Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/81

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXV. 1
71
MAITIÚ


CAIBIDIOL XXV.

Parabal an deichniúbhar maighdean, agus na dtalant, agus tuairisg ar an mbreitheamhantas déanach.


1Ansan beidh rígheacht na bhflathas cosmhail le deichniúbhar maighdean a thóg a lóchranna agus a chuaidh amach i gcoinnibh an chéile agus na céile. 2Agus bhí cúigear acu ciallmhar, agus an cúigear eile gan chiall. 3Agus an cúigear a bhí gan chiall nuair a thógadar na lóchranna, níor thugadar oíle leó. 4Ach do thug an cúigear a bhí ciallmhar oíle leó i n‑a n‑ártháibh i dteannta na lóchrann. 5Agus do dhein an céile moill, agus tháinig múisiún ortha go léir, agus do thuiteadar ’n‑a gcodladh. 6I lár na h‑oidhche, ámhthach, do deineadh guth árd: Féach, tá an céile ag teacht; téighidh amach ’n‑a choinnibh. 7Ansan d’eirigheadar na maighdeana san go léir agus chuireadar a lóchranna i dtreó. 8Agus dubhairt an chuid a bhí gan chiall leis an gcuid a bhí ciallmhar: Tugaidh dúinne cuid de’n oíle atá agaibh-se, mar tá ár lochranna ag dul i n‑éag. 9D’fhreagair an mhuintir chiallmhar agus dubhradar: Ar eagla ná beadh ár ndóithin ann dúinne agus daoíbh-se, is fearr sibh a d’imtheacht chun na gceannaidhthe agus oíle cheannach daoibh féin. 10Agus an fhaid a bhíodar ag dul ’ghá ceannach, tháinig an céile; agus an mhuintir a bhí ollamh chuadar isteach i n‑aonfheacht leis chun na bainise, agus do dúnadh an dorus. 11Ar ball tháinig na maighdeana eile agus dubhradar: A Thigearna, a Thighearna, osgail dúinne. 12Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt: Go deimhin adeirim libh, ní’l aon aithne agam oraibh.

13Deinidh faire, d’á bhrígh sin, mar ní h‑eól daoibh an lá ná an uair.

14Mar, ar nós an fhir a bhí ag dul abhfad ó bhaile, agus do ghlaoidh chuige a sheirbhísigh, agus thug a chuid dóibh, 15Agus thug chúig talanta do dhuine acu agus dhá thalant do dhuine eile, agus talant do dhuine eile; do gach duine do réir a chumais oibre; agus d’imthigh láithreach. 16Agus d’imthigh an t‑é a fuair na chúig talanta, agus d’oibrigh sé iad, agus dhein sé chúig talanta eile. 17Mar an gcéadna an t‑é a fuair an dá talant dhein