Séadna/26
From Wikisource
Do ceapadh an t-am. Sara raibh muintir an rí imithe as an áit do hinseadh dóibh go raibh an lá ceapaithe agus cad é an lá é. Nuair a chuadar abhaile d’inseadar don rí é. Chomáin an rí teachtaire ar siúl láithreach le bronntanas fíona don chóisire agus le fáinne do Shadhbh. Dhein an teachtaire dithneas maith. Tháinig sé díreach maidean lae an phósta, agus é tar éis na seachtaine a thabhairt ar an mbóthar, idir lá agus oíche nach mór. Bhí capall agus trucail aige agus bhí a dhóthain d’ualach ar an gcapall. Bhí ciseán sa trucail aige, ciseán breá mór a bhí déanta de shlataibh loma geala, agus é lán go barra de bhuidéalaibh fíona. Bhí, is dócha, céad dosaen buidéal ann. Mara raibh sé os a chionn ní raibh sé féna bhun. Agus bhí a ndóthain tuí stupaithe timpall na mbuidéal san sara mbrisfí iad. Níor briseadh aon bhuidéal díobh, agus níor oscail an teachtaire aon bhuidéal díobh. Níor oscail go deimhin. Níor ghá dhó é. Bhí a dhóthain mór bídh agus dí aige dá n-éaghmais. In éagmais an chiseáin agus na mbuidéal bhí bairille mór fíona sa trucail aige. Ní raibh níos lú ná sé tichid galún fíona sa bhairille sin. Geallaim dhuit go raibh a dhóthain d’ualach ar an gcapall.
Bhí fáinne óir ag an dteachtaire do Shadhbh, fáinne a tnug an rí féin uaidh le tabhairt di, fáinne a pósta. Bhí c’och uasal sa bhfáinne sin a bhí chomh mór le súil giorria, ba dhóigh leat, agus dhéanfadh an chloch sa solas duit sa doircheacht mar a dhéanfadh tine ghealáin Nuair a chonaic Sadhbh an fáinne sin, agus an chloch bh’ sí as a meabhair nach mór le haiteas agus le mórtais agus le móráil.
“0, a Dhaid,” ar sise, “féach air sin!”
“Chím é, a ghamhain ó,” arsa Diarmaid. “Dá mbeinn id chás,” ar seisean, “ní hé gach aoinne go dtaispeáintinn an fáinne sin dó. Tá daoine sa tsaol, a Shadhbh, a ‘níon ó, agus níorbh fhiú leo biorán agus anam duine seachas greim a fháil ar a leithéid sin. Chuirfinn fé ghlas é dá mbeinn id chás.”
“Ní deirim ná go ndéanfad rud ort, a Dhaid,” ar sise. “Tá fáinní mo dhóthain agam dá éaghmais.” Agus dhein sí rud air. Chuir sí isteach arís é sa bhosca bheag ina raibh sé, agus dhún sí an bosca go daingean mar a bhí sé cheana, agus chuir sí fé ghlas é. Bhí fáinní a dóthain aici dá éaghmais.
Bhí an tráthnóna ag teacht. Na daoine a fuair cuireadh chun na cóisireach bhíodar ag teacht leis. Tháinig Seán Ceatach agus a iníon. Tháinig Báb an Leasa agus a muintir. Tháinig Nóra an Tóchair agus a beirt driothár, an bheirt rinceoirí dob fhearr a bhí sa dúthaigh. B’í Nóra féin an rinceoir mná dob fhearr a bhí ann. Tháinig fear an bhramaigh, agus nuair a fhiafraigh duine éigin de cá raibh an chuid eile dá chuid féasóige: “Do stath sí féasóg dob fhearr ná mo chuid féasóigese,” ar seisean, “agus is maith an bhail ar bheirt againn gur dhein. Mara mbeadh gur dhein bheadh an scéal go hainnis againn. Bheinnse gan mo bhramach agus bheifeása gan do chuid airgid. Is m° an t-airgead a fuarais mar gheall ar an bhféasóig a statn Sadhbh ná mar a gheofá ar do chapall dá mbeadh sé anois agat.” ,
“Ach, ní mó,” arsa an fear eile. “Ní raibh aon chapa ar an aonach an lá úd dob fhearr ná é.” . ,
“Déarfainn go mbeadh an ceart ansan agat dá n-au”1
a ceannaitheoirí á rá. Ach pé scéal é ba bheagan mhaith dhuitse a fheabhas mara mbeadh an gníomh a dhein Sadhbh.”
“Abair é,” arsa an fear eile.
