Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/68

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
58
Caib. XXI. 4
MAITIÚ

díobh so; agus sgaoilfidh sé libh iad láithreach. 4Agus do deineadh an méid sin go léir, ionas go gcómhlíonfaí caint an fháidh mar a ndeir sé: 5[1]Abraidh le h‑inghín Shióin: Féach do Rí ag teacht go ceannsa chúghat ’n‑a shuidhe ar láir asail, agus ar shearrach, mac an asail chneasda. 6Agus d’imthigh na deisgiobuil, agus dheineadar mar a dh’órduigh Íosa dóibh. 7Agus thugadar leó an láir asail agus an searrach; agus chuireadar a mbrait féin anuas ortha, agus chuireadar eisean ’n‑a shuidhe ortha. 8Agus do leath mórán de’n tsluagh a mbrait ar an slígh; agus bhain tuille acu géaga des na crainn agus do leathadar iad ar an slígh; 9Agus an tsluagh a bhí lasmuigh agus lastiar bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: Hósanna do Mhac Dáibhid; [2]Moladh do’n t‑é atá ag teacht i n‑ainim an Tighearna; Hósanna go lán árd. 10Agus nuair a chuaidh sé isteach i n‑Ierúsalem bhí an chathair go léir ar suathadh, ’ghá rádh: Cé h‑é seo? 11Agus deireadh na daoine: Sidé Íosa an fáidh ó Nasaret Ghaililí.

12Agus chuaidh Íosa isteach i dteampul Dé agus chomáin sé amach as gach a raibh de dhaoine ann ag díol agus ag ceannach, agus do leag sé búird lucht airgid do shóinseáil agus cathaoireacha lucht colúr a dhíol. 13Agus dubhairt sé leó: Tá sgríobhtha, [3]Tigh chun úrnuighthe a tabharfar ar mo thigh: ach tá pluais bitheamhnach déanta agaibh-se dhe.

14Agus tháinig na daill agus ua bacaigh chuige sa teampul, agus do leighis sé iad. 15Agus nuair a chonaic uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, na h‑iongnaí a dhein sé, agus an t‑aos óg sa teampul ag liúirigh, Hósanna do Mhac Dáibhid; tháinig fearg ortha. 16Agus dubhradar leis: An airigheann tú cad ’deir siad san? Agus dubhairt Íosa leó: Airighim; an amhlaidh nár léigheabhair riamh: [4]A’ béal leanbh agus naoidhean ar cíochaibh do bheachtuighis moladh? 17Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé amach lasmuigh de’n chathair go Betánia; agus d’fhan sé anfan.

18Agus ar maidin, agus é ag teacht chun na catharach, bhí

  1. Isáias lxii. 11; Zach. ix. 9.
  2. Salm cxvii. 26.
  3. Isáias lvi. 7; Ierem. vii. 11.
  4. Salm viii. 3.