Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

25

anois faoi intleaċt na ndaoine fá'n dtuaiṫ agus atá orm faoi intleaċt Ġöte agus intleaċt Hégel.”

Ċeap Caoiṁġín nár ċeart an dá rud a ċur i gcóiṁ-ṁeas le ċéile. Duḃairt sé go raiḃ an oiread sin difriġeaċta eatorṫa agus a ḃí idir bláṫa na ngleann agus réalt-ḃuiḋean.

“Éist liom anois,” arsan t-Aṫair Muiris. “Ḋá ḃliaḋain ó ṡoin sul ar ṫáinig mé go Gortrua mar ṡeiplíneaċ ċuireas suim ṁór i ḃfóġluim agus smaointe na ḃfeallsaṁ. Ċeapas go mbaḋ ṁór an rud é iad a ċur i n-úil dár bpobal. Ceapaim fós go mbaḋ ṁaiṫ an rud é, ar ṡliġṫiḃ. Aċt diaiḋ ar ndiaiḋ do fuaras amaċ go ḃfuil mianaċ smaointe, mar adéarfá, le fáġail fá'n dtuaiṫ. Aċt ní furus é ḟeicsint ar dtús, agus tá na mílte daoine ann agus ní ḟeiceann siad go deo é. Tá sé buailte isteaċ im' aigneaḋ, áṁṫaċ, go ḃfuil Tír na nÓg, saoġal intinne fá leiṫ, ag muintir na tuaiṫe. Aċt ní ḃéaḋ an t-eolas sin agam muna mbéaḋ gur ċromas ar obair ḟeilmeoireaċta do ḋéanaṁ.”

“Obair ḟeilmeoireaċt'!” ar Caoiṁġín. “Tá ḟios agam go ḃfuil garḋa agat, aċt ní feilmeoir ṫú.”

“Is feilmeoir mé,” arsan t-Aṫair Muiris. “An riasc mór atá i n-aice mo ṡean-tiġe i nGortrua, fuaras ó'n tiġearna talṁan é, ar ḃeagán cíosa. Tá fir ḃoċta na h-áite 'gá ṡaoṫrú im ḟoċair agus tá sé réiḋtiġṫe agam an soċar do roinnt leo. Oibriġeann siad go fonnṁar, agus tá gaċ rud ag éirġe go geal linn. Ċóṁ minic agus is féidir liom cuirim sean-ċóta orm, glacaim mo rán, agus oibriġim 'na measg. Innisim sgéalta, abraim aḃráin, déanaim greann, ċóṁ maiṫ leo féin, le linn na h-oibre. Déineann sin an gnó. Téiḋim cun na dtiġṫe ist-oiḋċe ar cuairdiḋeaċt. Bím ċóṁ h-aereaċ le cáċ. Mar ġeall ar na rudaí seo faġaim amaċ rudaí ná fuair sagart amaċ ariaṁ roiṁe seo. Tá iongnaḋ agus áṫas orm faoi intleaċt na dtuaṫaiḋe.”

“Is iongantaċ an sgéal é,” ar Caoiṁġín. “Baḋ ṁaiṫ liom aiste do sgríoḃaḋ air i gcóir an ṗáipéir. Ḋéanfaḋ an deaġ-ṡompla maiṫeas mór——”

“Ó, ná sgríoḃ dada 'na ṫaoiḃ. Ná déan tagairt dó ar ċor ar biṫ. Dá mbaḋ rud é go mbéaḋ tráċt air sna páipéirí ċuirfeaḋ an t-easbog cosg air. Ceapann sé go ḃfuil obair mar í mí-oireaṁnaċ do ṡagart. Deir an