Tháinig an tincéir mór ann, agus is é a bhí go grianach agus go gealgháiriteach, go séimh agus go súilaibidh, go hollamh agus go deisbhéalach agus go dea-labhartha. Níorbhaol don chuideachtaintochtnádochmadotheacht ar an gcomhrá agus é láithreach. Ní bhíodh sé choíche gan rud éigin le rá aige do spriocfadh suas daoine agus do bhainfeadh gáirí amach, agus do chuirfeadh daoine ag caint, gan aon choinne acu ná gurbh iad féin a chuimhnigh ar an gcaint. Ach nuair a fuair sé cúpla deoch maith d’fhíon Spáinneach an rí ní raibh aon teora leis. Rud dob fhearr ná a raibh de dhea-thréithibh eile ar fad ann, níorbh fhéidir fearg do chur air. Agus dá bhfeiceadh sé beirt i riocht titim amach le chéile, bheadh an fhearg soir siar agus bheidís ag gáirí sara mbeadh dhá fhocal cainte déanta aige eatarthu.
Bhí Séadna ann agus é go ciúin agus go faidanálach, mar ba ghnáth leis. A bhéal dúnta agus a dhá shúil ar dianleathadh. É ag féachaint uaidh agus gur dhóigh leat gurb amhlaidh a bhíodh radharc aige ar an saol eile. Ina shuí thuas i dteannta an tsagairt agus Sheáin Cheataigh a chaith sé an chuid ba mhó den oíche. Ní labhradh sé puinn uaidh féin, ach nuair a curtí caint air ní baol go ligeadh sé a cheart féin le haoinne.
Im briathar go raibh Micil ann, agus máthair Mhicil. CAIT: NÍ raibh! Agus é tar éis “cairiún” a thabhairt ar Shadhbh!
‘OBNAIT: Seachain, a Cháit. Níor thug sé cairiún uirthi.
^s amhlaidh a bhí cathú air nár thug.
AIT: Thug sé ainm ba mheasa ná é uirthi. Thug sé stiúsaí
“eanda uirthi. Agus ba dhóbair go ndíolfadh sé as.
J: Nuair a tháinig Sadhbh abhaile ón gcathair is é céad
d inis Pails di ná go dtagadh máthair Mhicil agus go gcaitheadh sí an oíche sa tigh go minic, ag tabhairt ai don duine bhreoite an fhaid a bhíodh an bhea fhriotháilte ag cur greas codlata dhi. Dá olcas í Sadhbh d rug san greirn ar an gcroí aici. Sara raibh cuireadh fálta ae aoinne d’imigh sí siar do shiúl a cos go tigh na baintrí agus dúirt sí leis an mbaintrigh go gcaithfeadh sí teacht “Agus,” ar sise, “mara dtiocfair féin agus Micii chughainn ní bheidh aon chóisire in aon chor againn Ligfead orm go bhfuil m’athair rólag fós. Tá sé buailte isteach im aigne, mara mbeadh tusa agus iníon Sheáin Cheataigh gur in úir a bheadh sé inniu. Ní raibh aon iontaoibh riamh agam a mnáibh friotháilte. Is minic a chuir rógaire acu athiompáil ar dhuine bhreoite d’aon ghnó chun lóistín agus cóir mhaith a choimeád dóibh féin ar feadh tamaill aimsire sa mbreis. An dtiocfair?” ar sise.
“Ambasa féin tiocfad, ní nach iúnadh,” arsa an bhean eile. “Cad a bhéarfadh ná tiocfainn!”
“An dtiocfaidh Micil?” arsa Sadhbh.
“Tiocfaidh, ná bíodh eagla ort,” arsa an bhaintreach. Chomh maith do thánadar.
Is ar Dhiarmaid a bhí an iúnadh agus an alltacht nuair a chonaic sé Micil ag déanamh críche agus Sadhbh ag ordúchán air agus ag glaoch as a ainm air. “A Mhicil, dein é seo. A Mhicil, dein é siúd. Tar anso, a Mhicil, agus ardaigh é seo im theannta,” aici, thoir, thiar, thall.
“Moladh go deo le Dia,” arsa Diarmaid, ina aigne féin, “ní fios cad a thiocfaidh as dúinn feasta!”
