Séadna/15

From Wikisource

Jump to: navigation, search
Last: Séadna/14
Next: Séadna/16

D’imigh Seán Ceatach abhaile, agus nuair a fuair sé an chaoi do tharraing sé anuas an scéal.

“Níl aon tseó, a Mháire,” ar seisean, “ach a bhfuil de mhaitheas ag Séadna dá dhéanamh ar fuaid nadúithe. Ní fheadar ‘en tsaol conas a sheasaíonn airgead dó. Is é mo thuairim ná fuil, nó gur beag má tá, aon duine bocht sa pharóiste anois ná fuil roinnt dá chuid aige.”

“Níl, a athair,” ar sise, “ná dá ndéarfá ins na seacht bparóistíbh is goire dhi. Bíonn iúnadh mo chroí orm féin, leis, nuair a airím na daoine ag caint, conas ná fuil sé briste fadó. Ní ina scillingíbh ná ina phuntaibh atá an t-airgead ag imeacht uaidh, ach ina fhichidibh agus ina chéadaibh punt.”

“Is minic a bhím á chuimhneamh,” ar seisean, “gur mór go léir an iúnadh, é a bheith á scaoileadh uaidh ar an gcuma san. Dar ndóigh, d’fhéadfadh duine tairbhe a dhéanamh, agus déirc a dhéanamh, agus carthanacht a dhéanamh, agus gan an éagóir sin a dhéanamh airféin. Is e rud a deir a lán ná gurb ar éadromacht atá sé.”

‘Ar éadromacht!” ar sise. “Is deacair dul uathu. Dá

mbeadh sé ina sprionlóir neamaitheach do gheobhaidís

icht air. Déarfaidís go raibh sé ag déanamh an airgid le

samt agus le cruáil. Anois, nuair nach féidir saint ná

sPrionlaitheacht a chur ina leith, ní foláir a rá gur ar éadromacht atá sé. Is maith an bhail air gur róbheag é shuim ina gcaint. Pé cúis atá aige le bheith ag déanamh na maitheasa, is dócha go bhfuil fios a aigne féin aige.”

“Tá daoine a déarfadh gur buairt aigne atá ag imirt air,” ar seisean, “buairt mhór éigin. Gur chuir sé ceangal nó geallúint nó rud éigin den tsord san air féin, ceangal éigin nár thuig sé i gceart in am. Ansan nuair a thuig sé é féin agus a fuair sé cad a bhí déanta aige, in inead aon iarracht do thabhairt ar é féin d’fhuascailt, gurb amhlaidh a chuaigh sé in éadóchas ar fad.”

D’éist Máire. Níor lig sí aon rud uirthi. Bhí iúnadh a croí uirthi.

Ní héidir, ar sise ina haigne, gurb amhlaidh do scéigh an bhaintreach!

“Ba chóir,” ar seisean, “dá mbeadh aon rud den tsord san ar a aigne, go ‘neosfadh sé dhuitse é an lá úd, i dtaobh is gur róbheag an uain a thug sé dhó féin ar phuinn d’insint duit.”

“ ‘On daighe féin, ba chóir sin,” ar sise go neafaiseach. “Is dócha,” ar sise, “dá mbeadh rud dá shord ag déanamh buartha dhó, go dtabharfadh sé uain dó féin ar é dh’insint, agus nuair nár thug, gur maith an comhartha ná raibh.” Bhí stoca lena hathair ina láimh, agus í ag cur cléithe ann, agus ba dhóigh leat uirthi gur géire a bhí a haigne ar an stoca ná ar an gcaint.

Is ar Sheán a bhí an iúnadh ansan. Níor inis sé riamh di é! ar seisean ina aigne féin. “Mhuise, is dócha,” ar seisean léi, “go bhfuil an ceart agat. Dá mbeadh sé ag déanamh buartha dhó do thabharfadh sé uain dó féin ar e dh’insint.”

“Seo,” ar sise. “Cuir umat anois é, go bhfeicead an mbeidh sé ‘od ghortú.”

SÍLE: Im briathar féin gur mhaith an bhail uirthi nár ligsl amach é. Ní bheadh an meas céanna go brách arís agam uirthi, an dá lá is an fhaid a mhairfeadh sí, féach! Aa rógaire! Nach áiseach a bhí an stoca aici! A dhe mhuise,


Mháire, níor theip riamh ort.

