Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/90

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

82

D'osgail sí a súile i gceann tamaillín. D'ḟéaċ sí ar Ċaoiṁġín go gráḋṁar. Do ṗóg sé í.

“Is iongantaċ an sgéal a ḃéas agam le h-innsint duit ar ball,” ar sise. “Ḃí tú cinnte go raḃas imṫiġṫe uait.”

“Ḃí cosaṁlaċt an ḃáis ort, a ġráḋ,” ar Caoiṁġín, “agus is beag nár ḃris mo ċroiḋe.”

“Tá cuiṁne agat ar ḟís nó taiḋḃreaḋ mo ṁáṫar boiċte i ḃFine Gall,” ar Úna. “Ḃíos san stáid ċéadna. Saṁluiġeaḋ ḋam go raiḃ mé as mo ċorp do réir mar ḃí mo ṁáṫair. Ba ṫruaġ liom an stáid 'na raḃais, agus rinne mé iarraċt agus síor-iarraċt le cur i n-iúl duit go raḃas i n-aoinḟeaċt leat. Aċt ní ḟacais mé agus níor laḃrais liom ar ċor ar biṫ. Do ṡiuḃaileas leat agus do riṫeas leat cois na tráġa, agus ar ḃóṫar na fairrge, agus ar ḃoṫar sléiḃe, agus do luiġeas le do ċois faoi sgáṫ ċlaiḋe——”

“Ṫar ar ċualas riaṁ!” ar Caoiṁġín. “Ḃíos ar na bóiṫre go cinnte, agus do ċaiṫeas mé féin faoi sgáṫ an ċlaiḋe. Cuireann sé i gcuiṁne ḋom na sgéala diaṁaireaċta——”

“Aċt níor ċuiris aon tsuim ionam, a Ċaoiṁġín. Níor ṡaoilis go raiḃ mé ann in aon ċor. Ṁoṫuiġeas a lán rudaí iongantaċa im' ṫimċeall, aċt ḃí neart mo ġráḋa ḋom' ċoiṁéad i n-aoinḟeaċt leat-sa. Ḃí saġas troda naċ léir dam anois ar siuḃal ionam. Fá ḋeire ṫáinig tuirse ṁór orm, agus do ṫuiteas im' ċodlaḋ. Nuair ḋúisiġ mé arís is annso a ḃíos, agus an Canónaċ boċt ag féaċaint orm go brónaċ. Do b'iongantaċ an taiḋḃreaḋ é, dá mba rud é gur taiḋḃreaḋ a ḃí ann.”

Do ṫuit sí 'n-a codlaḋ go sáṁ arís. Ḃí an ġrian ag taiṫneaṁ ar an dtigín nuair ḋúisiġ sí. As sin amaċ ḃí sí ag éirġe slán láidir aereaċ ó ló go ló.


CAIB. a XXVI.—SLÁN AGUS BEANNAĊT!

“Is aisteaċ an fear ṫú,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir nuair a ċuaiḋ Caoiṁġín isteaċ 'na ṡeomra. “Cé an dearmad agus cé an donas a ḃí ort a's nár ċuiris i n-úil dúinn go raiḃ cáirdeas idir ṫú féin agus an Canónaċ Ó Maoilḃeanna?”