

22 Agus Chesed, agus Haso, agus Pildas, agus Jidlaph, agus Betuel.

23 Agus do ghein Betuel Rebecah: an tochdarso rug Milcah do Nahor dearbhrathair Abraham.

24 Agus a leannán, dá ngoirthí Reumah, rug sí mar an ccéudna Tébah, agus Gaham, agus Tahas, agus Maacah.

1 Agus dobhí Sárah céud agus seachd mbliadhna fichiod daóis: asíadso bliadhna beatha Shárah.

2 Agus fuáir Sárah bás a cCíriat-arba; asésin Hebron a ttír Chanaáin: agus táinig Abraham do dhéunam doilghis fa Shárah, agus do ghul tríthe.

3 Agus do sheas Abraham súas ó láthair a mhairbh, agus do labhair ré machuibh Hét, dhá rádh.

4 Atáimsi am choimhightheach, agus am fhior cuarta aguibhse, tugaidh dhamh áit adhluice aguibh, go nadhlacuinn mo mhairbh as mo radharc.

5 Agus do fhreagradar clann Hét Abraham, ag rádh ris.

6 Eísd rinne a thighearna, ataóisi ad phrionnsa chumhachdach ó Dhía eadruinne, cuir do mhairbh an do rogha róimh adhlaice dá bhfuil aguinn; ní choinneochuidh aón duine aguinn a thúma uáit.

7 Agus do sheas Abraham súas, agus do umhluidh sé é féin do mhuinntir na tíre, eadhon do chloinn Het.

8 Agus do labhair sé ríu, ag rádh: más í bhur ninntinn go nadhlacuinn mo mhairbh as mo radharc, éistigh rium, agus labhruidh ar mo shon re Héphron mhac Sohar.

9 Go ttugadh sé dhamh uáimh Mhacpelah, noch atá aige, atá a ndeireadh a mhachaire; ar iomlán anairgid as fíu é dobhéura sé dhamh é, mar sheilbh áite adhlaice eadruibhsi.

10 Agus dobhí Ephron na chomhnuidhe a meisg chloinne Hét. Agus do fhreaguir Ephron an tititech, Abraham anéisdeachd chloinne Hét, eadhon gach aóin dá ndeachuidh asteach a ngeatadhuibh a chaithreach, dá rádh:

11 Ní headh a thighearna, éisd riumsa: an magh dobheirim dhuit, agus an uáimh atá ann dobheirim dhuit é, a lathair chloinne mo dhaóine bheirim dhuit é; adhluic do mhairbh.

12 Agus do umhluigh Abraham é féin síos a lathair luchd na tíre.

13 Agus do labhair ré Héphron anéisteachd phobuil na tíre, ag rádh; ach má bheir tusa uait é, iarruim ort éisd riumsa: dobhéura misi airgead duit ar an magh; glac uaim é, agus adhlaicfidh mé mo mhairbh ann.

14 Agus do fhreagair Ephron Abraham ag rádh ris,

15 A thighearna, eist riumsa, as fíu an fearann ceithre chéud secel airgid; créad ésin eadrumsa agus tusa; uimesin adhluic do mhairbh.

16 Agus tug Abraham aire Déphron, agus do mhéaduigh Abraham an tairgead dÉphron fá mar dainmnidh sé anéisteachd mhac Hét, ceithre chéud secel airgid chorónta ag an cceannuighe.

17 Agus magh Ephroin, noch dobhí a Machpelah, as comhair Mhamre, an magh agus an uaimh dobhí annsin, agus an uile chrann dobhí san mhachaire noch dobhí ann sna teórannuibh fáccuairt, dorinneadh daingean íad.

18 Dabraham mar sheilbh, a lathair chloinne Hét, as coinne a ndeachuidh asteach a ngeatadhuibh a chaithreach.

19 Agus na dhiáighso do adhluic Abraham Sárah anuáimh mhuighe Mhachpelah láimh re Mamre: asésin Hébron a ttír Chánaain.

20 Agus an magh, agus an uaimh atá ann dorinneadh daingean íad D abraham mar sheilbh áite adhluicthe ó mhacuibh Hét.

1 Agus dobhí Abraham aósta, agus ar ndul a láethibh, agus do bheannuigh an tighearna Abraham san uile ní.

2 Agus adubhairt Abraham ris an tsearbhfhoghantuigh fá sine na thigh, do righluidh an uile ní dá raibh aige, guidhim thú cuir do lámh faói mo shlíasuid.

3 Agus dobhéur ort a mhionnughadh treas an ttighearna Día mór nimhe, agus Día na talmhan, nach dtiubhra tú bean dom mhac dingheanuibh na cCanaaniteach, a measc a náitreabhuim.

4 Ach rachaidh tú dom thír dhúthaigh, agus go nuige mo ghaól, agus dobhéura tú bean dom mhac Isaac.

5 Agus adubhairt an searbhfogantuigh ris; dobféidir nach bíadh fonn ar an mnaói misi leanmhuin don tírsi: an ccaithfidh mé do mhac do bhreith arís don tír as a ttáinic tusa.

6 Agus adubhairt Abraham ris: tabhairsi dod aire nach béura tú mo mhac annsin arís.

7 An tighearna Día nimhe, noch tug misi ó thigh mathar agus ó dhúthuige mo chinidh, agus noch do labhair rium, agus tug a mhionna dhamh ag rádh; dod shíol dobhéura mé an dúthaighsi, cuirfidh sé a aingeal romhad, agus dobhéura tú bean dom mhac assin.

8 Agus muna áill ris an mnaói do leanmhuin, annsin bías tusa saór óm mhionnuibsi; amháin ná beir mo mhac annsin arís.

9 Agus do chuir an searbhfhoghantuigh a lámh faói shlíasuid Abraham a mhaighistir, agus tug a mhionna dhó a ttaóibh na cúisisin.

10 Agus do ghlac an searbhfhoghantuigh deich ccámhuill do chamhuilluibh a mhaighistir, agus do imthigh (óir dobhí maóin a mhaighisdir uile fá na lámhuibh) agus do éirigh sé, agus dochuáidh go Mesopotámia go cathair Nahor.

11 Agus tug ar a chámhulluibh a légion ar a nglúinibh taóbh amuigh don chathruigh láimh ré tobar uisge anaimsir an tráthnóna, eadhon san am a ttéid mná amach do tharruing uisge.

12 Agus adubhairt sé: a thighearna a Dhé mo mhaighistir Abraham, iarruim ort rathaidh dhamh san lóso, agus taisbéin cinealtus dom mhaighistir Abraham.

13 Féuch atáim am sheasamh annso láimh ris an tobar uisge, agus tigid ingheana mhuinntire na caithreach amach do tharruing uisge.

14 Agus tigeadh a ccrích, an mhaighdean ré naibeóra misi, guidhim thú, léig ar lár do shoitheach, go nibhe mé deoch; agus adéura sisi ibh, agus dobhéura mé deoch dot chámhulluibh mar an ccéudna, go madh ísin an bhean do órduigh tusa dot sheirbhíseach Isaac; agus rissin aitheónus misi gur thaisbéin tú cinealtus dom mhaighistir.

15 Agus tárla, suil do sguir sé do chaint, féuch go ttáinic Rebecah amach, noch rugadh do Bhetuel mhac Milcah, bean Nahor, dearbhrathair Abraham, agus a soitheach ar a gúaluinn.

16 Agus dobhí anóigbhean rosgíamhach ré féchuin uirre, na maighdin, agus níor chionntuigh éinfhear ría: agus dochuáidh síos gus an ttobar, agus do líon a soitheach, agus táinig ansíos.

17 Agus do rith an seirbhíseach do theagmháil ría, agus adubhairt: guidhim thú, léig dhamhsa beagan uisge ól as do shoitheach.

18 Agus adubhairt sisi, ibh a thighearna: agus dorinne si deifir, agus do léig síos a soitheach air a láimh, agus tug deoch dhó.

19 Agus tair éis deoch a thabhairt dhósan adubhairt si, tarreonguidh mé uisge fós dod chámhulluibh go nibhid a ndíol.

20 Agus do dheifrigh, agus do fholmhuigh a soitheach annsanumar, agus do rith arís gus an ttobar, do tharrang uisge, agus do tharruing dá chámhulluibh uile.

21 Agus ag déunadh iongantuis donóglach, dobhí na thochd, dá fhéuchuin a ndearna an tighearna a thurus sona, nó nach ndearna.

22 Agus tárla a ndiaigh na ccamhull ól a sáith, go rug an tóglach ar chlúasfháinne óir, leith-shecel do chomhthrum, agus dhá bhráisléd dá lámhuibh do chomhthrum dheich secel óir.

23 Agus adubhairt, cía darabinghean tú? guidhim thú, innis damh; an bhfuil áit a ttigh hathar ann ar féidir linn lóistín dfagháil.

24 Agus adubhairt sisi ris: as misi inghean Bhéthuel mhac Milcah, noch rug sí do Nahor.

25 Adubhairt sí fós, atá aguinne tuighe agus beatha go lór agus áit lóistín.

26 Agus do chrom an tóglach a cheann síos, agus do onóruigh sé an tighearna.

27 Go madh beannuighe an Tighearna Día mo mhaighistir Abraham nach ar dhearmuid mo mhaighistir ann a thrócaire, agus ann a fhírinne: ar mbeith dhamhsa ar slighe do theóruigh an tighearna mé go tigh dhearbhráithreach mo mhaighistir.

28 Agus do rith an óigbhean, agus do innis do mhuinntir tighe a mathar na neithesi.

29 Agus dobhí dearbhráthair ag Rebecah, agus asé dobainm dhó Lában, agus do rith Lában amach gus anóglach go nuige an tobar.

30 Agus tárla anuáir dochonnairc sé an fáinne cluáise agus na bráisléid ar lámhuibh a dheirbhsheathrach, agus anuáir dochuála bríathra Rebecah a dheirbhsheathrach ag rádh, marso do labhair an tóglach rium; go ttáinic chum anóglaóich, agus féuch dobhí sé na sheasamh láimh ris na cámhulluibh ag an ttobar.

31 Agus adubhairt sé, tárr asteach thusa atá beannuighe ón dtighearna, créud fá seasann tú amuigh? óir do ghléus misi an tigh agus áit do na cámhulluibh.

32 Agus táinig an tóglach don tigh; agus do sgaóil seision a chámhuill. agus tug tuighe agus bíadh do na cámhulluibh agus uisge dionnladh a chos, agus cos na muinntire dobhí leis.

33 Agus do cuireadh bíadh na bhfiaghnuisi réna ithe: achd adubhairt seision, ní íosuidh mé biadh nó go ninnisi mé mo theachdaireachd. Agus a dubhairt seision, abair uáit.

34 As misi óglach Abraham.

35 Agus do bheannuigh an tighearna mo mhaighistir go mór, agus do fhás sé mór, agus tug sé dhó tréuda agus airgheadha, agus ór agus airgead, agus seirbhísigh fear agus seirbhísigh ban, agus cámhuill agus asail.

36 Agus Sárah bean mo mhaighistir rug sí mac dom mhaighistir anuáir dobhí sí aósda, agus as dósin tug sé a raibh aige.

37 Agus tug mo mhaighistir mionna ormsa, ag rádh; ní tiubhra tú bean dom mhac dingheanuibh na Ccanaaníteach, a ndúthaidh a bhfuilim am chomhnuidhe.

38 Ach rachaidh tú go tigh máthair, agus go nuige mo ghaól, agus dobhéura tú bean dom mhac.

39 Agus adubhairt misi rém mhaighistir, gurbhféidir nach leanfadh an bhean mé.

40 Agus adubhairt seision rium; an tighearna as comhuir a siubhluimsi cuirfidh sé a aingeal leachd, agus soirbheóchuid do shlighe, agus dobhéura tú bean dom mhacsa dom ghaól, agus do thigh máthar.

41 Annsin bhías tú saór óm mhionnuibhsi, anuáir thiucfas tú go nuige mo ghaól; agus muna ttugaid síad bean duit, bíaidh tú glan óm mhionnuibhsi.

42 Agus táinig mé aniugh go nuige an tobar uisge, agus adubhrus; thighearna Día mo mhaighistir Abraham, annois má shoirbhigheann tú mo shlighe ann a bhfuilim ag dul.

43 Féuch, atáim am sheasamh ag an ttobar uisge, agus teigeomhuidh an uáir thiucfas an cailín amach do tharruing uisge, agus adéura misi ría, guidhim thú, tabhair dhamh beagán uisge as do shoitheach réna ól.

44 Agus adéura sisi rium, ibh féin deoch, agus tarreonguidh misi mar an ccédna dod chámhulluibh, go madh ísin an bhean do chinn Día do mhac mo mhaighistir.

45 Agus suil do sguir mé do labhairt am chroidhe, féuch táinic Rebecah amach, agus a soitheach ar a gúaluinn, agus dochuaidh síos gus an tobur agus do tharruing uisge: agus adubhairt misi ría, guidhim tú léig dhamh deoch ól.

46 Agus do dheifrigh sisi, agus do léig a soitheach dá gúaluinn, agus a dubhairt; ibh, agus dobhéura mé deoch dod chámhulluibh mar an ccédna: annsin do ibhios, agus tug sí deoch dom chámhulluibh mar an ccédna.

47 Agus do fhiafruigh misi dhi; cía darabinghean thú? agus adubhairt sisi, inghean Bhétuel mhac Nahor, noch rug Milcah dhó, agus do chuir misi fáinne cluaise air a haghuidh, agus bráisléd ar a lámhuibh.

48 Agus do chrom mé síos mo cheann, agus do adhrus an tighearna, agus do bheannuigh mé an tighearna, Día mo mhaighistir Abraham, noch do thréoruigh mé sa tslighe chóir, do thabhairt inghine dearbhrathar mo mhaighistir dá mhac.

49 Agus annois má ní tusa go cinealta, agus go fírinnioch rem mhaighistir, innis damh; agus muna ndearnair innis damh, ionnus go n iompoighe mé ar a láimh dheis nó chlé.

50 Annsin do fhreagair Lában agus Bétuel, ón tighearna thig an chúis: ni fhéudmuidne maith ná olc do rádh riot.

51 Féuch, atá Rebecah as do choinne, gabh chugad í, agus imthigh, agus bíodh na mnaói ag mac do mhaighistir mar do labhair an tighearna.

52 Agus tárla anuáir dochúaluigh óglach Abraham a mbríathra, do onóruigh sé an tighearna go nuige an talamh.

53 Agus thug an tóglach amach séoid airgid, agus séoid óir, agus éuduighe, agus tug iad do Rebecah, agus tug mar an ccédna dá dearbhrathair, agus dá mathair neithe morluáidh.

54 Agus aduadhur agus do ibhidur, eision agus an mhuinntir dobhí na fhochair, agus do fhanadur feadh na hoidhche, agus do éirgheadur ar maidin, agus adubhairt seision; cuiridh ar siubhal mé go nuige mo mhaighistir.

55 Agus adubhairt a dearbhrathair agus a mathair, fanadh an cailín aguinn beagán laéthe, deich lá an chuid as lugha, agus na dhiáighsin imeochuid sí.

56 Agus adubhairt seision ríu, ná toirmisgidh mé, ó shoirbhidh an tighearna mo thurus, cuiridh an siubhal mé, go rachuinn chum mo maigistir.

57 Agus adubhradursan, goirfeam an cailín, agus fiafrocham sin dá béul.

58 Agus do ghoireadh Rebecah, agus dfíafruigheadur dhi, an rachuidh tú leis an bhfearso: agus adubhairt sisi, rachad.

59 Agus do chuireadur ar siubhal Rebecah, agus a buime, agus óglach Abraham, agus a mhuinntir.

60 Agus do bheannuigheadur Rebeca, agus adubhradur ría, as tú ar ndeirbhshiúr, bí ad mhathair mhílte do mhillíunuibh, agus sealbhuigidís do shíolgeatuidhe an luchda lér fúath íad.

61 Agus do éirigh Rebecah, agus a mná coimhideachda, agus dochúadur ar na cámhuilluibh, agus do leanadur an tóglach; agus do ghabh an tóglach Rebecah chuige, agus do imthigh roimhe.

62 Agus táinic Isaac ó shlighe an tobair Lahai-roi, óir do áitigh sé ann sa tír ó dheas.

63 Agus dochuáidh Isaac amach durnaighe ar an machaire tráthnóna, agus do thóg suas a shúile, agus dochonnairc, agus féuch dobhádur na cámhuill ag teachd.

64 Agus do thóg Rebecah a súile suas, agus anuair dochonnairc sí Isaac, do thuirling don chámull.

65 Oír adubhairt sí ris an óglach, cía h é an duinesi thríallus annsa mhachaire do theagmháil sinn? agus adubhairt an tóglach, as é súd mo mhaighistir: uimesin do ghlac sisi brat, agus do fholuidh a haghaidh.

66 Agus do innis an tóglach dísaac an uile ní dá ndearna.

67 Agus tug Isaac leis í go pubuil a mhathar Sárah, agus do ghabh chuige Rebecah, agus dobhí na mnaói aige, agus do ghráduigh í; agus do comhfhurtachduigheadh Isaac déis bháis a mhathar.

1 Annsin tug Abraham bean agus dobé a hainm Ceturah.

2 Agus rug sí dhó Simran, agus Jocsan, agus Médan, agus Mídian, agus Isbac, agus Suah.

3 Agus do ghein Jocsan Séba, agus Dédan: agus dobíad mic Dhédain Asurim, Letusim, agus Leumim.

4 Agus mic Mhídian Ephah, agus Epher, agus Hanoch, agus Abidah, agus Eldaah; dobíadsa uile clann Chetúrah.

5 Agus tug Abraham a raibh aige dIsaac

6 Agus do chloinn na leannán dobhí ag Abraham, tug Abraham tiodhlaicthe, agus do chuir sé air siubhal íad ó na mhac Isaac (an fad dobhí fós béo) soirin don tír shoir.

7 Agus as íadso láethe bhliadhna Abraham, noch do mhair, céud agus trí fichid, agus a cúig déug do bhliadhnuibh.

8 Annsin fuáir Abraham bás, agus déug a naóis mhaith, na seanduine lán do bhliadhnuibh, agus do cruinnigeadh dhá mhuinntir é.

9 Agus do adhlaiceadur a mhic, Isaac agus Ismael é anuaimh Mhacpelah a magh Ephron mhac Sohar an Hititeach noch atá as choinne Mhamre.

10 An magh do cheannuigh Abraham ó mhacuibh Hét: Ansin do hadhlaceadh Abraham, agus a bhean Sárah.

11 Agus tárla déis bháis Abraham gur bheannuigh Día a mhac Isaac, agus dobhí Isaac na chomhnuighe láimh ré tobar Lahai-roi.

12 Annois as íadso geinealuigh Ismael mhac Abrahaim, noch rug Hágar an Tégiptach cumhul Shárah, Dabraham.

13 Agus as íadso anmanna mhac Ismael ann a nanmannuibh do réir a ngeinealach; cédghin Ismael Nebaiot; agus Cedar, agus Adbeel, agus Mibram.

14 Agus Misma, agus Dumah, agus Massa.

15 Hadar, agus Tema, Jetur Naphis, agus Cedemah.

16 As íadso mic Ismael, agus as íadso a namanna ó na mbailtibh, agus ó na ccaisleanuibh; dhá phriunnsa dhéug do réir a ccinideach.

17 Agus as íadso blíadna shaóghail Ismael, céd agus tríocad, agus seachd mbliadhna, agus do thréig a spiorad, agus fuair bás, agus do cruinnigheadh dhá mhuinntir é.

18 Agus do áitreabhadur ó Habilah go Sur, atá as coinne na Hégipte mar dorachthá a ccion na Hasíria: agus do thuit sé a láthair a dhearbhrathar uile.

19 Agus as íad so geinealuidh Isaac mhac Abraham; do ghein Abraham Isaac.

20 Agus dobhí Isaac ceathrachad blíadhain daóis anúair thug sé Rebecah do mhnaói, inghean Bhétuel an Sírianach ó Phadan-aram, deirbhshiúr do Lában an Sírianach.

21 Agus do ghuidh Isaac an tighearna air son a mhná do chionn go raibh sí amrid, agus do éisd an tighearna a guidhe, agus do toirrcheadh a bhean Rebecah.

22 Agus dorinneadar an chlann ceannaruic astigh na bruinn: agus adubhairt sisi: más marsin atá, créd as a bhfuilimsi marso? agus dochuáidh dhá fhiafruighe don tighearna.

23 Agus adubhairt an tighearna ría; dhá chineadh atá ad bhroinn, agus dhá chinéil daóine dhealóchthar ód chorp, agus bíaidh cineadh dhíobh as láidre ná an cineadh eile, foigheónuidh an sinnsear don tsósar.

24 Agus anuair do coimhlíonadh láethe a tuismidhe, féuch dobhí cúpla na broinn.

25 Agus táinig an chéud ghin amach dearg go huilidhe, amhuil éudach clumhthach, agus tugadar Esau dainm air.

26 Agus na dhiáighsin tháinig a dhearbhrathair amach, dobhí greim agá láimh ar sháil Esau; agus tugadh Iacob dainm air; agus dobhí Isaac trí fichid bliadhan daóis anuáir dorugadh íadsan.

27 Agus do fhásadur na buachuillidhe, agus dobhí Esau na fhiadhguidhe glic, duine den mhachaire, agus dobhí Iacob na dhuine shoilléir ag áitreabh a bpuiblibh.

28 Agus dobionmhuin lé Hísaac Esau, do chionn go nitheadh dá fhíadhach ach dobionmhuin le Rebecah Iácob

29 Agus do bhruith Iácob brochán, agus táinic Esau ón mhachaire agus dobhí lag.

30 Agus adubhairt Esau ré Iácob, guidhim thú beathuigh mé leis an mbrochán ndeirgsin, óir atáim lag; uimesin do goireadh Edom dainm dhe.

31 Agus adubhairt Iácob, reac leam san ló aniugh do ceart-beirthe.

32 Agus adubhairt Esau, féuch atáim a dul a dhéugh: agus créad an tarbha dhéunas an ceart-beirthesi dhamh.

33 Agus adubhairt Iácob, mionnuigh dhamhsa san ló aniugh, agus tug sé a mhionna dhó, agus do reac a cheart-beirthe ré Iácob.

34 Annsin tug Iácob arán agus brochán luibhionn dósan, agus aduáigh, agus do ibh sé, agus do éirigh suas, agus do imthigh roimhe: mar so do tharcuisnigh Esau a cheart-beirthe.

