Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

10

a ḃíodar i gcóṁnuiḋe; ag déanaṁ stuidéir ar ar ċreid an cineaḋ daonna fá ṡíor-ḃeaṫa ó ṫosaċ an tsaoġail.

Ṫáinig an-áṫas ar Ċaoiṁġín ar ċloisint dó go raiḃ a leiṫéid de ċumann ann.

Toġaḋ é mar ḃall de'n ċumann—Cumann Erigena a b' ainm dó. B' é tosaċ a ṡaoġail nua é.

Do b' aoiḃinn leis oiḋċe do ċaiṫeaṁ i gcuideaċtain nár ḃac le haon rud naċ raiḃ baint aige le hintinn nó le hanam nó le h-árd-ḃeaṫaiḋ. B'aoiḃinn an saoġal leis 'na ḋiaiḋ sin. Ar sgaipeaḋ do ċruinniuġaḋ ċuaiḋ sé a ḃaile go riméadaċ, ṡuiḋ sé síos 'na ṡeomra féin agus ar feaḋ uaireaċa d' aṫ-smaoiniġ sé ar an gcaint ó ṫús go deireaḋ. Ba léir dó iongnaḋ agus ollsaċt na cruinne agus a anama féin annsin. Ba léir dó gur ḃféidir beaṫa agus saoġal na ndaoine a ḃeiṫ lán de ġlóire dá mb' áil leo é. Aċt cionnus d'ḟéadfaiḋe é ṫaisbeánt dóiḃ?

Ní raiḃ sé i ḃfad sa gcumann nuair ṫosnuiġeadar ag caint ar aiṫ-ionċolnuġaḋ agus ar aiṫ-ḃreiṫ. Rinneaḋ morán stuidéir agus tráċta ar an gceist le linn na gcruinniuġaḋ 'na ḋiaiḋ sin. Ḃí a ḟios ag Caoiṁġín ċeana gur ċreid sean-Ġaeḋil agus sean-Ġréagaiġ i n-aiṫionċolnuġaḋ aċt níor ċuir sé morán suime sa teagasg roiṁe sin. Fuair sé amaċ gan ṁoill gur ċreid go leor leor daoine ann fadó, idir Ṗágánaiġ agus Ċríostaiḋṫe—e.g. an Críostaiḋe mór, léiġeannta úd, Origenes—agus, fós, gur ċreid morán Éireannaċ an lae indiu ann. Níor ḃfada go ḃfuair sé amaċ nár ṫuig sé an ċeist i gceart go dtí sin. Ṫáinig iongnaḋ agus aṁrus agus imniḋe air 'na taoiḃ.

Ċuir sé cluas le h-éisteaċt air féin gaċ oiḋċe dá raiḃ an tráċt ar siuḃal. I leaḃarlann an Ċumainn ḃí leaḃra go leor faoi an gceist, agus do léiġ sé le h-an-dúil iad-san, ċóṁ maiṫ le mór-leaḃra eile fá ṡean-ċreideaṁ agus fá ṡean-ealaḋain. Sgrúdaiġ sé cuid ṁaiṫ d' ḟeallsaṁnaċt an Oirṫir, sgrúdaiġ sé teagasg na Nua-Ṗlátóineaċ, teagasg Origenes, feallsaṁnaċt Erigena, agus a lán feallsaṁnaċt' agus diaṁaireaċt' eile. I ndeireaḋ na tréiṁse ḃí an imniḋe imṫiġṫe glan. Sár-iongnaḋ a ḃí air 'na h-ionad.

Do réir mar léiġ sé an ḟeallsaṁnaċt agus an teagasg ba ṡine—do réir cosaṁlaċta—agus do réir mar smaoiniġ sé orṫa, cuireaḋ i n-úil dó rudaí nár ṫuig sé go h-iomlán