Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/72

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

64

ṁáṫair i gcruaḋ-ċás! Agus a lán ama caillte ċeana! Agus iad ag ceapaḋ, b'ḟéidir, go raḃadar dearmadṫa ar fad aige! Ṫáinig uaigneas agus sgannraḋ agus cráḋ croiḋe air.

Ḃí a intinn trí n-a ċéile, aċt ṁíniġ sé an sgéal do Úna ċóṁ maiṫ agus do b'ḟéidir leis. Ṫáinig brón agus eagla uirṫe.

D'aontuiġ sí leis gur ċóir dó dul go Cluaintobair láiṫreaċ bonn. Bí gáḃad mór leis sin. D' aontuiġeadar go raċaḋ sise go Baile Áṫa Cliaṫ agus go ḃfanfaḋ sí ar feaḋ na h-oiḋċe i dtiġ an Ċanónaiġ. Ċeap Caoiṁġín go mbéad sé féin i mBaile Áṫa Cliaṫ ar n-a ḃáraċ—b'é tuairim an árd-ṫuairisgeora nár ġáḃaḋ ḋó fanaṁaint níḋ baḋ ḟuide i gCúige Ċonnaċt.

D' éiriġ an lá fliuċ, dorċa. Ba ṁór an t-aṫrú é. Ṡaoil Caoiṁġín go raiḃ sé cosaṁail le n-a intinn féin. Do ṁéaduiġ an imniḋe agus an eagla a ḃí ar ċroiḋe Úna.


CAIB. a XIX.—BÁRR DONAIS I gCLUAINTOBAIR.

Ḃí an oiḋċe ann nuair ṡroiċ Caoiṁġín an traen-ṗort ag Baile an t-Síoda Móna. Ḃí turas fada roiṁe fós, óir tá Cluaintobair i ḃfad ó'n mbóṫar iarainn. Is air ba ġearr an ṁoill an roṫar d' ḟáġail, agus i gceann cúig nóiméad ḃí sé ag dul síos amaċ, ar ḃóṫar na móna i mbárr an anama. Ḃí an oiḋċe maiṫ go leor ar dtús, aċt tar éis leaṫ-uaire do ṫuit sé ag báisdiġ, agus ba ḋeacair agus ba ḃaoġalaċ é roṫaireaċt do ḋéanaṁ. Níor ṁó ná gur ṁoṫuiġ Caoiṁġín cé an saġas oiḋċe a ḃí ann. Ḃí fiaḃras 'na aigneaḋ ó ṁaidin, ċuir litir a ṁáṫair an oiread sin buaiḋearṫa air. Ba ḋoilig leis an méid trioblóiḋe agus duaiḋ a ḃí uirṫe agus ar a aṫair le déanaiġe—agus é féin ċóṁ aṫásaċ, ċóṁ neaṁ-ċuiṁneaċ a's do ḃéaḋ duine i dTír na nÓg! Ba ṁór an náire dó é sin, duḃairt sé leis féin. Níor léir dó an fáṫ faoi nár sgríoḃ sé go minic ċuca; níor léir dó an fáṫ faoi nár ċuidiġ sé leo aċt ċóṁ beag. Saṁluiġeaḋ dó nárḃ é an duine céadna a ḃí ann um an am so ḃí ann seaċtṁain nó mí roiṁe sin. Aċt b'ḟearr a ḃeiṫ mall 'ná ró-ṁall, agus, le congnaṁ Dé do réiḋteoċaḋ sé gaċ rud láiṫreaċ baill, agus ḃéaḋ teolaiḋeaċt aca ar an ḃfeilm ḃig go lá a mbáis.