1 Agus dobhí gorta san tír, taóbh amuigh don chéud ghorta dobhí innte a láethibh Abraham; agus dochuáidh Isaac mar a raibh Abimelech rígh na bhPhílistíneach go Gérar.

2 Agus do thaisbéin an tighearna é féin dó, agus adubhairt ris: ná héirigh síos don Egipt, áitigh san dúthaigh mhúinfeas misi dhuit.

3 Comhnuidh sa tírsi, agus beinneochaidh mé thú, óir duitsi agus dot shíol dobhéura mé mo mhionna, noch tug mé Dabraham dot athair.

4 Agus dobhéura mé ar do shíol foirlíonadh mar réulta anaiéir, agus dobhéura mé dot shíol na tíorthaso uile, agus ann do shíol beidh uile chinidheacha na talmhan beannuighe.

5 Do chionn gur aóntuigh Abraham dom ghlór, agus gur choimhéd mo chúram, maitheanta, mo statúidigh agus mo dhligheadh.

6 Agus do chomhnuidh Isaac an Gerar.

7 Agus do fhíarfuigheadar daóine na háite dhe a ttaóbh a mhná; agus a dubhairt seision, as í mo dheirbsíur í; óir dobeagla leis a rádh, as í mo bhean í: ar eagla, ar seision, go muirfidís muinntir na háite mé fá Rebecah, do chionn go raibh breádha re féchuin uirre.

8 Agus tárla, anuáir dobhí annsin tamall fada, gur fhéuch Abimelech rígh na bhPhílistineach amach as fuinneóig, agus go bhfacuidh, agus féuch dobhí Isaac ag súgradh ré na mhnaói Rebecah.

9 Agus do ghoir Abimelech Isaac, agus adubhairt; féuch go deimhin as í do bhean í: agus cionnus adeir tusa, as í mo dhearbhsíur í? agus a dubhairt Isaac ris, do chionn go ndubhairt mé, deagla go néugfuinn dá cionn.

10 Agus adubhairt Abimelech, créad éso dorinne tú linne? dobféidir go luidhfeadh duine don mhuinntir léd mhnaói, agus go ttiubharthá cionnta oruinne.

11 Agus do aithin Abimelech dá dhaóinibh uile, ag rádh; gidhbé bheanfas ris an bhfearso nó réna mhnaói, cuirfighear go deimhin chum báis é.

12 Annsin do shíolchuir Isaac annsa dúthaidh, agus fuáir san bhlíadhain chéadna céad oireadh: agus do bheannuigh an tighearna é.

13 Agus do fhás an tóglach go mór, agus dochuáidh ar aghuidh, agus do fhás nó go raibh romhór.

14 Óir dobhí aige sealbh tréd agus sealbh aódhaireadh, agus stór mór seirbhíseach, agus do fhuathuigheadar na Philistínigh é.

15 Óir an uile thobar dar thochladar muinntir a athar a laéthibh Abraham a athar, do líonadur na Philistínigh íad do chriaidh.

16 Agus adubhairt Abimelech ré hIsaac, imthigh uáinne: óir is cumhachduighe thú go mór ná sinn.

17 Agus do imthigh Isaac assin, agus do shuighigh a phubuil a ngleann Gérar, agus do áitribh ann.

18 Agus do thochuil Isaac arís na toibreacha uisge noch do thochladur anaimsir Abraham a athar: óir do stopadur na Philistínigh íad déis bháis Abraham, agus do ghoir a nanmann do ghoir a athair dhíobh.

19 Agus do thochladur muinntir Isaac annsa ghleann, agus fuaradar annsin tobar fíoruisge.

20 Agus do imreasadur aódhairidhe Gérar ré haódhairibh Isaac, ag rádh; as linne an tuisge: agus do ghoir sé dainm don tobar Esec, do chionn go ndearnsad imreasan ris.

21 Agus do thochladar tobar eile, agus teagmhaid ré chéile uimesin mar an ccéadna, agus do ghoir Sitnah dainm dhesin.

22 Agus do athruigh ansin, agus do thochuil tobar eile, agus do chionn nar chuireadar na aghuidh tug Rehobot dainm air; agus adubhairt sé, óir anois dorinne an tighearna ionad dhúinn agus bíamuid líonmhar annsa dúthaigh.

23 Agus dochuáidh sé suas assin go Beerséba.

24 Agus táinig an tighearna chuige sanoidhche, agus adubhairt, as misi Día Abraham hathair; ná bíodh eagla ort, óir atáimsi maille riot, agus beinneochuidh mé thú agus foirlíonfad do shíol ar son mo sheirbhísigh Abraham.

25 Agus do chuir altóir suas annsin, agus do ghoir ar ainm an tighearna, agus do shuighidh a phubuil annsin: agus do thochladar seirbhísigh Isaac tobar ann.

26 Is annsin dochuáidh Abimelech chuige ó Ghérar agus Ahussat aón dá cháirdibh, agus Phicol príomhchaiptín a shlógh.

27 Agus adubhairt Isaac ríu: créud as a ttigthí chugamsa, ó thárla fúath aguibh orum, agus gur chuireabhair ar siubhail uáibh mé.

28 Agus adubhradarsan, dochoncamair go raibh an tighearna go díreach leachtsa, agus adubhramar; bíodh anois mionna eadruinn, eadra sinne agus tusa, agus déunam ceangal riot;

29 Nach déuna tú dochur dhúinne, mar nar bheanamairne riotsa, agus mar nach dearnamar enní ort ach maith, agus gur chuireamar uáinn tú go síothchanta: anois as tusa neach beannaighe an tighearna.

30 Agus dorinne féusda dhóibh, agus do itheadar, agus dóladar.

31 Agus do éirgheadar go moch ar maidin, agus tugadar a mionna dhá chéile, agus do chuir Isaac uadh íad, agus dimthigheadar rompa a síothcháin.

32 Agus tárla san ló chéudna go ttangadar seirbhísigh Isaac, agus gur innsíodar dhó a ttaóbh an tobair, noch do thochladur, agus adubhradur ris, fúaramar uisge.

33 Agus do ghoir seision Sébah dhé; uimesin as Beerséba as ainm dan chathruigh ó shin a leith.

34 Agus dobhí Esau dhá fhichid bliádhan daóis anúair thug do mhnaói Júdit inghean Bheer; an Hititeach:

35 Noch bá doilghios inntinne Dísaac, agus do Rebecah.

1 Agus tárla anúair dobhí Isaac foirfe, agus go rabhadur a shúile dall, ionnus nach bhfaiceadh sé, do ghoir sé Esau a mhac budh sine, agus adubhairt ris; a mhic: agus adubhairt seiusion ris, féuch, atáim annso.

2 Agus adubhairt sé; féuch, anois atáimsi aósta: ní bhfuil fios laói mo bháis agam.

3 Guidhim thú ar anadhbursin glac hairm, do bholgán, agus do bhogha, agus éirigh fán magh amach, agus fagh fíadhach dhamhsa.

4 Agus deúna bíadh sóbhlasda dhamh don tsórt as ionmhuin leam, agus tabhair chugam é go nithinn é, ionnus go mbeinneochadh manam thú suil dogheabhuinn bás.

5 Agus dochúalaidh Rebecah anúair do labair Isaac ré na mhac Esau, agus dochúaidh Esau fan magh dfíadhach, agus dá thabhairt leis.

6 Agus do labhair Rebecah ré Iácob a mac, ag rádh; féuch dochúaluidh mé hathair ag labairt ré Hésau do dhearbhrathair, ag rádh:

7 Tabhair fíadach chugam, agus déana bíadh sóbhlasda dhamh, go nithinn, agus go mbeannuighinn thú a lathair an tighearna, roimh mo bhás.

8 Anois uimesin, a mhic, éist rem ghlórsa, do réir an neithe aitéonus mé dhíot.

9 Eirigh anois gus an tréad, agus tabhair chughamsa assin dhá mhionnán mhaithe óna gabhruibh, agus dodhéana misi íad na mbíadh shóbhlasta dod athair amhuil as ionmhuin leis.

10 Agus béuraidh tusa é chum hathar, chor go níosuidh sé, agus go mbeinnéochuidh thú suil dogheabhus sé bás.

11 Agus adubhairt Iácob ré Rebecah a mhathair: féuch, atá Esau mo dhearbhrathair na dhuine chlumhach, agus atáimsi am dhuine mhín gan fhionnadh.

12 Dobféidir go moithéochadh máthair mé, agus go measfudh mé mar mhealltóir, agus go ttiubhrainn mallachd oram féin an áit na beannachda.

13 Agus adubhairt a mhathair ris: bíodh do mhallughadh orumsa a mhic, amháin umhluigh dom ghlór, agus éirigh, agus tabhair leachd chugham iad.

14 Agus do imthigh seision ar a cceann, agus tug leis chum a mhathar iad, agus dorinne a mhathair bíadh sóbhlasta dhíobh, amhuil dobionmhuin le na athair.

15 Agus do ghlac Rebecah culaidh thaitneamhach déaduighibh Esau a mic budh sinne, noch dobhí aice sa tigh, agus do chuir é ar Iácob a mac dobóige.

16 Agus do chuir sí croicne mheannan na ngabhar ar a lámhuibh, agus ar mhín a mhuinéil.

17 Agus tug an bíadh milis, agus an tarán do ghléus sí a láimh a mic Iácob.

18 Agus táinig sé chum athar, agus adubhairt; a athair; agus adubhairt seision, atáim annso, cía thusa a mhic?

19 Agus adubhairt Iácob réna athair; misi Esau do chédmhac, dorine mé mar adubhairt tú, suigh, agus ith dom sheilg, go mbeannuige hanam mé.

20 Agus adubhairt Isaac ré an mhac; cionnus fúair tú comhluath agus sin é, a mhic? agus adubhairt seision; do chionn go ttug do thighearna Díase dhamh é.

21 Agus adubhairt Isaac réna mhac: guidhim thú tarr láimh riom, go nglacuinn thú a mhic, an tú dháríribh mo mhac Esau, nó nach tú.

22 Agus do dhruid Iácob láimh réna athair Isaac, agus do spín seision é, agus adubhairt: as é do ghuth guth Iácob, ach na lámha as íad lámha Esau íad.

23 Agus níor aithin é mar dobhádur a lámha clúmhach mar lámhuibh Esau: agus marsin do bheannuigh é.

24 Agus adubhairt, an tú mo mhac Esau dháríribh? agus adubhairt seision, as mé.

25 Agus adubhairt sé, tabhair láimh rium é, agus íosuidh mé dfíadhach mo mhic go mbeannuighe manam thú: agus tug na chomhghar é, agus adúaigh: agus tug fíon chuige, agus do ibh sé.

26 Agus adubhairt a athair Isaac ris: tárr chugam a mhic, agus póg mé anois.

27 Agus táinic chuige, agus do phóg é, agus do bholtnugh baladh éduigh, agus do bheannuigh é, agus adubhairt: féuch atá baladh mo mhic mar bhaladh mhuighe do bheannuigh an tighearna.

28 Uimesin go ttugaidh Día dhuit do dhrúchd nimhe, agus do shult na talmhan, agus iomad arbha agus fíona.

29 Go ndéna puibleacha seirbhís duit, agus go numhluighe cinidheacha síos duit: bí ad thighearna ós cionn do dheardhráithreach, agus umhluidís mic do mhathar dhuit: go má malluighe gach aón mhailleóchus tú, agus go má beannuighe an té bheinneóchus tú.

30 Agus tárla mar as lúaithe do chuir Isaac críoch ar bheannughadh Iácob, agus nach mór go ráinig Iácob fós as fiadhnuisi Isaac a athar, an tan tháinig Esau a dhearbhrathair ón fhíadhach.

31 Agus dorinne bíadh blasda mar an ccéadna, agus tug chum a athar é, agus adubhairt rena athair: éirgiodh máthair, agus itheadh do sheilg a mhic, chor go mbeinneóchuidh hanam mé.

32 Agus adubhairt Isaac a athair ris, cía thusa? agus adubhairt seision, as misi do mhac, do chéidghin Esau.

33 Agus do chriothnuigh Isaac do chrith úathbhásach, agus adubhairt; cía hé, cáit a bhfuil an té dorinne fíadhach, agus tug chugamsa é, agus a dúaigh mé dá gach éinní, suil ttáinic tusa, agus do bheannuigh mé é? agus fós bíaidh beannuighe.

34 Agus anúair dochualaidh Esau bríathra a athar, do éig maille re gárrthuibh móra searbha, agus adubhairt rén athair; beannuigh misi, eadhon misi mar an ccédna, ó a athair.

35 Agus adubhairt seision, tháinic do dhearbhrathair lé ceilg, agus rug leis do bheannachd.

36 Agus adubhairt seision, nach cóir tugadh Iácob dainm air? óir tháinic sé fúimse an dá uáirsi; rug sé uáim mo cheart-beirthe, agus anois féuch rug sé mo bheannughadh uáim: agus adubhairt sé, an eadh nár choimheadh tú beannughadh dhamhsa.

37 Agus do fhreagair Isaac agus adubhairt re Hésau, féuch, dorinne mé eision na thighearna ort, agus tug mé a dhearbhraithre uile na serbhíseachuibh dhó; agus lé harbhar, agus le fíon do chonnuimh mé suas é: agus créad dodhéun riotsa anois, a mhic?

38 Agus adubhairt Esau réna athair, an bhfuil agad achd éinbheannachd amháin, a athair? beannuigh misi, eadhon misi mar an ccéadhna, ó a athair. Agus do thóg Esau a ghuth súas, agus do ghuil sé.

39 Agus do fhreagair Isaac, agus adubhairt ris; féuch, budh é h áitreabh sult na talmhan, agus ó dhrúchd fhlaitheamhnus ansúas.

40 Agus led chloidheamh bhías tú ad bheathaidh, agus biáidh tú ag seirbhís dot dhearbhrathair: agus tiucfuidh a ccrích anuair dogheabha tú úachdaranachd, go mbrisfidh tú a chuingsion dot mhuinéul.

41 Agus do fuathuigh Esau Iácob ar son na beannachda lear bheannuigh a athair é: agus adubhairt Esau na chroidhe, atáid láethe cumha ar son m áthar a bhfogus, annsin mhuirfeas misi mo dhearbhrathair Iácob.

42 Agus do hinniseadh do Rebeca bríathrasa Esau a mic budh sine: agus do chuir sí fios agus do ghoir sí Iácob a mac dob óige, agus adubhairt ris; féuch, do dhearbhrathair Esau ar do shonsa dobheir sé solás do féin ré cur roimhe thusa mharbhadh.

43 Anois ar anadhbarsin a mhic, umhluigh dom ghlórsa, agus éirigh go Lában mo dhearbhrathair go Háran.

44 Agus fan na fhochair beagán do láethibh no go ttraóthuigh fearg do dhearbhráthar.

45 No go bhfillidh fearg do dhérbrathar úaidh, agus go ndearmaduigh sé an ní dorinne tú ris: annsin cuirfidh misi fios, agus dobhéura mé assin tú. Cread fá ccaillfinnsi sibh araón an eunló?

46 Agus adubhairt Rebecah ré Hísaac atáim currtha dom shaóghal do chionn ingheana Hét: má phósann Iácob bean as ingheanuibh Hét, mar íadso, atá as ingheanuibh na tíre, créad an mhaith dhéunas mo bheatha dhamhsa.

1 Agus do ghoir Isaac, Iácob, agus do bheannuigh é, agus do aithin de, agus adubhairt ris: ní tiubhra tú bean dingheanuibh Chánaain.

2 Eirigh, imthigh súas go Pádan-Aram, go tigh Bhétuel athair do mhathar, agus gabh chugad bean assin dingheanuibh Lábain dearbhrathair do mhathar.

3 Agus go mbeannuighe Día uilechumhachdach thú, agus go ndearna siólmhur thú, agus go bhfoirlíonuigh thú, go mbé tú ad iomad daóine.

4 Agus go ttuga sé dhuit beannachd Abraham, duit féin, agus dot shiól maille riot, go ngabha tú oighreachd na dúthaigh ann a bhfuil tú coimhigtheadh, noch tug Día do Abraham.

5 Agus do chuir Isaac, Iácob ar siubhal go Pádan-Aram, go Lában mhac Bétuel an Sírianach, dearbhrathair Rebecah, mathair Iácob, agus Esau.

6 Anúair dochonnairc Esau gur bheannuigh Isaac, Iácob, agus gur chuir ar siubhal é go Pádan-Aram, do thabhairt mná assin, agus amhuil do bheannuigh é, go ttug aithne dhó ag rádh; ní thiubhra tú bean dingheanuibh Chánaain.

7 Agus gur umhluigh Iácob dá athair, agus dá mhathair, agus go ndeacuidh go Pádan-Aram.

8 Agus mar dochonnairc Esau nár thaitin ingheana Chánaain ré na athair Isaac.

9 Annsin dochúaidh Esau chum Ismáel, agus tug a ccionn na mban dobhí aige, Mahalah inghean Ismáel, mhic Abraham, derbhsíur Nebaiot, dá beith na mnaói aige.

10 Agus dochuáidh Iácob amach as Beerséba, agus do ghluáis go Háran.

11 Agus do thuirling ar ionad áirighe, agus do fhan ann feadh na h-oidhche, mar dochuáidh an ghrían faói: agus do ghlac cuid do chlochuibh na háite, agus do chuir íad mar a cheannadhairt, agus do luigh síos san áitsin do chodladh.

12 Agus dochonnairc aisling, agus féuch dréimre arna chur súas ar an talamh, agus ráinic a bhárr go flaitheamhnus: agus féuch, aingil Dé ag dul ag teachd ansúas ann.

13 Agus féuch, do sheas an tighearna ós a chionn, agus adubhairt; as misi an Tighearna Día Abraham hathair, agus Día Isaac, an fearann ar a bhfuil tú ad luighe dobhéura mé dhuitsi é, agus dot shliochd.

14 Agus biáidh do shíol mar ghaineamh na talmhan; agus leithneachuidh tú amach síar agus soir, budh thuáidh agus budh dheas; agus budh ionnadsa agus ann do shíol béid mhuinntir na talmhan uile beannuighe.

15 Agus féuch atáimsi maille riot, agus cuimhdeóchuidh mé thú ann gach uile bhall a ngéubha tú, agus dobhéura mé arís don tírsi thú: oir ní fhágfaidh mé thú, nó go ndéarna mé an ní do labhair mé riot.

16 Agus do mhúsguil Iácob as a chodladh, agus adubhairt: go deimhin atá an tighearna sanáitsi agus ní raibh a fhios agamsa.

17 Agus dobhí eagla air, agus adubhairt: cread é úamhnuige na háitesi, ní háit ar bith so ach tigh Dé, agus as éso geata fhlaitheamhnuis.

18 Agus do éirigh Iácob go moch ar maidin, agus do thóg an chloch dobhí fá cheann mar adhairt, agus do chuir súas í mar philéir, agus do dhoirt ola ar a mullach.

19 Agus do ghoir Bétel dainm don áitsin; ach Lus bá hainm don chathair sin ar ttús.

20 Agus tug Iácob móid, ag rádh, má bhíonn Día liom, agus go ccuimhdeacha mé san turus a bhfuilim ag dul, agus go ttiubhra dhamh arán ré a ithe, agus édach re chur umum.

21 Ionnus go ttiucfaidh mé arís go tigh máthar a síothcháin, annsin biaidh an tighearna na Dhía agam.

22 Agus an chlochsa do chuir mé mar piléir biaidh na thigh Dé: agus do nuile ní dá ttiubhra tú dhamh dobhéura misi go dearbhtha a deachmhadh dhuitsi.

1 Annsin do ghluáis Iácob ann a thurus, agus táinic go tír na ndaóine don taóibh shoir.

2 Agus damhairc sé, agus féuch tobar san mhachaire, agus archeanna trí tréoid chaórach na luighe aige: óir is as an ttobarsin dobheirdís uisge dá ttréuduibh; agus dobhí cloch mhór air bhéul an tobair.

3 Agus is annsin do chruinnidís na tréda uile, agus do chorruighedís an chloch do bhéul an tobair, agus dobeiridís uisge do na caórcuibh, agus do chuirdís an chloch na háit féin ar bhéul an tobair arís.

4 Agus adubhairt Iácob ríusan: a dhearbhráithre gá has díbhsi? agus adubhradarsan, ó Háran dúinne.

5 Agus adubhairt Iácob ríu, an aithne dhíbh Lában mhac Nahor? agus adubhradursan, as aithne dúinn é.

6 Agus adubhairt seision, an bhfuiltear go maith aige? agus adubhradursan, atathar go maith, agus féuch atá Ráchel a inghean ag teachd leis na leis na caórchuibh.

7 Agus adubhairt seision, achd cheana as mór atá romhuinn don ló: ní mó is am na ttréd do chruinniughadh a bhfochair a chéile: tuguidhsi uisge do na caórchuibh, agus éirgidh, agus ingheiltigh íad.

8 Agus adubhradarsan: ní fhédmaóid nó go rabhaidh na sealbha uile a bhfochair a chéile, agus go ccurthar an chloch do bhéul an tobuir; annsin dobhermíd uisge do na caórchaibh.

9 Agus an feadh fós dobhí sé ag caint ríu, táinic Rachel le caórchuibh a hathar; óir as í dobhí na mbun.

10 Agus tárla, anúair dochonnairc Iácob Ráchel inghean Lában, dearbhrathair a mhathar, agus caóirigh Lábain dearbhrathair a mhathar, gur dhruid Iácob léith, agus gur chuir an chloch do bhéul an tobair, agus tug uisge do thréd Lában dearbhrathair a mhathar.

11 Agus do phóg Iácob Ráchel, agus do thóg súas a ghuth, agus do ghuil.

12 Agus do innis Iácob do Ráchel gurob é féin dearbhrathair a hathar, agus gurob é mac Rebecah é, agus do rith sisi, agus do innissin dá h-athair.

13 Agus tárla, anúair dochúaluidh Lában sgéula mhic a dherbhsheathrach, gur rith sé na choinne, agus gur theann ris é, agus tug póg dhó, agus tug leis é dá thigh: agus do innis Iácob na neithesi uile do Lában.

14 Agus adubhairt Lában ris; is deimhin gur tú mo chnáimh agus mfeóil; agus do fhan aige ar feadh míosa.

15 Agus adubhairt Lában ré Iácob; an do chionn gur tú mo dhearbhrathair dodhéuntá seirbhís damhsa a naiscidh? innis dam créud an túarasdal bhías duit?

