Page:Seadna.djvu/255

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
251
SÉADNA

“Bheirim a bhuidhchas leis an Athair Síoruídhe a chruthuigh thú!” arsa Séadna, agus é ag feuchaint suas uirthi. Ní mar fhreagra ar a caint a dúbhairt sé an méid sin ach le neart an áthais a bhí istigh ’na chroídhe toisg í bheith ansúd i n-a aice agus é ag feuchaint suas uirthi agus ag éisteacht le ceól-ghuth aoibhinn a cainte.

“Ní’l a fhios aige,” ar sise, “gur chaith an sparán na cheithre h-uaire a’ chloig sin as do sheilbh-se. Bhí fhiachaibh air gan leigint d’aoinne an sparán a bhreith uait. Is dóich leis féin nár leig. Tá sé ag feitheamh le h-uair an mheadhon-oídhche asdoídhche amáireach chun a thoile d’imirt ort agus díoghaltas a dhéanamh ort mar gheall ar a bhfuil d’ olc déanta agat air le trí bliaghna déag, ag tabhairt déarca ar son an tSlánuightheóra amach as an sparán a thug sé féin duit, agus nach chun na déarca dhéanamh a thug sé dhuit é ach le h-ionchas go ndéanfadh sé díobháil agus tubaist agus aimhleas duit féin agus do gach Críosdaidhe a gheabhadh aon leathphinge isteach ’na láimh de.”

“Bheirim a bhuidhchas leis an Athair Síoruídhe a chruthuigh thú,—agus le Críosd a cheannuigh thú,— agus leis an Spioraid Naomh a bheannuigh thú!” arsa Séadna. Nuair a bhí an chaint sin ráidhte aige bhí iongnadh air mar do shamhluigh sé nár bh’ é a ghlór féin a bhí ag teacht as a chliabh ná as a bheul.

“Taisbeán,” ar sise, “an rud úd a thugas duit an lá úd a sgarais leis an óigmhnaoi fhóghanta ar son an tSlánuightheóra.”

Tharaing sé an tseoid amach as a bhrollach agus shín sé chuici í.

“Ní’l sí chómh solusmhar agus a bhí sí an lá úd,” ar sise, “ach ní gearánta dhi,” ar sise, ag glacadh na liarthóide bige isteach ’na láimh. Le n-a linn sin do