Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

14

téiḋeann sé a codlaḋ go minic, agus déanann sé taiḋḃreaḋ agus saoileann sé go ḃfuil sé ar ais sa tsean-aimsir agus an tsean-ċanaṁain 'gá laḃairt na ṫimċeall. Annsin is eaḋ ceapann sé an ċuid is mó dá ḟiliḋeaċt: sa tsean-ṡaoġal agus gan blúire tobac dá ċaiṫeaṁ aige. Cuiṁniġeann sé ar an ḃfiliḋeaċt ar ṁúsgailt dó. Sin é an fáṫ faoi go ḃfuil sí i nGaeḋilg na sean.”

“Sin é an míniuġaḋ do ċodail amuiġ, a Ṗilib,” ar Taiḋgín.

“Tá míniuġaḋ eile ann,” ar Caoiṁġín. “Do léiġeas morán faoi aiṫ-ionċolnú agus aiṫ-ḃreiṫ le déanaiġe. Is iongantaċ a ḃfuil le fáġail agus le léiġeaḋ 'na dtaoiḃ. Taisbeánann Taiḋgín 'na ṡliġiḋ ḟéin gur fíor é. Coṁarṫa aiṫ-ionċolnuiġṫe é féin. Spiorad ṡean-ḟileaḋ é—Eoċaiḋ Ó Floinn nó Mac Liag—atá tagaiṫe ar ais go h-Éirinn fá ċolainn nua. Ceapann daoine gur cóir dó filiḋeaċt do ċumaḋ ar nós nua. Ní féidir leis. Briseann an dúṫċas tré focla fileaḋ.”

“Cuir uait le d' aiṫ-ionċolnú,” ar Taiḋgín. “Bíonn tú ag taiḋḃreaḋ i lár an lae ġréine, agus ní hiongnaḋ go ḃfuilir ag déanaṁ aṁlaiḋ san oiḋċe. An dóiġ leat go ḃfillfeaḋ fear ciallṁar nó spiorad ciallṁar ar an doṁan suaraċ so ó Neaṁ?”

“B'ḟéidir go mb' éigin dó, b' ḟéidir go mbaḋ ṁaiṫ leis, teaċt ar ais,” ar Caoiṁġín. “Cibé an Dliġe caiṫfiḋ fear agus spiorad é cóiṁlíonaḋ tré ṡaoġal na saoġal. Ceapaim féin go mbaḋ ġnaoi le spiorad mór teaċt ar ais ó Neaṁ féin is cuidiú leis na daoine atá ag géar-ġol a's i gcruaḋ-ċás. Agus ceapaim fós nárḃ olc an níḋ do spiorad ṡean-ḟileaḋ ḃeiṫ ar ais imeasg na nGaeḋeal.”

“Sin í an ċaint,” ar Pilib. “Cad deirir leis sin, a Ṫaiḋgín?”

“Deirim gur féidir le spiorad teaċt ar ais gan bac le colainn nua.”

“Ní ḃéaḋ sé ar an ‘bplána ċorporḋa’ annsin, agus ní ḃéaḋ sé i n-ann ċuidiú nó fulang go fíor leis an gcineaḋ ḋaonna,” ar Caoiṁġín.

“Go ḃfóiriḋ Dia orainn anoċt!” ar Taiḋgín. “Tusa agus do ṗlána corporḋa! A leiṫéid de ċaint níor ċualas riaṁ sa Stad.”

Ṫáinig “Fear an Oireaċtais”—Séamus na Súl Súgraċ—isteaċ. Ṫáinig Art Aonair 'na ḋiaiḋ. Ṁíniġ Taiḋgín