16 Agus dobhádar días inghean ag Lában: ainm an tsinnsir Léah, agus ainm an tsósair Ráchel.

17 Agus dobhádur súile boga ag Léah; agus dobhí Ráchel sgíamhach deaghnúiseach.

18 Agus dobhí grádh ag Iácob ar Ráchel, agus adubhairt foigheónuidh mé dhuit seachd mblíadhna ar son Ráchel hinghean as óige.

19 Agus adubhairt Lában, as fearr dhamhsa a tabhairt duitsi ná a tabhairt dfior oile: fan am fhochair.

20 Agus dorinne Iácob seirbhís sheachd mblíadhan do cheannach ar Ráchel, agus níor taibhsiughadh dhó íad ach na mbeagán láethe, do mhéid an ghrádh dobhí aige uirre.

21 Agus adubhairt Iácob ré Lában, tabhair mo bhean damh, (óir do chomhlíon mé maimsir) go ndearnar bean di.

22 Agus do chruinnigh Lában daóine na háite uile, a bhfochair a chéile, agus dorinne féusda dhóibh.

23 Agus tárla tráthnóna, gur ghlac sé Léah a inghean agus go ttug chuigesion í, agus dobhí na fhior aice.

24 Agus tug Lában dá inghin Léah Silpah a chailín, na hinilt.

25 Agus tárla ar maidin, féuch gurab í Léah dobhí ann: agus adubhairt seision ré Lában, créud an nísi dorinne tú rium? nach ar son Ráchel dorinne misi seirbhís duit? uimesin créud fár mheall tú mé?

26 Agus adubhairt Lában ní marsin as gnáth do dhéunamh nar náitne, an sósar do thabhairt amach roimh an tsinnsior.

27 Comhlíon a seachdmhuin di, agus dobhéaruimne íso dhuit mar an gcédna, ar son na seirbhísi dodhéuna tú dhamh seachd mblíadhna eile fós.

28 Agus dorinne Iácob sin, agus do comhlíon a seachdmhuin di; agus tug Ráchel a inghean dó mar mhnaói mar an gcéudna.

29 Agus tug Lában do Ráchel dá inghin Bilhah a chailín, do bheith na hinnilt aice.

30 Agus dorinne bean do Ráchel mar an ccéudna, agus dobannsa leis fós Ráchel ná Léah, agus dorinne seirbhís aige seachd mblíadhna eile fós.

31 Agus anuáir dochonnairc an tighearna go raibh fúath ar Léah, do oscuil sé a brú, ach dobhí Ráchel amrid.

32 Agus do toirrcheadh Léah, agus rug sí mac, agus tug sí Reuben dainm air: óir adubhairt sí, go deimhin do fhéuch an tighearna ar mo bhuáidhreadh; anois adamar gráidheóchuidh mfear mé.

33 Agus do toirrceadh arís í agus rug sí mac, agus adubhairt: do chionn go ccúaluidh an tighearna go raibh fuath oram, tug sé an macso dhamh mar an gcédna: agus tug sí Símeon dainm air.

34 Agus do toirrcheadh arís í, agus rug sí mac, agus do ráidh; anois bhías mfear anuáirsi teannta riom, do chionn go rug mé tríur mac dhó: uimesin do goireadh Lébhi dhe.

35 Agus do toirrcheadh arís í agus rug sí mac; agus do ráidh si, anois mholfas mé an tighearna; uimesin do ghoir sí Júdah dainm dhe; agus do scuir do bhreith.

1 Agus anuáir dochonnairc Ráchel nach rug sí clann do Iácob, dobhí tnúth ag Ráchel le na deirbhsiáir, agus adubhairt sí ré Iácob, tabhair dhamhsa clann, nó dogheabha mé bás.

2 Agus do las fearg Iácob anaghuidh Ráchel, agus adubhairt: an misi atá anáit Dé, noch do chonnuimh uáit toradh do bhronn.

3 Agus adubhairt sisi, féuch mo chailín Bilhah bí ad tfior aice, agus béuruidh sí ar mo ghlúinibhsi, chor go mbía clann agumsa mar an gcéudna dá taóibhse.

4 Agus tug sí dhó Bilhah a hinnilt mar mhnaói, agus dochuáidh Iácob na gnás.

5 Agus do toirrcheadh Bilhah agus rug sí mac do Iácob.

6 Agus adubhairt Ráchel, do bhreathnuigh Día misi, agus dochuáluidh mar an gcéudna mo ghuth, agus tug mac dhamh: uimesin tug sí Dan dainm air.

7 Agus Bilhah cumhal Ráchel, do toirrcheadh arís í, agus rug sí an dara mac do Iácob.

8 Agus adubhairt Ráchel, do spáirn mé maille ré spáirnuidheachd mhóir ream dearbhsiúir, agus rug mé buáidh, agus do ghoir sí Naphtali dainm dhe.

9 Anuáir dochonnairc Léah gur scuir sí do breith chloinne, rug ar Siplah a cailín, agus tug do Iácob í na mnaói.

10 Agus rug Siplah cailín Léah mac do Iácob.

11 Agus adubhairt Léah, atá cuideachda ag teachd: agus tug Gad dainm air.

12 Agus rug Siplah cailín Léah an dara mac do Iácob.

13 Agus adubhairt Léah, is sona misi, óir goirfid na hingheana beannuighe dhíom: agus do ghoir sí Aser dainm dhe.

14 Agus dochuáidh Reúben amach a láethibh foighmhair na cruithneachda, agus fuáir mandrácuigh sa mhachaire, agus tug leis íad chum a mhathar Léah; annsin adubhairt Ráchel ré Léah, guidhim thú, tabhair dhamsa cuid do mhandráchuibh do mhic.

15 Agus adubhairt sisi, ría, is beag an chúis mar rug tú mfear uáim? agus nar mhian leachd mandráic mo mhic do bhreith uáim mar an ccédna? Agus adubhairt Ráchel, uimesin luidhfidh sé leachdsa anochd ar son mhandrác do mhic.

16 Agus táinig Iácob asteach ón mhachaire tráthnóna, agus dochuáidh Léah amach na choinne agus adubhairt; cathfidh tú teachd liomsa asteach, óir go deimhin do cheannuigh mé thú air mhandrácuibh mo mhic; agus do luigh lé anoidhchesin.

17 Agus tug Día aire do Léah, agus do toirrcheadh í, agus rug sí do Iácob an cuigeadh mac.

18 Agus adubhairt Léah, tug Día mo thúarasdal damh do chionn go ttug mé mo chailín dom fhear, agus do ghoir Isachar dainm dhe.

19 Agus do toirrcheadh Léah arís agus rug an seiseadh mac do Iácob.

20 Agus adubhairt Léah: do leasuidh Día mé lé crodh maith; anois coimhneóchuigh mfear agum, do chionn go rug mé seisior mac dhó: agus tug sí Sebulun dainm air.

21 Agus na dhiaighsin rug sí inghean, agus tug Dínah dainm uirre.

22 Agus do chuimhnigh Día air Ráchel, agus do éisd Día ría, agus do oscuil a brú.

23 Agus do toirrcheadh í, agus rug sí mac, agus adubhairt; do chuir Día mo mhiochlú ar ccúl.

24 Agus tug sí Ióseph dainm air; agus adubhairt sí, cuirfidh an tighearna mac eile na cheann chugam.

25 Agus tárla anuáir rug Ráchel Ióseph, go ndubhairt Iácob ré Lában; cuir ar siubhal mé go ndeachuidh mé dom ionad féin agus dom thír.

26 Tabhair dhamh mo mhná agus mo chlann ar son a ndérna mé do sheirbhís duit, agus léig dhamh imtheachd; óir is fios duit mo sheirbhís dorinne mé duit.

27 Agus adubhairt Lában ris, guidhim thú más ionmhuin leachd mé, fuirigh óir dfoghluim mé go dearbhtha gur bheannuigh an tighearna mé air do shonsa.

28 Agus adubhairt sé, ainmnigh do thúarasdal, agus dobhéura mé dhuit é.

29 Agus adubhairt seision ris, atá a fhios agad cionnus dobhí mo sheirbhís duit, agus cionnus dobhí háirnéis agum.

30 Oir as beag dobhí agad suil tháinig misi chugad, agus anois tangadur chum bheith iomadamhail; agus do bheannuigh an tighearna thú ó tháinig misi chugad, agus anois cá huáir dhéunas mé solathar do mo thigh féin mar an gcédna:

31 Agus adubhairt seision, cread dobhéura mé dhuit? agus adubhairt Iácob, ní thiubhra tú einní dhamhsa: má ní tú einní amháin ar mo shon, beathóchad agus coimhéudfad do thréd arís.

32 Rachfuidh misi tré a bhfuil do thréduibh agad aniugh, agus cuirfidh mé ar leith a bhfuil ballach breac, agus a bhfuil don áirnéis donn a measg na ccaórach, agus a bhfuil ballach breac a measg na ngabhar, agus is díobhsin bhías mo thúarusdalsa.

33 Mairsin fhreigeórus mfíreuntachd ar mo shon san aimsir atá chugainn, an tan thiocfas am mo thúarusdail do lathair haighthe féin: gach aón nach bía ballach nó breac a measc na ngabhar, agus donn a measg na ccaórach, bíaidh meas gada air agumsa.

34 Agus adubhairt Lában, féuch dobfearr liom go mbeith sin do réir do bhríatharsa.

35 Agus do dhealuigh sé an lósin na puic noch dobhí crosach, agus ballach agus an uile ghabhar bainionn dobhí breac ballach, agus gach aón a raibh bán ann, agus a raibh donn, agus tug íad a lámhuibh a mhac.

36 Agus do chuir sé aistior thrí lá idir é féin agus Iácob, agus do bheathaidh Iácob an chuid eile do thréduibh Lábain.

37 Agus do ghabh Iácob chuige slata glasa do chrann critheach, agus do choll, agus do chrann cnobhfrancach, agus dorinne síoga bána ionta, agus tug ar an mbán taisbeanadh do thabhairt úadh, noch dobhí annsna slatuibh.

38 Agus do shuighidh na slata do nochd sé, roimhe na tréda annsna guithéaruibh, annsna homuruibh a nibhdís uisge anuair dothigdís na tréda dól an uisge ar chor go ttoirrchidh íad an uair dothigdís dól uisge.

39 Agus do toirrcheadh na tréda as comhair na slat, agus dobherdís áirnéis shíogach bhreac agus ballach.

40 Agus do dhealuidh Iácob na huáin, agus do chuir aighthe na ttréd ar na stríocuibh: agus gach a raibh donn a ttréd Lában, agus do chuir a thréda féin ar leith, agus níor chuir a ttréuduibh Lábain íad.

41 Agus tárla, gidhbé ar bith uáir do chinneadh an áirnéis budh láidre, go ccuireadh Iácob na slata as coinne súl na háirnéisi annsna guitéaruibh, ar chor go ccinfidís a measg na slat.

42 Ach anuáir dobhíodh an áirnéis lag, ní chuireadh sé ann íad; mairsin go mbíodh an chuid budh laige ag Lában, agus an chuid budh láidre ag Iácob,

43 Agus do fhás an tóglach roshaidbhir, agus dobhí iomad áirnéisi aige, agus seirbhíseach fear, agus seirbhíseach ban, agus cámhuill, agus asail.

1 Agus dochúaluidh sé bríathra mhac Lában ag rádh; rug Iácob leis an mhéid bá lé ar nathair, agus is don ní bá lé ar nathair fuáir sé ann ghlóirsi uile.

2 Agus dochonnuirc Iácob gnúis Lábain, agus féuch ní raibh leis mar do bhí roimhe.

3 Agus adubhairt an tighearna re Iácob; fill go dúthuigh haithreadh, agus go nuige do chineadh, agus biáidh misi maille riot.

4 Agus do chuir Iácob fios uadha, agus do ghoir Ráchel agus Léah fán machaire go nuige a thréud.

5 Agus adubhairt ríu, chím gnúis bhur nathar nach bhfuil sí leam mar do bhí roimhe; ach dobhí Día mathar leam.

6 Agus atá fhios aguibhsi go ndérna mé serbhís do bur nathair rém uile chumachda.

7 Agus do mheall bhur nathair mé, agus do mhalairt mo thúarasdal deich nuáire: ach níor leig Día dhó dochar do dhéanamh dhamh.

8 Má dubhairt sé marso, bíaidh an áirnéis bhallach na thúarusdal agad; annsin dobhí an áirnéis uile ballach: agus má dubhairt sé marso; budh h íad an áirnéis shíogach do thúarusdal; annsin dobhí a rugadar an áirnéis uile síogach.

9 Marso rug Día áirnéis bhur nathar uadh, agus tug dhamhsa iad.

10 Agus tárla anuáir do reitheadh an áirnéis gur thóg misi mo shúile súas ar an áirnéis go rabhadur síoghach bhallach, measctha.

11 Agus do labhair aingeal Dé rium anaisling dá rádh, a Iácob; agus do ráidh misi, atáim annso.

12 Agus adubhairt seision, tóg anois súas do shúile, na reithe lingios súas ar an áirnéis atáid uile síogach ballach, measctha: óir dochonnairc misi gach a ndéarna Lában ort.

13 As misi Día Bhétel, áit ar ungaidh tusa an piléir, agus mar ar mhóidigh tú móid dhamsa: anois éirigh, fág an dúthaidhse amach, agus fill go tír do ghaóil.

14 Agus do fhreagair Ráchel agus Léah, agus adubhradur ris; an bhfuil fós roinn ar bith nó oighreachd ar ccomhairne a ttigh ar nathar?

15 An é nach meas coigcrích atá aige oruinn? óir do reach sé sinn, agus do anchaith sé mar an gcéadna ar nairgead uile.

16 Oír an uile shaidhbhrios rug Día ó ar nathair, asésin ar ccuidne, agus cuid ar ccloinne: anoisuime sin giodhbé adubhairt Día riotsa, déana é.

17 Annsin do éirigh Iácob súas, agus do chuir a mic, agus a mhná ar chámhulluibh.

18 Agus rug leis a áirnéis, agus a mhaóin uile, noch fuáir sé, áirnéis a ghnodhuidh, noch fuair sé a bPádan-Aram; chum imtheachd go hIsaac a athair a ttír Cánaain.

19 Agus dochuáidh Lában a lomadh a chaórach, agus do ghoid Ráchel na híomháighe bá léna hathair.

20 Agus do éulóigh Iácob roimhe gan fhios do Lában an Sírianach, ónar innis dó gur theith sé.

21 Marsin do theith sé leis an uile ní dobhí aige, agus do éirigh, agus dochuáidh tar an abhuinn, agus tug a aghuidh fa thuairim shliabh Gíleadh.

22 Agus do hinnseadh do Lában an treas lá gur theith Iácob.

23 Agus do thóg a dearbhráithre leis, agus do lean é aistior sheachd lá, agus rugadur air ar shlíabh Gíleadh.

24 Agus táinic Día go Lában an Sírianach anaisling sanoidhche, agus adubhairt ris: tabhair dod aire nach laibhéora tú re Iácob go maith no go saith.

25 Annsin rug Lában ar Iácob: anois do shuighidh Iácob a phubuil ar a tslíabh: agus do shuighidh Lában gun a dhearbhráitribh air slíabh Gíleadh.

26 Agus adubhairt Lában ré Iacob, créad dorinne tú, far éulóig tú gan fhios damhsa, agus fa rug tú mingheana leachd mar bhraighdibh dogéubhthaói le cloidheamh.

27 Créad fár theith tú uáim go foluigheach, agus fár éulóig tú uáim, agus nar innis tú dhamh go ccruinn ar siubhal uáim thú maille re sólás, agus lé chaintaireachd, le thabuirín, agus le cláirsigh?

28 Agus nár fhuiling tú dhamh mingheana, agus mo mhic do phógadh? anois as leam dorinne tú súd.

29 Atá a gcumhachd mo láimhesi dochar do dhéanamh dhuit, ach do labhair Día hathar riom aréir, ag rádh: tabhair dod aire nach laibhéora tú re Iácob go maith ná go saith.

30 Agus anois má tá nach géubhthá gan imtheachd do chionn go raibh fonn mór ort a ndiáigh tighe hathar, thairissin, créad far ghoid tú mo Dhee.

31 Agus do fhreagair Iácob, agus adubhairt sé ré Lában: do chionn go raibh eagla orum, agus go ndubhairt mé; go mféidir go mbeanfá hingheana air éigin díom.

32 Gidhbé ar bith gá bhfuighe tú do Dhee, narab béo é: féuch a lathair air ndearbhráithreach má tá éinní agumsa dod chuid agus beir chugad féin é: óir níor eidir Iácob gur ghoid Rachel íad.

33 Agus docuáidh Lában go pubuil Léah, agus go puiblib an dá chumhal; ach ní bhfuáir sé íad aca. Annsin dochuáidh sé as pubuil Léah, agus dochuáidh asteach a bpubuil Ráchel.

34 Anois do ghabh Rachel na híomháighe, agus do chuir anughaim na ccámhull íad, agus do shuigh orra: agus do spíon Laban an pubuil uile, ach ní bhfuáir sé íad.

35 Agus adubhairt sisi réna hathar, ná cuireadh fearg ar mo thighearna nach bhféaduimsi éirghe súas romhad; óir, atá gnáth na mban orum: agus do spíon Lában an pubuil, agus ní bhfuáir na híomháighe.

36 Agus dobhí fearg ar Iácob, agus do cháin Lában: agus do fhreagair Iácob, agus adubhairt sé ré Lában créad é mindligheadh? cread í mo choir, as ar lean tú choimhghérso mé?

37 Anáit ar spíon tú mo thruscán uile, créud fuáir tú dod áirnéis tighe agam? cuir annso as coinne mo dhearbhráithreach agus do dhearbhráithreachsa é, go mbeirid breath eadruinn araón.

38 An fichid blíadhanso atáim ag foghnamh dhuit, níor theilgeadar do chaóirigh an uáin, ná do ghabhair bhainionna a mionnáin, agus ní dhuáigh mé reithe do thréuda.

39 An mhéid do mharbhadar na beathuigh, ní thug mé chugadsa é, is orum féin dobhí a dhul amugha: as mo láimhsi do íarr tusa é, má gadadh sa ló, nó má do gadadh san oidhche é.

40 Marso dobhí mé, san ló do sheargadh an tiormach mé, agus an sioc sanoidhche, agus do dhealuigh codladh rém shúilibh.

41 Marso dobhí mé fithche blíadhan ann do thigh do fhoghuin mé dhuit ceithre bliadhna dég ar son do dhías inghean, agus sé blíadhna ar son tháirnéisi, agus do áthruigh tú mo thúarasdal deich nuáire

42 Muna bheith Día máthar, Día Abraham, agus eagla Isaac leam; go deimhin do chuirfeá ar siubhal anois mé folamh: dochonnairc Día mo leathtrom agus saóthar mo lámh, agus tug aithfear dhuitsi aréir.

43 Agus do fhreagair Lában agus adubhairt ré Iácob; as íad na h ingheanaso mingheanasa, agus an chlannso mo chlannsa, agus an áirnéisse as íad máirnéisi íad, agus a bhfaicionn tú uile as liomsa íad; agus créad fhéduim do dhéunamh san ló aniugh ríuso mingheana féin, nó réna ccloinn dorugadar.

44 Ar anadhbharsin, tárrsa anois déunam cunnradh, misi agus tusa, agus bíodh sé mar fhíaghuin eadrum agus tú.

45 Agus do thóg Iácob cloch, agus do chuir na seasamh í mar philéir.

46 Agus adubhairt Iácob réna dhearbhráithribh, cruinnighidh clocha; agus do chruinnigheadar clocha, agus dorinneadar leachda, agus adúadar bíadh annsin ar an leachda.

47 Agus do ghoir Lában dainm dhe Iegar-Sahaóuta, ach do ghoir Iácob Gáleed de.

48 Agus adubhairt Lában, is fiadhnuisi an leachdaso eadrum agus tú aniugh: agus uimesin do goireadh Gáleed dainm dhe;

49 Agus Mispah, óir adubhairt sé, déunadh an tighearna faire eadrum agus tú anuáir bhean gan bheith a lathair a chéile.

50 Má ní tú leathrom ar mingheanuibh, nó má bheir tú mná eile leith amuigh domingheanuibh, ní bhfuil aónduine ar bhfochair: féuch, atá Día dfíaghuin eadruinn.

51 Agus adubhairt Lában ré Iácob, féuch an leachdasa, agus féuch an piléir noch do thóg mé eadrum agus tú.

52 Bíodh an leachdasa dfíaghuin nach racha misi tar an leachdasa chugamsa agus tar an bhpiléirse do dhéunamh dochair.

53 Déunadh Día Abraham agus Día Nahor, Día anaithreach breitheamhnus eadruinn: agus do mhionnuigh Iácob fá eagla a athar Isaac.

54 Annsin dorinne Iácob íodhbuirt ar a tslíabh, agus do ghoir a dhearbhráithre dithe aráin: agus a duadar arán, agus do fhanadar feadh na hoidhche sa tsliabh.

55 Agus go moch ar maidin do éirigh Lában súas agus do phóg sé a mhic agus a ingheana, agus do bheannuigh sé íad: agus do dhealuigh Lában ríu, agus do fhill chum a áite féin.

1 Agus do imthigh Iácob roimhe na shlighe, agus tárla aingle Dé ris.

2 Agus anuáir dochonnairc Iácob íad, adubhairt sé: aséso slúagh Dé, agus do ghoir sé dainm don áit sin Mahanaim.

3 Agus do chuir Iácob teachda roimhe go hEsau a dhearbhrathair go fearann Seir, eadhon talamh Edom.

4 Agus do aithin sé dhíobh ag rádh; marso adéarthaói rem thighearna Esau: adeir do sheirbhíseach Iácob marso: dochomhnuighe mé a bhfochair Lábain, agus do fhan mé aige annsin go ttí anois.

5 Agus atáid daimh agus asail agam, tréda agus seirbhísigh fear agus seirbhísigh ban: agus do chuir mé teachda uáim dá innisin dom thighearna, ionnus go bhfagha mé grása ad radharc.

6 Agus do fhilleadar na teachda go Iácob, ag rádh; tangamairne go nuige do dhearbhráthair Esau, agus atá seision ag teachd mar an gcéudna do theagmháil ort, agus ceithre chéud fear leis.

7 Annsin dobhí Iácob lán deagla agus danbhuáin: agus do roinn sé na daóine dobhí aige, agus na tréda, agus na sealbha, agus na cámhuill a ndá chuideachduin.

