Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

3

ṫall fuair sé post do Ċaoiṁġín mar ṫuairisgeoir, ’na oifig féin. B’ in é an fáṫ faoi gur éiriġ Caoiṁġín as an ṁúinteoireaċt.

“Ní ḟeadar cad tá ort,” duḃairt Seán sa litir a ċuir sé ag triall air an t-am sin. “Ceapann tú gur feall-saṁain agus daoine léiġeannta smaointeaṁla atá ’na gcoṁnuiḋe ar fud Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Go dtugaiḋ Dia ciall duit. Rud eile. Tá d’ intinn ró-Ġaeḋealaċ, agus níl an ċaṫair ḋeireoil seo leaṫ-Ġaeḋealaċ, gioḋ go mbíonn mo ċara An Craoiḃín go han-ṗlámásaċ ’na taoiḃ ar uairiḃ. . . . Beaṫa ḋuine a ṫoil, aċt is aisteaċ í do ṫoil-se, agus tá eagla orm go gcuirfiḋ litriḋeaċt an ċinneaṁain ċuġat, a Ċaoiṁġín na n-aislingṫe! Baḋ ċóir duit ḃeiṫ go brónaċ indiu.”

In’ ionad sin is aṁlaiḋ do ṫáinig árd-áṫas ar Ċaoiṁġín. Ṁeas sé go raiḃ sé ar tí dul ag triall ar “a Ṫír na nÓg” féin. Ċuiṁniġ sé ar sgéalta Gaeḋealaċa, ar sgéalta Gréagaċa, agus ar sgéalta eile naċ iad a ḃain le macaoiṁ agus iad ag dul ar lorg eaċtraí sa tsean-aimsir, agus ṡaoil sé gur ċóir dó ḃeiṫ ċóṁ aereaċ, áṫasaċ agus do ḃíodar-san. An “port draoiḋeaċta” a ḃí ’gá ṁeallaḋ ḃí sé ag éiriġe go ceolṁar a’s go binn an t-am sin.

Fear caol árd daṫaṁail il-ḋealḃaċ a ḃí ann. Ba léir do ḋuine tuigsionaċ gur file é, file agus áḋḃar feall-saṁan. Mar sin féin, ḃí sé an-aereaċ láġaċ croiḋeaṁail agus é imeasg a ċarad agus a ḋaoine muinntearḋa. Ḃí sé niḋ ba aeriġe ’ná mar ḃí sé riaṁ agus é ḋá ġléasaḋ féin i gcóir Ḃaile Áṫa Cliaṫ agus an tsaoġail nua.

Ḃí go maiṫ agus ní raiḃ go h-olc. Aċt nuair d’ḟág sé slán ag Cluaintobair agus ag a ḋaoiniḃ muinntearḋa ṫáinig uaigneas uaṫḃásaċ ar a ċroiḋe. Ċuaiḋ an t-uaigneas i dtreise le gaċ míle de’n ḃóṫar iarainn a ċuir an cóiste ḋe. Ḃí iongnaḋ air i dtús an turais faoi an ċráḋ ċroiḋe agus an dólás. Ṫuig sé an sgéal i gceart i ndeireaḋ na tréiṁse. Ṫuig sé gur ċuid de féin a ḃaile ḋúṫċais agus gur ċuid dá ḃaile ḋúṫċais é féin, ar ṡliġiḋ iongantaiġ spriodálta.

Ḃí Seán Ó Murċaḋa ag fanaṁaint leis ag an traen-ṗort nuair roiċ sé Baile Áṫa Cliaṫ um ṫráṫnóna.

“I n-ainm Dé cad tá ort?” ar Seán. “Baḋ ḋóiġ le duine go ḃfuilir tar éis taiḋḃse d’ ḟeicsint.”