Bhí cuideachta mhór ann agus má bhí féin bhí tuilleadh agus a ndóthain mór bídh agus dí ann. Dhein Sadhbh agus a hathair an gnó go neamion, agus go fial agus go fairsing, agus ní baol gur tugadh aon fhaillí in aoinne da raibh ann. Nuair a bhí an bord ligithe amach ba bhreá leat féachaint air. Bord mór fada leathan dob ea é, ach nior bhord é, ach dhá bhord agus iad curtha as a chéile. Thuas ar cheann an bhuird, ar aghaidh an tsagairt amach, bni píosa mairteola agus bhí sé chomh mór chomh leathan le
leathbhairille. An mhias a bhí fén bpíosa feola san ní raibh aon ní ba mhó b’iúnadh leis an dtincéir mór ná conas a choimeádadh sí gan briseadh agus a leithéid sin d’ualach uirthi. Ar an gceann eile den bhord, araghaidh an tsagairt óig amach, bhí ceathrú chaoireolach gur mó ceathrú mhairt ná beadh chomh mór léi. Ar gach taobh den bhord, síos agus suas, bhí an uile shaghas méise agus iad ag brú ar a chéile agus an uile shaghas feola orthu, idir bhagún, agus feoil uain, agus laoifheoil, agus lachain, agus géanna, agus mionnáin gabhar, agus giorraithe, agus cearca fraoigh, agus naoscaigh, agus sicíní cearc.
Ceathrar agus daichead do shuigh chun buird in éineacht ann an chéad bhabhta. Do chomhairimh Micil iad. Agus fós is amhlaidh ab éigean don chuideachtain uanaíocht a dhéanamh ar a chéile, bhí an oiread san daoine ar an gcóisire. Fé mar a éiríodh duine shuíodh duine eile isteach san inead a fhágadh sé. Níor bhaol, áfach, an fear deirineach a bheith díobhálach. Nuair a bhíodar go léir sásta bhí dóthain oiread eile ina ndiaidh. Dá mhéid daoine a bhí ar an gcóisire sin an oíche sin, idir fhearaibh agus mná, idir óg agus aosta, bhí aon smaoineamh amháin acu go léir ina n-aigne. Bhí an smaoineamh san go glan agus go soiléir ina n-aigne acu. Dá fheabhas a bhí an bia agus an deoch agus dá mhéid greann agus sult a bhí os cionn an bhídh agus an dí, agus dá mhéid caitheamh aimsire agus gleo a bhí ar siúl, bhí an smaoineamh san istigh acu go léir, bíodh is nár labhair aoinne acu oiread agus smiog amach as a bhéal mar gheall air, le haoinne eile acu. B’é smaoineamh é ná a luíod coinne a bhí ag aoinne dá raibh láithreach, tar éis na gcleamhnaistí go léir a bhí dá ndéanamh i gcaitheamh na haimsire roimhe sin, agus tar éis na ráflaí go léir a bhí ar S1ul, i dtaobh Shéadna, agus Mháire Ghearra, agus Nóra an Tóchair, agus Báb an Leasa, gurbh é Cormac an Chaincín a bheadh dá phósadh acu sa deireadh! Bhí a n-aigne lán de, lán de, lán de. Ach geallaim dhuit nach baol gur lig aoinne amach aon bhlúire dhe.
Is ag cuimhneamh air sin a bhí Micil nuair a iarr duin éigin scian air agus a thug sé pláta bagúin chuige. Is ag cuimhneamh air a bhí Báb an Leasa nuair a dúirt sí “nár bheag léi” agus a pláta sínte amach aici chun tuilleadh feola d’fháil. Is ag cuimhneamh air a bhí Nóra an Tóchair nuair a fhiafraigh duine éigin di an líonfadh sé gloine fíona chuichi agus a dúirt sí “Cá bhfios domhsa san?” j dtreo gur sceart a raibh láithreach ar gháirí. Is dócha gur ag cuimhneamh air a bhí Máire Ghearra féin nuair a fhiafraigh sí d’fhear an bhramaigh “an mór a fuair séara chapall lá an aonaigh”.
Bhí aoinne amháin sa chuideachtain, áfach, nár chuimhnigh, olc maith ná donaí, ar an smaoineamh san i gcaitheamh na hoíche. B’é duine é sin ná Cormac féin. Ní raibh aon phioc dá chuimhneamh aige go raibh a leithéid sin de smaoineamh in aigne aon duine a bhí láithreach.
Bhí bacaigh agus lucht siúil ón uile thaobh den dúthaigh cruinnithe amuigh ar an mbóthar agus mórthimpall an tí, agus ní nárbh iúnadh, b’fhada gur féadadh féachaint ina ndiaidh agus rud le n-ithe agus le n-ól a thabhairt dóibh. Bhí an smaoineamh céanna úd ina n-aigne acusan leis. Choimeádadar istigh é go dtí go ndeaghaigh an righneas i bhfaid agus gur neartaigh an t-ocras agus tart an fhíona orthu. Ansan do bhris ar an bhfoighne acu. Chromadar ar an scéal a chíoradh agus ba mhaith chuige iad. Ar ball, áfach, nuair a tháinig an bia agus an deoch, agus nuair a fuaradar go raibh an bia agus an deoch go maith agus go buacach agus go bríomhar agus go dea-bhlasta, níor ligeadar orthu gur thráchtadar riamh ar an méid úd — na bithiúnaigh!
