Séadna/4

From Wikisource

Jump to: navigation, search
Last: Séadna/3
Next: Séadna/5

GOBNAIT: Airiú, a Shíle, cá bhfuil Peig? SÍLE: Chuaigh sí anonn go tigh Liam Uí Bhuachalla. Ní shásódh an saol Cáit gan í a dhul anonn go bhfeicfeadh sí Éamann óg. Táimíd bodhar aici féin agus ag Éamann óg. Dá mbeifeá ag caint léi ní fhéadfadh sí dhá fhocal a labhairt gan Éamann óg thoir thiar thall aici. D’áiteodh sí ort go dtugann sé fé ndeara í féin seachas aoinne eile, cheana féin, agus gan é ach seachtain! An oíche fé dheireadh, sarar thánaís, dúirt sí le Peig gurbh í féin a mháthair, agus ansan gurbh í féin do bhaist é, agus fé dheireadh dúirt sí go raibh eagla uirthi go n-íosfadh sí é! GOBNAIT: Ambasa, a Shíle, is cuimhin liom an focal go dianmhaith. Bhíos díreach ag teacht isteach an doras nuair a airíos é, agus bhí iúnadh mo chroí orm cé air go raibh an cion go léir aici. An dóigh leat an mbeidh Peig i bhfad?

ILE: Ní dóil. Tá tamall mór ó imíodar. Dúirt sí liomsa

e mhaith a thabhairt don tine, i dtreo go mbeadh sí ar

isadh go breá romhatsa agus roimh Nóra Bhán. Agus

“lrt sí liom a rá libh ná déanfadh sí aon righneas ach

^nomh beag agus dThéadfadh sí é.

NÓRNAIT’ ^ea’ S^ ‘ Nóra. Tá tosach agam ort, a Nóra.

. *’■ Mhuise, is cuma liom, a Ghobnait, nuair ná fuil an


‘eal ar siúl. Airiú, cá bhfuil Peig?


GOBNAIT: Ní bheidh aon chuid den scéal anocht againnis

baolach. Caithfead féin scéal a dh’insint dóibh.

NÓRA: Níor chás duit! Cá bhfuil Peig, a Shíle?

PEIG: Tá sí anso, a Nóra, a ghrá dhil. (Tagaid Peig agUs

Cáit isteach.)

NÓRA (le Gobnait): Dhe mhuise, sceimhle ort, a thoice!

Conas tá Éamann óg, a Cháit?

GOBNAIT: Is dócha go bhfuil sé ite um an dtaca so aici.

CÁIT. Ochón! A dhe! Is gearr ná féadfaidh aoinne dul

uaithi seo, tá sí ag iompáil amach chomh deisbhéalach!

GOBNAIT: Ó, is fíor dhuit, a Cháit. Níor chuimhníos

riamh orm fhéin. ‘On daighe ar ndeoin, ní hiúnadh go

mbeadh cion agat air agus gur tú féin a mháthair.

(Sceartaid uile ar gháiríbh.)

CÁIT: Mhuise, le hanaman do mharbh, a Pheig, scaoil

chughainn do scéal, féachaint an gcuirfeadh sé stop leo

san.

GOBNAIT: Dein, a Pheig, agus bain an chluas díom má

bhíonn gíocs ná míocs as aoinne againn.

PEIG: Cá bhfuil Síle? Cheapas go raibh sí ansan anois

beag.

CÁIT: Sid í anso ar an dtaobh thiar díomsa í, a ceann fém

fhallaing, mar a bheadh éan beag ag dul fé chirc.

PEIG: Airiú, a Shíle, a chuid, cad tá ort anois?

SÍLE. Ach! Níl giob, a Pheig, ach ní foláir dom mo cheann

a chlúdach go fóill le heagla go gcuirfeadh fear na n-adharc

búir eile as, agus go bhfeicfinn arís é.

PEIG: Ní baol duit. Nuair a tháinig Séadna chuige féin

agus d’fhéach sé ina thimpall bhí fear na n-adharc imithe.

SÍLE: Imeacht gan teacht air, an cladhaire!

