Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/69

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

61

áṁṫaċ—ní ċuireann feallsaṁ mar ṫusa suim ar ḃiṫ i neiṫe saoġalta mar ṁnáiḃ. Aċt is aisteaċ an rud nár ċuiris i n-úil dom cá raḃais ag dul ar do laeṫeannta saoire. Maidir le laeṫeannta saoire eile béiḋ siad agat, ar ṡliġiḋ—mí ar a laiġead. Cloisim go ḃfuil na prátaí millte in áiteaċa ó Iorrus go Cois Ḟairrge—ṫáinig an duḃaċán i dtús na seaċtṁaine—agus ceapann ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ gur ċóir dúinn aistí áiriṫe a ḃeiṫ againn ar an sgrios. Crom ar an obair ċóṁ luaṫ i n-Éirinn agus is féidir leat.”

Ṁíniġ sé an saġas aistí a ḃí ag teasdáil, agus rudaí eile a ḃain leis an obair, agus annsin duḃairt sé:

“Tá sé ċóṁ maiṫ ḋuit gan a ḃeiṫ le feicsint annso go ceann tamaill. Agus déan do ṡeaċt ndiṫċeall leis na h-aistí. Saoileann ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ anois gur claḋaire agus ‘fear baoġalaċ’ atá ionnat. Ḃí ‘fits’ aici le déanaiġe mar ġeall ort, agus mar ġeall ar do sgéal atá san uiṁir áiriṫe. De ḃríġ go raiḃ sé i nGaeḋilg ní raiḃ Ó D. (an tEagarṫóir) ró-ċúramaċ. Aċt anois! Ceapann ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ agus daoine móra go ḃfuil an donas déanta. Deireann tú sa sgéal, nó deireann ‘ċaracters’ éigin, go dtéiḋeann Protastúnaiġ ar Neaṁ ċóṁ maiṫ le daoine eile; naċ ḃfuil i n-Ifreann aċt stáid, gan teine dá ríriḃ ar biṫ; naċ ḃfuil aḋarca ar an Diaḃal; go raiḃ creideaṁ na bPágánaċ go breaġ, uasal; agus a lán rudaí eile nár ċuala duine i n-Éirinn ariaṁ. Is maiṫ an rud naċ raḃais annso timċeall le seaċtṁain ó ṡoin, no ċuirfiḋe an ruaig ort. Tá súil agam go mbéiḋ an trioblóid ṫart sul a ḃéas tú ar ais. Aċt bíoḋ a ḟios agat—agus cuimniġ air as so amaċ—go ḃfuil ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ ‘sensitif.’ Ná déan ‘coup’ eile de'n tsaġas céadna arís go bráṫ.”

Ċeap Caoiṁġín gur amaideaċ an rud é aoinne a ḃeiṫ ag casaoid faoi neiṫe aduḃairt daoine i sgéal, nuair ḃí corp na fírinne ionta go h-áiriṫe. Ḃí mórán daoine ag tráċt faoi litriḋeaċt na nGaeḋeal le déanaiġe. Gan cead ag na sgríḃneoirí a ḃfíor-smaointe a noċtaḋ baḋ ṡuaraċ an litriḋeaċt í! Ní raiḃ sé sásta no gur sgríoḃ sé litir ṁór ċuig an Aṫair Muiris faoi an gceist ar fad. Duḃairt Úna gur alt, apologia, áḋḃar leaḃair a ḃí inte.

Is iomḋa turas a ḃí ag an mbeirt nuair do luiġ Caoiṁġín isteaċ ar na h-aistí i dtaoiḃ an duḃaċáin. Do ṡáraiġ boċtaineas an Iarṫair ar a ḃfacadar riaṁ. Duḃairt