8 Agus adubhairt, má thigh Esau cum cuideachda dhíobh, agus go mbuailfidh íad, annsin rachuid an chuideachda fhuigfidhear as uadh.

9 Agus adubhairt Iácob, a Dhé máthar Abraham, agus a Dhé máthar Isaac, an tighearna noch adubhairt rium; fill chum do thíre féin agus chum do ghaóil, agus dogheabhthar misi go maith ort.

10 Ní fiú mé an chuid as lugha dot thrócaire, agus don fírinne noch do thaisbéin tú dod óglach: óir lem bhata tháinig mé tar an iordáin se, agus anois atáim dhá bhanna.

11 Saór mé, íarruim ort, ó láimh mo dhearbhráthar, ó láimh Esau: óir atá eagla agum roimhe, dfaitchios go ttiocfadh, agus go mbuáilfeadh mé, agus an mhathair maille ris an ccloinn.

12 Agus adubhairt tusa, go deimhin dodhéuna mé maith dhuit, agus dodhéuna mé do shíol mar ghaineamh na fairge nach féidir áireamh ar a iomadamhlachd.

13 Agus do fhosuidh sé annsin anoidhchesi féin, agus do bhean sé as an ní ráinic chum a láimhe, bronntanus ré thabhairt dá dhearbhrathair Esau.

14 Dhá chead ghabhar baineann, agus fithche poc, dhá chéad caóra bhaineann, agus fithche reithe.

15 Tríochad chámhall bainne gona mbromchuibh, ceathrachadh bó, agus deich ttairbh, fithche asail baineann, agus deich searruigh.

16 Agus do sheachuid sé íad a lámhuibh a sherbíseach, gach én tsealbh ar leith, agus adubhairt réna sherbhíseachuibh; gluáisigh thairis anonn romhamsa, agus cuiridh spás eidir gach dá sheilbh.

17 Agus do aithin don chéd luchd, dá rádh: anuáir théigeómhas mo dhearbráthair Esau riot, agus fhíafrochus díot, ag rádh, cía lér leis tú? agus cáit a racha tú? agus cía lear leis íadso romhad?

18 Annsin adéura tusa, is lé do shearbíseach Iácob íadso; is tiodhlaiceadh é do cuireadh chum mo thighearna Esau; agus féuch atá sé féin mar an gcéadna ar ndiáigh.

19 Agus is mairsin do aithin sé don dara, agus don treas luchd, agus don mhéid do lean na sealbha, ag rádh; ar an modhso laibhéorthaói ré h-Esau anuáir do geabhthaói é.

20 Agus abruidhsi ós cionnsinn; feuch, atá do sherbhíseach Iácob ar ndiáigh, óir adubhairt; ceinnseocuidh mé é leis an mbronntanas rachas romham, agus na dhiaighsin dochífe mé a ghnúis; dobféidir go ngéubhadh sé mo ghnúis chuige.

21 Marsin dochuáidh an preasánta anonn roimhe, agus do chomhnuidh sé féin anoidhchesin annsa chuideachduin.

22 Agus do éirigh sé súas an oidhchesin, agus do ghlac sé a dhías ban, agus a dhá chumhal, agus a énmhac dég, agus dochuáidh sé tar áth Iácob anunn.

23 Agus dorug sé orra, agus do chuir tar an abhuinn anunn íad, agus do chuir thairis anunn a raibh aige.

24 Agus do fágbhadh Iácob na aónar, agus dobhí duine ag gleic ris nó go ttáinig éirghe na maidne.

25 Agus anuáir dochonnairc sé nach deacuidh aige air, do bhean sé re log a laghairce, agus dobhí log laghairce Iácob as alt, mar dobhí ag spáirn ris.

26 Agus adubhairt sé, léig dhamh imtheachd, óir atá an lá ag éirge: agus adubhairt seision, ní léigfe mé dhuit imtheachd nó go mbeannuighe tú mé.

27 Agus adubhairt seision, cá hainm thú? agus adubhairt seision, Iácob.

28 Agus do ráidh seision, ní goirfear Iácob dhíot feasda mar ainm, ach Israel: óir atá cumhachda agad mar phrionnsa ré Día, agus ré daóinibh, agus dorug tú buáidh.

29 Agus do fhíafruigh Iácob dhe, agus adubhairt ris: guidhim thú, innis damh hainm: agus do ráidh seiaion; créad an fáth fa bhfíafruighionn tú mainm? agus do bheannuigh sé annsin é.

30 Agus do ghoir Iácob Peniel dainm don áitsin; óir dochonnairc mé Día aghuidh ar aghuidh, agus do sabhaladh mo bheatha.

31 Agus mar dochuáidh anunn tar Pheniel, do éirigh grían air, agus do bhí sé bacach ann a ladhairg.

32 Uimesin nach ithid clanna Israel gus aniugh don fheich do chrap, noch bhíos a log na ladhairge: do chionn gur bhean sé ré log na ladhairge ag Iácob annsa bhféich do chrap.

1 Agus do thóg Iácob a shúile súas, agus damhairc sé, agus féuch do tháinic Esau agus ceithre chéad fear leis. Agus do roinn sé an chlann do Léah, agus do Rachel, agus don dá chumhal.

2 Agus do chuir sé na cumail agus a cclann a ttosach, agus Léah agus a clann na ndiáigh, agus Ióseph fá dheireadh.

3 Agus do ghluáis anonn rompa, agus do chlaón é féin go talamh seachd n uáire, nó go ttáinig a bhfogus dá dhearbhrathair.

4 Agus do rith Esau na choinne, agus do theann ris é idir a dhá láimh, agus do luidh ar a mhuinéul, agus do phóg é: agus do ghuileadur.

5 Agus do thóg súas a shúile, agus dochonnairc na mná agus an chlann, agus adubhairt, cía híad súd agad? agus adubhairt seision, an chlann tug Día go grásamhuil dod sheirbhíseach.

6 Annsin tangadur na cumhail, agus a cclann a bhfogus, agus do chlaónadur íad féin.

7 Agus tháinic Léah mar an gcéadna gon a cloinn a bhfogus, agus do chlaónadur íad féin: agus fá dheireadh tháinic Ióseph agus Rachel a bhfogus, agus do chlaónadar íad féin.

8 Agus adubhairt sé, créad as chíall duit ris anealbhasa uile, thárla rium? agus adubhairt seision, dfagháil grás a radharc mo thighearna.

9 Agus adubhairt Esau, atá go lór agamsa a dhearbhrathair, bíodh an ní as leachd agad féin.

10 Agus adubhairt Iácob; ní headh, guidhim thú, má fuáir mé anois grása ad radharc, annsin glac mo bhronntanas as mo láimh: óir is uimesin dochonnairc mé do ghnúis amhuil mar dochífinn gnúis Dé; agus do thaitin mé riot.

11 Guidhim thú glac mo bheannughadh tugadh chugad; do chionn go raibh Día go grásamhuil riom, agus do chionn go bhfuil go lór agam: agus do sháruidh air, agus do ghabh sé an tiodhlaiceadh.

12 Agus adubhairt seision, glúaisiom ann ar slighe, agus imthighiom, agus rachuidh misi romhad.

13 Agus adubhairt seision ris: atá a fhios ag mo thighearna go bhfuilid na leinimh maóth, agus na tréda agus na healbhadha ré hóga agamsa: agus má thiomáinid daóine go hiomarcach íad anénló, gheabhuidh an tréd uile bás

14 Eirghiodh mo thighearna, íarruim ort, thairis anonn roimhe a sherbhíseach, agus leanfa misi thú go socair, réir mar fhéadfuidh an áirnéis bhías romham agus an chlann fhulang, nó go ttí mé go nuige mo thighearna go Seir.

15 Agus adubhairt Esau, léig dhamhsa anois cuid don mhuinntir atá am fhochair dfágbháil agad: agus adubhairt seision, cionnus riochthar a leas? faghaim anois grása a radharc mo thighearna.

16 Marsin do fhill Esau ann lásin féin ann a shlighe go Seir.

17 Agus do ghluáis Iácob go Sucot, agus dorinne tigh dhó féin, agus dorinne máinreacha dhá áirnéis: uimesin goirthear Succot dainm don áit.

18 Agus táinic Iácob go Sálem, cathair Shechem noch atá a ttír Cánaain, anuáir tháinic sé ó Phádan -Aram, agus do shuidhidh a phubuil as choinne na caithreach.

19 Agus do cheannuigh sé cuid do mhachaire, áit ar leathnuigh sé a phubail, as láimh chloinne Hámor athair Shechem ar chéad píosa airgid.

20 Agus do chuir altóir súas annsin, agus do ghoir sé dhi El-elohe-Israel.

1 Agus dochuáidh Dínah inghean Léah, noch rug sí do Iácob, amach dféchuin ingheana na tíre.

2 Agus anuáir dochonnairc Sechem mhac Hámor an Hititeach prionnsa na críche í, dorug sé uirre, agus do luigh sé lé, agus do truáilligh sé í.

3 Agus dobhí a anam ceangailte do Dhínah inghean Iácob, agus do grádhuigh sé í, agus do labhair go cinealta ris an gcailín.

4 Agus do labhair Sechem ré na athair Hámor, ag rádh, fagh dhamhsa an cailínsi na mnaói.

5 Agus dochualuidh Iácob gur thruailigh sé a inghean Dínah; anois dobhádur a chlann san mhachaire ag a náirnéis, agus do thochd Iácob nó go ttáinic síad.

6 Agus dochuáidh Hámor athair Shechem amach do chomhrádh ré Iácob.

7 Agus tangadar mic Iácob ón math amuigh anuáir dochualadursin, agus do ghlac doilghios íad, agus dobhádur rofeargach fa go ndéarna sé leimhe anaghaidh Israel tré luighe lé hinghin Iácob, ní nar dhlightheach do dhéanamh.

8 Agus dorinne Hámor comhrádh ríu, agus adubhairt; atá anam mo mhic Sechem lán dfonn hinghine, athchuinghim ort a tabhairt dó na mnaói.

9 Agus déanuidhsi cleamhnuis rinne, agus tugaidh bhur ningheana dhúinn, agus glacuidh ar ningheana chuguibh.

10 Agus áiteochthaói nar bhfochair: agus biáidh an talamh as bhar gcuinne; comhnuighidh agus malairtighidh ann, agus faghaidh sealbha dhíbh féin ann.

11 Agus adubhairt Sechem ré na hathair agus ré na dearbhráithribh, faghuim grása an bhur radharc, agus gidhbé ní dérthaói riom dobhéar uáim é.

12 Ní bhfuil dá mhéid crodh nó tiodhlaiceadh íarrfuidhe oram, nach ttiubhra mé uáim do réir mar adéarthaói riom; ach go ttugthaói an cailín damh na mnaói.

13 Agus do fhreagradur mic Iácob Sechem agus a athair Hámor go cealgach, do chionn gur thrúailligh sé an dheirbhsíur Dínah.

14 Agus adubhradur ríu, ní fhédmaóidne an nísi a dhéanamh, ar nderbhsíur do thabhairt do neach nach bhfuil timchillghérrtha; óir do budh masla dhúinn sin.

15 Ach aóntocham dhíbh marso, má bhithísi mar atámaóidne, gach énfhirionach aguibh do bheith timchillghérrtha.

16 Annsin dobhéuram ar ningheana dhaóibh, agus géubham bhur ningheana chuguinn, agus coimhneocham maille ribh, agus bíam ar néunphobal.

17 Ach muna éistí rinn fá bheith timchillgheártha; annsin béuram ar ninghean linn, agus imeocham romhuinn.

18 Agus do thaitin a mbríathra le Hámor agus le Sechem, mac Hámor.

19 Agus níor chuir an tóganach maill san ní do dhéunamh, do chionn go raibh dúil aige aninghin Iácob, agus do budh ro onóruighe é na tigh athar uile:

20 Agus táinic Hámor, agus Sechem a mhac go geata a ccaithreach, agus do labhradar ré muinntir na caithreach, ag rádh.

21 Atáid na daóinesi síothchánta rinn, uimesin áitrighidís an talamh, agus déindís malairt ann; óir féachuidh, atá an fearann fairsiong go lór dhóibh; glacam a ningheana na mnáibh chuguinn, agus tugam ar ningheana na mnáibh dhóibhsion.

22 Achd amháin gurob marso aóntochuid na daóine linn, comhnuighe do dhéanamh ar bhfochair go mbemís ar nénphobal; gach aón fhirionnach aguinn do bheith timchillghéarrtha, mar atáidsion timchillghéarrtha.

23 Nach budh linne a náirnéis, a maóin, agus gach ainmhidhe dá mbí aca? achd amháin tigiom léo, agus áitreochuid aguinn.

24 Agus do aóntuigh a ndeachuigh amach as geata a gcaithreach lé Hámor agus lé Sechem: agus do timchillghearradh gach éinfhear, an mhéid dochuáidh amach as geata a gcaithreach.

25 Agus tárla an treas ló anuáir dobhádur neimheach, gur ghlacadar días mhac Iácob, Símeon agus Lébhi dearbhráithre Dhínah, gach aón aca a chloidheamh, agus tangadur ar an gcathruigh go dána, agus do mharbhadur na fir uile.

26 Agus do mharbhadur Hámor, agus Sechem a mhac le faóbhar an chloidhimh, agus tugadar Dínah as tigh Shechem, agus dochúadur amach.

27 Tangadur clann Iácob ar anár, agus do chreachadar an chathair, do chionn gur thruáilligheadur a ndeirbhsiur.

28 Do thógbhadur a gcaóirigh agus a ndaimh, agus a nasail, agus an mhéid dobhí sa ccathruigh, agus an mhéid dobhí ar an machaire léo.

29 Agus a saidhbrios uile agus a nóga uile, agus a mná rugadar léo a láimh, agus do airgeadur go léir a raibh ann sa tigh.

30 Agus adubhairt Iácob ré Símeon, agus ré Lébhi; do chuireabhair buáidheadh orum, mo dhénamh bréun a measg áitreabhadh na tíre, a measg na cCanaanitech: agus gan mé ach beagán anuimhir, cruinneochuid íad féin uile am aghuidh, agus muirfid mé, agus sgriosfuighear mé féin agus mo thigh.

31 Agus adubhradursan, nar chóir dhósan a dhénamh ré ar ndeirbhsiairne mar dodhéanadh sé ré meirdrigh?

1 Agus adubhairt Día ré Iácob; éirigh, imthigh súas go Bétel agus comhnuigh annsin: agus déun altóir ann do Dhía noch do fhoillsigh é féin duit anuáir do théith tú ó lathair do dhearbhrathar Esau.

2 Annsin adubhairt Iácob ré na mhuinntir, agus ré a raibh na bhfochair uile; cuiridh uáibh na Deé coimhigtheacha atá eadruibh, agus bígí glan, agus athruighidh bhur néuduighe.

3 Agus éirgheam agus teanum súas go Betel, agus dodhéna misi altóir ann do Dhía, noch do fhreagair mé anam mo chrúadhóige, agus dobhí liom ann gach slighe ar ghabhus.

4 Agus tugadar do Iácob a raibh do Dhéeibh coimhightheacha ann a lámhuibh, agus a raibh dfáinnibh na cclúasuibh, agus do fholuigh Iácob íad faói an daruigh noch dobhí láimh ré Sechem.

5 Agus do ghluáiseadur, agus dobhí eagla Dé ar na caithreachuibh dobhí gacha taóbh dhíobh, agus níor leanadar síad clann Iácob.

6 Marsin tháinic Iácob go Lus, noch atá a ttír Chánaan, eadhon Bétel, é féin agus a raibh aige uile.

7 Agus dorinne altóir ann, agus do ghoir El-Bétel don áit, do chionn gurob ann do thaisbéin Día é féin dó, anuair do theith sé ó lathair a dhearbhrathar.

8 Ach fuair Deborah banaltra Rebecah bás, agus do hadhlaiceadh í taóbh síos do Bhétel faói dharuigh: agus do goireadh Allonbachut dainm donáitsin.

9 Agus do thaisbéin Día arís é féin do Iácob anuáir tháinic sé amach as Pádan-Aram, agus do bheannuigh sé é.

10 Agus adubhairt Día ris; Iácob as ainm dhuitsi ni goirfighear feasda Iácob dhíot, ach Israel bhus ainm dhuit: agus do ghoir sé Israel dainm dhe.

11 Agus adubhairt Día ris: is misi Día uilechumhachdach, bí síolmhar agus foirlíon: tiocfuidh cineadh agus morán do chinidheachuibh uáid, agus tiocfaidh ríghthe amach ód fhordhronnuibh.

12 Agus an dúthaidh tug misi do Abraham, agus do Isaac, dobhéura mé dhuitsi í, agus dot shíol ad dhiáigh dobhéura me an dúthaighsin.

13 Agus dochuáidh Día úadh súas sanáit a raibh ag caint ris.

14 Agus do thóg Iácob piléir sanáit a raibh ag caint ris, eadhon piléir cloiche, agus do dhóirt ofrail dighe air, agus do dhóirt ola air.

15 Agus tug Iácob Bétel dainm aranáit a raibh Día ag caint ris.

16 Agus do aistrigheadur ó Bhétel: agus ní raibh ach slighe ghearr ag teachd go Héphrat, agus do ghabh teinnios cloinne Rachel, agus fuáir sí saóthar docamhlach.

17 Agus tárla anuair dobhí sí ann a saóthar éigeantach, go ndubhairt an bhean chuganta ría, ná bíodh eagla ort, biáidh an macsa agad mar an gcéadna.

18 Agus tárla anuair dobhí a hanam ag dul aiste (óir fuáir sí bás) gur goir sí Benoni dainm dhe: ach tug a athair Beniamin dainm air.

19 Agus fuáir Rachel bás, agus do hadhluiceadh í ar a tslighe a ngabhthaói go Héphrat, noch re ráidhtios Bétlehem.

20 Agus do chuir Iácob piléir ar a huáighe: sé sin piléir uaighe Rachel gus aniugh.

21 Agus do aistrigh Israel, agus do leathnaigh a phubuil taóbh thall do thor Edar.

22 Agus tárla, anuáir dobhí Isaac na chomhnuighe sa duthaighsin, go ndeachuidh Reuben, agus gur luigh re Bilah leannán athar, agus dochúaluidh Israel sin. Anois clann Iácob bá dhá fhear dhég iad.

23 Mic Léah, Reuben céidghin Iácob, Símeon, agus Iúdah agus Issachar, agus Sebulun.

24 Mic Rachel, Ióseph, agus Beniamin.

25 Mic Bhilhah, cumhal Rachel, Dan agus Naphtali.

26 Agus mic Silpah, cumhal Léah, Gadd agus Assur. As íadso mic Iácob, noch dorugadh dhó a bPádan-Aram.

27 Agus táinic Iácob go nuige a athair Isaac go Mamre go cathruigh Arbah, (eadhon Hébron) áit ar chomhnuidh Abraham agus Isaac.

28 Agus dobíad láethe Isaac céud agus ceithre fichid blíadhan.

29 Agus do thiomun Isaac a spiorad suas, agus fúair bás, agus do cruinnigheadh chum a dhaóine é, ar mbeith foirfe lán daóis dó: agus do adhlaiceadur a chlann, Esau agus Iácob, é.

1 Anois as íadso geinealuigh Esau, ré ráidhter Edom.

2 Tug Esau a mhná dingheanuibh Chánaain, Adah inghean Elon an Hititech, agus Aholibamah inghean Anah, inghean Sibeon an Hibhiteach.

3 Agus Basémat, inghean Ismael, deirbhshíur Nebaiot.

4 Agus rug Adah do Esau Eliphas; agus rug Basémat Rebhel.

5 Agus rug Aholibamah Iéus, agus Iaalam, agus Córah: s íadso mic Esau noch rugadh dhó a ttír Chánaain.

6 Agus do thóg Esau leis a mhná, agus a mhic, agus a ingheana, agus an uile phearsa dá theaghlach, agus a áirnéis, agus a uile ainmhintighe, agus a shubstaint uile, noch fúair sé a ttír Chánaain; agus dochuáidh fan tír, ó aghuidh a dhearbhrathair Iácob.

7 Oír budh mó a saidhbrios ná mar do fédadur diomchar láimh ré chéile agus an tír ann a rabhadur na gcoimhighthibh, níor fhéad sí a niomchar le hiomad a maóine.

8 Marso do áitrebh Esau a gcnoc Seir: as é Esau Edom.

9 Agus as íadso geinealuigh Esau athair na Nédomiteach a gcnoc Seir.

10 As íadso anmanna mhac Esau: Eliphas mac Adah, bean Esau Rebhel mac Bhasémat, bean Esau.

11 Agus dobíad mic Eliphas, Témon, Omar, Sépho agus Gátam, agus Cénas.

12 Agus dobhí Timnah na leannán ag Eliphas, mac Esau, agus rug sí dEliphas Amalech: Dobíadso mic Adah bean Esau.

13 Agus dobíadso mic Rebhel, Nahat, agus Sérah, Sámach, agus Misah: dobíadso mic Bhasémat bean Esau

14 Agus dobíadso mic Aholibamah, inghean Anah, inghean Sibeóin, bean Esau: agus rug sí do Esau Iéus, agus Iaalam, agus Córah.

15 Dobíadso duibhcidhe mhac Esau: mic Eliphas cédghin Esau duibhce Téman, duibhce Omar, duibhce Sepho, duibhce Cénas.

16 Duibhce Córah, duibhce Gátam, duibhce Amalech; as íadso na duibhcidhe tháinig ó Eliphas a ttír Edom; dobíadso mic Adah.

17 Agus as íadso mic Rebhel mhac Esau: Duibhce Nahat, duibhce Sérah duibhce Sámah, duibhce Missah: asíadso na duibhcidhe tháinic ó Rábhel a ttír Edom. asíadso mic Bhasémat bean Esau.

18 Agus is íadso mic Aholibamah bean Esau; duibhce Ieus, duibhce Iaalam, duibhce Córah: asíadso na duibhcidhe tháinic ó Aholibamah inghean Anah bean Esau.