PEIG: Is dócha nár chuid ba lú ná a fhonn a bhí ar Shéadna

an rud céanna do rá leis, nuair a tháinig sé chuige féin agus

a fuair sé é féin ina aonar. Bhí allas an bháis air agus scaird

ina dhá shúil, ach ina thaobh san, pé rud a dúirt sé, is e

céad rud a dhein sé ná a lámh a chur ina phóca féachaint

an raibh an sparán aige, agus ambasa bhí. Bhísé ansúdsa


’ca chéanna inar chuir sé é, agus is é a bhí go breá teann Lus go breá trom. Chuir sé lámh i bpóca eile leis, agus má dhein, fuair ‘ an dá chéad punt a tugadh dó thar cheann an dá

Dá mb’áil liom scaoileadh leis an uair ud, ar seisean leis féin, bheadh trí chéad agam; ach ní dheineann san difríocht ar bith, mar d’airíos á rá é go leanfadh an sparán teann, d’ainneoin a mbainfí as.

Chuir sé an t-airgead ina phóca arís, agus chuir sé chuige an sparán go cruinn agus go haireach sa phóca a bhí ar an dtaobh istigh dá veist. D’éirigh sé ina sheasamh ansan agus chroith sé é féin, agus geallaim dhuit gur ró- ghearr a lean cuimhne an scanradh dhe.

“Sea!” ar seisean. “Ní mór dom capall a cheannach agus gan bheith ‘om mharú féin ag dul go dtí an tAifreann im chois gach Domhnach agus lá saoire. Agus ní mór dom bó a cheannach agus gan bheith ag brath ar cheann do na húllaibh beaga san chun an tarta do bhaint díom. Agus go deimhin is dócha go gcaithfead pósadh, mar conas a fhéadfainn féin an bhó do chrú? Ach pé rud a dhéanfad, ní mór dom rud éigin d’ithe láithreach. Ní raibh a leithéid d’ocras orm le bliain!”

D’fhéach sé suas ar an mealbhóig agus ar an gcathaoir, agus ambasa bhí sord scátha air dul ina ngoire. D’iniúch sé ar an dtalamh go cruinn mórthimpall na cathaoireach, agus má dhein, do chonaic sé ansúd go gléineach rian na hordóige. Cheap sé go raibh balaithe dóite fós féin uaidh. Chuir sé barr a mhéire ar an gcathaoir. Ní túisce a chuir ná a bhog sí leis go héasca. Chuir san misneach air agus shuigh sé inti. Bhog sé anonn is anall í; bhog sí leis go breá. Bhí a aigne sásta. Chuir sé lámh sa mhealbhóig agus chrom sé ar a ghreim beag mine do chogaint mar ba ghriáth. Chomh luath agus a bhí tart air, do chuaigh sé rnach agus thug sé leis isteach cúpla ceann dos na bullaibh agus d’ith sé iad.

Ar maidin lá arna mháireach do ghluais sé go moch ag dul ar an aonach go gceannódh sé capall agus bó bhainne.

Ba ghearr gur bhuaileadar na comharsain uime.

“Airiú, a Shéadna, cad d’imigh um thráthnóna inné ort?” arsa duine acu. “Cheapamair go léir gurb amhlaidh a thit caor ar do thigh agus go rabhais loiscithe id bheathaidh. Níor airíos riamh a leithéid de thoirnigh.”

“Tá an éagóir agat,” arsa duine eile. “Níor thoirneach é ach búireach mar ghéimreach thairbh.”

“Éist do bhéal,” arsa an tríú duine. “Cá bhfuil an tarbh d’fhéadfadh an bhúir úd do chur as?”

“Do bhíos-sa,” arsa an ceathrú duine, “im shuí i mullach Charraig an Eidhneáin agus bhí radharc agam ar an dtigh, agus nuair a airíos an fothram go léir d’fhéachas anonn agus chonac mar a bheadh fiolar agus grathain chíordhubh phréachán ag éirí in airde sa spéir, agus bhí iúnadh orm a rá go bhféadfaidís a leithéid d’fhothram a dhéanamh.”

Thiomáineadar leo ar an gcuma san, ag caint agus ag áiteamh agus ag cur trí chéile, agus níor labhair Séadna focal. Choimeádadar an chaint chuchu féin, agus níor mhór leis dóibh é. Ní raibh dúil ar bith aige i gcaint, le heagla go sleamhnódh aon fhocal uaidh d’osclódh a aigne. Dá éaghmais sin agus uile, bhí fáth machnaimh aige a choimeád ar siúl é. Bhí sé ag cuimhneamh ar an gcapall agus ar an mboin agus ar cad a déarfaidís na comharsain uile nuair a chífidís ar marcaíocht é. D’fhiafróidís cá bhfuair sé an t-airgead. Cad é an leath- scéal a bheadh aige le tabhairt uaidh?