Bhí sé ag druidim amach san oíche. Bhí a ndóthain ite agus ólta ag an gcuideachtain istigh agus ag lucht na gco mbriste agus na cúlchainte amuigh. D’fhéach an sagarta Dhiarmaid. D’fhéach Diarmaid ar Shadhbh. D’fhéacn Sadhbh ar Chormac. D’fhéach Cormac ina thimpal’-
D’éirigh an chuideachta ina seasamh. D’imigh Sadhbh amach. D’fhill sí láithreach arís agus an clóca dearg uirthi, agus gur dhóigh leat gur choinnle ar lasadh na siogairlíní óir a bhí ar an gcába.
Ansan do chuaigh an lánú suas i láthair an tsagairt agus do pósadh iad.
Nuair a bhíodar pósta agus beannacht na hEaglaise léite orthu do rug Seán Ceatach ar phláta ghlan agus chuir sé giní óir ar an bpláta. Chuir Séadna giní ar an bpláta. Chuir Máire Ghearra giní uaithi féin air. Mar sin dóibh sa timpall. Ní raibh aoinne nár chuir suim éigin airgid air. Nuair a bhí siúlta orthu go léir tháinig Cormac agus chuir sé trí ghiní ar an bpláta. Ba mhaith an mhaise ag Sadhbh é, chuir sí trí ghiní uaithi féin air.
“Im briathar, a Athair,” arsa an tincéir mór, “gur dóigh liom gur maith an bhail ar t’onóir nach i mBaile-i- bhfad-síos a deineadh an pósadh so.”
“Im briathar, a Phádraig, gur dóigh liom féin leis é,” arsa an sagart, “agus nach lú ná is maith an bhail ara bhfuil anso anocht é. Agus is dóigh liom leis gurb é is lú is gann dúinn go léir, a iarraidh ar dhia na glóire, moladh go deo leis, saol fada fé shéan a thabhairt do Chormac agus do Shadhbh, agus más maith atáid siad anocht i ngrástaibh Dé agus an tsaoil gura seacht fearr a bheidh siad bliain ó anocht, agus mara fearr nára measa! Sliocht sleachta ar shliocht do shleachta, a Dhiarmaid!”
“Amen, a Thiarna!” arsa an chuideachta go léir, arís agus arís eile.
An fhaid a bhí an t-“amen” san ar siúl do shleamhnaigh an lánú pósta amach. Bhí an dá chapall agus an cóistegafa ar aghaidh an dorais amach agus an giolla thuas ina inead tein. Chonaic na bacaigh an cóiste agus bhailíodar ina tnimpall. Nuair a bhí Cormac ag dul isteach sa chóiste cnaith sé mám mionairgid i measc na mbacach. Ba dhóigh eat go mbainfidís na píopáin as a chéile a d’iarraidh eacht ar an airgead. An fhaid a bhíodar ag scríobáil agus ag brú agus an únfairt a chéile do ghluais ancóiste. Nuai a fuair na bacaigh ag gluaiseacht é chuireadar liú fhiaieh astu. Liú ard dob ea í. Liú chuthaigh, bhríomhar • chuirfeadh píoparnach id chluasaibh. Ach, ón oíche sin go dtí an oíche atá anocht ann, níor féadadh a dhéanamh amach i gceart cé acu ba liú mhagaidh nó liú mholta an liú.
Ach ba mhar a chéile é. Ba chuma le Sadhbh cé acu. Ní fhéadfadh fear an bhramaigh, ná aon fhear eile, ná bean, a rá feasta gur pósadh í gan spré. Má ba liú mhagaidh an liú níor mhór léi dhóibh bheith ag liúirigh go maidin má b’aon tsásamh aigne leo é. Má ba liú mholta í b’é sin an moladh in aisce. Ní raibh de thoradh aici ar an moladh ach mar a bhí aici ar an ngaoith. I dtaobh Chormaic, níor chuimhnigh sé ar mhagadh ná ar mholadh sa scéal. Bhí sé mar ba ghnáth leis bheith, lom dáiríribh. Do ghluais an cóiste an bóthar soir ó thuaidh agus níor fhan a thuilleadh cuimhne ag Sadhbh ná ag Cormac ar mhagadh ná ar mholadh.