19 Asíadso mic Esau (noch is Edom) agus asíadso a nduibhcidhe.

20 Asíadso mic Sheir an Horiteach, noch do áitribh an dúthaidh; Lótan, agus Sóbal, agus Sibéon, agus Anah.

21 Agus Díson, agus Eser, agus Dísan: is íadso duibhcidhe na Horiteach clann Sheir a ttír Edom.

22 Agus is íadso clann Lótain; Hóri agus Héman: agus deirbhshíur Lótain Timnah.

23 Agus dobíadso clann Shobail: Albhan, agus Manahat, agus Ebal, agus Sépho, agus Onam.

24 Agus is íadso clann Shibeóin; araón Aiah, agus Anah: s éso Anah, noch fuáir na muillidhe san bhfásach mar dobhí ag beathughadh asal Shibeóin a athar

25 Agus dobíadso clann Anah, Díson, agus Aholibamah inghean Anah.

26 Agus dobíadso clann Dhísoin; Hemdan, agus Esban, agus Itran, agus Chéran.

27 Agus asíadso clann Eser: Bilhan, agus Saabhan, agus Acan.

28 Agus asíadso clann Dhísain: Us, agus Aran.

29 Asíadso na Duibhcidhe (tháinic) do na Horiteachuibh: Duibhce Lótan, duibhce Sóbal, Duibhce Sibeón, Duibhce Anah,

30 Duibhce Díson, Duibhce Eser, Duibhce Dísan: is íadso na Duibhcidhe tháinig ó Hóri a measg a Nduibhcidhe a ttír Sheir.

31 Agus as íad na Ríghtheso fuáir ríoghachd a ttír Edom: suil dobhí éinrígh a rioghachd ós cionn chloinne Israel.

32 Agus Béla mhac Beor dobhí a rioghachd a nÉdom: agus ainm a chaithreach Dinhabah.

33 Agus fuáir Béla bás: agus Ióbab mhac Sérah ó Bhosrah fá rígh na áit.

34 Agus do éug Ióbab, agus Huram ó thír fa rígh na áit.

35 Agus do éug Huram, agus Hádad mhac Bédad, noch do bhuáil Mídian air mhagh Móab, fá rígh na áit: agus dobé ainm a chaithreach Abhit.

36 Agus do éug Hádad, agus Samlah ó Mhasrecah fá rígh na áit.

37 Agus do éug Samlah, agus Saul ó Rehoboth ón abhuinn, fá rígh na áit.

38 Agus do éug Saul, agus Baalhanan mhac Achbor fa rígh na áit.

39 Agus do éug Baalhanan mhac Achbor, agus Hádar fa rígh na áit; agus dobé ainm a chaithreach Pau; agus dobé ainm a mhná Mehetabel inghean Mhatred, inghean Mhesahab.

40 Agus as íadso anmanna na Nduibhcidhe tháinic ó Esau, do réir a muinntire ar lorg a naithreach ann a nanmannuibh: Duibhce Timnah, Duibhce Albhah, Duibhce Ietet.

41 Duibhce Aholibamah, Duibhce Elah, Duibhce Pínon,

42 Duibhce Cenas, Duibhce Téman, Duibhce Mibsar,

43 Duibhce Magdiel, duibhce Iram: is íadso Duibhcidhe Edom do réir a náitreabha, a ndúthaigh a seilbhe; s ésin Esau athair na Nédomiteach.

1 Agus dobhí Iácob na chomhnuighe sa tír a raibh a athair na choimhightheach, a ttír Chanaáin.

2 Ad íadso geinealuigh Iácob, ar mbeith do Ióseph seachd mblíadhna déag daóis, dobhí ag inghilt an tréada a bhfochair a dhearbhráithreach, agus dobhí an tógánach a bhfochair chloinne Bilhah agus chloinne Silpah, mná a athar: agus tug Ióseph a ndrochthúarusgbháil chum a athar.

3 Anois dobannsa le hIsrael Ióseph ná a chlann uile dó chionn gurab é mac a sheanaóisi é: agus dorinne cóta dhó diomad dathann.

4 Agus anuáir dochonnacadar a dhearbhráithre gurbhannsa lena nathair é ná a dhearbhráithre uile, do fhuáithigheadar é, agus ní fhédaidís labhairt go síothchánta ris.

5 Agus dochonnairc Ióseph aisling, agus do innis dá dhearbhráithribh í, agus bá móide fós a bhfúath air.

6 Agus adubhairt sé ríu: guidhim sibh éisdigh ris anaislingsi do taibhseadh dhamh:

7 Oír féchuidh dobhámar ag ceangal punnann ar an machaire; agus féchuidh do éirigh mo phunnannsa agus do sheas súas go díreach, agus féuchuidh dobhádur bhur bpunnannsa na seasamh na timchioll. agus dorinneadar umhla dom phunnainnsi.

8 Agus adubhradar a dhearbhráithre ris; an mbía tusa go deimhin a ríghe ós ar ccionne? nó an mbía go deimhin uachdaranachd agad oruinn? Agus bá móide fós a bhfuath air, tré na aislingibh agus tré na bhríathruibh.

9 Agus dochonnairc seision fós aisling eile, agus do innis sé dá dhearbhraithribh í, agus adubhairt; féchuid dochonnairc mé fós aisling eile, agus féchuidh dorinne an ghrían agus an ghealach agus an taónréulta déug umhla dhamhsa.

10 Agus do innis seision dá athair agus dá dhearbhráithribh, agus do imdhearguidh a athair é, agus adubhairt ris: créd é anaislingse dochonnairc tusa? an deimhin go ttiucfa misi, agus do mhathair agus do dhearbhráithre dar cclaónadh féin síos duitsi go talamh.

11 Agus do fhuathuigheadar a dhearbhráithre é, ach do chomharthuigh a athair an glór.

12 Agus dochúadar a dhearbhráithre dingheilt tréda a nathar go Sechem.

13 Agus adubhairt Israel ré Ióseph, nach bhfuilid do dhearbhráithre ag beathughadh an tréda a Sechem? tárr agus cuirfe mé chugtha thú: Agus adubhairt seision ris, atáim annso.

14 Agus adubhairt sé ris, guidhim thú, éirigh féuch an maith atathar ag ad dhearbhráithribh, agus an maith atathar ag na tréuduibh, agus tabhair scéula chugam arís; marsin do chuir sé amach é as gleann Hébron, agus táinig sé go Sechem.

15 Agus fuáir duine áirighe é, agus féuch dobhí ar seachrán ar an mag; agus do fhíafruigh an tóglach dhe, ag rádh; cía atá tú iarruidh?

16 Agus adubhairt seision, atáim ag íarruidh mo dhearbhráithreach, guidhim thú innis damh cáit a bhfuilid síad ag ingheilt?

17 Agus adubhairt an tóglach, do imthigheadur asso; óir dochúala mé íad dhá rádh; dénam do Dóthan. Agus do lean Ióseph a dhearbhráithre, agus fuáir a nDóthan íad.

18 Agus anuáir dochonncadar é a bhfad úatha, suil tháinic sé na ngar, do comhairligheadur a mharbhadh.

19 Agus adubhradar gach fear ré chéile, féuchuidh atá an taislingtheachso ag teachd.

20 Dénam anois ar anadhbharsin agus marbham é, agus teilgeam a bpoll éigin é; agus adéram gur mharbh drochbheitheach éigin é: agus dochífeam créud thiucfas dá aislingibh.

21 Agus dochúaluidh Reuben sin, agus do shaór ó na lámhuibh é, agus do ráidh, ná marbham é.

22 Agus do ráidh Reuben ríu, ná dóirtigh fuil; ach teilgidh é annsa bpoll so atá ar an bhfásach, agus ná cuiridh lámh ann; ionnus go mbeanfadh sé as a lámhuibh é, dhá thabhairt dá athair arís.

23 Agus tárla anuáir tháinig Ióseph chum a dhearbhráithreach: gur bheanadar a chóta dhe, a chóta ioldhathach dobhí uime.

24 Agus do thógbhadar leó é, agus do theilgeadar a bpoll é: agus dobhí an poll folamh, agus ní raibh uisge ann.

25 Agus do shuigheadar síos dithe aráin, agus do thógbhadar súas a súile agus do amhairceadar, agus féuch dotháinic cuideachda Ismaelitech ó Ghileadh gun a ccámhulluibh, ag iomchar spíosra, agus balma, agus mirra ag imtheachd dá bhreith síos doNéigipt.

26 Agus adubhairt Iúda réna dearbhráithribh, ciodh an tarba má mharbhamaóid ar ndearbhrathair, agus a fhuil a cheilt?

27 Dénam, agus racam ris na hIsmaeliteachuibh é, agus ná beanadh ar lámha leis; óir is é ar ndearbhrathair agus ar bhféoil é: agus do aóntuighedar a dhearbhráithre sin.

28 Annsin do ghabhadar Midianuigh ré na ttaóbh, ceannuighe; agus do thairngeadar agus do thógbhadar súas Ióseph as an bpoll, agus do reacadur Ióseph ris na hIsmaeliteachuibh ar fhichid píosa airgid, agus rugadarsin Ióseph don Négipt.

29 Agus dfill Reuben chum an phuill, agus féuch ní raibh Ióseph san pholl: agus do stíall sé a éudach.

30 Agus do fhill sé ar a dhearbhráithribh, agus adubhairt; ní bhfuil an leanamh ann: agus misi cáit a ngéubha mé?

31 Agus do ghlacadar cóta Ióseph, agus do mharbhadar meannan do na gabhruibh, agus do thumadar an cóta annsa bhfuil.

32 Agus do chuireadar an cóta ioldathach, agus rugadar chum a nathar é, agus adubhradar, agso mar fuaramairne é; aithin anois an é cóta do mhic é nó nach é.

33 Agus do aithin seision é, agus adubhairt, as é cóta mo mhic é, do mharbh droichbeitheach é, atá Ióseph arna ghearradh na phíosuibh gan chunntabhairt.

34 Agus do stíall Iácob a éudach, agus do chuir éudach róinnigh uime, agus dorinne doilghios fá na mhac mórán do laéthibh.

35 Agus do éirgeadar a chlann mhac uile, agus a ingheana suas dá mheisniughadh, ach do dhíult seision meisneach do ghlacadh, agus do ráidh sé, óir rachuidh mé síos annsanuáigh chum mo mhic ag dénamh doilghiosa: marso do chaóin a athair é.

36 Agus do reacadar na Midianuigh é doNéigipt ré Potiphar oifigeach do mhuinntir Pháraó, agus cáiptín a ghárda.

1 Agus tárla sanamsin, go ndeachuidh Iúdah síos ó na dhearbhráithribh, agus gur fhill asteach go Hadullamhteach áirighe darbhainm Híra.

2 Agus dochonnairc Iúdah annsin inghean Chanaanitigh áirighe darbh ainm Suah, agus do gabh sé chuige í, agus do chomhríachduin sé ría.

3 Agus do toirrceadh í, agus rug sí mac, agus tug sé Er dainm air.

4 Agus do toirrceadh arís í, agus rug sí mac, agus tug Onan dainm air.

5 Agus do toirrceadh fós arís í, agus rug sí mac, agus tug Sélah dainm air: agus dobhí sé ann Chesib anuáir rug sí é.

6 Agus tug Iúdah bean do Er a chédghin, darbhainm Támar.

7 Agus dobhí Er cédghin Iúdah go holc a bhfiaghnuisi an tighearna, agus do mharbh an tighearna é.

8 Agus adubhairt Iúdah ré Hónan, bí ag mnaói do dhearbhráthar, agus pós í, agus déuna sliochd dot dhearbhráthair.

9 Agus dobhí a fhios ag Onan nach budh leis féin an sliochd: agus tárla anuáir dochuáidh sé do chomhriachduin ré mnaói a dhearbhrathar gur dhóirt sé ar an ttalamh, ionnus nach dtiubhradh sé sliochd dá dhearbhráthair.

10 Agus do chuir an ní dorinne sé fearg ar a tighearna: uimesin do mharbh sé Onan mar an ccédna

11 Annsin adubhairt Iúdah ré Támar, a bhainchlíamhuin; fan ad bhaintreabhuigh a ttigh hathar nó go bhfásuigh mo mhac Sélah; (óir adubhairt sé deagla, go tteigeamhadh go bhfuigheadh seision bás fós mar fuáir a dhearbhráithre) agus do imthigh Támar agus dorinne chomhnuighe a ttigh a hathar.

12 Agus a ccion aimsire do éug inghean Suah bean Iúdah, agus do ghlac Iúda meisneach chuige, agus dochuáidh súas go Timnah mar a raibh luchd béarrtha a chaórach, é féin agus a chara Hírah an Tadullamiteach.

13 Agus do hinnseadh do Thámar, dá rádh; féuch, téid hathair cleamhna súas go Timnah do bhearradh a chaórach.

14 Agus do chuir sisi a culuidh baintreabhuigh dhi, agus do fholuigh sí í féin le folach, agus do fhill í féin anéudach, agus do shuigh anáit shofhiachsana, láimh ris a tslighe ag dul go Timnah; óir dochonnairc gur fhás Sélah, agus nár tugadh í féin na mnaói dhó.

15 Anuáir dochonnairc Iúdah í, do shaóil gur méirdreach dobhí ann, do chionn gur fholuigh sí a haghaidh.

16 Agus do fhill sé uirre ar a tslighe, agus adubhairt, guidhim thú luáithigh ort, léig dhamh a bheith agad; (óir ní raibh a fhios aige gurb í bean a mhic í) agus adubhairt sisi, créud dobhéura tú dhamh do chionn a bheith agam?

17 Agus adubhairt seision, cuirfe mé meannán chugad ó na gabhruibh: agus adubhairt sisi, an bhfuigfe tú geall agum nó go ccuirigh tú chugam é?

18 Agus adubhairt seision, créud an geall dobhéura mé dhuit? agus a dubhairt sisi, do shéula, do bhráisléid, agus do bhata, noch atá ad láimh: agus tug sé íadsin di, agus dobhí aice, agus do toirrceadh leis í.

19 Agus do éirigh sisi, agus do imthigh roimpe, agus do chuir a folach dhi, agus do chuir a héudach baintreabhuigh uimpe.

20 Agus do chuir Iúdah an meannán chuice lé láimh a charad an Tadullamiteach, dfagháil a ghill as láimh na mná: ach ní bhfuáir sé í.

21 Annsin do fhíafruigh sé do mhuinntir na háitesin, cáit a bhfuil an mheirdreach dobhí go hoscuilte ré taóbh na sligheadh? agus a dubhradarsan, ní raibh éinmhéirdreach sanáitsi.

22 Agus do fhill seision go Iúdah, agus adubhairt, ní fhaghuim í: agus mar an gcédna adubhradar muinntir na háite, ní raibh éinmhéirdreach sanáitsi.

23 Agus adubhairt Iúdah, bíodh aice deagla go bhfuighmís náire: féuch do chuir mé an meannánso uáim agus ní bhfuáir tú í.

24 Agus tháinic asteach a ccion thrí míosa na dhiáighsin, gur h inniseadh do Iúdah ga rádh, dorinne hinghean Támar meirdreachus: agus féuch fós atá sí torrach ó stríopachus: agus adubhairt Iúdah, tugthar amach í, agus loiscthear í.

25 Anuáir tugadh amach í, do chuir sí fios chum a hathar cleamhna dá rádh, ón té lér leis íadso atáimsi torrach: agus adubhairt sisi, guidhim thú, meas cía lear leis íadso, an séula, agus na bráisléid agus an bata.

26 Agus do admhuigh Iúdah íad, agus adubhairt, dobfhíréunta isi ná misi, do chionn nach dtug mé dom mhac Sélah í: agus níor bhean ría arís, níis mó.

27 Agus tárla anaimsir a tuismidh, féuch go rabhadar días iona broinn.

28 Agus tárla anaimsir a tuismidh gur chuir aón aca a lámh amach, agus gur ghlac an bhean chuidighe an lámh, agus gur cheanguil snáithe sgárlaóide fan láimh, dá rádh; séso tháinic amach ar ttús.

29 Agus tárla an uáir rug sé a lámh ar a hais: féuch tháinig a dhearbhrathair amach: agus adubhairt sisi, cionnus do bhris tusa amach? bíodh an briseadhso ort féin: uimesin tugadh Pháres dainm air.

30 Agus na dhiáighsin tháinic amach a dhearbhrathair ar a raibh an snáithe scarlaóide ar a láimh, agus tugadh Zárah dainm air.

1 Agus rugadh Ióseph síos doNÉgipt, agus Potipher oifigeach do mhuinntir Pháraó, caiptín a ghárda, Egipteach, do cheannuigh sé é as lámhuibh na Nismaeliteach, noch tug leó síos annsin é.

2 Agus dobhí an tighearna maille re Ióseph, agus dobhí na dhuine shona: agus dobhí sé a ttigh a mhaighistir an Tégipteach.

3 Agus dochonnairc a mhaighistir go raibh an tighearna maille ris, agus go ttug an tighearna ar gach ní dá ndearna sé rath do bheith air na lámhuibh.

4 Agus fuáir Ióseph grása iona radharc, agus dorinne seirbhís dó: agus dorinne feithmheóir os cionn a thighe dhe, agus do chuir fá na láimh a raibh aige.

5 Agus tárla ónuáir fá ndéarna sé feithmheóir dhe na thigh, agus ós cionn a raibh aige, gur bheannuigh Día tigh a-Négiptigh air son Ióseph; agus dobhí beannughadh an tighearna air a raibh aige astigh, agus amuigh.

6 Agus do fhág sé a raibh aige a láimh Ióseph, agus níor bhfios dó éinní dá raibh aige féin, achd amháin an tarán do itheadh sé, agus do bhí Ióseph deaghmhaiseach sgíamhach.

7 Agus tárla a ndiáigh na neitheannso, gur leag bean a mhaighistir a súil air Ióseph, agus go ndubhairt sí leis; luigh liomsa.

8 Ach do dhiúlt seision sin, agus adubhairt re mnaói a mhaighistir; féuch, ní fearr dom mhaighistir créad atá agamsa sa tigh, agus do chuir sé a raibh aige fám lámhuibh.

9 Ní bhfuil duine is mó ná mé iona thigh; agud níor chonnuimh sé einní uaim, ach thusa, do chionn guir tú a bhean: cionnus fhéduimse marsin an tolc mórsa, agus an peacadh do dhénamh anaguidh Dé.

10 Agus tárla ar dobhí sisi lá air lá ag labhairt ré Ióseph, nach ar éist sé ría do luidhe lé no do bheith aice.

11 Agus tárla timchioll na huáire sin go ndeachuidh Ióseph don tigh do dhénamh a sheirbhíse, agus ní raibh aón duine do mhuinntir an tighe astigh annsin.

12 Agus dorug sisi ar éudach air, dá rádh; luigh liom: agus do fhág seision an brat na láimh, agus do theith, agus dochuáidh sé amach.

13 Agus tárla anuáir dochonnairc sisi gur fhág sé an téadach na láimh, agus gur theith amach;

14 Gur ghoir sí ar mhuinntir an tighe, agus do labhair sí ríu, agus do ráidh; féuchuidh, tug sé Eabhruigheach asteach do mhagadh oruinn: táinic sé asteach chugamsa do luighe liom, agus do ghoir misi na chomhairc go hárd.

15 Agus táinic dhesin anuáir dochúaluidh sé gur thóg misi mo ghuth ós áird, agus gur chomhairc mé, gur fhág a bhrath agum agus gur theith, agus gur imthigh sé amach.

16 Agus do chuir sí an téadach a ccumhdach láimh ría nó go ttáinig a tighearna asteach.

17 Agus do labhair sisi ris do réir na mbríatharso, dá rádh: an serbhíseach Eabhruigheach noch thuguis chuguinn, tháinig sé asteach chugamsa do dhénamh maguidh orum.

18 Agus tárla anuáir do thóg misi mo ghuth go hárd, agus do éigh mé, gur fhág sé a bhrath agam, agus gur theith sé amach.

19 Agus táinic assin anuáir dhochúaluidh a mhaighistir bríathra a mhná noch do labhair sí ris, dá rádh, marso dorinne do sheirbhíseach rium, go raibh a fhearg ar lasadh.

20 Agus do ghlac maighistir Ióseph é, agus do chuir a bpríusún é, an áit a rabhadur príusúnuigh an Rígh ceanguilte; agus dobhí sé annsin a bpríosún.

21 Ach dobhí an tighearna re Ióseph, agus do thaisbéin grása dhó, agus tug fabhar dhó a lathair fhircoimhéud an phríusúin.

22 Agus tug fearcoimhéd an phriosuin fá láimh Ióseph na príosúnuigh uile, noch dobhí san phríosún; agus gidhbé ar bith donidís annsin, dobeision doníodh é.

23 Ní fhéuchadh fearcoimhéd an phríusúin do ní ar bith dá raibh fá na láimh: do chionn go raibh an tighearna maille rision; agus gach ní dá ndéanadh sé go gcuireadh an tighearna rath air.

1 Agus tárla a ndiáigh na neitheso gur chuir buitléir agus báicéir Rígh na Hégipte fearg ar a ttighearna Rígh na Héigipte.

2 Agus do fearguidheadh Pháraó andaghuidh deisi dá oificeachuibh, anaghuidh an phriomhbhuitléir agus an phríomhbháicéir.

3 Agus do chuir sé a láimh íad a ttigh Chaiptín an ghárda, don phríosúin, anáit a raibh Ióseph a láimh.

4 Agus do chuir Caiptín an ghárda a gcúram ar Ióseph, agus dobhí ag foghnamh dhóibh, agus dobhádur seal a bpríusún.

5 Agus dochoncadur araón aisling, gach aón aca aisling féin an énoidhche, gach neach aca do réir fhriotail a aislinge; buitléir agus báicéir Rígh na Hégipte, noch dobhí ceanguilte san phríusún.

6 Agus táinig Ióseph asteach chugtha ar maidin, agus do fhéuch orra, agus féuch dobhádar go dubhach.

7 Agus do fhiafruigh sé doificeachuibh Pháraó dobhí na fhochair a gcoimhéud tighe a thighearna, ag rádh: créad fa bhfuiltísi comhdubhach sin aniugh.

8 Agus adubhradursan ris, dochoncamar aislinge, agus ni bhfuil fear a ccíalluighe aguinn. Agus adubhairt Ióseph riú, nach ré Día bheanas ciallughadh? guidhim sibh, innisidh dhamhsa íad.

9 Agus do innis an táirdbhuitléir a aisling do Ióseph, agus adubhairt ris: ann maislinge, féuch, dobhí fíneamhuin ar maghuidh.

10 Agus annsa bhfíneamhuin dobhádur trí beangáin, agus (dobhí) amhuil dobiadh ag scinneadh amach, agus go raibh a bhláth ag teachd amach, agus go ttugadur a ttríopuill caóra apuighe uatha.

