Page:Seadna.djvu/48

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
44
SÉADNA

bith ba mheasa dhom ’ná ainim airgid do dhul amach orm láithreach bonn mar sin. Déarfaí gurab amhlaidh do ghoideas ó dhuine éigin é. Ach nuair a curfar amach i ndiaigh a chéile é, ceapfaidh gach aoinne, nídh nách iongnadh, gur as mo chéird a bhéidh sé déanta agam.”

Nuair a bhí an méid sin socarughadh aigne déanta aige, thóg sé greim eile de’n mhin agus d’ith, agus d’aimsigh sé ubhall eile agus do chogain. Ansan do tharaing sé chuige a chuid leathair agus a chuid céarach agus a chuid snáithe agus na meanuithí caola agus na meanuithí ramhra agus na cip, agus do chrom sé ar obair. Nuair a bhíodh sé ag obair ba bheus leis bheith ag síor-chrónán, agus sidé an port is mó a bhíodh ar siúbhal aige:—

Ó! greadadh ’s duais ort,
A chailligh ruainnigh
Thug orm fuath ban
Éirean

Go bhfuil dhá chluais ort
Chómh mór le sluasaid
A’s pus ró mhór mar
Bheul ort!

Dá bhfaghainn ó’n Ruachtaigh
Go port Abhann Móire
’Gus Malla ó thuaidh mar
Spré leat,

An Chlaoideach ruadh ’gus
A bhfuil de bhuaibh ann
Ní shínfinn suas mo
Shaoghal leat.