Page:Seadna.djvu/118

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
114
SÉADNA

CAIBIDIOL A CEATHAIRDEUG.

Peig.—Mar adúbhart ó chianaibh, nuair a thuig Sadhbh Dhiarmuda Léith go raibh cleamhnas Mháire Ghearra briste, dúbhairt sí le gach aoinne gur bh’í féin a bhris é, agus gur bh’é cúis gur bhris sí é, a bheith geallta ag Séadna dhi go bpósfadh sé í féin.

Níor chuir aoinne ’na coinnibh. Bhí daoine a chreid é agus bhí daoine nár chreid é. Ach pé acu chreideadar é nó nár chreideadar, ní baoghal gur chuir aoinne chun an sgéil d’áiteamh uirthi. Bhíodh sí coitchianta ’ghá mhaoidheamh gur bh’í féin an cailín a chuirfeadh smacht ar ghiobstéiríbh de shaghas Bháb an Leasa agus Nóra an Tóchair. Agus i dtaobh Mháire Ghearra, go raibh iomad meas aici uirthi féin chun a rádh go bpósfadh sí fear do bhí geallta do mhnaoi eile.

Síle.—Airiú, nár bh’í an cuirptheach í!

Peig.—Is amhlaidh mar bhí an sgeul aici, a Shíle, i ndeire bára, d’inis sí an sgeul ar an gcuma san chómh minic, agus gan aon duine ag cur ’na coinnibh, gur dóigh liom gur chreid sí féin é fé dheire thiar thall.

Síle.—Conus dh’fhéadfadh sí a chreideamhaint gur gheall sé í phósadh, agus nár thrácht sé riamh léi air?

Peig.—Ní’l aon tseó, a Shíle, ach a bhoige agus a shaoráidíghe a chreidimíd an rud a thaithnean linn, uaireanta, go mór mór má bhímíd chómh ceann-dána san nach fiú le h‑aoinne cómhairle ár leasa a thabhairt dúinn, agus dá dtugadh, ná glacfaimís uaidh í.

Gobnait.—Go deimhin is dócha gurab shin mar dh’imthigh ar Chonn Sheághain Óig. Bhí sé ag teacht abhaile ó’n