Page:Seadna.djvu/273

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
269
SÉADNA

“Fiafruighim an méid seo dhíot,” ar seisean. “Cad é an bac a bhí ort féin an t-airgead do thabhairt dóibh? Cad ba ghádh dhuit bheith ag feitheamh liom-sa chun é a thabhairt dóibh? Nó an ar mhaithe leó nár thugais dóibh é? Choimeádais uatha é, is dócha, le h-eagla go ndéanfadh sé díobháil anama dhóibh! Ní h-í sin tásg atá amuich ort. B’fhéidir go bhfuil éagcóir d’á dhéanamh ort.”

“Cuir uait an magadh!” arsa ’n Fear Dubh. “Ní h-ar mhaithe leó nár thugas féin dóibh é. Ní’l aon tásg amuich orm ach an fhírinne. Níor thugas féin dóibh é mar ní ghlacfaidís uaim é, d’á mhéid dúil a bhí acu ann agus d’á mhéid gádh a bhí acu leis. Ní h-é gach aoinne dhéanfadh an margadh liom a dhéinis-se liom.”

“Is dócha nach é gach aoinne a thiocfadh as mar atá tagaithe as agam-sa,” arsa Séadna.

“Seachain!” arsa ’n Fear Dubh. “Ní’l tagaithe as agat fós.”

“Fágaimís sin mar atá sé go fóil,” arsa Séadna. “Glacaimís an gnó i ndiaigh chéile. Socaruighmís gach nídh fé leith. Dar leat-sa, is mó an díobháil ’ná an tairbhe a dhéineas nuair a thugas uaim an t-airgead ’na dhéirc. Is dócha gur cuimhin leat an chéad dhéirc a thugas uaim as an sparán. Is cuimhin leat an bhaintreach gur thugas an cíos di i dtreó ná curfaí a’ seilbh an tíghe bhig í. Ba mhaith liom go ’neosfá dhom cad é an díobháil áirighthe a dhéineas do’n bhaintrigh nuair a thugas an cíos san di.”

“Is dóich leat,” arsa ’n Fear Dubh, “gur dhéinis ana ghníomh an lá san. B’ fhéidir go gcuirfead iongnadh ort nuair a déarfad leat gur choisgis gníomh an lá san dob’ fhearr go mór agus dob’ uaisle ’ná an gníomh a dhéinis.”

“Cad é an gníomh uasal a choisgeas an lá san?