Nuair a shroiseadar páirc an aonaigh agus a chonaic Séadna na capaill go léir, do tháinig mearbhall air, agus m fheadair sé cad ba mhaith dhó a dhéanamh. Bhí capaill mhóra ann agus capaill bheaga, seanachapaill agus capaill óga, capaill dhubha agus capaill bhána, capaill ghlasa agus capaill bhreaca, capaill ag siosaraigh agus capaill ag léimrigh, capaill a bhí go dea-chroicinn groi


masach agus braimíní gránna gioblacha. Eatarthu uile

léir bhí sé ag teip air glan a aigne do shocrú ar an eceann’ a thaithneodh leis.

‘ Fé dheireadh, do lig sé a shúil ar chapall dheas chíor- dhubh a bhí go fuinte fáiscithe ag falaracht ar fuaid na náirce agus marcach éadrom lúfar ar a mhuin. Dhruid Séadna suas, agus do bhagair sé ar an marcach. Sara raibh uain ag an marcach é a thabhairt fé ndeara, do ehluaiseadar triúr marcach eile thairis amach, agus ghluaiseadar a gceathrar an pháirc siar ar a léimlúth. Bhí claí dúbalta idir iad agus an pháirc amuigh, agus d’imíodar a gceathrar go héasca éadrom seolta de dhroim an chlaí sin, gan barr coise tosaigh ná deiridh do chur ann. Siúd araghaidh iad lom díreach agus gan orlach sa mbreis ag aoinne acu ar a chéile. Siúd ar aghaidh iad, ucht agus com seang gach capaill ag cimilt nach mór don bhféar glas a bhí ar an bpáirc, ceann gach capaill sínte go hiomlán, ceann gach marcaigh cromtha anuas agus iad ag gluaiseacht mar a ghluaiseodh sí gaoithe.

Ní raibh duine, óg ná aosta, ar an aonach ná raibh ina choilgsheasamh ag faire orthu ach amháin fear na méaracán. Nuair a bhíodar ag déanamh ar an dtarna claí, thug gach aoinne fé ndeara go raibh an capall dubh buille beag ar tosach. Nuair a bhíodar ag glanadh an chlaí, do ghluais an capall dubh agus an capall ba ghiorra dhó dá dhroim, mar a ghluaiseodh an préachán, gan baint lejs. L>o chuir an dá cheann eile na cosa ann. D’imigh an fód ó chosaibh an chapaill ba shia amach, agus thit sé féin agus a mharcach ar an dtaobh eile ‘chlaí.

‘O! Tá sé marbh!” do liúdar na daoine go léir. Ní raibh an hu as a mbéal nuair a bhí sé thuas arís, ach más ea bhí a :naPall bacach agus b’éigean dó filleadh.

íMud ar aghaidh an triúr agus an t-aonach ag faire

r,.u’ na daoine chomh ciúin sin gur airigh Séadna go

bh £lr na ^uillí fuinte ceolmhara tomhaiste crua a

uaileadh cosa na gcapall san ar fhód na páirce, díreach mar a bheadh rinceoir ag rince ar chlár.

Thug Séadna fé ndeara um an dtaca so go raibh an capall dubh go maith ar tosach, agus é ag déanamh, ceann ar aghaidh, ar bhata a bhí ina sheasamh sa pháirc agus éadach éigin dearg ina bharr. Siúd timpall an bhata sané. Siúd ina dhiaidh an tarna capall. Siúd ina dhiaidh sin an tríú capall. Siúd ar aghaidh i ndiaidh a chéile iad, i leith na láimhe clé, soir ó thuaidh, an capall dubh ar tosach, agus é ag bogadh uathu. Do ghéafaigh an capall deiridh agus bhí sé ag breith suas ar an dtarna capall. Do ghéaraigh san, agus bhíodar araon ag breith suas ar an gcapall ndubh. Ansan do chonaic Séadna agus an t-aonach an radharc. Do shearg an capall dubh san é féin, do bhog an marcach an tsrian chuige, agus siúd amach é mar a ghluaiseodh cú agus gur dhóigh leat ná raibh cos leis ag baint le talamh, ach é ag imeacht in aice an tailimh mar a bheadh seabhac.

Lena linn sin d’éirigh liú fhiaigh ón áit thoir thuaidh go raibh na capaill ag déanamh air. Do tógadh an liú mórthimpall an aonaigh. B’éigean do Shéadna a mhéireanna do chur ina chluasaibh nó go scoiltfí a cheann. Bhí gach aoinne ag rith agus gach aoinne ag liúirigh. Do rith Séadna agus do liúigh sé leo agus ní raibh a fhios aige cad ar a shon.