11 Agus dobhí cupán Pháraó am láimhsi, agus do ghlac mé na grápuighe, agus dfáisg me a ccupán Pháraó íad, agus tug mé an cupán a láimh Pháraó.

12 Agus adubhairt Ióseph ris, aséso a chíallsin: na trí beangáin is trí lá íadsin.

13 Gidheadh faói chionn trí lá fós toigeóbhuidh Pháraó do cheann súas, agus cuirfidh ad áit féin tú, agus dobhéura tú cupán Pháraó na láimh, do nós an chéd mhodha anuáir dobhí tú ad bhuitléir aige.

14 Ach cuimhnigh ormsa anuáir beathar go maith agad, agus guidhim thú taisbéin cineal damh, agus cuimhnigh do Pháraó mé agus beir amach as a tighsi mé.

15 Oir as dearbh gurab é mo ghoid as crích na Neabhruidheach dorinneadh, ni dhearna mé éinní annso mar an gcéadna as a ccuirfidís annsa charcairsi mé.

16 Anuáir dochonnuirc an tárdbháicéir gur mhaith brí na haislinge, adubhairt sé ré Ióseph, dobhí misi mar an gceadna am aisling, agus féach dobhí agam tri cléibhínigh bána ar mo chionn.

17 Agus annsa chléibhín uachdarach dobhí an uile sórt bídh bhácalta do Pháraó, agus adúadar anéunlaith íad dom chionn as na cléibhínibh.

18 Agus do fhreagair Ióseph agus adubhairt: séso a chíallsin: na trí cléibinigh trí lá íadsin.

19 Gidheadh faói chionn thrí lá fós toigeóbhuidh Pháraó do cheann uáitsi, agus crochfuidh sé as crann thú., agus iósuidh anéunlaith thfeóil díot.

20 Agus tárla an treas lá, noch ba lá beartha Pháraó, go ndearna sé féusta dá sheirbhíseachuibh uile, agus gur thóg súas ceann an árdbhuitleir agus an árdbháicéir a measc a sherbhíseach.

21 Agus do aisigh sé an tárdbhuitléir chum a bhuitléireachda arís: agus tug sé an cupán a láimh Pháraó

22 Ach do chroch sé an tárdbháicéir, mar do innis Ioseph dhóibh.

23 Gidheadh níor chuimhnigh an tárdbhuitléir air Ióseph, ach do dhearmuid se é.

1 Agus tárla a gcionn dá bhliadhan iomlán go bhfaca Pháraó aisling, agus féuch dobhí sé na sheasamh láimh ris an abhainn.

2 Agus féuch, tháinig ansíos as an abhuinn seachd mbath sgíamhacha, agus íad ramhar a bhfeóil, agus dobhádur ag ingheilt ar mhóinfhéar.

3 Agus féuch, tháinic na ndiáigh as an abhuinn seachd mbath eile, gránda, agus trúagh a bhfeóil, agus do sheasadur a bhfochair na mbó eile ar brúach na habhanna.

4 Agus dúadar na bath gránda feóiltruagha na seachd mbath bréaghdha reamhra; agus annsin do mhúsguil Pháraó.

5 Agus do choduil sé, agus dochonnairc sé aisling an dara huáir; agus féuch, tangadur seachd ndíasa arbha ar énchoinnlín mhéth agus mhaith.

6 Agus féuch tangadur seachd ndíasa tana caóla, arna ccaóchadh ón ngaóith ansoir, aníos na ndíaigh.

7 Agus do shluigeadar na seachd ndíasa tana caóla na seachd ndíasa ramhra lána, agus do mhúsguil Pháraó, agus féuch dob aisling é.

8 Agus tárla air maidin go raibh a spiorad buaidheartha; agus do chuir fios, agus do ghoir ar dhraóithib na Hégipte, uile, agus ar a daóinibh críonna, agus do innis Pháraó a aisling dhóibh, ach níor fríth aónduine do inneosadh a ccíall do Pháraó.

9 Annsin do labhair an tárdbhuitléir ré Pháraó ag rádh, cuimhighim mo lochda aniugh.

10 Dobhí Pháraó feargach réna sherbhíseachuibh, agus do chuir sé misi a bpríosún a ttigh chaiptín an ghárda, mé féin agus an tárdbháicéir.

11 Agus dochoncamair aisling anéunoidhche amháin, misi agus eision do taidhbhreadh da gach neach aguinn do réir idirmhinighe a aislinge féin.

12 Agus dobhí ionar bhfochair annsin óganach Eabhruidheach, serbhíseach chaiptín an ghárda, agus do innisiomar dhó ar naislingidh, agus do fhoillsigh cíall ar naislingidh dhúinn, do gach aón aguinn do réir a aislinge.

13 Agus tárla, do réir mar do fhoillsigh sé dhúinn gur marsin dobhí: do fhill Pháraó misi arís chum moifige, agus do chroch sé eision.

14 Annsin do chuir Pháraó fios, agus do ghoir ar Ioseph, agus tugadar léo é go deifreach amach as an bpríosún, agus do bhéarr seision agus táinic asteach go nuige Pháraó.

15 Agus adubhairt Pháraó re Ioseph, dochonnairc mé aisling, agus ní bhfuil neach fhédus a heidirmhíniughadh, agus dochúala mé teachd ortsa go ttuigeann tú aisling chum a heidirmínighe.

16 Agus do fhreagair Ióseph Pháraó dá rádh, ní hionnamsa atá sin: dobéura Día do Pháraó freagra shíothchánta.

17 Agus adubhairt Pháraó re Ióseph: ann maisling féuch, do sheas mé ar bhruach na habhanna.

18 Agus féuch, tháinig ansíos as an abhuinn seachd mbath ramhra feólmhara sgíamhacha, agus dobhádur ag inghilt ar léana.

19 Agus féuch, tangadur seachd mbath eile amach na ndíaigh, trúagha ghránda, teircfheólach, a leithéid nach bhfaca mé ríamh ar feadh chríche na Hégipte ar olcas.

20 Agus a dúadar na bath trúagha gránna súas na seachd mbath ramhrasin.

21 Agus anuáir a dúadar súas íad, ní raibh a fhios a nduadar íad, ach do bhádur gránna do ghnáth mar dobhádar ó thús: annsin do mhúsguil mé.

22 Agus dochonnairc mé ann maisling, agus féuch tháinic as aónchoinnlín amháin seachd ndíasa iomlán, agus maithe.

23 Agus féuch, tháinic súas na ndíaighso seachd ndíasa críona tana, agus ar na ccaóchadh ón ngaóith ansoir.

24 Agus do shluigheadur na díasa tana na seachd ndíasa maithe; agus do innis mé so do na draóithibh, ach ní frith éunduine dfoillseochadh a mbrígh dhamh.

25 Agus adubhairt Ióseph re Pháraó; is ionann aisling Pháraó: do fhoillsigh Día do Pháraó an ní as mían leis do dhéunamh.

26 Na seachd mbath maithe is seachd mblíadhna iad, agus na seachd ndíasa maithe, is seachd mbliadhna íad; is ionann a naisling.

27 Agus na seachd mbath tana gránna tháinic ansíos na ndiáigh, is seachd mblíadhna íad; agus na seachd ndíasa folmha, buáilte on ngaóith ansoir, budh seachd mbliadhna gorta íad.

28 Aséso an ní dubhairt mé re Pháraó: an ní is áil le Día do dhénamh atá sé agá fhoillsiughadh do Pháraó.

29 Bíodh a fhios agad go bhfuilid seachd mblíadhna mórthórrthacha ag teachd ar feadh chríche na Hégipte uile.

30 Agus éiréochuid na ndiáighsin seachd mbliadhna gorta, agus dearmadfuighear an fhairsinge uile a gcrích na Hégipte, agus millfidh an ghorta an talamh.

31 Agus ní bá fios an líonmhuire sa tír, do bhrígh na gortasin thigh na dhiáigh; óir biáidh séso rothrom.

32 Agus do chionn gur dúbluigheadh an aisling do Pháraó fá dhó; is uimesin gur cinneadh an chúis lé Día, agus dobhéra a ccrích é go goirid.

33 Anois uimesin, faghadh Pháraó duine discréideach críonna, agus cuireadh é ós cionn chríche na Hégipte.

34 Dénadh Pháraó marso, agus orduigheadh sé oifigidh ós cionn na críche, agus tógbhadh an cúigeadh cuid do chrích na Hégipte, annsna seachd mblíadhnuibh tóirrteacha.

35 Agus cruinníghedís uile beatha na mbliadhan maithsin dothiocfas, agus cuiredís arbhar a dtaisge faói láimh Pháraó, agus cumhduighedís beatha annsna caithreachaibh.

36 Agus biáidh an lónnsin na stór ag an talamh anoirchill sheachd mbliadhan na gorta, noch bhías a ttalamh na Hégipte; ionnus nach aidhmhillfidh an talamh tríd an ngortasin.

37 Agus do thaitin an nísin ré Pháraó: agus réna sherbhíseachuibh uile.

38 Agus adubhairt Pháraó rena mhuinntir, an féidir dhúinn duine ann a bhfuil spiorad Dé mar é dfagháil?

39 Agus adubhairt Pháraó ré Ióseph do chionn gur thaisbéin Día so uile dhuitsi, ní bhfuil duine is discréidighe agus is críonna ná thú féin.

40 Biáidh tú os cionn mo thighe, agus is réir do bhréithre bhías riaglúghadh mo dhaóine uile: ann mo chathaóir ríogha amháin bhías mé níis mó ná thú.

41 Agus adubhairt Pháraó ré Ióseph; féuch do chuir mé ós cionn críche na Hégipte uile thú.

42 Agus do bhean Pháraó a fháinne dá láimh, agus do chuir sé ar láimh Ioseph é, agus do chuir sé culaidh shíoda uime, agus do chuir slabhra óir fa na brághuid.

43 Agus tug air dul air marcuigheachd san dara carbad dobhí aige: agus do fhúagradar roimhe, fillidh bhar nglún: agus dorinne sé úasarán dhe ós cionn críche na Hégipte uile.

44 Agus adubhairt Pháraó ré Ióseph: is misi Pháraó, agus gan tusa ní thoigeobhuidh énduine a lámh ná a chos súas a ttalamh na Hégipte uile.

45 Agus do ghoir Pháraó mar ainm do Ióseph Saphnat-Phaaneah, agus tug sé mar mhnaói dhó Asénat inghean Photipherah sagart On: agus dochuáidh Ióseph amach ar feadh chríche na Hégipte uile.

46 Agus dobhí Ióseph tríochad blíadhan daóis anuáir do sheas sé a lathair Pháraó Rígh na Hégipte: agus dochuáidh Ioseph amach as fiaghnuisi Pháraó, agus dochuáidh ar feadh críche na Hégipte.

47 Agus annsna seachd mbliadhnuibh tóirrtheacha tug an talamh toradh úadh na dhornánuibh.

48 Agus do chruinnigh seision súas beatha na seachd mbliadhan noch do bhí a ttalamh na Hégipte, agus do chuir an bheatha a ttaisgidh annsna caithreachuibh, toradh na bhfearann dobhí gach éntaóibh fágcuairt gach énchaithreach do chuir sé a ttaisgidh innte féin é.

49 Agus do chruinnigh Ióseph arbhar mar ghainimh na fairge, rómhórán, nó go ndeacuidh sé ó chomháireamh, óir níorbhféidir a áireamh.

50 Agus rugadh días mac do Ióseph suil thangadar blíadhna na gorta, noch rug Asénat inghean Photiphera, sagart On, dó.

51 Agus tug Ioseph Manasseh dainm ar an ccéidhghin; óir dothug Día orum, air sé, mo uile shaóthar, agus tigh máthar uile do dhearmad.

52 Agus tug sé Ephraim dainm ar an dara fear: óir dorinne Día síolmhar mé a ttalamh mo bhuaidhridh.

53 Agus do críochnuigheadh na seachd mblíadhna tóirrtheacha dobhí a ttalamh na Hégipte.

54 Agus do thosuigheadar seachd mblíaghna na gorta teachd mar adubhairt Ióseph; agus dobhí an ghorta ann gach uile thír; ach dobhí arán a ttalamh na Hégipte uile.

55 Agus anuáir dobhí gorta a gcrích na Hégipte do éighmheadar na daóine ar Pháraó díarruigh aráin air: agus adubhairt Pháraó ris na Hégiptibh uile: imthighidh dionnsuighe Ióseph, dénuidh an ní adéra sé ribh.

56 Agus dobhí an gorta ar aghuidh na talmhan uile, agus do oscuil Ióseph tighthe an stórúis uile, agus do reac ris na Hégiptibh: agus do fhás an ghorta go trom a gcrích na Hégipte.

57 Agus táinig an uile thír go Ióseph don Egipt do cheannach arbha, do chionn go raibh an ghorta chomhthromsin ann gach entír.

1 An uáir dochonnairc Iácob go raibh arbhar sa Négipt, adubhairt Iácob ré na chloinn: créud fa bhfuiltí ag féchuin ar a chéile.

2 Agus adubhairt seision, féuch dochúala mé go bhfuil arbhar sa Négipt: éirgidh síos annsin, agus ceannchaidh dhúinn assin ionnus go mairfeam, agus nach bhfuigheam bás.

3 Agus dochuadar deithneamhar dearbhráthar Ióseph síos doNégipt do cheannach arbha.

4 Ach níor chuir Iácob Beniamin, dearbhrathair Ióseph, le na dearbhráithribh; óir adubhairt sé, ar eagla go nimeochadh tubuiste air.

5 Agus tangadar mic Israel do cheannach arbha a measc na ndaóine tháinic: óir dobhí an ghorta a ttír Chánaain.

6 Agus dobé Ióseph dob uachdarán ós cionn na tire uile, agus is eision do reacadh ré daóinibh na tíre uile: agus tangadar dearbhráithre Ióseph, agus do umhluigheadur íad féin dá lathair le na naighthibh go talamh.

7 Agus dochonnairc Ióseph a dhearbhráithre, agus do aithin íad, ach do chonnaimh é féin úatha, agus do labhair go garbh ríu: agus adubhairt ríu, cáit as a ttangabhairsi? Agus adubhradarsan as tír Chánaain, do cheannach bídh.

8 Agus do aithin Ióseph a dhearbhráithre, agus níor aithnigheadursan eision.

9 Agus do chuimhnigh Ióseph air an aisling dochonnairc sé na ttimchiollsan, agus do ráidh ríu, is luchd bratha sibh, tangabhair d féchuin édaingneach na tíre.

10 Agus adubhradursan ris, ní headh a thighearna, ach do cheannach bídh tangadar do sherbhísigh.

11 Is clann énathar sinn uile: is daóine fírinneacha sinn, ní luchd bratha do sherbhísigh.

12 Agus adubhairt seision ríu, ní headh ach is dféachuin édaingneach na tíre thángabhair.

13 Agus adubhradarsan, atáid do sherbhísigh dá fhear dhéag do dhearbhráithribh, mic énduine amháin a ttír Chánaain; agus féuch, atá an mac as óige a bhfochair ar nathar, agus aón mhac nach bhfuil.

14 Agus adubhairt Ióseph ríu, sésin an ní do labhair mé ribh, dá rádh, is luchd bratha sibh.

15 Is marso dearbhochar sibh: dar anum Pháraó, ni reachthaói amach asso, muna ttí bhur ndearbhrathair as óige annso.

16 Cuiridh duine aguibh ar siubhal, agus tugadh sé bhur ndearbhrathair leis, agus coinneochthar sibhsi a bpríosún nó go ndearbhthar bhur mbríathar, an bhfuil fírinne ionnuibh: nó dar anum Pháraó, go dearbhtha is luchd bratha sibh.

17 Agus do chuir sé íad uile a bpríosún go ceann thrí lá.

18 Agus adubhairt Ióseph ríu an treas lá, dénuigh marso, agus mairidh: óir atá eagla Dé orum.

19 Mas daóine fírinneacha sibh, fágbhuidh aón da bhur ndearbhráithribh a ttigh bhur bpríosún: imthighidhse, beiridh arbhar libh ar son gorta bhur ttighthe.

20 Ach tuguidh bhur ndearbhrathair as óige chugamsa, marsin fhíorfuighear bhur mbríathra, agus ní bhfuighthí bás: agus dorinneadar amhluidhsin.

21 Agus adubhradur eatorra féin, atámaóid go deimhin cionntach a ttaóbh ar ndearbhrathar, do bhrígh go bhfacamar doilghios a anma anuáir do ghuidh sé sinn, agus nar éisdeamar ris; is uimesin tháinig an mhairgse oruinn.

22 Agus do fhreagair Reuben íad, dá rádh, nach ar labhair misi ribh, dá rádh, ná peacuighidh anaghaidh an leinimh, agus níor éisdeabhair ríum? ar an adhbharsin féuchuidh mar an ccéadna, atá a fhuil dá leanmhuin oruibh.

23 Agus ní raibh a fhios aca gur thuigh Ióseph íad; óir is lé fear edirmhínighthe do labhair sé ríu.

24 Agus do iompoigh a chúl ríu, agus do ghuil sé; agus do fhill ora arís, agus dobhí ag comhrádh ríu, agus rug sé Símeon úatha, agus do cheanguil as coinne a súl.

25 Annsin do aithin Ióseph a saic do líonadh, agus cuid airgid gach nduine aca do chur na shac féin, agus lónn do thabhairt dóibh chum na sligheadh; agus is marso dorinne sé ríu.

26 Agus do ualuigheadar a asail leis an arbhar, agus do imthigheadur as sin.

27 Agus anuáir do oscuil fear aca a shac do thabhairt próantair dá asal sa tigh ósda, dochonnairc sé a chuid airgid: óir féuch dobhí sé a mbéul a tsaic.

28 Agus adubhairt sé rena dhearbhraithribh, do haisigeadh mo chuid airgid; agus féuch atá sé ann mo shach: agus do laguidh sin a ccroidthe, agus dobhí eagla orra, dá rádh eaturra féin, créad an nísi dorinne Día rinn.

29 Agus tangadur go Iácob a nathair go tír Chánaain, agus do inniseadur dó gach ní dá ttárla dhóibh, dá rádh.

30 An té is tighearna ar an tír, do labhair sé go garbh rinn, agus do ghlac sinn mar luchd bratha ar an dtír.

31 Agus adubhramairne ris: is daóine fírinneacha sinn, ní luchd bratha sinn.

32 Ataóimid dá fhear dhéag do dhearbhráithribh mic ar nathar, atá aón mhac nach bhfuil, agus atá an mac is óige san ló aniugh a bhfochair ar nathar a ttír Chánaain.

33 Agus an tóglach, tighearna na tíre, adubhairt sé rinn, as marso aitheónus mé gur daóine fírinneacha sibh: fágbhuidh aón dá bhur ndearbhráithribh agamsa annso, agus beiridh beatha libh ar son gorta bhur tteaghlach, agus bithí ag imtheachd.

34 Agus tugaidh bhur ndearbhráthair is óige chugamsa: annsin aitheónus mé nach luchd bratha sibh, ach gur daóine fírinneacha sibh: marsin dobhéura mé bhur ndearbhráthair dhíbh, agus dogheabhthaói ceannuigheachd sa tír.

35 Agus tárla anuáir do fholmhuigheadur a saic, go raibh ceanglachán airgid gach énduine ann a shac féin: agus anuáir dochonacadar féin, agus a nathair na ceanglacháin airgid, dobhí eagla orra.

36 Agus adubhairt Iácob a nathair ríu, do bheanabhair mo chlann díom, ní bhfuil Símeon, agus béurthaói Beniamin uáim: atáid na neithe si uile amaghuidh.

37 Agus adubhairt Reuben réna athair da rádh, marbh mo dhías macsa, muna ttuga mé chugad é: tabhair am láimhsi é, agus dobhéura mé chugad arís é.

38 Agus adubhairt seision, ní racha mo mhacsa libh síos: óir déug a dhearbhráthair, agus do fágbhadh eision na aónar; má bheanann tubuisde dhó sa tslighe ann a rachthaóisi, annsin béurthaói mo ghrúag líathsa maille le dóbrón chum na huáighe.

1 Agus dobhí an gorta go romhór sa tír.

2 Agus tárla anuáir adúadar an tarbhar, noch tugadar as an Hégipt, go ndubhairt a n athair ríu, éirghidh ceannchuid dhúinn beagán bídh.

3 Agus do labhair Iúdah ris, ag rádh, do dhearbh an tóglach dhúinn, ag rádh, ní fhaicfidhe mo ghnúis muna ttucthaói bhur ndearbhrathair libh.

4 Má chuirionn tusa ar ndearbhrathair linn racham síos agus ceinneacham beatha dhuit.

5 Achd muna ccuire tú linn é, ní racham síos: óir adubhairt an tóglach rinn, ní fhaicfidhe mo ghnúis, muna raibh bhur ndearbhrathair libh.

6 Agus adubhairt Israel, créd as a ndearnabhar an tolcso oram, gur inniseabhair donóglach go raibh dearbhráthair eile aguibh?

7 Agus adubhradarsan, do fhíafruigh an tóglach go crúádhógach dhínn, ar staid, agus ar gcinéul, ag rádh an bhfuil bhur nathair beó fós? an bhfuil dearbhrathair eile aguibh? agus do innisimairne dhó réir bríghe na mbríatharsa: narbhféidir dhúinn a dheairbhfios do bheith aguinn, go naibéoradh sé, tughaidh bhur ndearbhrathair libh.

8 Agus adubhairt Iúdah re hIsrael, a athair, cuir an leanamh liomsa, agus éireócham, ionnus go mbíam beó, agus nach égfam, sinn féin, agus tusa, agus ar naós óg.

9 Biaidh misi anurrudhas duit air; as mo láimhsi íarrfas tú é; muna ttuga mé chugad, agus a chur as do choinne, annsin bíodh aithbhear go bráth orum.

10 Óir muna ndearnamaóis faddáil, is dearbh go mbemís anois air ar nais an dara huáir.

11 Agus adubhairt Israel a nathair ríu, más éigion a bheith marsin anois; dénuigh so; beirigh libh na tórrtha is férr sa tír ann bhur soithighibh, agus beiridh síos chum anóglaóich tiodhlachadh, beagán balma, agus beagán meala, spíosra, agus miorr, cnó agus almoinne.

12 Agus beiridh airgead dúbalta an bhur láimh, agus an tairgead tugabhair libh arís ambéuluibh bhur sac beiridh libh arís ann bhur láimh é; dobéidir gur mainneachdna é.

