Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

36

Cuireaḋ críoċ ar an gcuirm ċeoil, agus annsin d' éiriġ an ċaint agus an seanċus. Ḃí greann agus gáirdeaċas ins An Stad i dtaoiḃ duaise Ċaoiṁġín. Ċum Taiḋgín Éigse dán i Sean-Ġaeḋilg fá “an ġlóir-réim litearḋa” a ḃí roiṁe. Do ṡeinn an Gruagaċ é le port meiḋreaċ, agus 'na ḋiaiḋ sin le port brónaċ.

Ag dul a ḃaile go Duṁaċ Tráġa Muirḃṫean do Ċaoiṁġín san oiḋċe ġil, ġlórṁair ḃí iongnaḋ air faoi naċ raiḃ a ṫuilleaḋ áṫais air mar ġeall ar an nduais. Go deiṁin is beag áṫas a ḃí air annsin. Duḃairt sé leis féin go raiḃ na sgéalta úd ró-ṡimpliḋe ar fad. Ḃaineadar le saoġal simpliḋe, saoġal coitċeann a ḃaile dúṫċais féin. “Ní fíor-ḃeaṫa í sin,” duḃairt sé. Ḃí beaṫa níḋ ba ḋoiṁne go mór i ngaċ fear a ġlac rán 'na láiṁ i gCluaintobair. Baḋ ċeart do sgríḃneoir fíor-ḃeaṫa a noċtaḋ 'na sgéalta, nó a ḃeiṫ 'na ṫost go deo. Ba léir an saoġal coitċeann do gaċ aoinne; ḃí saoġal mór eile ins an doṁan so féin, agus do b'é gnó an sgríḃneora bríġ an tsaoġail sin do ṫaisbeánt. Ní litriḋeaċt, ní sóisgéaluiḋeaċt, gan í.

Na ceisteanna móra ḃíoḋ os cóṁair an Ċumainn Erigena, na ceisteanna a ḃíoḋ faoi ṫráċt aca nuair casaḋ an t-Aṫair Muiris agus é féin ar a ċéile, do ḃaineadar-san le fíor-ḃeaṫaiḋ, beaṫa an anama. Na sgéilíní a fuair an duais!—ḃaineadar le bóiṫríní, agus le píopaí tobac, agus le piseoga. Duais a ṫaḃairt dó mar ġeall orṫa-san i n-aimsir an Oireaċtais! B' in é an magaḋ amaċ 's amaċ.


CAIB. a X.—COIS NA FAIRRGE I ḃFINE GALL.

D' éiriġ Caoiṁġín go moċ ar maidin lá ar n-a ḃáraċ. Ba ġnáṫ leis moiċ-éirġe ó aimsir a óige, aċt an lá sin ḃí sé ag corruġaḋ um an moċ-ṫráṫ. Ḃí cosaṁlaċt lae ġil ḃreáġa ann. Ṫáinig sé anuas an staiġre sul ar éiriġ aoinne eile, agus ag gaḃáil aḃráin dó féin do ġléas sé a roṫar i gcóir an turais go Fine Gall.

“Marḃóċaiḋ an ṁoċóiriġe ṫú,” ar Cáit, an cailín aimsire, nuair ṫáinig sí anuas. “Ḋeaṁan i ḃfad a ḃís i do leabaiḋ aréir i n-ao' ċor. Sin sgéal gaċ aoinne i n-aimsir an Oireaċtais. Níl teora liḃ.”

“Ní ḟeicim go ḃfuil gáḃaḋ le oiḋċe ar biṫ le linn an Oireaċtais,” ar Caoiṁġín. “Níl gáḃaḋ ag Gaeḋeala léi, pé sgéal é.”