Bhí Cormac sásta ina aigne. Bhí a fhios aige, as an ngníomh a bhí déanta ag Sadhbh agus as an gcomaoine a bhí curtha aici ar an rí nár bhaol ná go bhfaigheadh a fear muintearthas agus fabhar ón rí. Bhí Sadhbh sásta ina haigne. Fé dheireadh thiar thall ba chuma léi cad iad na cleamhnaistí a brisfí ná a slánófí. Fear stuacach dob ea é, ach má b’ea féin, dar léi, cad a bhí le déanamh ach a shlí féin a thabhairt dó! Bheadh an donas air nó shásódh san é. Bhí Diarmaid Liath sásta ina aigne. Agus aige féin dob fhearr a fhios cad ina thaobh. Bhí na comharsain go léir ana-shásta ina n-aigne. Is dócha go raibh a fhios cad ina thaobh acusan leis.
Nuair a bhí Sadhbh ag imeacht thug sí na heochracha do Dhiarmaid. Ach má thug ní rómhórant-ollmhaitheas d’fhág sí fé choimeád na nglas. Ag gabháil amach di ghlaoigh sí i leataoibh ar mháthair Mhicil.
“Bheadh sé chomh maith agatsa fanúint anso,” ar sise,
”agus aire a thabhairt don áit seo. D’fhéadfadh Micil aire
thabhairt don tsiopa agus an leathar a dhíol. Tá an duine bocht so ró-aosta. Pé uair is toil le Dia glaoch air chun siúil ní bheidh aoinne chun teacht idir thú agus seilbh an tí seo. Tá a fhios agam nach baol go ndéanfair éagóir ar m’athair. Pé faid a mhairfidh sé coimeádfadsa suas é. Pé airgead a dhéanfaidh díol an leathair bíodh sé agat féin agus ag Micil. An nglacfair an áit?”
“Dhe, glacfad dar ndóin,” arsa an bhaintreach. “Sea, an nglacfad! ‘On daighe is greannmhar san de! Ní hea,” ar sise, “ach tógfad an áit agus déanfad mo thigh beag féin do chur chun mná mo dhriothár. Tá sí ag fágáilt an tí ina bhfuil sí. Agus ansan, dá ráineodh go n-oirfeadh dhuitse an tigh seo d’fháil thar n-ais féadfadsa mo thigh féin d’fháil thar n-ais ar an gcuma gcéanna.”
“Tá go maith,” arsa Sadhbh. “Sin roinnt airgid agat a dhéanfaidh an gnó go gcuiread chughat tuilleadh.”
Ar Mhicil a bhí an iúnadh ar ball nuair a dúirt a mháthair leis dul siar agus a chuid éadaigh, agus a cuid éadaigh féin, a thabhairt leis aniar agus an glas a chur ar an ndoras ina dhiaidh mar ná beidís ag dul abhaile in aon
chor.
“Cad tá ag éirí dhuit, a mháthair?” arsa Micil, “nó cad ina thaobh ná beimíd ag dul abhaile? Dar ndó’, ní hamhlaidh atá aon éileamh eile ar an áit. Ní fhéadfadh Cormac bheith ag teacht ag éileamh sealbha anois orainn. Measaim go bhfuil a mhalairt de chúram anois air.”
“Níl, a mhic ó,” ar sise, “aon éileamh ar an áit, ná aoinne ag teacht ag lorg na sealbha orainn.” Agus d’inis sí dhó an socrú a dhein Sadhbh.
D’fhéach Micil ina thimpall. “Agus an linn féin an tigh seo feasta?” ar seisean.
“Is ea, a mhic ó,” ar sise, “ach go gcaithfimíd aire mhaith a thabhairt do Dhiarmaid.”
D’fhéach sé ina thimpall arís. ‘Ts breá mór fairsing an ugh é,” ar seisean. “Is beag dá chuimhneamh a bhí agam go dtiocfainn féin agus mo mháthair chun cónaithe ann’ Cad é mar athrú sa tsaol!”
“Comáin leat anois, a mhic ó,” ar sise, “agus féach i ndiaidh na ndaoine, agus ná deintear faillí in aoinne, agus ná bíodh tart ná ocras ar aoinne i gcaitheamh na hoíche Beid siad go léir ag rince láithreach agus cuirfidh an rince tart orthu. Féach ina ndiaidh, a Mhicil, agus bíodh an deoch agus an bia acu sara mbeidh uain acu ar iad d’iarraidh.”
“Tá go maith, a mháthair,” ar seisean.