13 Beiridh libh mar an gcédna bhur ndearbhráthair: éirgidh, agus imthighidh arís gus anóglach.

14 Agus Día uilechumhachdach do thabhairt grás díbh a lathair an óglaóich, ionnus go ccuirfidh sé libh bhur ndearbhráthair eile, agus Beniamin: má chaillimsi mo chlann, do chaill mé mé féin.

15 Agus do ghlacadur na fir na tiodhlaicthe, agus do ghlacadar airgead dúbhalta na láimh, agus Beniamin; agus do éirgeadur súas, agus dochúadar síos don Hégipt, agus tangadur a lathair Ióseph.

16 Agus anuáir dochonnairc Ióseph Beniamin aca, adubhairt sé re feadhmannach a thighe, tabhair íadso dom thigh, agus marbh agus ullmuigh feóil; óir is agamsa íosaid so san meadhon laói aniugh.

17 Agus dorinne an tóglach mar adubhairt Ióseph ris: agus tug an tóglach na daóine asteach go tigh Ióseph.

18 Agus dobhí eagla ar na daóine do chionn mar tugadh asteach go tigh Ióseph íad: agus adubhradur, is ar son an airgid do filleadh ann ar sacuibh an chéad uáir, tugadh asteach sinn, go madh féidir ris cúis d íarruigh ar naghuidh, agus luidhe oruinn, agus ar nglacadh mar dhaóinibh daóra agus ar nassail.

19 Agus tangadur a bhfogus do fheadhannach tighe Ióseph, agus do labhradur ris ag dorus an tighe.

20 Agus dubhradur ris, ó a chara thangamar ansúas go deimhin an chéd uáir, do cheannach bídh.

21 Agus tárla dhúinn anuáir thangamar don tigh ósta, gur osglamar ar saic, agus féuch go raibh airgead gach aónduine aguinn a mbéul a shaic, ar nairgead a ccomhthrom iomlán: agus tugamar linn arís é n ar láimh.

22 Agus tugamar airgead eile linn n ar láimh do cheannach bídh: ní fearr dúinn cía chuir ar nairgead ann ar sacuibh.

23 Agus adubhairt seision, siothcháin maille ribh: ná bíodh eagla oruibh; bhur nDía, agus Día bhur nathar thug ionnmhus díbh ann bhur sacuibh; dobhí bhur nionnmhus agamsa: Agus tug sé Símeoin amach chugtha

24 Agus tug an tóglach na daóine asteach go tigh Ióseph, agus tug uisge dhóibh, agus do nígheadur a ccossa, agus tug bíadh da nassaluibh

25 Agus dorinneadur na tiodhlaicthe réidh a ccoinne Ióseph do theachd san mheadhon laói: óir dochúaladur go níosaidís arán annsin.

26 Agus anuair tháinig Ióseph dhá thigh tugadur chuige na tiodhlaicthe dobhí ann a láimh don tigh, agus do chlaónadur íad féin go talamh dhó.

27 Agus do fhíafruigh sé dhíobh an rabhas go maith aca, agus adubhairt sé, an bhfuil bhur nathair go maith? an seanduine air ar labhrabhair, an bhfuil sé beó fós.

28 Agus do fhreagradarsan, atá do sherbhíseach ar n athairne a sláinte mhaith, atá sé beó fós: agus do chromadar síos a ccinn, agus dorinneadur umhla.

29 Agus do thóg seision a shúile agus dochonnairc a dhearbhrathair Beniamin mac a mhathar, agus adubhairt, an éso bhur ndearbhrathair as óige air ar labhrabhair rium? agus adubhairt sé, go raibh Día grásamhuil duit a mhic.

30 Agus dorinne Ióseph deithneas, óir dobhí a chroidhe ag lúth re na dhearbhrathair; agus do íarr áit a ngiulfiodh, agus dochuáidh asteach dá sheomra, agus do ghuil annsin

31 Agus do ionnuil a aghuidh, agus dochúaidh amach, agus do chonnuimh air féin, agus adubhairt, cuir arán annso.

32 Agus do chuireadar ní rompa, dhósan leis féin, agus dóibhsion leó féin, agus do na Hégiptibh aduáigh na fhochair, leó féin, do chionn nar bhféidir do na Hégiptibh arán dithe leis na Heabhruighibh; óir is morghráin sin ag na Hégiptibh.

33 Agus do shuigheadur as a choinne an tí fá sine do réir a cheirt-beirte, agus an té dobóige do réir a ógántachd, agus dobhí iongnadh ag na daóinibh ann a chéile.

34 Agus do ghlac seision, agus do chuir míasa bídh chuca óna bhord féin: gidheadh fá mó oircheasachd Bheniamin chúig uáire ná cuid aónduine acasan: agus do ibheadar, agus dobhádur subhach aige.

1 Agus do aithin sé a thighe, ag rádh, líon saic na muinntiresin d arbhar, oireadh is fhéadfuidh do bhreith leó, agus cuir airgead gach énduine aca a mbéul a shaic féin.

2 Agus cuir mo chupánsa, an cupán airgid a mbéul shaic an tí as óige, agus airgead a arbha: agus dorinne sé do réir an focail adubhairt Ióseph ris.

3 Agus comhlúath as déirghe an lá, do cuireadh na daóine ar siubhal, íad féin agus a n assail.

4 Agus anuáir dochuadar amach as an gcathruigh, agus nach deachadur a bhfad fós, adubhairt Ióseph rena fheadhmantach, éirigh súas, lean a ndíaigh na muinntire úd, agus anuáir bhéurus tú orra, abair ríu, cread fá ndearnabhair olc anaghuidh maitheasa.

5 Nach éso an cupán as a nibhionn mo thighearna deoch, agus go deimhin lé ndénann sé tairrgire: is olc dorinneabhair sin a dhénamh.

6 Agus dorug sé orra, agus do labhair sé ríu na bríathra céadna.

7 Agus adubhradur san ris, cread fá nabair mo thighearna na briathrasa? nar léigidh Día go ndéindís do sherbhísigh do réir an neithesi.

8 Féuch an tairgead fúaramar a mbéuluibh ar sac, tugamar chugadsa ansuas arís as tír Chánaain é: cionnus marsin do ghoidfemís as tigh do thighearnasa ór nó airgead?

9 Gidhbé ar bith dod sherbhíseachuibh agá bhfuighthear é, cuirthear eision chum báis, agus bímidne mar an gcéadna ar sclábhuidhibh ag mo thighearna.

10 Agus adubhairt seision, anois uimesin bíodh sé réir do bhríatharsa: gidhbé gá bhfuighthear é, biaidh na sherbhíseach agamsa, agus beithíse neimhchiontach.

11 Annsin do leagadur ansúas gach énfhear aca a shac féin. go luath go talamh, agus do oscuil gach énduine a shac.

12 Agus do spíon seision, agus do thosuigh ris an tí fá sine, agus do chríochnuigh ag an tí dobóige, agus dofríth an cupán a sac Bheniamin.

13 Annsin do reabadur a nédach, agus do chuir gach énduine a shac súas ar a asal, agus do fhilleadur don chathruigh.

14 Agus táinig Iúdah, agus a dhearbhráithre chum Ióseph (óir dobhí sé annsin fós) agus do léigeadur iad féin ar a talamh na fhiadhnuisi.

15 Agus adubhairt Ióseph ríu, cread an gníomhso dorinneabhair? nach bhfuil a fhios aguibh go bhfédann duine mar misi fáidheadoireachd do dhénamh.

16 Agus adubhairt Iúdah, créad adéram ream thighearna? créad láibheóram? nó cionnus ghlanfam sinn féin? do fhoillsigh Día écceart do sherbhíseach: féuch, is serbhíseach dhar thighearna sinne araón, agus an té ag ar frích an cupán.

17 Agus adubhairt sesion, nár léige Día go ndénuinnsi sin; achd an té ar fríth an cupán na láimh biáidh sé na sheirbhíseach agam; agus ar bhur sonsa éirgidh romhuibh súas go síothchánta a cceann bhur nathar.

18 Annsin táinic Iúdah a bhfogus dósan, agus adubhairt sé, oh a thighearna, guidhim thú léig dot sherbhíseachuibh focal do labhairt an éisdeachd mo thighearna, agus ná lasadh thfearg an aghuidh do sherbhísigh: óir is ionann tú agus Pháraó.

19 Do fhíafruigh mo thighearna dá serbhíseachuibh, ag rádh, an bhfuil athair nó dearbhrathair aguibh?

20 Agus adubhramairne rem thighearna, atá athair aguinn, seanduine agus leanamh rugadh dhó na aóis fhoirfe, leanamh beag: agus fuair a dhearbhrathair bás, agus do fágbadh é féin na aónar óna mhathair, agus atá grádh agá athair air.

21 Agus adubhairt tusa réd sherbhíseachaibh, tugaidh chugamsa ansúas é, ar chor go bhfaicfidh mé é dom shúilibh.

22 Agus adubhramairne rem thighearna ní fhédann an leanamh a athair d fágbháil, óir dá bhfágadh sé a athair dogheabha athair bás.

23 Agus adubhairt tusa réd sherbhíseachaibh, muna ttí bhur ndearbhrathair bhus óige libh ansuas, ní fhaicfidhe mo ghnúis níos mó.

24 Agus tárla anuáir dochúamairne súas a gcionn ar nathar, do sherbhíseach, gur inniseamar bríathra mo thighearna dhó.

25 Agus adubhairt ar nathair, éirgidh arís, agus ceannchuigh dhúinn beagán lóinn.

26 Agus adubhramairne, ní fhédmaóidne dul síos: má thigh ar ndearbhrathair is óige linn. annsin rachum síos: óir ní fheadmaóid aghuidh anóglaóich dfaicsin, muna raibh ar ndearbhrathair is óige linn.

27 Agus adubhairt do sherbhíseach, máthair, rinn; atá a fhios aguibh go rug mo bhean días mhac dhamh.

28 Agus dochuáidh duine aca amach uáim, agus adubhairt mé, is deimhin go ndérnadh greamanna dhe; agus ní fhaca mé ó shin é.

29 Agus má bhearthaói so uáim, agus go nimeochuidh tubaisde air, dobearthaói mo ghrúag líath maille ré doilghios síos chum na huaighe.

30 Anois uimesin anuáir thiocgas misi mar a bhfuil do sherbhíseach m áthair, agus nach bía an leanamh linn, ó atá a anamsan ceangailte an anam an leinimh:

31 Tiocfaidh assin anuáir dochífe sé nach biáidh an leanamh linn go bhfuighe sé bás: agus dobhéuruidh do sherbhísigh grúag líath ar nathar maille ré doilghios síos chum na huáighe.

32 Óir dochuaidh do sherbhíseach anurrudhas air an leanamh dom athair, ag rádh, muna ttugadh mé chugad é, biáidh aithbhear go bráth ag máthair orumsa.

33 Annois ar an adhbharsin, guidhim thú, chonnuimh do serbhíseach an áit an leinimh na sclábuidhe ag mo thighearna, agus léigthear don leanamh dul súas lena dhearbhráithribh.

34 Óir cionnus rachus misi súas go nuige máthair, agus gan an leanamh liom? deagla go tteigeómhadh go bhfaicfinn an dochar dothiocfadh ar m áthair.

1 Annsin níor fhéad Ióseph é féin do chongmháil a lathair ar sheas na fhochair: agus do éigh sé ag rádh, cuiridh gach énduine amach uáim, agus níor fhan énduine na fhochair, an feadh dobhí Ióseph ag léigean a aithne chum a dhearbhraithreach.

2 Agus do ghuil sé ós áird, agus dochúaladar na Hégiptigh, agus tigh Pháraó é.

3 Agus adubhairt Ióseph ré na dhearbhráithribh; as misi Ióseph, an bhfuil máthair beó fós? agus níor fhédadur a dhearbhráithre freagra do thabhairt air, óir dobhí buaidhreadh orra tré bheith na lathair.

4 Agus adubhairt Ióseph rena dhearbhráithribh, druidigh riom, iarruim mar athuinghidh oruibh; agus do dhruideadar leis, agus adubhairt seision, is misi Ióseph bhur ndearbrathair, noch do reacabhair doN égipt.

5 Annois uimesin ná bíodh doilghios oruibh nó fearg aguibh ribh féin fa misi do reic annso: óir is é Día do chuir misi romhuibh do chumhdach bhur mbeatha.

6 Oír as dá bhlíadhuin atá an ghorta sa tír, agus atáid fós chúig bhlíadhna gan teachd, ann nach bía treabhadh ná fóghmhar.

7 Agus do chuir Día misi romhuibhsi do choimhéud shleachda dhíbh san talamh, agus do choimhéud bhur mbeatha re tárrtháil mhóir.

8 Marsin anois nach sibhsi do chuir uaibh mé, ach Día, agus dorinne sé athair dhíomsa do Pháraó, agus tighearna ós cionn a thighe uile, agus uachdarán ar feadh chríche na Hégipte uile.

9 Déanuidhsi deithneas, agus éirgidh suas chum máthar, agus abruidh ris; is marso adeir do mhac Ióseph; dorinne Día tighearna dhíom sa ós cionn na Hégipte uile, tárr anúas chugamsa, na déna maill.

10 Agus áitreochuidh tú a bhfearann Gosen, agus biáidh tú láimh riomsa, tú féin agus do chlann, agus clann do chloinne, agus do thréda agus healbhadha, agus gach uile ní bhus leachd.

11 Agus oilfe mé thú annsin (óir atá fós chúig bhlíadhna gorta ann) d eagla go ttincfá féin agus do mhuinntir agus an uile ní bheanas riot chum bochduine.

12 Agus féchuidh dochíd bhur súile, agus súile mo dhearbhrathar Beniamín, gurob é mo bhéul atá ag labhairt ribh.

13 Agus inneostaói dom athair méid mo ghlóire sa-Négipt, agus gach einní dá bhfacabhair: agus dénuidh deithbhir, agus tugaidh máthair anúas annso.

14 Agus do luidh sé ar mhuinéul a dhearbhrathar Beniamin, agus do ghuil sé, agus do ghuil Beniamin ar a mhuinéulsan.

15 Os a cionnsin fós do phóg sé a dhearbhráithre uile, agus do ghuil arra: agus na dhiáighsin do chomhráidheadar a dhearbhráithre ris.

16 Agus do chlos a thuaruscbhail sin a ttigh Pháraó, ag rádh, tangadar dearbhráithre Ióseph: agus do thaithin sin go mór ré Pháraó, agus ré na sherbhíseachuibh.

17 Agus adubhairt Pháraó re Ióseph, abuir réd dhearbhráithribh dénuidh so: úaluighe bhur nainmhintighe, agus imthighidh suas go tír Chánaain.

18 Agus tuguidh libh bhur nathair, agus bhur muinntir, agus tigidh chugamsa: agus dobhéura mé dhíbh maitheas chríche na Hégipte, agus do gheabhthaói ré ithe do mhéthas na tíre.

19 Annois fuáir tú fúagra, dénuidh marso: beiridh libh carbuid as crích na Hégipte ar ceann bhur naós óg, agus ar ceann bhur mban, agus tugaidh bhur nathair libh, agus tigidh;

20 Mar an gceadna ná cuiridh suim an bhur náirnéis tighe, óir maitheas chríche na Hégipte uile is libhsi é.

21 Agus dorinneadur clann Israel marsin, agus tug Ióseph carbuid dhóibh do réir aithne Pháraó, agus tug lónn dóibh chum na sligheadh.

22 Dá gach aón aca fa leith tug sé aithearrach culadh: ach do Bheniamin tug sé trí chéad píosa airgid, agus cúig culuidheacha éaduigh.

23 Agus do chuir sé chum a athar ar an modhso; deich nassail ag iomchur neitheann maith na Hégipte, agus deich nassail bhainniona ag iomchur arba, agus aráin agus bídh dá athair chum na sligheadh.

24 Marsin do chuir sé a dhearbhráithre ar siubhal, agus do imthigheadur agus adubhairt sé ríu, coimhéduigh nach brisfe sibh amach ré chéile ar a tslighe.

25 Agus dochúadur súas as a NÉgipt, agus tangadur go tír Chánain go Iácob a nathair.

26 Agus do inniseadur dhó ag rádh, atá Ióseph beó fós, agus is é is uachdarán ós cionn chríche na Hégipte uile. Agus do lagadh croidhe Iácob: óir níor chreid sé íad.

27 Agus do inniseadur dó bríathra Ióseph uile noch do labhair sé ríu: agus anuáir dochonnairc sé na carbuid do chuir Ióseph dá iomchar, do aithbeoghuidh spiorad Iácob a nathar.

28 Agus adubhairt Israel; is lór sin, atá mo mhac Ióseph beó fós, rachuidh mé, agus dochífe mé é suil éugfad.

1 Agus do ghluáis Israel maille ris an uile ní dá raibh aige, agus táinic go Beerséba, agus dorinne iodhbuirt do Dhia a athar Isaac.

2 Agus do labhair Día re Hisrael a ttaibhse na hoidhche, agus do ráidh, a Iácob, a Iácob: agus adubhairt seision, atáim annso.

3 Agus adubhairt sé, as misi Día, Día hathar: ná bíodh eagla ort dul síos doNégipt: óir dodhéana misi annsin díot cineadh mór.

4 Racha mé leachd síos doNégipt, agus dobhéura mé go deimhin mar an gcéadna ansíos arís thú: agus cuirfidh Ióseph a lámh ar do shúilibh.

5 Agus do éirigh Iácob súas ó Bheerséba, agus do iomchradar mic Israel a nathair Iácob, agus an aós óg, agus a mná, annsna carbuduibh chuir Pháraó dhá iomchur.

6 Agus rugadur leó a náirnéis, agus a maitheas, noch fuaradur a ttír Chánaain, agus tangadur doNégipt Iácob agus a shliochd uile leis.

7 A mhic, agus mic a mhac maille ris, agus a ingheana, agus ingheana a mhac, agus a shliochd uile tug sé leis doNégipt íad.

8 Agus as íadso anmanna chloinne Israel, noch dotháinic do Négipt, Iácob agus a mhic: Reuben cédghin Iácob.

9 Agus mic Reuben, Hanoch, agus Phallu, agus Hesron, agus Carmi.

10 Agus mic Shímeoin, Iemuel, agus Iamin, agus Ohad, agus Iachim, agus Sohar, agus Saul mac mná Cananítigh.

11 Agus mic Lébhi, Gerson, agus Cohat, agus Merári.

12 Agus mic Iúdah, Er, agus Onan, agus Selah, agus Pháres, agus Zárah: ach fuáir Er, agus Onan bás a ttír Chánain, agus mic Pháres dobíad Hesron, agus Hámul.

13 Agus mic Isachar, Tóla, agus Phúbhah, agus Iób, agus Simron.

14 Agus mic Sebulun, Sered, agus Elon, agus Iahleel.

15 Agus dobíadso mic Léah, noch rug sí do Iácob a bPadan-Aram maille re na hinghin Dínah: anmann a mhac, agus a inghean uile bá tríur ar tríochad íad.

16 Agus mic Ghad, Siphion, agus Hadgai, agus Esbon, agus Eri, agus Arodi, agus Áreli.

17 Agus mic Aser, Iimnah, agus Isuah, agus Isui, agus Bóriah, agus mic Bhériah, Héber, agus Malchiel.

18 Asíadso mic Silpah noch tug Lában da inghin Léah, agus rug sí íadso do Iácob, eadhon sé hanmanna déug.

19 Mic Rachel, bean Iácob, Ióseph, agus Beniamin.

20 Agus dorugadh a gcrích na Hégipte do Ióseph, Manasseh, agus Ephraim, noch rug Asenat inghean Photipherah sagart On dó.

21 Agus do mhic Bheniamin, Bélah, agus Bécher, agus Asbel, Géra, agus Náaman, Ehí, agus Ros, Muppim, agus Huppim, agus Ard.

22 As íadso mic Rachel, noch rugadh do Iácob, na hanmanna uile bá a ceathair déug íad.

23 Agus mic Dan, Hussim.

24 Agus mic Naphtali, Iasehel, agus Gúni, agus Iéser, agus Sillem.

25 As íadso mic Bhilhah, noch tug Lában dá inghin Rachel, agus rug sí íadso do Iácob, na hanmanna uile bá móirsheisior íad.

26 Na hanmanna uile noch tháinic lé Iácob doNégipt, noch tháinic amach as a fhordhronnuibh, taóbh amuigh do mhnáibh mhac Iácob, bá trí fichid íad agus a sé.

27 Agus mic Ióseph rugadh dhó sa-Négipt, bá dhá anum íad: an uile anum do thigh Iácob, noch tháinic doNégipt, ba trí fichid, agus a deich íad.

28 Agus do chuir sé Iúdah roimhe go Ióseph, do sheóludh a aighthe go díreach go Gosen, agus tanagadar go tír Ghosen.

29 Agus dorinne Ióseph charbad réigh, agus dochuáidh suas do theagmháil ar Israel a athair go Gosen, agus do thaisbéin é féin dó, agus do luigh ar a mhuinéul, agus do ghuil ar a mhuinéul tamall maith.

30 Agus adubhairt Israel ré Ióseph, annois faghaim bás ó chonnuirc mé do ghnúis, do chionn go bhfuil tú beó fós.

31 Agus adubhairt Ióseph ré na dhearbhráithribh, agus ré tigh a athar, racha misi súas, agus foillseochad do Pháraó, agus adéara mé ris; tangadur mo dhearbhráithre agus tigh mathar noch dobhí a ttír Chánaain, chugamsa:

32 Agus is aódhaireadha caórach íad, óir ís é bá ceird dóibh áirnéis do bheathughadh, agus tugadur a ttréda agus a shealbha leó, agus an uile ní dá bhfuil aca.

33 Agus teigeómhuigh anuáir ghoirfeas Pháraó sibhsi, agus adéra sé cred as ceird dhaóibh.

34 Abruidhsi dobí ceird do sherbhíseach bheith timchioll áirnéis ó ar nóige go ttí anois, sinn féin araón agus ar naithre, ionnus go n áitreochtaói a bhfearann Gosen: óir is gráineamhlachd an uile thréaduighe caórach ag na Hégiptibh.

1 Ansin táinic Ióseph, agus do innis do Pháraó, agus adubhairt, tangadur máthair agus mo dhearbhráithre, agus a ttréda, agus a n ealbhadha, agus a bhfuil aca as tír Chánaain, agus féuch atáid síad a bhfearann Gosen.

