Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/47

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

39

Nuair ḃí sí ag cainnt do h-aereaċ, deis-ḃéalaċ baḋ ḋóiġ le duine gur gearr-ċaile beoḋa, leanḃaċ a ḃí innte. Nuair d' éiriġ sí smuainteaċ, mar d'éiriġ sí annsin, ba ṁór an t-aṫrú 'na cruṫ agus 'na gnúis. Ba léir gur óig-ḃean ġleoiḋte, snóḋ-ḃinn, snoiḋte, míonla í. Ba léir go raiḃ sár-intinn aici.

D' ḟéaċ sí arís ar Ċaoiṁġín, agus scáil ar a gnaoi.

“Do b' aisteaċ an taiḋḃreaḋ é siúd,” ar sise. “Is minic do ḃíos ag smaoineaḋ air ó ṡoin. Anois agus arís bíonn imniḋe orm i dtaoiḃ mo ṁáṫar. Saoilim ar uairiḃ go ḃfuil sí in-aice liom go fóill, agus gur ṁian léi rud éigin do ċur in-iúl dam. Arḃú indé ḃíos annso cois na fairrge timċeall an ṁeaḋoin lae. Bíos ag léiġeaḋ leaḃair ar feaḋ tamaill. 'Na ḋiaiḋ sin ḃíos ag smaoineaḋ ar an obair atá róṁam. D' éiriġeas beagán tuirseaċ, agus ṫáinig néall codalta orm. Níor ḟan sé aċt cúpla nóimead, aċt ḃí taiḋḃreaḋ an-iongantaċ agam le n-a linn. Ṡaoileas go raḃas annso i ḃFine Gall, aċt go raiḃ daoine agus neiḋṫe im' ṫiṁċeall naċ ḃfacas ariaṁ. Ċonnaiceas mo ṁáṫair 'na measg. Níor laḃair sí aċt ċuaiḋ sí i n-aoinḟeaċt liom cois na fairrge go Duṁaċ Tráġa Ṁuirḃṫean. Ċuaḋmar tré ṡráidín a ḃí i n-aice na fairrge. Ċonnaiceas solus i dtiġ áiriṫe. Annsin ṫugas fá ndeara go raiḃ tusa i do ṡeasaṁ os cóṁair an dorais amaċ. Ḃí tú ag féaċaint go brónaċ. Do riṫeas ċugat. Annsin—do ḋúisiġ mé de ṗreab.”

“Is an-aisteaċ é,” ar Caoiṁġín. “Tá sráidín deas i n-aice na fairrge i nDuṁaċ Ṁuirḃṫean, agus ḃíos ag ceapaḋ le déannaiġe ċóṁ aoiḃinn agus a béaḋ tigín fúinn féin ann. Maidir leis an dtaiḋḃreaḋ déarfaḋ mo ċáirde i gCumann Erigena go raḃais ar an ‘bPlána Soillseaċ’ úd go raḃmar ag tráċt faoi go minic.”

“Gioḋ go raiḃ morán tráċt againn 'na ṫaoiḃ,” ar Úna, “tá eagla orm go ḃfuil an sgéal trí n-a ċéile fós agam. Duḃraḋ liom agus mé im' leanḃ go raiḃ Neaṁ ṫar na spéarṫa, agus is deacair dom míniuġaḋ eile a ṫuigsint.”

“Ná bac le míniú,” ar Caoiṁġín, agus ṗóg sé arís í. “Ar ṡliġṫiḃ táir ar Neaṁ ċeana féin. Anam ċóṁ glan, dílis, dúṫraċtaċ agus atá agat-sa, is cuid de Neaṁ é agus tá Neaṁ 'na ṫimċeall.”

“Má's fíor an sgéal sin,” ar Úna agus í ag gáire, “béad in-ann an-obair a ḋéanaṁ i mBaile Áṫa Cliaṫ.