Nuair a stad an rith agus an liúireach, do chonaic Séadna ar a aghaidh amach seisear nó mórsheisear daoine uaisle agus ceann feola agus bolg mór agus culaith éadaigh uasail ar gach aoinne acu, agus iad ag caint lena chéile agus ag féachaint ar an gcapall ndubh.

“An mór ar a ndíolfá é?” arsa duine acu leis an marcach.

“Ar mhíle punt,” arsa an marcach.

Nuair a airigh Séadna an focal san, d’iompaigh sé ara sháil, á rá ina aigne féin, ní bheadh aon ghnó agam de. Do mharódh sé mé.

Cé a bheadh ar an dtaobh thiar de ach fear na méaracán!


”Mharódh sé thú, an ea?” arsa fear na méaracán. “A dhe mhuise, greadadh chughat, a ghréasaí bhig bhuí na

ealbhóige, de shíol taoibhíní rua agus meanaithí ramhar agus bréanbhróg, marab ort atá an t-éirí in airde, ag teacht anso chun capaill a cheannach agus gan phingin id

phóca!”

Nuair a airigh Séadna an méid sin do dhruid sé i leataoibh. Do shleamhnaigh sé lámh leis síos ina phóca. Ambasa bhí sé folamh! Chuardaigh sé póca eile ... folamh chomh maith. Chuir sé lámh isteach ina bhrollach, ag lorg an sparáin. Ní raibh a thuairisc ann. Thug sé stracfhéachaint ar fhear na méaracán. Bhí sé sin i bhfeighil a ghnótha féin, gan aon tsuim aige i Séadna ach chomh beag agus ná feicfeadh sé riamh é.

Sea! arsa Séadna leis féin, tá deireadh leis an mustar. Is usaide é ó baineadh an eascaine den mhealbhóig agus den chathaoir agus den chrann. Ní dócha gurbh fhéidir í a bheith curtha suas arís. Pé in Éirinn é, níl agam le déanamh anois ach dul agus féachaint an bhféadfainn roinnt leathair a cheannach, agus dul agus cloí leis an ngnó is fearr atá ar eolas agam. Más bréanbhróga iad ní bhfaighid na daoine a chaitheann iad aon locht orthu. Is mairg ná bíonn sásta lena chuid féin, dá luíod é. Dá mbeadh mo thrí scillinge agam anois do dhéanfaidís mo ghnó chomh maith leis na céadtaibh go léir. Ach tá go maith. Ní fearr bheith ag caint air mar scéal. Raghad ag tnall ar Dhiarmaid Liath agus b’fhéidir go dtabharfadh sé roinnt leathair ar cairde dhom chun go dtiocfadh airgead na mbróg isteach. Thug sé cairde cheana dhom, agus dhíolas é go cruinn agus go macánta.

Um an dtaca go raibh an méid sin machnaithe aige, bhí * ag déanamh, ceann ar aghaidh, ar dhoras Dhiarmada.

« ^armaid féin ina sheasamh ‘dir dhá lí an dorais.

^Airiú, a Shéadna, an tú san?” arsa Diarmaid. Is mé cheana,” arsa Séadna. “An bhfuilir go láidir, a

niarmaid?”

“Tá an tsláinte againn, moladh le Dia dhá chionn! Ach cad é seo d’imigh ortsa le déanaí? Táir i mbéal gach aoinne, agus ní mar a chéile aon dá scéal ná aon dá thuairisc ort. Deir duine go bhfeacaís sprid. Deir duine eile gur thit an tigh ort. Deir duine eile gur mhairbh splanc tú. Deir an ceathrú duine go bhfuarais airgead ag dul amú. Agus mar sin dóibh, gach aoinne agus a shocrú féin aige ort. Cad a dheinis? Nó cad tá ar siúl agat? Nó cad fé ndear an obair seo go léir?”

“Ní fheadar ‘en tsaol, a Dhiarmaid. Ach dar liomsa tá aon ní amháin soiléir go leor. Is é sin ná fuaras airgead ag dul amú. Is dócha dá bhfaighinn ná beinn ag teacht anso anois ag brath air go bhfaighinn roinnt leathair uaitsear cairde mar a fuaras cheana.”

“Mhuise, ‘on daighe féin gheobhair agus fáilte. An mór atá uait?”

“Dá mbeadh oiread agam agus a dhéanfadh bróga do bheirt níor bheag liom é an turus so, agus nuair a bheidís sin díolta agus an t-airgead agam, dhíolfainn tusa agus thógfainn tuilleadh.”

“Tá sé chomh maith agat an tuilleadh do bhreith leat anois d’aon iarracht. Beir leat luach puint.”

Personal tools