2 Agus rug leis cuid dá dhearbhráithribh eadhon cúigior dhíobh, agus do thaisbéin do Pháraó íad.

3 Agus adubhairt Pháraó réna dhearbhráithribh, créad as ceird dhaóibh? agus adubhradursan ré Pháraó, aódhairighe caórach do sherbhísigh, sinn féin araón agus ar naithre mar an gcéadna.

4 Adubhradursan fós re Pháraó, is do chomhnuidhe san bhfearann do thangamar: óir ní bhfuil féur ag ad sherbhíseachuibh dhá náirnéis, óir atá an ghorta go trom a ttír Chánaain; anois dá bhrígh sin iarrmaóid dathchuinge ort, tabhair áitreabh dot sherbhiseachuibh a bhfearann Gosen.

5 Agus do labhair Pháraó ré Ióseph ag rádh, thangadur hathair agus do dhearbhráithre chugad.

6 Atá críoch na Hégipte as do choinne: annsa chuid is férr don tír cuir hathair agus do dhearbhráithre na gcomhnuighe, áitreabhaidís a bhfearann Gosen: agus más aithne dhuit aónduine cumusach na measg, ann sin déna uachdarán díobh ós cionn máirnéisi.

7 Agus tug Ióseph Iácob a athair asteach, agus do shuighidh é as choinne Pháraó, agus do bheannuigh Iácob Pháraó.

8 Agus adubhairt Pháraó ré Iácob, cá haóis tú?

9 Agus adubhairt Iácob ré Pháraó, bliadhna laéthe moilithre is céad agus tríochad bliadhan íad: fá tearc agus fá holc láethe bliadhna mo bheatha, agus ní ráinic mé láethe bliadhna bheatha maithreach, a laethibh a noilithresion.

10 Agus do bheannuigh Iácob Pháraó, agus dochuaidh sé amach as fiaghnuise Pháraó.

11 Agus do áitigh Ióseph a athair agus a dhearbhráithre, agus tug sealbh dhóibh a ccrích na Hégipte, san chuid dobféarr don dúthaigh, a bhfearann Rameses, mar do aithin Pháraó dhe.

12 Agus do oil Ióseph a athair agus a dhearbhráithre, agus muinntir thighe a athar uile lé harán do réir a muinntire.

13 Agus ní raibh arán ar bith san tír uile, óir dobhí an ghorta ro throm, ionnus gur hanbhfainneadh críoch na Hégipte, agus tír Chánaain uile do bhrígh na gorta.

14 Agus do chruinnigh Ióseph súas an uile airgead fríth a ccrích na Hégipte agus a ttír Chánaain ar son anarbha do cheannchadur, agus tug Ióseph an tairgead asteach go tigh Pháraó.

15 Agus an tan do thraóth an tairgead a ccrích na Hégipte, agus a ttír Chánaain, tangadur na Hégiptigh uile chum Ióseph, agus adubhradur, tabhair dhúinn arán; óir cread fa bhfuighemis bás ad fhiaghnuisi? óir do imthigh an tairgead uáinn.

16 Agus adubhairt Ióseph ríu, tugaidh bhur náirnéis uaibh, agus dobhéura misi beatha dhíbh ar son bhur náirnéisi, má dfaillidh an tairgead oruibh.

17 Agus tugadur an áirnéis go Ióseph, agus tug Ióseph arán dóibh ar a neachuibh, agus ar a ttréduibh, agus ar áirnéis a nealbhann, agus ar a nassaluibh, agus do bheathaidh sé íad le harán ar son a náirnéisi uile ar feadh na blíadhnasin.

18 Anuair do críochnuigheadh an bhlíadhuinsin, tangadur chuige an dara blíadhuin, agus adubhradur ris, ní cheilfiom ar mo thighearna gur caitheadh ar gcuid airgid, fuáir ar ttighearna mar an gceadna ar ttréda áirnéise; níor fágbhadh éinní aguinn a lathair ar ttighearna achd ar gcuirp agus ar bhfearann.

19 Uimesin cread fá bhfuighemis bás a bhfiaghnuisi do shúl, sinn féin araón agus ar bhfearann ar arán, agus bíam féin agus ar bhfearann ar serbhíseachuibh ag Pháraó: agus tabhair síol dúinn ar chor go maiream, agus nach bhfuigheam bás, agus nach bía an fearann na fhásach.

20 Agus do cheannuigh Ióseph fearann na Hégipte uile do Pháraó, óir do reacadar na Hégiptigh gach énduine dhíobh a fhearann do chionn go rug an ghorta buáidh orra: marsin tháinic an fearann chum Pháraó.

21 Agus ar son na ndaóine, do athruigh sé íad do na caithreachuibh ó chean(n) bhruáich na Hégipte, go nuige an ceann eile dhi.

22 Amháin fearann na sagart níor cheannuigh sé é, óir dofuaradar na sagart comhroinn ó Pháraó, agus adúadur a ccomhroinn noch tug Pháraó dhóibh; uimesin níor reacadur a bhfearann.

23 Annsin adubhairt Ióseph ris an bpobal, féuchuigh do cheannuigh mé aniugh sibh féin agus bhur bhfearann do Pháraó; féuchuidh agsin síol aguibh, agus cuirfidhe an fearann.

24 Agus tiucfaidh a ccrích annsa mbiseach, go ttiubharthaói an cúigeadh cuid do Pháraó, agus biaidh cheithre chuid aguibh féin, chum síl an fearainn, agus chum bhur mbeatha, agus do mhuinntir bhur ttighe, agus mar bheatha dá bhur leanbuibh?

25 Agus adubhradarsan, do shábháil tú ar mbeatha: fágmaóid grása a radharc mo thighearna, agus biamaóid ar serbhíseachaibh ag Pháraó.

26 Agus dorinne Ióseph sin na dhligheadh ar feadh chríche na Hégipte gus aniugh, go bhfuighe Pháraó an cúigeadh cuid, achd amháin fearann na sagart, noch nach ráinic chum Pháraó.

27 Agus dobhí Israel na coimhnuighe a gcrích na Hégipte a bhfearann Gosen, agus dobhádur sealbha dúthaigh aca annsin, agus do fhásadur, agus do líonadur go hiomadamhuil.

28 Agus do mhair Iócob a gcrích na Hégipte seachd mblíadhna déug: marsin gurbh í aóis iomlán Iócob, céd agus dá fhichead agus seachd mblíadhna.

29 Agus do dhruid aimsir bháis Israel a ngar, agus do ghoir sé a mhac Ióseph, agus adubhairt sé ris: má fuair mé anois grása ad radharc, iárruim mar athchuinghe ort, cuir do lámh faóim ladhairg, agus déna go cinealta fírinneach riom; iárruim dathchuinge ort, ná hadhlaic mé sa Hégipt.

30 Ach luidhfidh mé a bhfochair mo aithreach, agus béura tusa leachd mé as a Négipt, agus adhluic mé a náit a nadhlaicthesion; agus adubhairt seision, dodhéna mé mar adubhairt tú.

31 Agus adubhairt seision, tabhair do mhionna dhamh; agus tug sé a mhionna dhó: agus do chlaón Israel é féin ar cheannadhairt na leaptha.

1 Agus tárla a ndíaigh na neitheannso, gur innis duine do Ióseph, féuch atá hathair tinn; agus rug sé leis a dhías mac, Manasseh agus Ephraim.

2 Agus do innis duine do Iácob, agus adubhairt, féuch, atá do mhac Ióseph ag teachd chugad: agus do neartuigh Israel é féin, agus do shuigh ar a leabuidh.

3 Agus adubhairt Iácob ré Ióseph, do fhoillsigh Día uile cumhachdach é féin damh a Lus a ttír Chánaain, agus do bheannuigh sé mé.

4 Agus adubhairt sé rium, féuch dodhéna mé tóirrtheach tú, agus méideóchuidh mé thú, agus dodhéna mé dhíot iomad daóine, agus dobhéura mé an dúthaidhsi dod shíol ad dhiáigh mar sheilbh shíorruidhe.

5 Agus anois do dhías mac, Ephráim agus Manasseh dorugadh dhuit a gcrích na Hégipte suil tháinig misi chugad doNégipt, is liomsa iad, mar Reuben agus Simeon is fá liomsa íad,

6 Agus do chlann noch béurthar dhuit na ndiaigh budh leachd féin iadsin; agus goirfighear íad do réir anma a ndearbhráithreach ann a noighreachd.

7 Agus ar mo shonsa anuair tháinic mé ó Pháraó, fúair Rachel bás agum a ttír Chánaain annsa tslighe, anuair nach raibh ach beagán sligheadh re teachd go Héphrat: agus do adhluic mé annsin í, ar slighe Ephrath, agus s ésin féin Betelem.

8 Agus dochonnairc Israel mic Ióseph, agus adubhairt, cía híadso?

9 Agus adubhairt Ióseph ré na athair, mo mhicse iadso, noch tug Día dhamh annsanáitsi: agus adubhairt seision, tabhair chugam iad, iarruim ort, agus beinneochuidh mé íad.

10 (Anois do bádur súile Israel trom ó aóis, ionnus nach raibh radharc aige) agus tug sé a ngar dhó íad, agus do phóg sé íad, agus do theann ris íad.

11 Agus adubhairt Israel re Ióseph: níor shaóil misi go bhfaicfinn do ghnúis go bráth, agus féuch tug Día dhamh radharc fós air do shíol.

12 Agus tug Ióseph amach ó idir a dhá ghlún íad, agus do chlaón é féin gon a aghuidh chum na talmhan.

13 Agus do ghlac Ióseph íad araón Ephráim ann a láimh dheis leath ré láimh chlí Israel, agus Manasseh ann a láimh chlé leath re láimh dheis Israel, agus tug sé a bhfogus dó íad.

14 Agus do shín Israel a lámh dheas amach, agus do chuir ar cheann Ephraim í, eadhon an mac budh óige, agus a lámh chlé ar ceann Manasseh, ag tréorughadh a lámh go gérchúiseach; óir dobé Manasseh dorugadh ar ttús,

15 Agus do bheannuigh sé Ióseph, agus adubhairt; Día ós cuinne ar shiobhail mo aithreacha Abraham agus Isaac, an Día do bheathuigh mé ar feadh mo shaóghal gus aniugh,

16 An taingiol do fhúasguil mé ón uile olc, go mbeannuighe sé na leinimh; agus goirthear mainmsi orra, agus ainm maithreach Abraham agus Isaac: agus fásaidís na niomadamhlachd a meadhon na talmhan.

17 Agus anuáir dochonnairc Ióseph gur chuir a athair a lámh dheas ar cheann Ephraim, do ghoill sé air: agus do chonnuimh súas lámh a athar da hathrughadh ó chionn Ephraim ar chionn Mhanasseh.

18 Agus adubhairt Ióseph ré na athair, ní marsin a athair, óir is é so an mac as sine, cuir do lámh dheas ar a cheann.

19 Agus do dhíult a athair, agus adubhairt, atá a fhios agam a mhic, atá a fhios agam, biáidh seision mar an gcéadna na phobal, agus biáidh sé fós mór, ach go deimhin budh mó a dhearbhráthair is óige ná é, agus fásfuidh a shíol na niomad cineadhach.

20 Agus do bheannuigh sé íad an lásin, ag rádh, go ndeárna Día thusa mar Ephraim, agus mar Mhanasseh.

21 Agus adubhairt Israel ré Ióseph, féuch atáimsi ag fágháil bháis, ach biáidh Día maille ribhsi, agus dobhéura sé arís sibh go dúthuigh bhur naithreach.

22 Tuilleadh eile tug mé dhuitsi cuid ronna ós cionn do dhearbhráithreach, noch do bhean mé amach as láimh a-Námoritigh lem chloidheamh, agus léam bhogha.

1 Agus do ghoir Iácob ar a mhacaibh, agus adubhairt sé, cruinnighidh sibh féin a bhfochair a chéile, nó go ninneosa mé, dhaóibh cread theigeamhus daóibh sna láethibh deighionacha.

2 Cruinnighidh sibh féin a bhfochair a chéile, agus éisdigh a mhaca Iácob, agus tugaidh aire do Israel bhur nathair.

3 A Reuben is tú mo chéidghin, mo chumas agus tosach mo neirt, oirdhearcus dingnite, agus oirdhearcus chumhachda.

4 Neamhfhosuigh mar uisge, ní rachuidh tú a ccumhachda do bhrígh go ndeacha tú súas a leabuidh hathar: annsin do shaluigh tú í, dochuaidh sé suas am chúil.

5 Símeon agus Lébhi dearbhráithre íad, ionstruimentigh fuilteachda ann a náitreabhuigh.

6 O manum, ná tárrsa na secréid: O monóir ná bí anaóntuigh ré na gcruinniughadh; óir do mharbhadur duine anna bhfeirg, agus anna nantoil féin do thochladur síos balla.

7 Go madh malluighe a bhfeirg, óir dobhí sí nimhneach; agus a ndíbhfeirg, óir dobhí sí fuilteach: roinnfidh me íad a nIácob, agus scaóilfead ó chéile iad a nIsrael.

8 A Iúdah, as tusa an té noch mholfuid do dhearbhraithre; biaidh do lámh a muinéul do námhad; claónfuidh clann hathar síos ad lathair.

9 Is coilén leomhain Iúdah; ón chreich dochuáidh tú súas, a mhic: do chrom sé síos, do luigh sé mar leomhan, agus mar sheanleomhan; agus cía dhúiseochus súas é?

10 Ní dheileochuidh an tslat Ríoga ré Iúdah, nó fear tabhartha an dlighe ó bheith eidir a chosuibh, nó go ttiucsa Síloh, agus is chuigesion bhías cruinniughadh na ndaóine.

11 Ag ceangal a shearruigh don fíneamhuin, agus bromuigh a assail don rogha fíneamhna; do nigh sé a éudach a bhfíon, agus a culuidheaca a bhfuil grápuighe.

12 Beidh a shúile dearg ó fhíon, agus a fhíacla geal ó bhainne.

13 Áitreochuidh Sebulun a gcúan na fairge; agus biaidh sé na chúan long, agus biaidh a imiol go nuige Sídon.

14 Isachar ís assal láidir é, ag crumadh síos idir dhá úalach.

15 Agus dochonnairc sé gur mhaith an ní suáimhneas, agus an dúthaigh gur taitneamhach é; agus do chlaón a ghúala diomchur úaluigh, agus táinig na sherbhíseach do áirdchíos.

16 Dodhéana Dan breitheamhnus ar a dhaóinibh, mar aón do threabhuibh Israel.

17 Biaidh Dan na athair nimhe ar a tslighe, na ader ar an mbealach, noch ghearras sála na neach, ionnus go ttuitfidh an marcach a ndiaigh a chúil.

18 Dobhí mé ag fuireach réad shlanúghadh a thighearna.

19 Gad, claóifidh slúagh é, ach béuruidh sesion buáidh fá dheireadh.

20 Amach as Aser biaidh a arán ramhar, agus dobhéara uadh sógh Ríoga.

21 Naphtalí, is eilid arna scaóileadh amach é, dobheir bríathra maithe uadh.

22 Ióseph, is craóbh thoruidh é, craóbh thoruidh dháríribh láimh ré tobar; noch a leathnuighionn a ghéuga amach tar an mballa.

23 Do ghoilleadur na saighideóirigh air go géur, agus do chaitheadur é, agus do fhuathuigheadar é.

24 Ach do mhair a bhogha láidir, agus dorinneadh rightheach a lámh láidir lé lámhuibh Dé chumhachduigh Iácob; is assin an taódhaire, cloch Israel.

25 Lé Día hathar dáríribh, noch chuidéochas leachd, agus leis an uile chumhachdach, noch bheinneóchus tú le beannughadh nimhe shuas, beannughadh an aigéin atá aníochdar síos, beannughadh na gcíoch, agus na mbronn.

26 Rugadar bennachda a hathar buaidh ós cionn bheanachd mo shinnsiorsa go nuige an teórann as faide amach do na cnocuibh síorruidhe; béid síad ar cheann Ióseph, agus ar chóróin chinn an tí do dealuigheadh re na dhearbhráithribh.

27 Biáidh Beniamin fuaduigheach mar mhadra alla; ar maidin sluicfidh sé a fhiadhach, agus annsan oidhche rannfuidh sé an chreach.

28 As íadso uile dhá threabh dhéag Israel: agus aséso an ní do labhair a nathair ríu, agus do bheannuigh íad; gach aón fá leith do réir a bheannachda do bheannuigh íad.

29 Agus do chuir cúram orra, agus adubhairt ríu, atáimsi anam mo chruinnighthe chum mo dhaóine féin, adhlaicidh mé a bhfochair maithreach, annsan uamhuigh atá a magh Ephron an hititeach.

30 Annsan uamhuigh atá a magh Mhachpelah, noch atá as coinne Mhamre, a ttír Chánaain, noch do cheannuigh Abraham maille re magh Ephron an hititeach mar sheilbh áite adhluicthe.

31 Annsin do adhluiceadar Abraham agus Sárah a bhean, is annsin do adhluiceadar Isaac, agus Rebecah a bhean, agus is ann do adhluic misi Léah.

32 Ceannuigheachd an mhachaire agus na huámha atá ann, is ó chloinn Hét dofríth í.

33 Agus anuáir do chríochnuigh Iácob aitheanta do thabhairt dá chloinn, do chruinnigh súas a chosa san leabuigh agus do fáeidh a spiorad súas, agus do chruinniughadh chum a dhaóine féin é.

1 Agus do luigh Ióseph ar aghuidh a athar, agus do ghuil air, agus do phóg é.

2 Agus do aithin Ióseph dá shearbhfoghantuibh na leagha, a athar do bhalmnuighadh: agus do bhalmnuigheadur na leagha Israel.

3 Agus do coimhlíonadh ceathrachadh lá dhó: óir is mairsin coimhlíontar laéthe na druinge doníthear a bhalmnughadh, agus dorinneadur na Hégiptigh doilghios ar a shoin, trí fichid agus deich lá.

4 Agus anuáir dochúadar láethe a ndóbhróin tharrsa, do labhair Ióseph ré tigh Pháraó, ag rádh, anois má fuair mé grása ann bhur radharc, guidhim sibh, labhruidh a gclúasuibh Pháraó ag rádh.

5 Do bhean mathair mionna dhíom ag rádh, féuch atáim ag fágháil bháis: ann muaighe do thochuil mé dhamh féin a ttír Chánaain, annsin adhlocus tú mé: Anois íarruim dathchuinge ort, léig dhamh dul súas, agus mathair dadhlacadh, agus tiocfa mé arís.

6 Agus adubhairt Pháraó, imthigh súas, agus adhluic hathair mar do thug mionna ort.

7 Agus dochuaidh Ióseph súas d adhlacadh a athar, agus dochuadar serbhísigh Pháraó uile suas leis, seanóirigh a thighe, agus seanóirigh chríche na Hégipte uile.

8 Agus tigh Ióseph uile, agus a dhearbhráithre, agus tigh a athar: achd amháin a miondaóine, agus do fhágbhadur a bhfearann Gosen

9 Agus dochuaidh suas leis, carbuid fós agus marcshluagh, agus bá rómhór an chuideachda íad.

10 Agus tangadur go hurlár bhuailte Atad, noch atá taóbh thall do Iórdan, agus annsin dorinneadur cumha maille ré caóineadh adhbhalmhór: agus dorinne dóbhrón annsin ar son a athar seachd lá.

11 Agus anuair dochoncadur áitreabhuigh na háite, na Cananítigh, an chumha anurlár Atad, dubhradur, is doilghiosach an chumhaso ar na Hégiptibh; uimesin do ghoireadh Abel Misraim dainm dhe, noch atá taóbh thall do Iordan.

12 Agus dorinneadur a chlann mhac ris mar do aithin sé dhíobh,

13 Óir dorugadar a chlann leó é go tír Chánaain, agus do adhlaiceadar é anuamhaigh mhaighe Mhacpelah, noch do cheannuigh Abraham maille ris an machaire mar sheilbh chum áite adhluicthe, ó Ephron an Hitíteach as coinne Mhamre.

14 Agus do fhill Ióseph doNégipt, é féin agus a dhearbhráithre, agus a neachuidh leis suas uile dadhlacadh a athar.

15 Agus anuair dochoncadur dearbhráithre Ióseph go bhfuair a nathair bás, adubhradur, dobféidir go mbiadh fúath ag Ióseph dhúinne, agus go gcúiteochadh rinn go deimhin a ndearnamar dolc air.

16 Agus do chuireadur teachda a gcion Ióseph, dá rádh, do aithin hathair roimh a bhás, dá rádh.

17 Marso adérthaói ré Ióseph: guidhim thú anois, maith cionta do dhearbhráithreach agus a bpeacadh: óir dorinneadur olc ort: agus anois íarmuid dachthuinge ort, maith cionta serbhíseach Dé hathar: Agus do ghuil Ióseph anuáir do labhradur ris.

18 Agus dochuadur a dhearbhraithre mar an gcéadna, agus do luigheadur síos a bhfiaghnuisi a aighthe, agus adubhradur, féuch is sinne do sherbhísigh.

19 Agus adubhairt Ióseph ríu, ná bíodh eagla oruibh: óir an bhfuilimsi anáit Dé?

20 Achd ar bhur sonsa do smuaineabhair olc am aghaidhsi, do mheadhuigh Día chum maitheasa é, dá tabhairt a ccrích mar atá aniugh, do chongmháil móráin daóine beo.

21 Anois uimesin ná bíodh eagla oruibh, oilfidh misi sibh, agus bhur n aós óg; agus do chomhfhurtaigh íad, agus do labhair go cinealta ríu.

22 Agus do áitreibh Ióseph sa-Négipt, é féin agus tigh a athar, agus do mhair Ióseph céad agus deich mblíadhna.

23 Agus dochonnairc Ióseph clann Ephraim don treas geinealach; clann Machir mar an ccéadna mac Mhanasseh, do tógbhadh súas iad ar ghlúinibh Ióseph.

24 Agus do ráidh Ióseph ré na dhearbhráithribh, atáimsi ag éug: agus fóirfe Día oruibhsi go deimhin, agus béura sé as an ttírsi sibh, gus an ttír do mhionnuigh sé do Abraham, do Isaac, agus do Iácob.

25 Agus tug Ióseph mionna ar chloinn Israel, ag rádh, féchfuidh Día oruibh go deimhin, agus béurthaói mo chnámhasa suas asso.

26 Marsin do éug Ióseph ar mbeith dhó céad agus deich mblíadhna daóis, agus do bhalmuigheadur é agus do cuireadh a ccomhra san Égipt é.