^OBNAIT: Cad a dhein Seán ansan, a Pheig?

pciG: Chomh luath agus a bhí caoi aige air, do bhuail sé

soir chun tí an tsagairt.

“Sea, a Athair,” ar seisean, “táim níos daille anois ar an scéal ná a bhíos riamh.”

“Conas é sin?” arsa an sagart.

“Pé rud a dúirt sé le Máire an lá a bhí sé thiar, níor thrácht sé léi ar cheangal ná ar gheallúint phósta.”

Ar éigin a bhí an focal as a bhéal nuair d’airíodar ciscéim ag déanamh ar an ndoras. Do bhuail chuchu isteach — Diarmaid Liath féin!

“Dé bheathasa, a Dhiarmaid!” arsa an sagart.

“Go mairir, a Athair!” arsa Diarmaid. “Conas táir, a Sheáin?”

“Go maith, slán a bheir!” arsa Seán.

Dheineadar roinnt cainte, caint ná raibh puinn suime ag aoinne acu inti.

Fé dheireadh dúirt Diarmaid, “Dá mb’é do thoil é, a Athair,” ar seisean, “d’oirfeadh dhom beagán cainte a dhéanamh leat.”

“Ar mhiste leatsa fanúint anso tamaillín, a Sheáin?” arsa an sagart.

“Tá go maith, a Athair,” arsa Seán. “Ná bacaidh mise.”

D’imíodar isteach i seomra eile.

D’imigh tamaillín, agus d’imigh tamall mór ina dhiaidh. Fé dheireadh d’imigh Diarmaid agus d’fhill an sagart. Is é a bhí ag féachaint go greannmhar.

,Sea, a Sheáin,” ar seisean, “tá do cheistse réitithe, pé ln Eirinn é.”

‘Conas é sin, a Athair?” ar seisean.

^Ta Sadhbh le pósadh,” arsa an sagart. Mo ghraidhin mo shúil!” arsa Seán. “Nach maith a

1 a fhios agam go raibh an greim dúid aici air agus ná scarfadh sí leis!”

“Ní le Séadna atá sí le pósadh,” arsa an sagart.

Do stad Seán, agus do leath a shúile air.

“Ní le Séadna é, an ea?” ar seisean.

“Ní leis,” arsa an sagart. “Ní féidir liom a dhéanatnh amach cé hé féin. Deir Diarmaid gur duine uasal é aeus gur aníos ó in aice an bhaile mhóir i mball éigin é, aeux nach beag de sheó a bhfuil d’ór agus d’airgead agus de shaibhreas aige. Deir sé gur sa bhaile mhór a pósfar iad Níl uaidh ach cead d’fháil uaimse go bpósfadh an sagart thíos iad. Bronnaim air iad go fonnmhar, geallaim dhuit é. Ní miste liom gan aon lámh a bheith agam sa ghnó. Tá eagla orm gurb olc an gnó é. D’iarras air an scéal a chur ar gcúlaibh go ceann roinnt laethanta go mbeadh uain agam ar thuairisc na háite thíos do chur, agus ar a dhéanamh amach cé hé an duine uasal mór so go bhfuil an saibhreas go léir aige, agus cad é an chúis ná féadfadh sé bean d’fháil th íos ina dhúthaigh féin agus gan teacht chomh fada ó bhaile ar lorg mná. Ní thaithneann an scéal rómhaith leis an nduine mbocht féin, ach deir sé go bhfuil an gnó go léir socair ag Sadhbh agus ag an nduine uasal.”

“Ar iompáil na n-each tig athrach na scéal,” arsa Seán. “Ní raibh de choinne agam leis an méid sin ach oiread agus a bhí agam go dtitfeadh an spéir uachtarach. Pé deireadh a bheidh ar an ngnó so, tá deireadh le caint Shadhbh i dtaobh aon éilimh a bheith aici ar Shéadna. Pé acu a bhí greim geallúna aici air nó ná raibh, go dtí seo, ní féidir di a ligint uirthi níos mó go bhfuil, ná go raibh riamh. Is olc an ghaoth ná séideann do dhuine éigin.” “Ná codail ar an gcluais sin, a Sheáin,” arsa an sagart. “Níl aithne cheart agat ar Shadhbh. Is í bean is dána dár bhuail riamh umam í. Ní chuirfeadh sé blúire iúnadh orm, dá mba rud é go dteipfeadh an gnó so uirthi, dá ráineodh go bhfágfadh an duine uasal so Baile Átha Cliath ar an mbóthar aici, í a theacht os comhair na dúithe arís chomn dána agus a bhí sí riamh, á chur ina luí orainn go léir g° raibh ‘fhiachaibh ar Shéadna í a phósadh.”


”Agus cé a chreidfeadh í, a Athair?” arsa Seán.

“is dócha,” arsa an sagart, “aoinne afhéachfadh isteach

scéal, ná creidfeadh sé í, ach is gnáth le daoine scéal den

a nassan do ghlacadhganféachaintchuigepuinn. Níor

‘héilleas féin riamh do ráitibh aoinne gur thug sé geallúint

ii eo dtí gur chuiris-se ina luí orm é an lá deirineach úd a

bhíomair ag trácht air. Agus táim deimhnitheach anois go

raibh dearmhad ort. Táim lándeimhnitheach, pé rud atá

ae teacht idir Shéadna agus pósadh t’inínese, ná baineann

sé le Sadhbh agus ná baineann Sadhbh leis, olc maith ná

donaí.”

“Tá súil agam,” arsa Seán, “go bpósfaidh an duine uasal so í, pé hé féin. Níor mhór liom dó í. Dá mbeadh sí ardaithe leis go dtí an baile mór aige, ba mhór an suaimhneas ar an ndúthaigh é.”

“Tá eagla orm, a Sheáin,” arsa an sagart, “nach mar mhaithe leis an nduine uasal bocht a deirirse an méid sin.”

“Dáltha an chait, a Athair,” arsa Seán. “Mar mhaithe leis féin a dheineann an cat crónán.”

“Ach ina thaobh san is uile,” arsa an sagart, “ní fios cé acu den bheirt, Sadhbh nó an duine uasal, is mó a bheidh beirthe ná caillte leis an bpósadh, má théann sé chun cinn. Más duine uasal fónta é, is fada nár tháinig ón mbaile mór aon amadán chomh críochnaithe leis. Sin í an cailín a thabharfaidh fios aitheanta a chreidimh dó sara mbeidh sé i bhfad pósta aici. Más feallaire é, ní maithfear puinn dó. Má cheapann sé ina aigne go dtiocfaidh leis smacht a chur ar Shadhbh, tá an dearmhad ar an bhfear mbocht is •nó a bhí riamh air. Níor cuireadh smacht ar Shadhbh in am. Do cailleadh a máthair sara raibh sí bliain iomlán. Thug Diarmaid a slí féin di go dtí go raibh sé ródhéanach, go dtí go raibh sí imithe ó smacht.”

“Ní dóigh liom gur cúrsaí smachta é, a Athair,” arsa Seán. “Do cailleadh Aoibhlín ormsa agus gan Máire “heag ach dhá bhliain. Níor chuireas aon smacht riamh ar an leanbh san. Do tugadh a slí di, má tugadh d’aoinne é.

Oiread agus labhairt ard léi níor deineadh é, ní áirím f0cai feargach a labhairt léi, ná buille a bhualadh uirthi. Agus féach conas mar atá an scéal againn. Chomh siúrálta agus atháir id shuí ansan, is túisce a chuimhníonn sí ar an rud a bhíonn uaim ná mar a chuimhním féin air.”

“Gan amhras, a Sheáin,” arsa an sagart, “bíonn grástúlacht i ndaoinibh seachas a chéile, agus bíonn an braon fónta i ndaoinibh seachas a chéile, agus an droch- bhraon. Ach mar sin féin, chomh fada agus a théann an choitiantacht, is fíor é an seanfhocal agus ní sárófar é, ‘Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht.”

Chomáineadar leo ar an gcuma san ag caint agus agcur thrí chéile, Seán Ceatach go sásta ina aigne agus go róbhaoch den duine uasal a tháinig chomh fada fé dhéin Shadhbh, agus an sagart go neamhshásta ina aigne le heagla nach aon chrích fhónta a bhéarfadh gnó Shadhbh agus an duine uasail iasachta.

Personal tools